|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/516 |
22.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 240/2021
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/516]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 9cb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 607/2012 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘9d. |
32019 L 0904: Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/904 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/516/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)