European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/585

15.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/585 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha maidir le comhábhair le haghaidh táirgí fíona cumhraithe a léiriú agus a ainmniú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6a(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(2)

I gcomhthéacs an leasaithe sin, rinneadh an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (l), faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a thabhairt isteach mar shonraí sainordaitheacha in Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014. Le Rialachán (AE) 2021/2117, cumhachtaítear an Coimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 trí shonrú breise a dhéanamh ar na rialacha maidir le comhábhair a léiriú agus a ainmniú chun an ceanglas nua lipéadaithe a chur i bhfeidhm.

(3)

Cé go bhfuil feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le léiriú agus ainmniú comhábhar le haghaidh táirgí fíona cumhraithe, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos lena gcuirtear san áireamh saintréithe sonracha áirithe táirgí fíona cumhraithe agus na próisis ar leith agus am a dtáirgthe, d’fhonn faisnéis chuimsitheach agus chruinn a sholáthar do thomhaltóirí. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin nuair a chuirtear liosta na gcomhábhar ar lipéad an fhíona, ach ba cheart feidhm a bheith acu freisin nuair a chuirtear liosta na gcomhábhar ar fáil trí mheán leictreonach a shainaithnítear ar an bpacáiste nó ar lipéad atá greamaithe de, i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(4)

Ós rud é go bhfaightear táirgí fíona cumhraithe i gcónaí ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointí 1 go 11 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí a cheangal go ndéanfar comhábhair uile na dtáirgí fíniúna a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí fíona cumhraithe a liostú i gcomhréir leis na rialacha sonracha maidir le tásc agus ainmniú comhábhair táirgí fíniúna a leagtar síos in Airteagal 48a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (5).

(5)

Ba cheart comhábhair na dtáirgí fíniúna a úsáidtear mar bhunús chun an táirge fíona cumhraithe a fháil a idirdhealú ó thaobh amhairc de ó na comhábhair eile a chuirtear leo. Ba cheart, dá bhrí sin, comhábhair na dtáirgí fíniúna a léiriú laistigh de lúibíní, tar éis an téarma ‘fíon’ nó téarma eile lena sainaithnítear na táirgí fíniúna sonracha a úsáidtear, agus ba cheart go mbeadh gach comhábhar eile a chuirtear leis na buntáirgí fíniúna le feiceáil lasmuigh de na lúibíní in ord íslitheach toirte nó meáchain mar a thaifeadtar tráth a n-úsáide i monarú an táirge fíona chumhraithe, dá bhforáiltear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(6)

Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear comhábhair áirithe leis na buntáirgí fíniúna a úsáidtear chun an táirge fíona cumhraithe a fháil, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha sonracha maidir lena n-ainmniú ar liosta na gcomhábhar.

(7)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na rialacha maidir le comhábhair táirgí fíniúna a léiriú agus chun tuiscint na dtomhaltóirí a éascú, is iomchuí a cheadú go n-úsáidfí an téarma ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’ chun úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor coigeartaithe a ainmniú i gcás ina gcuirtear iad leis na táirgí fíniúna a úsáidtear chun an táirge fíona cumhraithe a fháil.

(8)

I gcás ina n-úsáidtear suilfítí/sulfáití, uibheacha agus táirgí atá bunaithe ar uibheacha agus/nó bainne agus táirgí atá bunaithe ar bhainne chun táirgí fíona cumhraithe a tháirgeadh, ba cheart iad a léiriú ar an lipéad agus úsáid á baint as na téarmaí a úsáidtear go traidisiúnta chun táirgí fíniúna a lipéadú. Ba cheart na hailléirginí sin a chur in iúl laistigh de lúibíní i gcás ina n-úsáidtear iad i dtáirgeadh na dtáirgí fíniúna, agus ba cheart go mbeadh siad le feiceáil lasmuigh de na lúibíní i gcás ina gcuirtear leis an táirge fíona cumhraithe iad roimh an mbuidéalú.

(9)

Ar an gcúis chéanna, is iomchuí a cheadú do tháirgí fíonta cumhraithe úsáid a bhaint as na picteagraim chéanna lena léirítear suilfítí/sulfáití, uibheacha agus táirgí atá bunaithe ar uibheacha agus/nó bainne agus táirgí atá bunaithe ar bhainne agus a úsáidtear do tháirgí fíniúna.

