European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/555

29.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 292/2021

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/555]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí ‘S. Griseoviridis’ roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí ‘T. Harzianum’ roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí ‘T. Harzianum’ roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí ‘T. Viride’ roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba chearta Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 0566: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 (IO L 118, 7.4.2021, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 118, 7.4.2021, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/555/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)