Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/577 |
14.2.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/577 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Feabhra 2024
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí gan chúis gan údar ar an Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine é an fogha míleata sin, agus is sárú é chomh maith ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, ar riail dhomhaolaithe den dlí idirnáisiúnta, agus de phrionsabail eile Chairt na Náisiún Aontaithe é. |
(3) |
I Rún ES-11/1 uaidh, a glacadh an 2 Márta 2022, cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go géar an fogha atá Cónaidhm na Rúise ag tabhairt faoin Úcráin de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe. Agus an ráiteas ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 29 Meán Fómhair 2022 á thabhairt dá aire do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ráiteas inar meabhraíodh don Ardrúnaí gur sárú ar Phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta é aon ionghabháil a dhéanann Stát ar chríoch Stáit eile mar thoradh ar fhorneart a bhagairt nó a úsáid, i Rún ES-11/4 ón gComhthionól, a glacadh an 12 Deireadh Fómhair 2022, cháin sé Cónaidhm na Rúise as reifrinn, mar a ghairtear dóibh, neamhdhleathacha a eagrú i réigiúin laistigh de theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus as an iarracht ar ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine, tar éis na reifrinn sin, mar a ghairtear dóibh, a eagrú. |
(4) |
I Rún A/RES/ES-11/5 uaidh an 15 Samhain 2022, chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in iúl gur cúis mhór imní dó an bás, an t-easáitiú sibhialtach, an scriosadh bonneagair agus acmhainní nádúrtha, an caillteanas maoine poiblí agus príobháidí, agus an tubaiste eacnamaíoch arb é is cúis leo an fogha atá Cónaidhm na Rúise ag tabhairt faoin Úcráin, agus d’aithin sé nach mór Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as aon sárú ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin nó ina coinne, lena n-áirítear a fogha de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon sárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus d’aithin sé nach mór di iarmhairtí dlíthiúla a cuid gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta uile a sheasamh, lena n-áirítear cúiteamh a dhéanamh ar an díobháil, lena n-áirítear aon damáiste, arb iad na gníomhartha sin is cúis léi. |
(5) |
I Rún A/ES-11/L.7 uaidh an 23 Feabhra 2023, d’iarr Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe freisin go gcloífeadh na páirtithe sa choinbhleacht armtha go hiomlán lena n-oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus go gcuirfí stop láithreach leis na hionsaithe ar bhonneagar ríthábhachtach na hÚcráine agus le haon ionsaí ar réada sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna cónaithe, scoileanna agus ospidéil. |
(6) |
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI), ina hordú cheangailteach an 16 Márta 2022 maidir le bearta sealadacha a léiriú sa chás a bhaineann le Líomhaintí maidir le Cinedhíothú faoin gCoinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú (an Úcráin v. Cónaidhm na Rúise), (i mír 60 den ordú) ‘go bhfuil ceart dosháraithe ag an Úcráin gan a bheith faoi réir oibríochtaí míleata ag Cónaidhm na Rúise’, agus (i mír 74 den ordú) go bhfuil aon dochar a dhéanfar don cheart sin ‘in ann a bheith ina chúis le dochar doleasaithe’. Chuir sí lena hordú gurb iad toradh aon oibríochta míleata, go háirithe oibríocht ar scála a rinne Cónaidhm na Rúise ar chríoch na hÚcráine, an bás, díobháil meabhrach agus coirp, agus damáiste do mhaoin agus don chomhshaol (2). D’ordaigh CBI do Chónaidhm na Rúise a cuid oibríochtaí míleata a chur ar fionraí, oibríochtaí míleata a thosaigh sí an 24 Feabhra 2022 ar chríoch na hÚcráine. |
(7) |
Sna conclúidí uaithi an 14 agus an 15 Nollaig 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus athdhearbhaíonn sí go bhfuil an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad, agus le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint ar fhogha na Rúise. |
(8) |
I gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, áirítear leis an tacaíocht sin freisin cúnamh a thabhairt do phobail, tíortha agus réigiúin a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéanamh an duine, mar shampla na tubaistí a tharla san Úcráin agus dá daonra mar gheall ar chogadh foghach na Rúise. |
(9) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid agus mar fhreagairt ar an gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus a fhad agus a leanann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de shárú a dhéanamh ar rialacha domhaolaithe den dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó den dlí daonnúil idirnáisiúnta, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm. Is iomchuí freisin bearta eisceachtúla breise a dhéanamh atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe an méid a leanas: comhdhlúthú agus tacú leis an daonlathas, an smacht reatha, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an tsíocháin a chaomhnú, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta agus an chosaint a thugtar don daonra sibhialta a neartú mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail dul i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine. |
