European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/587

13.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/587 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2024

lena ndéantar foráil maidir le maolú ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm chaighdeán 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (caighdeán GAEC), dátaí incháilitheachta caiteachais le haghaidh ranníocaíocht ó CERT agus rialacha a bhaineann le leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh modhnuithe ar éiciscéimeanna áirithe le haghaidh na bliana éilimh 2024

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 148(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar gach limistéar talmhaíochta, lena n-áirítear talamh nach n-úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil agus socróidh siad, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na híoschaighdeáin d’fheirmeoirí agus tairbhithe eile le haghaidh gach ceann de na caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (caighdeán GAEC) a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le príomhchuspóir na gcaighdeán dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

(2)

Foráiltear leis an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC go ndéanfaidh feirmeoirí sciar íosta dá dtalamh arúil a dhíriú ar limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla. Le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 cuirtear trí rogha ar fáil is féidir leis na Ballstáit a mholadh d’fheirmeoirí chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh. Is é príomhchuspóir chaighdeán 8 GAEC, lena n-áirítear freisin an dara ceanglas, an tríú ceanglas, agus an ceathrú ceanglas a d’fhéadfadh a bheith ann, gnéithe agus limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil chun bithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú.

(3)

I gcomhthráth le méadú ar an uaillmhian comhshaoil san ailtireacht ghlas a bhí mar chuid den athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an gComhbheartas Talmhaíochta, tá réimse eisceachtúil deacrachtaí agus éiginnteachtaí roimh fheirmeoirí. Go háirithe, bhí líon mór teagmhas meitéareolaíoch foircneach ann anuraidh, lena n-áirítear triomaigh agus tuilte, i measc nithe eile, i gcodanna éagsúla den Aontas. Déanann na teagmhais sin difear d’aschur agus d’ioncam chomh maith le cur i gcrích agus féilire na ngnáthchleachtas agranamaíoch, rud a chuireann brú mór ar fheirmeoirí chun oiriúnú a dhéanamh. Mar gheall ar na praghsanna arda fuinnimh agus ionchuir a d’eascair as fogha na Rúise faoin Úcráin, na costais mhaireachtála/bhoilscithe, na sreafaí trádála idirnáisiúnta athraithe agus an gá atá le tacaíocht a thabhairt don Úcráin, cruthaíodh tuilleadh éiginnteachtaí agus brú margaidh.

(4)

Le déanaí, tá feirmeoirí ag dul i ngleic le laghdú ioncaim agus go háirithe tá laghdú mór tagtha ar phraghsanna gránach i gcomparáid le 2022. Tháinig laghdú ar luach táirgthe gránach AE27 ó EUR 80,6 billiún in 2022 go EUR 58,8 billiún in 2023, laghdú 27 % arna spreagadh ag an titim i bpraghsanna gránach.

(5)

Mar gheall ar an teaglaim le déanaí d’eachtraí geopholaitiúla comhuaineacha agus de theagmhais adhaimsire, tá deacrachtaí ag feirmeoirí an ceanglas a urramú maidir le sciar íosta de thalamh arúil a dhíriú ar limistéir agus ar ghnéithe neamhtháirgiúla, rud a bhféadfadh tionchar mór gearrthéarmach a bheith aige ar a n-ioncam agus a d’fhéadfadh inmharthanacht a ngníomhaíochtaí a chur i mbaol i gcásanna áirithe.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh feirmeoirí an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a chomhlíonadh go heisceachtúil agus go sealadach ar bhealach malartach a mhéid a bhaineann leis an mbliain éilimh 2024. Leis an rogha sin, lena gceadaítear d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile an chéad cheanglas den chaighdeán sin a chomhlíonadh trí sciar íosta de 4 % ar a laghad de thalamh arúil ar leibhéal na feirme a dhíriú ar limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh a fhágtar bán agus/nó; barra fosaithe nítrigine; agus/nó barra eatraimh, chuirfí feabhas ar inmharthanacht feirmeoirí trí níos mó solúbthachta a thabhairt dóibh maidir leis na limistéir is féidir a úsáid chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le sciar áirithe de thalamh arúil a dhíriú ar thairbhí bithéagsúlachta. Chuirfí níos lú srianta ar an gcaoi ar féidir leo an talamh arúil a úsáid agus laghdófaí na caillteanais ioncaim, agus roinnt tairbhí comhshaoil á n-áirithiú san am céanna.

