|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/611 |
7.3.2024 |
MOLADH (AE) 2024/611 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2023
maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Fraince lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Fraince le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), agus Airteagal 14(6) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (2), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Moladh maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe (PNFA) na Fraince lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030
|
(1) |
Thíolaic an Fhrainc a dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe an 11 Samhain 2023. De bharr thíolacadh mall dhréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Fraince, tá teorainn leis an am atá ag an gCoimisiún Eorpach chun a mheasúnú a dhréachtú d’fhonn an moladh seo a ghlacadh 6 mhí sula mbeidh na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha dlite, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
(2) |
Leagtar síos le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’) na heilimintí atá le cur san áireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún an Treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an bpróiseas agus an raon feidhme a bhaineann leis an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe agus an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach a ullmhú (3). Sainaithníodh dea-chleachtais leis an Treoraíocht agus leagadh amach impleachtaí na bhforbairtí beartais, dlíthiúla agus geopholaitiúla a rinneadh le déanaí i mbeartais fuinnimh agus aeráide. |
|
(3) |
I ndáil le plean REPowerEU (4), agus mar chuid de thimthriallta 2022 agus 2023 an tSeimeastair Eorpaigh, dhírigh an Coimisiún go láidir ar riachtanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid chun slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus cóir. Léirítear é sin i dTuarascálacha Tíre 2022 agus 2023 le haghaidh na Fraince (5) agus sna Moltaí ón gComhairle don Fhrainc (6). Ba cheart do na Ballstáit na moltaí tírshonracha is déanaí a chur san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha. |
|
(4) |
Tá moltaí an Choimisiúin maidir le spriocanna náisiúnta a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (7) (ESR) bunaithe ar an dóchúlacht go n-urramóidh na Ballstáit spriocanna 2030, agus na rialacha maidir le húsáid solúbthachtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Is é is aidhm do mholtaí an Choimisiúin maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) forbhreathnú a fháil ar chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na méideanna bliantúla CO2 a bhfuil sé beartaithe a ghabháil faoi 2030, agus iad roinnte de réir foinse CO2 a gabhadh agus a thagann ó shuiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ó fhoinsí eile, amhail foinsí bithghineacha nó gabháil ón aer; maidir le bonneagar iompair CO2 pleanáilte; agus maidir leis an toilleadh stórála intíre féideartha de CO2 agus maidir le toirteanna insteallta de CO2 atá beartaithe a bheith ar fáil in 2030. |
|
(6) |
Leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bhfeidhmíocht faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht ‘Rialachán LULUCF’) tugtar aghaidh ar sheachadadh an Bhallstáit maidir leis an ngealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach ag an mBallstát don tréimhse 2021-2025 (Tréimhse 1) agus a sprioc náisiúnta don tréimhse 2026-2030 (Tréimhse 2), agus na rialacha lena rialaítear úsáid solúbthachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún freisin go ndéanfar aon fhuílleach astaíochtaí faoi Rialachán LULUCF a aistriú go huathoibríoch chuig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i dTréimhse 1. |
|
(7) |
Chun go mbeifear in ann, leis an oiriúnú don athrú aeráide, tacú go cuí leis na cuspóirí maidir le fuinneamh agus maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach na guaiseacha féideartha maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir, pobail agus earnálacha ábhartha. Sna moltaí ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú, breithnítear a mhéid a chomhtháthaigh an Fhrainc ina PNFA nuashonraithe spriocanna oiriúnúcháin lena gcuirtear rioscaí aeráide san áireamh, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cosc a chur ar an bhFrainc cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar an leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh. |