(10) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/335 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES, lenar cuireadh toirmeasc ar aon idirbheart a bhaineann le bainistiú cúlchistí agus sócmhainní, de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir. An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/395 (4) chun toirmeasc den sórt sin a bhaineann le Ciste Náisiúnta Rachmais na Rúise a chur san áireamh. Leagtar síos an toirmeasc in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES, agus léirítear é freisin in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (5). Mar thoradh ar na toirmisc sin, déantar na sócmhainní ábhartha arna sealbhú ag institiúidí airgeadais sna Ballstáit a ‘bhlocáil’. |
(11) |
Mar a cuireadh i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, tá gá le dul chun cinn cinntitheach, i gcomhar leis na comhpháirtithe, maidir leis an gcaoi a bhféadfaí aon ioncam urghnách atá i seilbh eintitis phríobháideacha a eascraíonn go díreach ó shócmhainní blocáilte na Rúise a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil, i gcomhréir leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Sna conclúidí uaithi, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair d’fhonn tograí a thíolacadh. |
(12) |
A mhéid a bhaineann leis an gcomhordú leis na comhpháirtithe, d’athdhearbhaigh Ceannairí G7, ina ráiteas an 6 Nollaig 2023, go bhfuil gá le dul chun cinn cinntitheach chun ioncaim urghnácha atá i seilbh eintitis phríobháideacha, ioncaim a eascraíonn go díreach as sócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise, a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, i gcomhréir leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme agus i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. |
(13) |
Sa chomhthéacs sin, is iomchuí soiléirithe áirithe a thabhairt maidir leis an toirmeasc ar aon idirbheart a bhaineann le bainistiú cúlchistí agus sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise agus chun bearta breise a thabhairt isteach. |
(14) |
Go háirithe, a mhéid a bhaineann le hidirbhearta a bhaineann leis an gclár comhardaithe atá nasctha le sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó atá nasctha le sócmhainní agus cúlchistí de chuid duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, is iomchuí a shoiléiriú nach dtagann na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an toirmisc ar idirbhearta a bhfuil feidhm aige ón 28 Feabhra 2022. Maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an gclár comhardaithe atá fós údaraithe, baineann siad go háirithe le hathinfheistiú iarmhéideanna airgid, arna gcarnadh de thoradh íocaíochtaí cúpón blocáilte nó íocaíochtaí díbhinne blocáilte agus íocaíochtaí fuascailte agus taiscí a théann in aibíocht, i gcomhréir le beartas infheistíochta stuama agus leis na ceanglais rialála is infheidhme. |
(15) |
Ba cheart leanúint d’idirbhearta eile a thoirmeasc, go háirithe aon aistriú díreach nó indíreach chuig Banc Ceannais na Rúise nó idirbhearta a rachadh chun leasa dó, nó chuig nó chun leasa aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise. |
(16) |
Leis an toirmeasc ar idirbhearta eile den sórt sin, cruthaítear carnadh urghnách gan choinne iarmhéideanna airgid ar chláir chomhardaithe na dtaisclann lárnach urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a bhfuil príomhsheasamh acu i socraíocht agus i gcothabháil lárnach ionstraimí airgeadais san Aontas. Tá an carnadh sin mar thoradh ar bhlocáil sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó de chuid aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, toisc go bhfuil toirmeasc ar aon íocaíochtaí príomhshuime agus úis, cúpón, díbhinní nó ioncaim eile ar urrúis le Banc Ceannais na Rúise agus leis na daoine dlítheanacha, na heintiteas nó na comhlachtaí sin. |
(17) |
Is cás ar leith iad na taisclanna lárnacha urrús, atá éagsúil ó institiúidí airgeadais eile toisc gur gnách go ndéantar iarmhéideanna airgid de chuid custaiméirí taisclann lárnach urrús nó leis na custaiméirí sin a aistriú amach as na taisclanna lárnacha urrús roimh dheireadh an lae agus nach dtugann siad aon luach saothair do chustaiméirí. Na hiarmhéideanna airgid atá i seilbh taisclann lárnach urrús i ndáil le sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise nó de chuid aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, arna gcarnadh mar gheall ar bhearta sriantacha, ní mór do thaisclanna lárnacha urrús iad a bhainistiú go stuama ina dhiaidh sin. Gintear ioncaim urghnácha gan choinne mar thoradh air sin. |
(18) |
Ní gá ioncaim urghnácha gan choinne a chumhdaítear faoin gCinneadh seo a chur ar fáil do Bhanc Ceannais na Rúise faoi na rialacha is infheidhme, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an toirmeasc ar idirbheart. Mar sin, ní sócmhainní ceannasacha iad. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a thugann cosaint do shócmhainní ceannasacha maidir leis na hioncaim sin. |
(19) |
