|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/518 |
22.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 235/2021
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/518]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/547 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta chun ADIS agus EUROPHYT a bhunú agus a úsáid, deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus doiciméid tráchtála a eisiúint, sínithe leictreonacha a úsáid, agus feidhmiú TRACES, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 97/152/CE (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/547 aisghairtear Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún (2), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht ina bhfuil forálacha maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. Na forálacha a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm acu maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin tá feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn i gcás na limistéar dá dtagraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach. |
|
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta, ábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ábhair bheatha agus ábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá ar Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 11bd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I: ‘, arna leasú le:
Tá feidhm ag an ngníomh seo maidir leis an Íoslainn i gcás na limistéar dá dtagraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach.’ |
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31qd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún) de Chaibidil II: ‘, arna leasú le:
|
|
3. |
Scriostar téacs phointe 57 (Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún) i gCuid 1.2 de Chaibidil I. |
Airteagal 2
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 164d (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32021 R 0547: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/547 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 (IO L 109, 30.3.2021, lch. 60).’ |
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/547 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 109, 30.3.2021, lch. 60.
(2) IO L 59, 28.2.1997, lch. 50.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/518/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)