European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/591

21.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/591 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a mhéid a bhaineann le rátaí minicíochta a bhunú le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 54(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún (2), bunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a thagann isteach san Aontas. Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 leagtar amach an liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá faoi réir seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ag rátaí minicíochta áirithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, tá na rátaí minicíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin le modhnú ag féachaint do na critéir a leagtar amach i bpointí (i), (ii), (iv), (v) agus (vi) d’Airteagal 54(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625, do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, ag féachaint don fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. I gcomhréir le hAirteagal 6(2), déanfar athbhreithniú ar na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, gach bliain ar a laghad, chun faisnéis nua a bhaileofar trí CBFRO nó a sholáthróidh na Ballstáit a chur san áireamh, agus déanfar iad a mhodhnú dá réir.

(3)

Bhunaigh an Coimisiún meitheal saineolaithe a scrúdaigh allmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 in 2022 agus 2023. Ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, thug an mheitheal le fios íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus na seiceálacha fisiceacha a mheas sí a bheith iomchuí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus reáda áirithe eile ó thríú tíortha tionscnaimh áirithe.

(4)

Úsáideadh modh a bhí bunaithe ar an riosca agus ar staitisticí agus cuireadh sraith athróg san áireamh, lena n-áirítear: innéacs soghluaisteachta measta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ag an gcéim is soghluaiste a fhéadfaidís a bhaint amach ar na plandaí ábhartha, na táirgí plandaí ábhartha nó réada ábhartha eile, nó catagóirí díobh; líon na gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, a ndearnadh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha orthu le linn na bliana roimhe sin; maidir le coinsíneachtaí a allmhairíodh de bhun an Rialacháin seo, líon iomlán na neamhchomhlíontachtaí mar gheall ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith ann, agus sonraí na neamhchomhlíontachtaí sin; líon iomlán na gcoinsíneachtaí earraí lena mbaineann ar tugadh fógra fúthu ar chúiseanna seachas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith iontu, agus na sonraí a bhaineann leis sin; agus aon ghné ábhartha eile chun an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis an trádáil lena mbaineann a chinneadh.

(5)

Go háirithe, agus de bharr líon níos lú idircheaptha coinsíneachtaí dá ndéanann lotnaidí coraintín de chuid an Aontais difear go príomha, ba cheart íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha a laghdú le haghaidh bláthanna gearrtha ó Dianthus ón Tuirc, Rosa ón gColóim, torthaí ó Persea americana ó gach ceann de na tríú tíortha, Prunus agus Pyrus ó thríú tíortha Eorpacha, Prunus persica ón Afraic Theas agus Vaccinium ó Pheiriú.

(6)

Thairis sin, chun a áirithiú go ndéanfar líon íosta seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha i ngach cás, d’ainneoin líon níos lú coinsíneachtaí allmhairithe i gcás torthaí ó Passiflora de thionscnamh na Céinia agus Vaccinium de thionscnamh na hAirgintíne, ba cheart íosrátaí minicíochta ábhartha na seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a mhéadú.

(7)

Ba cheart íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha a mhéadú de thoradh idircheapadh coinsíneachtaí dá ndéanann lotnaidí coraintín de chuid an Aontais difear i gcás bláthanna gearrtha de Rosa ó Chéinia agus Rosa ón Aetóip, torthaí ó Citrus ón Éigipt, fréamhacha agus tiúbairíní ó Curcuma longa agus Zingiber officinale ó Pheiriú, agus fréamhacha agus tiúbairíní ó Curcuma longa ón Téalainn.

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart gach líne in Iarscríbhinn I ina bhforáiltear íosráta minicíochta de 100 % faoi láthair a scriosadh mar is é sin an ráta caighdeánach le haghaidh plandaí, táirgí planda agus réada eile a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389.

(9)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, measann an Coimisiún gur cheart na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a mhodhnú.

(10)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a ionadú.

(11)

Chun am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla iad féin a oiriúnú do na rátaí minicíochta nua, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Bealtaine 2024.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas (IO L 316, 8.12.2022, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún:

‘IARSCRÍBHINN I

Rátaí minicíochta seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí de phlandaí áirithe, de tháirgí plandaí áirithe agus de réada áirithe eile, nó catagóirí díobh, dá dtagraítear in Airteagal 4(3)

Planda, táirge plandaí nó réad eile, nó catagóir díobh

An tír thionscnaimh

Íosráta minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha (%)

Bláthanna Gearrtha

Aster

An tSiombáib

75

Dianthus

An Cholóim

3

Dianthus

Eacuadór

15

Dianthus

An Chéinia

5

Dianthus

An Tuirc

25

Gypsophila

Eacuadór

5

Gypsophila

An Chéinia

10

Phoenix

Cósta Ríce

50

Rosa

An Cholóim

3

Rosa

Eacuadór

1

Rosa

An Aetóip

25

Rosa

An Chéinia

25

Rosa

An tSaimbia

50

Torthaí

Actinidia

Gach tríú tír

10

Carica papaya

Gach tríú tír

10

Fragaria

Gach tríú tír

5

Persea americana

Gach tríú tír

1

Rubus

Gach tríú tír

5

Vitis

Gach tríú tír

1

Malus

Tríú tíortha Eorpacha (1)

15

Prunus

Tríú tíortha Eorpacha (1)  (2)

5

Pyrus

Tríú tíortha Eorpacha (1)

50

Vaccinium

Tríú tíortha Eorpacha (1)

50

Citrus

An Éigipt

75

Citrus

Iosrael

35

Citrus

Meicsiceo

25

Citrus

Maracó

3

Citrus

Peiriú

10

Citrus

An Tuirc

7

Citrus

Stáit Aontaithe Mheiriceá

50

Malus

An Airgintín

35

Malus

An tSile

5

Malus

An Nua-Shéalainn

10

Malus

An Afraic Theas

15

Mangifera

An Bhrasaíl

75

Passiflora

An Cholóim

5

Passiflora

Réunion

10

Passiflora

An Afraic Theas

75

Passiflora

Vítneam

15

Prunus

An tSile

10

Prunus

An Afraic Theas

10

Prunus

An Tuirc

35

Pyrus

An Airgintín

25

Pyrus

An tSile

15

Pyrus

An Afraic Theas

10

Vaccinium

An Airgintín

50

Vaccinium

An tSile

10

Vaccinium

Peiriú

5

Glasraí

Solanum lycopersicum

Na hOileáin Chanáracha

25

Solanum lycopersicum

Maracó

1

Glasraí fréimhe agus tiúbairín, seachas tiúbair de Solanum tuberosum L. (3)  (4)

Gach tríú tír (5)

5

Curcuma longa

An Téalainn

25

Innealra Athláimhe

Innealra agus feithiclí a úsáideadh chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta

Gach tríú tír

10


(1)  An Albáin, Andóra, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Fharó, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mholdóiv, Monacó, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rúis (ach na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug)), San Mairíne, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe.

(2)  Seachas an Tuirc.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn VII, pointe 12 (IO L 319, 10.12.2019, lch. 103).

(4)  Gan Curcuma longa agus Zingiber officinale ó Pheiriú, agus Curcuma longa ón Téalainn a áireamh.

(5)  Seachas Camarún.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/591/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)