Thairis sin, ós rud é gur gá go n-eascraíonn na hioncaim urghnácha gan choinne sin as cur chun feidhme na mbeart sriantach, go háirithe an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, ní féidir le taisclanna lárnacha urrús a bheith ag súil le tairbhe eacnamaíoch mhíchuí agus neamhbheartaithe a bhaint astu. Ar bhonn na haidhme dlisteanaí cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a shaothrú, go háirithe comhdhlúthú agus tacú leis an daonlathas, an smacht reatha, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an tsíocháin a chaomhnú, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus an daonra sibhialta a chosaint mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine, is iomchuí agus is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go rachaidh brabúis urghnácha gan choinne ó thaisclanna lárnacha urrús chun tairbhe na hÚcráine, ar brabúis iad arna bhfabhrú sa tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus an tráth a scoirfear de na bearta sriantacha sealadacha a bhaineann le sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise. Ina theannta sin, leis na bearta faoin gCinneadh seo seachnaítear ualach iomarcach a fhorchur ar thaisclanna lárnacha urrús. Dá bhrí sin, urramaítear go hiomlán leis na bearta na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe Airteagail 17 agus 52 di, toisc go bhfuil bonn cirt leo agus go bhfuil siad comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú. |
(20) |
Dá bhrí sin, is iomchuí bearta breise a bhaineann leis na hioncaim agus brabúis glan urghnácha gan choinne sin a thabhairt isteach, i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais. I gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta breise sin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Ba cheart gurb é is cuspóir do na bearta breise, ar deireadh, tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil, go háirithe trí Shaoráid na hÚcráine atá le teacht arna tiolacadh ag an gCoimisiún (7), i gcomhréir leis na cuspóirí de agus de Chinneadh 2014/512/CBES agus ag teacht le cuspóir na mbeart sriantach agus le cuspóirí Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, lena n-áirítear go háirithe an cuspóir maidir leis an tsíocháin a chaomhnú, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus an daonra sibhialta a chosaint mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail, tíortha agus réigiúin a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéanamh an duine, ar nós na dtubaistí a spreag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar a pobal. |
(21) |
Ní bheadh údar leis na bearta breise sin a fhorchur ar thaisclanna lárnacha urrús a shealbhaíonn méideanna an-bheag sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó de chuid aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise. Chruthódh sé ualach riaracháin díréireach do na taisclanna lárnacha urrús sin, i bhfianaise na suimeanna an-bheag a d’fhéadfaí a bhailiú. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na bearta breise ach amháin maidir le taisclanna lárnacha urrús a bhfuil na cúlchistí agus na sócmhainní sin acu ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún. |
(22) |
Sa chéad chéim, ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús cuntas a thabhairt ar na hiarmhéideanna airgid urghnácha den sórt sin agus iad a bhainistiú ar iarmhéideanna iad arna gcarnadh mar gheall ar bhlocáil sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise agus é sin a dhéanamh ar leithligh óna ngníomhaíochtaí eile, agus ba cheart dóibh na hioncaim arna nginiúint a choinneáil ar leithligh freisin. |
(23) |
Ba cheart taisclanna lárnacha urrús a thoirmeasc freisin ar dhiúscairt a dhéanamh ar a nglanbhrabúis ina dhiaidh sin, arna chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tar éis cáin chorparáide a asbhaint faoi chóras ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann, cibé acu trí dháileadh i bhfoirm díbhinní nó i cibé foirm chun tairbhe scairshealbhóirí nó aon tríú páirtí. Go dtí an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear in aithris 24, i bhfianaise na rioscaí agus na gcostas a bhaineann le sealbhú sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, féadfaidh gach taisclann lárnach urrús iarraidh ar a údarás maoirseachta a údarú go scaoilfí sciar de na glanbhrabúis sin d’fhonn ceanglais maidir le caipiteal reachtúil agus bainistiú riosca a chomhlíonadh. |
(24) |
Sa dara céim, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann a chinneadh conas ba cheart na glanbhrabúis sin a dhíriú chun tacú leis an Úcráin agus lena téarnamh agus lena hatógáil, ag teacht leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, i gcomhar leis na comhpháirtithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Chomhairle cinneadh a dhéanamh freisin maidir le méid na nglanbhrabús sin a fhéadfaidh taisclanna lárnacha urrús a choinneáil go sealadach d’fhonn ceanglais maidir le caipiteal reachtúil agus bainistiú riosca a chomhlíonadh agus i bhfianaise na rioscaí agus na gcostas a bhaineann le sealbhú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise. Chuige sin, ba cheart don Ardionadaí togra a dhéanamh in am trátha chun gabháil le bearta an Aontais chun tacú leis an Úcráin. Agus an togra sin á ullmhú, táthar ag súil go rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe leis an mBanc Ceannais Eorpach. |
(25) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(26) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas: In Airteagal 1a de Chinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
‘7. Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an gclár comhardaithe atá nasctha le sócmhainní ná cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó atá nasctha le sócmhainní agus cúlchistí de chuid aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, arna ndéanamh an 28 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin.