|
(8) |
Na moltaí ón gCoimisiún i dtaca le huaillmhian fuinnimh in-athnuaite na Fraince, tá siad bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá in easnamh ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Fraince chun é a chur ar a cumas don Fhrainc a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 % de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn. Tá moltaí an Choimisiúin bunaithe freisin ar rannchuidiú na Fraince le spriocanna sonracha Airteagail 15a, 22a, 23, 24 agus 25 den Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a thrasuí go tapa agus chun í a chur chun feidhme. Léirítear leis na moltaí a thábhachtaí atá sé pleanáil chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun fuinneamh in-athnuaite, agus go háirithe an ghaoth, a chur in úsáid, chun infheictheacht a mhéadú don tionscal monaraíochta Eorpach agus d’oibreoirí eangaí i gcomhréir leis an bPacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (11). |
|
(9) |
Na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an rannchuidiú náisiúnta le héifeachtúlacht fuinnimh, tá siad bunaithe ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; agus ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a chur chun feidhme. |
|
(10) |
Sna moltaí ón gCoimisiún, tugtar aird ar leith ar na spriocanna, na cuspóirí agus na rannchuidithe agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun plean REPowerEU a bhaint amach chun deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise.Cuirtear san áireamh iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phacáiste ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (13). Is léiriú iad na moltaí sin ar an ngá atá leis an gcóras fuinnimh a dhéanamh níos athléimní i bhfianaise na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus as Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le slándáil an tsoláthair gáis i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le stóráil fuinnimh (16). |
|
(11) |
Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún an gá atá le dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun ról na solúbthachta a neartú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint. Leis an moladh ón gCoimisiún, breithnítear freisin a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus le Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (17). |
|
(12) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain chun borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí forbartha agus monaraíochta, lena n-áirítear beartais agus bearta iomchuí do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus do ghnólachtaí eile; agus an gá atá le lucht saothair a uas-sciliú le haghaidh tionscal glan-nialasach chun geilleagar láidir, iomaíoch agus glan a chomhdhlúthú laistigh den Aontas. |
|
(13) |
Cuireann na moltaí ón gCoimisiún leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile, agus leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise. |
|
(14) |
Na moltaí ón gCoimisiún maidir le riachtanais infheistíochta, tagann siad i ndiaidh a mheasúnú i dtaobh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear leis an dréachtphlean nuashonraithe forbhreathnú ginearálta ar na riachtanais infheistíochta chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a bhaint amach le haghaidh gach gné den Aontas Fuinnimh; cé acu a léirítear nó nach léirítear ann na foinsí maoiniúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir foinsí príobháideacha agus poiblí; agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann infheistíochtaí atá comhsheasmhach le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Fraince, Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir na Fraince agus moltaí tírshonracha 2022-2023 arna n-eisiúint faoin Seimeastar Eorpach, agus áirítear leis measúnú maicreacnamaíoch láidir ar bheartais agus ar bhearta atá beartaithe. Leis an PNFA ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun tacú le deimhneacht infheistíochta. |
|
(15) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún an ríthábhacht a bhaineann le comhairliúchán réigiúnach leathan, agus le comhairliúchán luath agus cuimsitheach maidir leis an bplean a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail agus faisnéis agus tráthchlár leordhóthanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus (18). |
|
