European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/566

15.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/566 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag criosanna áirithe den Ghearmáin agus den Spáinn a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus formheas an fhadaithe ar chlár díothaithe maidir le hionfhabhtú leis an víreas sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 31(4), an dara fomhír, Airteagal 36(4) agus Airteagal 42(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de, agus leagtar síos freisin an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Ina theannta sin, déantar foráil ann go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus stádas neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleog díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalair acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha atá ann cheana. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) i roinnt Ballstát, is gá Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun an staid reatha a léiriú.

(4)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a aithint i gcás Chomhphobal Uathrialach na nOileán Bailéarach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga. Dá bhrí sin, ba cheart an limistéar sin a chur le críoch na Spáinne a liostaítear mar limistéar atá saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, agus ba cheart é a scriosadh ó chríoch na Spáinne a liostaítear mar chríoch ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, i gCuid II den Iarscríbhinn VIII sin.

(5)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, tá fógra tugtha ag an nGearmáin don Choimisiún faoi ráig d’ionfhabhtú le víreas gormtheanga séiritíopa 3 a dhéanann difear do stáit na Sacsaine Íochtaraí agus Bhremen, agus tá fógra tugtha ag an Spáinn don Choimisiún faoi roinnt ráigeanna d’ionfhabhtú le víreas gormtheanga séiritíopa 4 i gcúige La Coruña, ráigeanna a dhéanann difear freisin do chúige Lugo i gComhphobal Féinrialaitheach na Gailíse; i gComhphobal Féinrialaitheach Asturias, ráigeanna a dhéanann difear freisin do Chomhphobal Féinrialaitheach Cantabria; i gComhphobal Mhaidrid, ráigeanna a dhéanann difear freisin do chúige Ávila agus do bhardasachtaí Cantalejo, Carbonero El Mayor, Santa María la Real de Nieva, Segovia agus Villacastín i gcúige Segovia, i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla y León. Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag an Spáinn don Choimisiún faoi roinnt ráigeanna d’ionfhabhtú le víreas gormtheanga séiritíopa 4 i gComhphobal Uathrialach Murcia, ráigeanna a dhéanann difear freisin do chúigí Almería agus Granada i gComhphobal Féinrialaitheach na hAndalúise. Maidir leis na stáit sin sa Ghearmáin agus na limistéir sin i gcomhphobail fhéinrialaitheacha sa Spáinn, ós rud é go n-aithnítear iad mar áiteanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a tharraingt siar, agus ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an nGearmáin agus leis an Spáinn ar an liosta sin a leasú dá réir.

(6)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, chuir an Spáinn in iúl don Choimisiún freisin gur leathnaigh sí raon feidhme críochach an chláir dhíothaithe roghnaigh a formheasadh cheana le haghaidh an chreasa a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 trí chrios a chur leis ina gcuimsítear limistéir áirithe de chúige La Coruña, agus cúige Lugo i gComhphobal Féinrialaitheach na Gailíse, Comhphobal Féinrialaitheach Asturias, Comhphobal Uathrialach Cantabria, limistéir áirithe de Chomhphobal Mhaidrid, limistéir áirithe de chúige Ávila agus de chúige Segovia, i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla y León, cúigí Almería agus Granada i gComhphobal Féinrialaitheach na hAndalúise, agus Comhphobal Féinrialaitheach Murcia. Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir sin a chur leis an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, leis an gcrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i ndáil le galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

Ballstát

Críoch

‘An Ghearmáin

An chríoch iomlán seachas Bundesland Bremen, Niedersachsen, Nordrhein-Westfalen’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Spáinn:

Ballstát

Críoch

‘An Spáinn

Comunidad Autónoma de Aragón

Comunidad Autónoma de Canarias

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha:

Cúige Guadalajara

Comunidad Autónoma de Castilla y León, seachas na limistéir seo a leanas:

Cúige Ávila

Cúige Salamanca

Cantalejo, Carbonero El Mayor, Santa María la Real de Nieva, Segovia, Villacastín i gCúige Segovia

Alcañices, Bermillo de Sayago, Puebla de Sanabria i gCúige Zamora

Comunidad Autónoma de Cataluña

Comunidad Autónoma de La Rioja

Comunidad Autónoma de las Islas Baleares

Comunidad Autónoma de Navarra

Comunidad Autónoma del País Vasco

Comunidad Autónoma de Valencia’

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

‘CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Andalucía

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha, seachas Cúige Guadalajara

Comunidad Autónoma de Asturias

Comunidad Autónoma de Cantabria

Comunidad Autónoma de Castilla y León:

Cúige Ávila

Cúige Salamanca

Cúige Segovia, na ceantair seo a leanas: Cantalejo, Carbonero El Mayor, Santa María la Real de Nieva, Segovia, Villacastín

Cúige Zamora, na ceantair seo a leanas: Alcañices, Bermillo de Sayago, Puebla de Sanabria

Comunidad Autónoma de Extremadura

Comunidad Autónoma de Galicia

Comunidad Autónoma de Madrid

Comunidad Autónoma de Murcia

21 Feabhra 2022’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/566/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)