(7)

Cruthaítear réimse tairbhí comhshaoil do shláinte na hithreach le húsáid barr fosaithe nítrigine agus barr eatraimh, lena n-áirítear tairbhí le haghaidh bhithéagsúlacht na hithreach agus ó thaobh láisteadh cothaitheach a sheachaint de. Eascraíonn tairbhí breise don bhithéagsúlacht as an gceanglas go bhfásfar na barra gan táirgí cosanta plandaí. I gcás ina gcuirtear barr eatraimh gan úsáid a bhaint as táirgí cosanta plandaí tar éis príomhbhairr ar an limistéar a ainmníodh chun an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit fachtóir ualaithe 1 a chur i bhfeidhm chun na cinntí maidir le bainistiú agus síolú a rinne feirmeoirí cheana i ndáil leis an mbliain éilimh 2024 a chur san áireamh, ar cinntí iad nach féidir a mhodhnú gan costais bhreise a thabhú.

(8)

Ba cheart an maolú a theorannú don bhliain éilimh 2024, agus níor cheart dó difear a dhéanamh do na rialacha sna blianta tar éis 2024, agus ba cheart é a theorannú don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá roimh fheirmeoirí mar a mhínítear thuas, ionas nach gcuirfear isteach go míchuí ar chuspóir chaighdeán 8 GAEC maidir leis an mbithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú mar chuid d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála. Ba cheart na trí cheanglas eile faoi chaighdeán 8 GAEC leanúint de bheith infheidhme le haghaidh na bliana éilimh 2024, ar ceanglais iad a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear an ceanglas maidir le gnéithe tírdhreacha a choinneáil.

(9)

Ós rud é go bhfuil caighdeáin GAEC mar chuid de choinníollacha bunlíne na n-éiciscéimeanna agus na ngealltanas agra-chomhshaoil, na ngealltanas a bhaineann leis an aeráid agus na ngealltanas bainistíochta eile, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le hurraim na bunlíne i gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as na maoluithe chun an chéad cheanglas faoi chaighdeán 8 GAEC a chur i bhfeidhm. Chun a áirithiú go n-urramófar an prionsabal ginearálta nach ndéantar íocaíochtaí ach le haghaidh gealltanas a théann níos faide ná caighdeáin GAEC, agus chun uaillmhian na n-idirghabhálacha atá mar chuid d’ailtireacht ghlas an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) a chosaint, ba cheart a leagan síos nár cheart íocaíochtaí faoi éiciscéimeanna agus gealltanais agra-chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile le haghaidh na bliana éilimh 2024 a dhéanamh ach amháin le haghaidh na ngealltanas a théann níos faide ná an rogha nua chun an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(10)

Maidir leis an bhféidearthacht maolú ar chur i bhfeidhm chaighdeán 8 GAEC mar a shainíonn na Ballstáit í ina bPleananna Straitéiseacha CBT, tá sí gan dochar don oibleagáid de bhun Airteagal 109(2), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115 atá ar na Ballstáit a áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT tuairisc ar chur chun feidhme agus ar eilimintí gaolmhara gach ceann de na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(11)

Chun a áirithiú go bhfuil na maoluithe a údaraítear leis an Rialachán seo éifeachtach i ndáil lena gcuspóir, agus ós rud é gur gá d’fheirmeoirí a gcinntí a dhéanamh maidir le barra earraigh 2024 a chur, ba cheart an cinneadh maidir le húsáid na maoluithe a dhéanamh go pras. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a gcinntí a dhéanamh agus fógra a thabhairt faoi sin don Choimisiún laistigh de 15 lá ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin an chórais atá bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise arna chur ar fáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (2). Ba cheart na cinntí a áireamh sna Pleananna Straitéiseacha CBT in éineacht leis an gcéad iarraidh ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115. I bhfianaise an ghá atá ann cur chun feidhme tráthúil a áirithiú, níor cheart na cinntí a bheith faoi réir formheas ón gCoimisiún.

(12)

Tá sé fíor-riachtanach faireachán a dhéanamh ar ghlacadh na maoluithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na sonraí ábhartha a thuairisciú don Choimisiún chomh maith le measúnú cáilíochtúil ar éifeacht an mhaolaithe ar chuspóir an mhaolaithe agus ar phríomhchuspóir an chéad cheanglais de chaighdeán 8 GAEC.