(16) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an aistriú cóir an measúnú ar cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear go domhain i bplean na Fraince tionchair ábhartha shóisialta, fostaíochta agus scileanna an aistrithe aeráide agus fuinnimh agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann beartais agus bearta leordhóthanacha gaolmhara chun aistriú cóir a chur chun cinn, agus rannchuidítear an tráth céanna le cearta an duine agus comhionannas inscne araon a chur chun cinn. |
|
(17) |
Tá an measúnú ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Fraince ina bhonn taca le moltaí ón gCoimisiún di (19), a fhoilsítear in éineacht leis an Moladh seo. |
|
(18) |
Ba cheart don Fhrainc aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus a PNFA comhtháite nuashonraithe críochnaitheach á fhorbairt aici lena thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2024. |
Moltaí maidir le comhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus maidir le dul chun cinn i dtaca leis an oiriúnú a áirithiú
|
(19) |
De bhun Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht bhearta na Fraince leis na cuspóirí sin (20). Tá na moltaí thíos bunaithe ar an measúnú sin. Ba cheart don Fhrainc aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. |
|
(20) |
Chun éifeachtacht na straitéisí agus na bpleananna um oiriúnú don athrú aeráide a áirithiú, tá sé ríthábhachtach a chinneadh i gceart cad iad na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann don athrú aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéar nó d’earnáil áirithe. Ba cheart gurbh é an chéad chéim chun an uaillmhian maidir le hoiriúnú a neartú creat dlíthiúil iomchuí a ghlacadh le haghaidh beartas náisiúnta aeráide lena mbunófar spriocanna oiriúnúcháin ceangailteacha, a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta, chun an dul chun cinn foriomlán maidir le forbairt na hathléimneachta a thomhas. |
|
(21) |
Is iad na pobail is leochailí na pobail sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Le hathléimneacht chóir, ba cheart ualach éagothrom an riosca aeráide a laghdú agus cothromas a áirithiú le linn tairbhí an oiriúnaithe a dháileadh. Is gníomhaithe don athrú iad páirtithe leasmhara príobháideacha trí fhaisnéis, acmhainní, acmhainneachtaí agus cistiú a sholáthar. |
|
(22) |
Cuireann réitigh dhúlrabhunaithe roghanna oiriúnúcháin agus maolúcháin atá éifeachtúil agus costéifeachtach ar fáil, má dhéantar a n-úsáid a dhreasú trí chreataí straitéiseacha, beartais agus cistiú. Is féidir iad a chur chun feidhme go neamhspleách nó iad a chomhtháthú i mbearta oiriúnúcháin agus maolúcháin eile, in éineacht le réitigh atá bunaithe níos mó ar an teicneolaíocht nó ar bhonneagar. Le cur chun feidhme ní mór castacht na n-éiceachóras agus éifeachtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide, an comhthéacs áitiúil, leasanna agus luachanna nasctha, agus dálaí socheacnamaíocha a chur san áireamh. |
AG MOLADH LEIS SEO GO nDÉANFAIDH AN FHRAINC GNÍOMHAÍOCHT CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
MAIDIR LEIS AN DRÉACHTPHLEAN NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE NUASHONRAITHE FAOI RIALACHÁN (AE) 2018/1999
|
1. |
Beartais agus bearta breise costéifeachtúla a leagan amach chun an bhearna réamh-mheasta de 1,1 pointe céatadáin a líonadh chun an sprioc náisiúnta maidir le gás ceaptha teasa de –47,5 % a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Réamh-mheastacháin a sholáthar chun a thaispeáint conas a bhainfear amach an sprioc leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe agus, más gá, chun sonrú a thabhairt ar conas a úsáidfear na solúbthachtaí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun comhlíontacht a áirithiú. An fhaisnéis faoi na beartais agus na bearta a chomhlánú, lena mínítear go soiléir a raon feidhme, a n-amlíne agus a dtionchar laghdaithe gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leis, lena n-áirítear le haghaidh bearta i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta. |
|
2. |
Foinsí astaíochtaí CO2 a shainaithint, ar foinsí iad a bhfuil sé beartaithe iad a ghabháil. |
|
3. |
