European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/532

29.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 279/2021

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/532]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/545 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena n-údaraítear do shaotharlanna sa Bhrasaíl, sa Chambóid, sa tSín, i Meicsiceo, san Afraic Theas, sa Túinéis, san Úcráin agus sa Ríocht Aontaithe tástálacha séireolaíocha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na vacsaíní frithchonfaidh i madraí, cait agus firéid (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 54c (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1664 ón gCoimisiún) i gCuid 4.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘54d.

32021 D 0545: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/545 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena n-údaraítear do shaotharlanna sa Bhrasaíl, sa Chambóid, sa tSín, i Meicsiceo, san Afraic Theas, sa Túinéis, san Úcráin agus sa Ríocht Aontaithe tástálacha séireolaíocha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na vacsaíní frithchonfaidh i madraí, cait agus firéid (IO L 110, 30.3.2021, lch. 34).

Ní bheidh feidhm ag an ngníomh seo maidir leis an Íoslainn.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/545 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 110, 30.3.2021, lch. 34.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/532/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)