European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/530

29.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 278/2021

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/530]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí ainmhithe mar ubháin, suthanna agus seamhan. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13o (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘13p.

32020 R 0688: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

Ní bheidh feidhm ag an ngníomh seo maidir leis an Íoslainn.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 174, 3.6.2020, lch. 140.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/530/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)