Conair nithiúil a leagan amach i dtreo sprioc náisiúnta LULUCF a bhaint amach mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Bearta breise san earnáil LULUCF a chur san áireamh lena sonraítear a n-uainiú agus a raon feidhme agus lena ndéantar cainníochtú ar na tionchair a mheastar a bheidh acu chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa ailínithe go héifeachtach le sprioc ghlanaistrithe 2030 an Aontais de -310 MtCO2eq agus leis an sprioc aistrithe thírshonrach de -6 693 ktCO2eq a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Faisnéis a sholáthar maidir leis an stádas agus an dul chun cinn atá le déanamh chun feabhsuithe ar leibhéil níos airde/tacair sonraí atá follasach ó thaobh na geografaíochta de a áirithiú le haghaidh faireacháin, tuairisciú agus fíorú, i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
4. |
Anailís bhreise a sholáthar ar na leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha aeráide maidir leis na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe náisiúnta a bhaint amach agus maidir leis na beartais agus na bearta i ngnéithe éagsúla an Aontais Fuinnimh. An nasc atá ag an oiriúnú le cuspóirí agus beartais shonracha an Aontais Fuinnimh a chainníochtú ar bhealach níos fearr, ar cuspóirí agus beartais iad ar cheart tacú leo le beartais agus bearta oiriúnúcháin. Aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh. |
|
5. |
An uaillmhian a bhaineann le sciar 44 % ar a laghad d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a ardú go mór mar rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú i gcomhréir leis an bhfoirmle in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Conair tháscach a áireamh a shroicheann na pointí tagartha le haghaidh 2025 agus 2027 de bhun Airteagal 4 (a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. A áirithiú go ndéanfar bearta leordhóthanacha chun go bhféadfaidh an Fhrainc an bhearna a dhruidim i dtreo a sprioc cheangailteach náisiúnta le haghaidh 2020 maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach. A áirithiú go ndéanfar bearta breise chun an bhearna i dtreo bhonnlíne 2021 d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh dá cuid a chumhdach, ar bonnlíne í nach féidir a bheith níos ísle ná a sprioc fhoriomlán náisiúnta shainordaitheach maidir leis an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020, de réir Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
6. |
Conairí measta agus plean fadtéarmach a sholáthar chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid sna 10 mbliana amach romhainn, agus tuar ann go 2040 Sprioc tháscach le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 a áireamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Spriocanna sonracha a chur san áireamh chun rannchuidiú leis an bhfosprioc tháscach i bhfoirgnimh agus san earnáil tionsclaíochta le haghaidh 2030, agus leis an bhfosprioc cheangailteach maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch san earnáil tionsclaíochta le haghaidh 2030, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú. Tuilleadh faisnéise a chur san áireamh maidir leis an mbealach a mbainfear fosprioc amach le haghaidh bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch (RFNBOnna) san earnáil iompair, lena n-áiritheofar go gcloífear leis an íosleibhéal RFNBOnna in 2030. |
|
7. |
Beartais agus bearta mionsonraithe agus cainníochtaithe a fhorbairt a thuilleadh ar bhealach a chuirfidh ar a cumas don Fhrainc a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 %. Tuairisc a thabhairt go háirithe ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aici dlús a chur leis an gceadú agus mionsonraí a thabhairt ar na teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe aige ‘dlúslimistéir in-athnuaiteán’ a ainmniú ina leith trí nósanna imeachta níos tapúla agus níos simplí. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aici dlús a chur le cur chun úsáide foinsí in-athnuaite fuinnimh trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite a ghlacadh lena n-úsáidtear ráthaíochtaí tionscnaimh, agus trí chreat cumasúcháin chun an comhtháthú idir leictreachas agus líonraí téimh agus fuaraithe a mhéadú. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcumhdófar dearadh na hoibleagáide ar sholáthróirí breosla agus fuinnimh san earnáil iompair, agus bearta inchomparáide a chur san áireamh chun hidrigin a chur chun cinn san earnáil tionsclaíochta, agus an tAontas a ullmhú don trádáil hidrigine in-athnuaite. |
|
8. |