(10)

I gcás ina gcuirtear aon substaint nó táirge eile is cúis le hailléirgí nó éadulaingt le táirge fíona cumhraithe roimh an mbuidéalú, cuirfear i láthair iad i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(11)

I gcás ina n-úsáidtear suilfítí/sulfáití, uibheacha agus táirgí atá bunaithe ar uibheacha agus/nó bainne agus táirgí atá bunaithe ar bhainne araon sna táirgí bunfhíonchaor agus a chuirtear leis an táirge fíona cumhraithe roimh iad a bhuidéalú, níor cheart iad a shonrú ach uair amháin ar an bpacáiste nó ar lipéad a ghabhann leis tar éis an téarma ‘tá’ ann má chuirtear liosta iomlán na gcomhábhar ar fáil trí mheán leictreonach.

(12)

Is é is príomhchuspóir do bhreiseán áirithe a úsáidtear mar gháis phacáistithe (dé-ocsaíd charbóin, argón agus nítrigin) ocsaigin a easáitiú le linn bhuidéalú na dtáirgí fíniúna cumhraithe, ach ní bhíonn siad ina gcuid den táirge a chaitear. Ós rud é go bhféadfadh a léiriú ar liosta na gcomhábhar mearbhall a chur ar thomhaltóirí maidir le cineál agus comhdhéanamh iarbhír an fhíona cumhraithe, dealraíonn sé gurb iomchuí sonra sonrach a chur ina n-ionad a thugann tuairisc ar a bhfeidhm trí úsáid a bhaint as an téarma ‘Arna bhuidéalú in atmaisféar cosanta’.

(13)

Mar thoradh ar an oibleagáid na comhábhair a liostú amhail ón 8 Nollaig 2023 i gcomhréir le hAirteagal 6, an cúigiú mír, de Rialachán (AE) 2021/2117, is iomchuí a cheadú go rachadh ídiú ar na stoic de tháirgí fíona cumhraithe a lipéadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 idir an 8 Nollaig 2023 agus 18 Feabhra 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Liosta na gcomhábhar

1.   Déanfar na táirgí fíniúna a úsáidtear chun táirge fíona cumhraithe a fháil a léiriú ina liosta comhábhar leis an téarma ‘fíon’ nó ainm na dtáirgí fíniúna sonracha a úsáidtear. Díreach i ndiaidh na dtéarmaí sin beidh comhábhair na dtáirgí fíniúna sin atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 48a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, arna sonrú laistigh de lúibíní.

2.   I gcás ina gcuirtear na comhábhair seo a leanas leis na buntáirgí fíniúna roimh an táirge fíona cumhraithe a bhuidéalú nó lena linn, féadfar iad a léiriú lasmuigh de na lúibíní dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a)

féadfar ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’ agus/nó ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe’ a léiriú trí úsáid a bhaint as an téarma ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’;

(b)

féadfar suilfítí/sulfáití, uibheacha agus táirgí atá bunaithe ar uibheacha agus bainne agus táirgí atá bunaithe ar bhainne a léiriú trí úsáid a bhaint as na téarmaí atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33;

(c)

féadfar an mhír shonrach ‘Arna bhuidéalú in atmaisféar cosanta’ a chur in ionad na mbreiseán a thagann faoin gcatagóir ‘gáis phacáistithe’.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (b), i gcás ina soláthraítear liosta na gcomhábhar trí mheán leictreonach, beidh na téarmaí sin le feiceáil uair amháin ar an bpacáiste freisin nó ar lipéad a bheidh i gceangal leis, tar éis an fhocail ‘tá’ mar aon le léiriú aon substaintí nó táirgí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó éadulaingt agus a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge fíona chumhraithe. Féadfaidh an picteagram ábhartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a bheith ag gabháil leis na téarmaí sin.

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Maidir le stoic de tháirgí fíona cumhraithe atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 idir an 8 Nollaig 2023 agus 18 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic fiú i gcás nach gcomhlíontar leo na ceanglais shonracha lipéadaithe a leagtar síos sa Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 20.3.2014, lch. 14.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/585/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)