(13)

Is bonnlíne é an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC le haghaidh éiciscéimeanna áirithe a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát. Ní mór d’fheirmeoirí a thugann gealltanais faoi éiciscéimeanna cloí leis na ceanglais bhonnlíne le haghaidh na n-éiciscéimeanna sin chun tairbhe a bhaint as na híocaíochtaí comhfhreagracha. Mar sin féin, na héiciscéimeanna a leagtar amach faoi láthair i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad ceaptha i ngach cás ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas d’fheirmeoirí an rogha nua a chur san áireamh chun an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a chomhlíonadh, dá bhforáiltear leis an Rialachán seo mar bhonnlíne le haghaidh na héiciscéime. D’fhéadfadh toradh den sórt sin cosc a chur ar fheirmeoirí gealltanais a ghlacadh faoi na héiciscéimeanna sin, toisc nach mbeidís in ann iad a chomhcheangal leis an rogha nua chun an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a chomhlíonadh, a leagtar síos sa Rialachán seo, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé tionchar breise a imirt ar inmharthanacht a ngníomhaíochtaí.

(14)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh feirmeoirí ar mian leo glacadh le gealltanais in 2024 faoi éiciscéimeanna bunaithe ar chaighdeán 8 GAEC, mar bhonnlíne, mar a leagtar amach sna Pleananna Straitéiseacha CBT, tairbhe iomlán a bhaint as na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus, mar thoradh air sin, gur féidir leis an maolú sin a éifeachtaí a chur i bhfeidhm go hiomlán chun rannchuidiú le feabhas a chur ar inmharthanacht ghníomhaíochtaí na bhfeirmeoirí, ba cheart é a chur ar a gcumas do na Ballstáit modhnuithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar na héiciscéimeanna sin in am trátha le haghaidh iarratais sa bhliain éilimh 2024. Chun na críche sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit modhnuithe den chineál sin a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm sna Pleananna Straitéiseacha CBT gan formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún maidir leis na modhnuithe sin. Ba cheart an maolú sin ar Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 a theorannú do mhodhnuithe a bhfuil géarghá leo chun na héiciscéimeanna lena mbaineann, mar a leagtar amach iad i bPleananna Straitéiseacha CBT, a choigeartú do na maoluithe ar chaighdeán 8 GAEC a leagtar amach sa Rialachán seo.

(15)

Chun a áirithiú go ndéanfar na fógraí chuig an gCoimisiún faoi na modhnuithe ar na héiciscéimeanna a cuireadh isteach faoin maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur isteach tríd an gcóras céanna um malartú sonraí leictreonacha agus a úsáidtear i gcás iarrataí ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart do na Ballstáit na fógraí sin a chur isteach tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún (3).

(16)

Na modhnuithe ar éiciscéimeanna arna ndéanamh agus arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit faoin Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir formheas ina dhiaidh sin ag an gCoimisiún chun deimhneacht dhlíthiúil agus feidhmiú cuí an chreata feidhmíochta dá dtagraítear i dTeideal VII de Rialachán (AE) 2021/2115 a áirithiú. Dá bhrí sin, na Ballstáit a bhaineann úsáid as an maolú ar Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart dóibh formheas an Choimisiúin a iarraidh maidir leis na modhnuithe ar na héiciscéimeanna arna ndéanamh agus arna gcur i bhfeidhm i bhfeidhm faoin Rialachán seo trí na modhnuithe sin a áireamh sa chéad iarraidh eile ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119(1) den Rialachán sin.

(17)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’fheirmeoirí lena mbaineann modhnuithe ar na héiciscéimeanna bunaithe ar an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC, mar bhonnlíne, sa bhliain éilimh 2024, arna ndéanamh agus arna gcur i bhfeidhm mar thoradh ar na maoluithe a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le huainiú agus ábhar na bhfógraí maidir le modhnuithe ar na héiciscéimeanna sin don Choimisiún.

(18)

Ós rud é go bhféadfadh na modhnuithe ar na héiciscéimeanna bunaithe ar an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC, mar bhonnlíne, mar a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, difear a dhéanamh d’incháilitheacht caiteachais do ranníocaíocht ó CERT, is gá, chun éifeachtacht iomlán an mhaolaithe ar Airteagal 119 a áirithiú, maolú a dhéanamh freisin ar na rialacha a leagtar síos in Airteagal 86(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an dáta óna mbeadh an caiteachas sin incháilithe mar thoradh ar na modhnuithe sin.

(19)

I bhfianaise an ghá atá ann go ndéanfar cinntí na mBallstát in am trátha sula ndéanfaidh feirmeoirí cinntí maidir le síolú in earrach 2024, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(20)

Níor thug Coiste an Chomhbheartais Talmhaíochta tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag cathaoirleach an choiste síos.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maolú ar an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC le haghaidh na bliana éilimh 2024

1.   De mhaolú ar an gcéad cheanglas faoi chaighdeán 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (GAEC), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh feirmeoirí agus tairbhithe eile atá faoi réir an chaighdeáin sin, le haghaidh na bliana éilimh 2024, an chéad cheanglas den chaighdeán sin a chomhlíonadh trí sciar íosta 4 % ar a laghad den talamh arúil ar leibhéal na feirme a dhíriú ar na nithe seo a leanas:

limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh a fhágtar bán; agus/nó

barra fosaithe nítrigine; agus/nó

barra eatraimh.