Measúnú a chur san áireamh ar sholáthar intíre bithmhaise foraoise chun críoch fuinnimh in 2021-2030 i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta neartaithe Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú. Measúnú a chur san áireamh ar a chomhoiriúnaí atá úsáid réamh-mheasta na bithmhaise foraoise le haghaidh táirgeadh fuinnimh leis na hoibleagáidí atá ar an bhFrainc faoin Rialachán LULUCF athbhreithnithe, go háirithe le haghaidh 2026-2030, mar aon le bearta agus beartais náisiúnta chun an chomhoiriúnacht sin a áirithiú. Mionsonraí a thabhairt faoi na bearta chun acmhainneacht inbhuanaithe bithgháis/bithmheatáin a chur chun cinn, agus faoin bpróifíl tháirgthe maidir le hídiú gáis nádúrtha agus an bonneagar atá ann cheana, an úsáid díleáiteán agus feidhmeanna bithghineacha CO2. |
|
9. |
Amlíne ionchais a sholáthar a mhéid is féidir maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh glacadh beartas agus beart reachtach agus neamhreachtach arb é is aidhm dóibh forálacha Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na bearta a luaitear sna pointí roimhe seo. |
|
10. |
Méid an laghdaithe ar an ídiú fuinnimh a chur san áireamh, atá le baint amach ag na comhlachtaí poiblí uile arna ndí-chomhiomlánú de réir earnála, chomh maith le hachar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí atá le hathchóiriú ar bhonn bliantúil, nó an coigilteas fuinnimh bliantúil comhfhreagrach atá le baint amach. |
|
11. |
Beartais agus bearta iomlána a leagan amach chun an rannchuidiú náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, agus go háirithe an chaoi a gcuirfear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme. An coigilteas fuinnimh a bheidh ann mar thoradh ar na bearta pleanáilte a chainníochtú a thuilleadh maidir le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach, agus bearta a chur san áireamh chun iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh a chur chun cinn. |
|
12. |
Leibhéal uaillmhéine nuashonraithe a áireamh chun stoc náisiúnta foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe a áirithiú agus chun foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha le haghaidh 2030 agus 2040, agus comparáid leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach is déanaí. Tacú leis na spriocanna chun foirgnimh a dhícharbónú trí thuilleadh faisnéise a áireamh maidir le beartais agus bearta, lena n-áirítear a gcostais agus an tionchar a mheastar a bheidh acu ar choigilteas fuinnimh, chun straitéis athchóirithe fhadtéarmach chomhleanúnach a chur chun feidhme. |
|
13. |
Míniú níos nithiúla a thabhairt ar an gcaoi a ndéanfaidh an Fhrainc a soláthar gáis a éagsúlú a thuilleadh agus ar an gcaoi a leanfaidh sí den laghdú ar an éileamh gáis a spreagadh agus í ag druidim i dtreo 2030. Athléimneacht an chórais fuinnimh a neartú trí chuspóirí agus bearta soiléire a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar srianta nó briste agus trí bheartais agus bearta a chur chun cinn chun riachtanas an oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. Na beartais agus na bearta atá pleanáilte a shonrú i bhfianaise an róil a bheidh ag an bhfuinneamh núicléach amach anseo sa mheascán fuinnimh, agus éagsúlú agus soláthar fadtéarmach ábhar núicléach, breosla, páirteanna spártha, agus seirbhísí á gcur san áireamh freisin, mar aon le bainistiú fadtéarmach dramhaíola núicléiche, i bhfianaise na n-aonad nua cumhachta núicléiche atá beartaithe a thógáil, chomh maith leis an síneadh saolré atá beartaithe maidir leis an bhflít imoibreoirí atá ann cheana. Tuilleadh sonraí a sholáthar faoin gcleachtadh a fógraíodh i dtaca leis an measúnú ar leordhóthanacht an bhonneagair ola atá ann cheana. |
|
14. |
Na spriocanna agus na cuspóirí a bhfuil tuairisc orthu i ngné an mhargaidh inmheánaigh a fhorbairt a thuilleadh, agus cuspóirí agus spriocanna réamhbhreathnaitheacha maidir le comhtháthú an mhargaidh a shainiú. Tuilleadh sonraí a thabhairt faoi bhearta chun solúbthacht sa chóras agus sa mhargadh leictreachais a fheabhsú, chomh maith le bearta chun margaí mórdhíola iomaíocha a fhorbairt agus deireadh a chur de réir a chéile le bearta a chuireann isteach ar chomharthaí an mhargaidh. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a ndíreoidh an Fhrainc ar comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú i dtaca le hAirteagal 20a nua de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú. |
|
15. |
An cur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh a thabhairt chun críche trí sprioc shonrach intomhaiste a léiriú maidir le laghdú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999, agus Moladh (AE) 2023/2407 á chur san áireamh. |
