European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/619

21.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/619 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2024

lena bhformheastar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht le haghaidh Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint nó Tásc Geografach faoi Chosaint (‘Dunántúli / Dunántúl’ (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh an Táisc Gheografaigh faoi Chosaint ‘Dunántúli / Dunántúl’, a chuir an Ungáir ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Dunántúli / Dunántúl’ (TGFC), is leasuithe iad atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

(2)   IO C, C/2023/1213, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1213/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/619/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)