Déanfar barra eatraimh agus barra fosaithe nítrigine a shaothrú gan táirgí cosanta plandaí a úsáid. Úsáidfidh na Ballstáit fachtóir ualaithe 1 le haghaidh barra eatraimh.

Beidh feidhm ag cinntí a dhéanfaidh na Ballstáit agus mír 1 á cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.

2.   Chun críoch na n-éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na ngealltanas agra-chomhshaoil, na ngealltanas a bhaineann leis an aeráid agus na ngealltanas bainistíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán sin, agus chun críoch na n-éiciscéimeanna a bhunaigh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, le haghaidh na bliana éilimh 2024, áiritheoidh na Ballstáit a dhéanfaidh na cinntí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina gcinneann feirmeoir comhlíonadh leis an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC, bunaithe ar an gceanglas dá dtagraítear i mír 1, nach ndéanfar íocaíochtaí ach amháin le haghaidh gealltanas a théann níos faide ná an ceanglas sin, mar a leagtar síos in Airteagal 31(5), an chéad fhomhír, pointe (a), agus Airteagal 70(3), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán sin.

Airteagal 2

Teorainn ama, fógra faoi chinntí agus a gcur i bhfeidhm

Na Ballstáit a chinnfidh an maolú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a úsáid, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin gcinneadh a dhéanfar de bhun an Airteagail sin trí bhíthin an chórais atá bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise arna chur ar fáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireoidh na Ballstáit an cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 1(1) den Rialachán seo i Roinn 3.10 maidir le Coinníollacht agus caighdeán GAEC de Phleananna Straitéiseacha CBT mar chuid den chéad iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 tar éis an fógra a thabhairt de réir na chéad fhomhíre.

Na cinntí a dhéanfar de bhun Airteagal 1(1) den Rialachán seo, ní bheidh siad faoi réir an fhormheasa ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 119(10) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Na Ballstáit a bhaineann úsáid as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 1(1), áireoidh siad sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, atá dlite an 15 Feabhra 2025, sonraí maidir le glacadh an mhaolaithe.

Airteagal 3

Maoluithe ar Airteagail 86(2) agus 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana éilimh 2024

1.   De mhaolú ar Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus gan dochar d’Airteagal 1(2), féadfaidh na Ballstáit a chinneann úsáid a bhaint as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 1(1), gan formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, modhnuithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115, a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT, atá bunaithe ar an gcéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC, mar bhonnlíne, i ndáil leis an mbliain éilimh 2024.

Beidh na modhnuithe sin teoranta do na heilimintí sin de na héiciscéimeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a bhfuil géarghá leo chun a áirithiú go bhféadfaidh feirmeoirí a thugann gealltanais faoi na héiciscéimeanna sin na gealltanais sin a chomhcheangal leis na roghanna a leagtar síos in Airteagal 1(1) chun an chéad cheanglas de chaighdeán 8 GAEC a chomhlíonadh.

2.   Socróidh na Ballstáit dáta tosaigh chur i bhfeidhm na modhnuithe dá dtagraítear i mír 1 chun dóthain ama a thabhairt d’fheirmeoirí na modhnuithe sin a chur san áireamh.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na modhnuithe dá dtagraítear i mír 1 faoin am a thosóidh siad á gcur i bhfeidhm.

Cuirfear an fógra isteach trí bhíthin an chórais um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’. San fhógra beidh tuairisc ar na modhnuithe arna ndéanamh ar na héiciscéimeanna dá dtagraítear sa chéad mhír agus míniú ar na cúiseanna a bhfuil fíorghá leis na modhnuithe sin mar a cheanglaítear le mír 1.

4.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an maolú dá dtagraítear i mír 1 ach aon uair amháin.

5.   Cuirfidh na Ballstáit na modhnuithe dá dtagraítear i mír 1 sa chéad iarraidh eile ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.

6.   De mhaolú ar Airteagal 86(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, caiteachas a thiocfaidh chun bheith incháilithe mar thoradh ar na modhnuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear sa chéad mhír, beidh sé incháilithe do ranníocaíocht ó CERT ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.

(2)   IO L 171, 4.7.2017, lch. 113, ELI: ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1185/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise (IO L 458, 22.12.2021, lch. 463, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2289/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/587/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)