|
16. |
Cuspóirí náisiúnta maidir le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas a shoiléiriú a thuilleadh chun teicneolaíochtaí glana a chur in úsáid, bealach a bhunú do 2030 agus 2050 d’fhonn tacú le dícharbónú na tionsclaíochta agus aistriú gnólachtaí i dtreo geilleagar glan-nialasach ciorclach a chur chun cinn. Beartais agus bearta a chur chun cinn chun forbairt tionscadal glan-nialasach a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do na tionscail atá dian ar fhuinneamh. Tuairisc a thabhairt ar chreat rialála intuartha agus simplithe le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe agus ar an gcaoi a ndéanfar rochtain ar chistiú náisiúnta a shimpliú i gcás inar gá. Beartais agus bearta mionsonraithe a sholáthar maidir le forbairt scileanna a bhaineann le fuinneamh glan, agus trádáil oscailte a éascú le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe de phríomh-chomhpháirteanna agus de threalamh glan-nialasacha. |
|
17. |
Na hathchóirithe agus na bearta a shonrú chun na hinfheistíochtaí príobháideacha is gá ar mhaithe le baint amach na spriocanna fuinnimh agus aeráide a shlógadh. An anailís ar na riachtanais infheistíochta a fheabhsú agus a leathnú chun forbhreathnú cuimsitheach agus comhsheasmhach a sholáthar ar na riachtanais infheistíochta poiblí agus príobháidí go comhiomlán agus de réir earnála. Cur chuige uile-gheilleagair ó bharr anuas a chomhlánú le measúnú ó bhun aníos a bhaineann go sonrach le tionscadal. Miondealú ar na riachtanais infheistíochta iomlána a áireamh maille le faisnéis bhreise maidir leis na foinsí cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais, chomh maith leis na foinsí airgeadais príobháideacha, atá le slógadh. Tuairisc ghearr a chur leis ar an gcineál scéime tacaíochta airgeadais a roghnaíodh chun na beartais agus na bearta a chur chun feidhme, a mhaoinítear tríd an mbuiséad poiblí, agus trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais cumaiscthe a bhaineann úsáid as deontais, iasachtaí, cúnamh teicniúil agus ráthaíochtaí poiblí, lena n-áirítear ról na mbanc náisiúnta sna scéimeanna ábhartha agus/nó an chaoi a slógtar maoiniú príobháideach. Giniúint chostéifeachtach na n-aistrithe chuig Ballstáit eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a mheas mar fhoinse chistiúcháin. Measúnú láidir a sholáthar ar thionchar maicreacnamaíoch na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe. |
|
18. |
Míniú mionsonraithe a thabhairt ar conas agus cathain atá sé beartaithe ag an bhFrainc deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise. Míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar conas atá sé beartaithe ag an bhFrainc deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise soladacha chun cumhacht a ghiniúint trí ghealltanais agus bearta gaolmhara a shoiléiriú. |
|
19. |
Faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar maidir le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta agus scileanna, nó aon tionchar dáileacháin eile, a bhaineann leis an aistriú aeráide agus fuinnimh, agus maidir leis na cuspóirí, na beartais agus na bearta atá beartaithe chun tacú le haistriú cóir. An cineál tacaíochta, tionchar na dtionscnamh, na spriocghrúpaí agus na hacmhainní arna dtiomnú a shonrú, agus an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú á chur san áireamh (21). Ailíniú a áirithiú idir an amlíne maidir le céimniú amach guail a leagtar amach sna Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir agus sa PNFA nuashonraithe críochnaitheach. Níos mó eilimintí a áireamh, a mhéid is féidir, chun bonn anailíseach leordhóthanach a sholáthar chun Plean Aeráide Sóisialta a bheidh ann amach anseo a ullmhú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), lena n-áirítear táscairí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na tionchair shóisialta orthu siúd is leochailí sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh dóchán breosla in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, agus chun tairbhithe féideartha agus creat beartais ábhartha a shainaithint. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh an creat beartais a shainaithnítear sa PNFA le Plean Aeráide Sóisialta na Fraince a ullmhú agus ar an gcaoi a n-áiritheofar comhsheasmhacht idir an dá phlean. |
|
20. |