8. Ón 15 Feabhra 2024 ar aghaidh agus fad a choinnítear na bearta sriantacha a leagtar amach i mír 4 ar bun, taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ag a bhfuil sócmhainní agus cúlchistí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún, déanfaidh siad na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le hiarmhéideanna airgid arna gcarnadh go heisiach mar gheall ar na bearta sriantacha:
(a) |
tabharfar cuntas ar na hiarmhéideanna airgid sin ar leithligh; |
(b) |
ioncam a fhabhraíonn ó na hiarmhéideanna airgid dá dtagraítear i bpointe (a) nó a ghintear astu ón 15 Feabhra 2024, déanfar é a chlárú ar leithligh i gcuntais airgeadais na dtaisclann lárnach urrús; |
(c) |
maidir le glanbhrabúis a chinntear i leith ioncaim dá dtagraítear i bpointe (b) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear trí na costais ábhartha uile atá nasctha le bainistiú na sócmhainní blocáilte agus an bainistiú riosca a bhaineann leis na sócmhainní blocáilte nó a eascraíonn as bainistiú na sócmhainní sin agus tar éis cáin chorparáide a asbhaint faoi chóras ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann, ní fhéadfar iad a dhiúscairt trí dháileadh i bhfoirm díbhinní nó i cibé foirm chun tairbhe scairshealbhóirí nó aon tríú páirtí go dtí go gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar bhonn Airteagail 29 agus 30 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhféadfar ranníocaíocht airgeadais a bhunú le buiséad an Aontais a chruinneofar ar na glanbhrabúis sin chun tacú leis an Úcráin le agus lena téarnamh agus lena hatógáil, chomh maith leis na módúlachtaí a ghabhfadh le ranníocaíochtaí mar sin, ag teacht leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh freisin maidir leis an méid a d’fhéadfadh a bheith ag taisclanna lárnacha urrús go sealadach chomh maith leis na ceanglais maidir le caipiteal reachtúil agus bainistiú riosca a chomhlíonadh, gan dochar d’urramú na rialacha dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear stádas maoirseachta na n-institiúidí sin ag na taisclanna lárnacha urrús ábhartha, nó dá mbun; |
(d) |
go dtí go nglacfar an cinneadh sin ón gComhairle dá dtagraítear i bpointe (c), féadfaidh gach taisclann lárnach urrús iarraidh ar a húdarás maoirseachta scaoileadh sciar de na glanbhrabúis dá dtagraítear i bpointe (c) a údarú, d’fhonn ceanglais maidir le caipiteal reachtúil agus bainistiú riosca a chomhlíonadh. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún roimh ré faoi aon údarú.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229,31.7.2014, lch. 13).
(2) CBI, ORDÚ an 16 Márta 2022 sa chás a bhaineann le Líomhaintí maidir le Cinedhíothú faoin gCoinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú (an Úcráin v. Cónaidhm na Rúise), ag mír 74.
(3) Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 4).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/395 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 81, 9.3.2022, lch. 8).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(7) Nós imeachta Reachtach 2023/0200/COD: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú. Tá sonraí an nós imeachta ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/HIS/?uri=CELEX:52023PC0338.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/577/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)