European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/526

29.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 319/2021

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE, [2024/526]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (1) a chuimsiú.

(2)

Maidir le rannpháirtíocht na Stát CSTE sna gníomhaíochtaí ar de thoradh Rialachán (AE) 2021/696 iad, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar fógra faoi chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021.

(3)

Ba cheart eintitis arna mbunú sna Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis arna mbunú i mBallstáit an Aontais ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.

(4)

I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Stát CSTE agus rannpháirtíocht a n-institiúidí, a ngnóthas, a n-eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(5)

Aithníonn na Páirtithe Conarthacha an comhar foirmiúil atá ann cheana sna cláir spáis éagsúla ar cláir de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Is mian leo cur leis an gcomhpháirtíocht láidir sin agus an comhar a leathnú chun comhpháirteanna ábhartha uile Chlár Spáis an Aontais a chumhdach, ar clár nua é a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696.

(6)

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na hIorua, ba cheart aird a thabhairt freisin ar an gComhaontú Comhair maidir le Loingseoireacht Satailíte idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht na hIorua (2).

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacail 31 agus 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go bhféadfaidh an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 8d d’Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘8e.

 

(a)

Ón 1 Eanáir 2021, glacfaidh na Stáit CSTE páirt sna gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an ngníomh AE seo a leanas agus sna gníomhaíochtaí i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta, cé is moite de ghníomhaíochtaí cumarsáide satailíte rialtais (GOVSATCOM), gníomhaíochtaí feasachta ar an staid sa spás agus gníomhaíochtaí faireachais agus rianaithe spáis, arna gcur ar bun leis an ngníomh AE seo a leanas:

32021 R 0696: Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(b)

Déanfaidh na Stáit CSTE ranníocaíochtaí airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus le Prótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú.

(c)

Leis an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear faoi phointe (b), cumhdófar freisin an costas a bhaineann le cuimsiú na Stát CSTE i misean Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus le cumhdach sheirbhísí EGNOS a leathnú ionas go gcuimseofar críocha na Stát CSTE rannpháirteach. Beidh leathnú an chumhdaigh sin faoi réir na féidearthachta teicniúla agus ní chuirfidh sé moill ar leathnú an chumhdaigh gheografaigh a thugtar le córas EGNOS ar fud chríocha na mBallstát atá san Eoraip ó thaobh a suímh gheografaigh.

(d)

Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe ó dháta tosaigh na gníomhaíochta arna shocrú sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. 319/2021 ó Chomhchoiste LEE an 29 Deireadh Fómhair 2021 i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.

(e)

Glacfaidh na Stáit CSTE incháilithe páirt iomlán, gan ceart vótála, i mBord Riaracháin na Gníomhaireachta.

(f)

Glacfaidh na Stáit CSTE incháilithe páirt, gan ceart vótála, i mBord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta, maidir le codanna ábhartha den chlár agus beidh a rannpháirtíocht srianta i gcomhréir leis an mbeartas ‘ar bhonn riachtanais eolais’ arna bhunú leis an gclár.

(g)

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. I Stáit uile na bPáirtithe Conarthacha, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe aige.

(h)

Deonóidh na Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Ghníomhaireacht agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí atá coibhéiseach leis na pribhléidí agus na díolúintí atá i bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

(i)

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh de Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh.

(j)

De mhaolú ar Airteagail 12(2)(e), 82(3)(e) agus 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú, measfaidh an Ghníomhaireacht gur teangacha de chuid an Aontais iad dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i ndáil lena baill foirne.

(k)

De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú, cé is moite de Ranna 1 agus 2 de Chaibidil 3, maidir leis an mír seo.

(l)

Maidir le Rialachán (AE) 2021/696 a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún i ndáil le haon doiciméad de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann leis na Stáit CSTE freisin.

(m)

Glacfaidh na Stáit CSTE incháilithe páirt iomlán, gan ceart vótála, i gcoistí an Aontais a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach le bainistiú, forbairt agus cur chun feidhme comhpháirteanna Galileo, EGNOS agus Copernicus agus fo-chomhpháirteanna feasachta ar an staid sa spás a bhaineann le teagmhais aimsire sa spás agus réada neasdomhanda, ar fo-chomhpáirteanna iad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a).

I gcomhréir leis an mbeartas ‘ar bhonn riachtanais eolais’ arna bhunú leis an gclár, cuirfear srian ar rannpháirtíocht na gcoistí sin sa chumraíocht slándála.

(n)

Díolmhófar Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.

(o)

Beidh an Íoslainn rannpháirteach sna gníomhaíochtaí seo a leanas den chlár agus déanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais ina leith: EGNOS, Copernicus, agus fo-chomhpháirteanna feasachta ar an staid sa spás a bhaineann le teagmhais aimsire sa spás agus réada neasdomhanda.’

Airteagal 2

Leasófar Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Scriostar téacs phointí 36 agus 37;

2.

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

’44.

Bord um Chreidiúnú Slándála Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

45.

Bord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.

(2)   IO L 283, 29.10.2010, lch. 12.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/526/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)