Rannpháirtíocht chuimsitheach phoiblí a áirithiú laistigh de thráthchlár réasúnta mar aon le rannpháirtíocht leathan na n-údarás áitiúil agus na sochaí sibhialta in ullmhú an phlean. Forléargas soiléir agus níos mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi ar cumasaíodh leis an bpróiseas comhairliúcháin rannpháirtíocht ó na húdaráis ábhartha uile, ó na saoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus an dréachtphlean agus an plean nuashonraithe críochnaitheach araon á n-ullmhú, lena n-áirítear faisnéis faoi uainiú agus fad na gcomhairliúchán difriúil. Achoimre a thabhairt ar na tuairimí a léirigh gníomhaithe éagsúla linn na gcomhairliúchán agus ar an gcaoi a bhfuil na tuairimí á gcur san áireamh. |
|
21. |
A áirithiú go léirítear ról an chomhair réigiúnaigh faoi chuimsiú Ghrúpa Ardleibhéil um Idirnaisc d’Iardheisceart na hEorpa go leormhaith sa phlean fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an bhFrainc creat comhair a bhunú le Ballstáit eile faoi 2025, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2023/2413. Leanúint de na hiarrachtaí chun na trí shocrú dlúthpháirtíochta dhéthaobhacha is gá a shíniú ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis lena comharsana (an Bheilg, an Ghearmáin agus an Spáinn). |
MAIDIR LE COMHSHEASMHACHT NA mBEART NÁISIÚNTA LE CUSPÓIR NA hAERÁIDNEODRACHTA AGUS LE DUL CHUN CINN MAIDIR LEIS AN OIRIÚNÚ A ÁIRITHIÚ FAOI RIALACHÁN (AE) 2021/1119
|
1. |
Measúnú a dhéanamh ar leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha a bhaineann le tuilte cósta. Críoch a chur le bunú creata dhlíthiúil iomchuí le haghaidh beartais agus gníomhaíochta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. |
|
2. |
Grúpaí páirtithe leasmhara atá an-leochaileach maidir le tionchair an athraithe aeráide a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gceapadh agus i gcur chun feidhme bheartas oiriúnaithe na Fraince. Próisis agus torthaí na gcomhairliúchán ábhartha a dhoiciméadú. Ról a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara na hearnála príobháidí i ndearadh, i gcur chun feidhme agus in infheistíochtaí beartais. |
|
3. |
Réitigh dhúlrabhunaithe agus oiriúnú atá bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn i straitéisí, i mbeartais agus i bpleananna náisiúnta agus infheistíochtaí a sholáthar lena gcur in úsáid. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(2) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(3) Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24).
(4) COM(2022) 230 final.
(5) SWD (2022) 612 final, SWD(2023) 610 final.
(6) COM (2022) 612 Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle; COM(2023) 610 final, Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle.
(7) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, IO L 156, 19.6.2018, lch. 26. arna leasú le Rialachán (AE) 2023/857 an 19 Aibreán 2023, IO L 111, 26.4.2023, lch. 1
(8) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, leis na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta a shimpliú, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (IO L 107, 21.4.2023, lch. 1).
(10) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).
(11) Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe COM (2023) 669 final, 24.10.2023 agus Teachtaireacht maidir le huaillmhian an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, COM (2023) 668 final.
(12) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(13) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’, COM/2022/360 final.
(14) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch 1).
(15) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(16) Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh — Bonn a chur faoi chóras fuinnimh AE atá dícharbónaithe agus slán (IO C 103, 20.3.2023, lch. 1).
(17) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (OJ L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(18) Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘coinbhinsiún Aarhus’).
(19) SWD(2023) 931.
(20) Tuarascáil AE 2023 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, COM(2023) 653 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Measúnú ar dhul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide sna Ballstáit aonair i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, SWD(2023) 932.
(21) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022 lch. 35).
(22) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/611/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)