European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/604

16.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/604 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 13 Feabhra 2024

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (EUMA/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le Misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (1) , agus go háirithe Airteagal 8 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2023/162, d’údaraigh an Chomhairle an Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, na cinntí ábhartha a bhaineann le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUMA a dhéanamh, lena n-áirítear na cinntí maidir leis an gCeann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(2)

An 24 Eanáir 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/164 (2) lena gceaptar Markus RITTER mar Cheann Misin ar EUMA ón 24 Eanáir 2023 go dtí an 20 Feabhra 2024.

(3)

An 26 Eanáir 2024, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú Markus RITTER mar Cheann Misin ar EUMA ón 21 Feabhra 2024 go dtí an 19 Feabhra 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Markus RITTER mar Cheann Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) ón 21 Feabhra 2024 go dtí an 19 Feabhra 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 21 Feabhra 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 22, 24.1.2023, lch. 29.

(2)   IO L 23, 25.1.2023, lch. 18.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/604/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)