European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/493

13.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/493 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2024

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Uimh. 917/2011 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí tíleanna ceirmeacha, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/2179 (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach arís na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’).

(3)

Na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair, is ó rátaí idir 13,9 % agus 32,0 % atá siad ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, 32,0 % ar allmhairí ó na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte, agus tá ráta dleachta 69,7 % ar allmhairí ó na cuideachtaí eile uile ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’, ‘an tSín’).

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(4)

Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de den bhun-Rialachán.

(5)

Is é an Comhlachas Eorpach de Mhonaróirí Tíleanna Ceirmeacha (CET) (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 30 Meitheamh 2022 thar ceann thionscal tíleanna ceirmeacha an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go leanfaí le dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís agus go leanfaí le díobháil nó go gcuirfí tús léi arís do thionscal an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 22 Samhain 2022 maidir le hallmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

1.4.   An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a measadh

(7)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go gcuirfí tús léi arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(8)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, na hallmhaireoirí aitheanta agus úsáideoirí ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an éaga agus thug sé cuireadh dóibh a bheith páirteach ann.

(9)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. D’iarr Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí & Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí & Ceimiceán na Síne (‘CCCMC’), comhlachas a dhéanann ionadaíocht, i measc nithe eile, ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann, éisteacht leis an gCoimisiún, a bhí ar siúl an 6 Iúil 2023.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(10)

Fuarthas barúlacha ar thionscnamh na n-imeachtaí ó CCCMC.

(11)

D’áitigh CCCMC gur thagair mír 9 den iarraidh ar athbhreithniú do liosta cuideachtaí in Iarscríbhinn 1 nach raibh ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú. Anuas air sin, mhaígh siad gur thagair mír 14 den iarraidh ar athbhreithniú d’Iarscríbhinn 25 lenar tugadh mionsonraí faoi iarrataí ar anaithnideacht, ach níor áiríodh aon leagan oscailte d’Iarscríbhinn 25 leis an leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú agus níorbh fhéidir leo aon bharúil a sholáthar ina leith sin, dá bhrí sin. Mhaígh CCCMC freisin, mar gheall ar na tagairtí earráideacha sin agus toisc nár soláthraíodh faisnéis a líomhnaíodh a bheith ríthábhachtach ná achoimre neamhrúnda ar an bhfaisnéis rúnda, go ndearnadh sárú ar bhunphrionsabal an dlí agus an nós imeachta frithdhumpála agus ar chearta cosanta CCCMC dá thoradh sin. Dá réir sin, mhaígh siad nár cheart don Choimisiún an t-athbhreithniú éaga reatha a thionscnamh.

(12)

Thug an Coimisiún dá aire gur áiríodh leagan neamhrúnda d’Iarscríbhinn 1 sa leagan den iarraidh ar athbhreithniú a comhdaíodh ar dtús. Tar éis na maíomh a fuarthas ó CCCMC, chuir an Coimisiún leaganacha neamhrúnda neamhspleácha d’Iarscríbhinn 1 (an athuair) agus d’Iarscríbhinn 25 leis an gcáschomhad neamhrúnda (6). Maidir leis an liosta de chuideachtaí rannpháirteacha agus na hiarrataí ar anaithnideacht araon, tar éis don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar ag cuideachtaí rannpháirteacha áirithe, mheas sé go raibh an fhaisnéis sin rúnda toisc go bhféadfaí díobháil iomaíoch a dhéanamh do na cuideachtaí lena mbaineann dá nochtfaí an fhaisnéis sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(13)

Thug CCCMC agóid in aghaidh na hanaithnideachta a dheonaigh an Coimisiún do tháirgeoirí sampláilte an Aontais. I ndáil leis sin, mhaígh CCCMC, i gcás nach nochtfaí aitheantas na dtáirgeoirí sin de chuid an Aontais, nach raibh páirtithe leasmhara in ann barúlacha fiúntacha a sholáthar faoi ionadaíochas an tsampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais ná barúlacha faoi na táscairí micreacnamaíocha a bhaineann leis na torthaí díobhála. Ina theannta sin, d’iarr CCCMC gur cheart scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar anaithnideacht na dtáirgeoirí sampláilte go haonarach i gcomhréir le hAirteagal 19(1) den bhun-Rialachán.

(14)

Thug an Coimisiún dá aire, de réir mar a nochtadh i gcomhad neamhrúnda an imscrúdaithe, nár deonaíodh anaithnideacht ach amháin do na cuideachtaí sin a thaispeáin cúis mhaith agus a léirigh agus a thug bunús don riosca frithbhirt. Deonaíodh cóireáil rúnda faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán do thrí cinn de na sé cinn de tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Anuas air sin, ní dhearna deonú na cóireála rúnda aitheantais difear don fhéidearthacht a bhí ann do pháirtithe leasmhara measúnú a dhéanamh ar staid thionscal an Aontais. Go deimhin, bhí na táscairí díobhála uile ba ghá sa mheasúnú ar dhíobháil a rinneadh i Roinn 5 chomh maith le míniú ar a gcuid foinsí, lena n-áirítear an líon cuideachtaí agus a dtíortha. Thairis sin, bíonn an tOifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála ar fáil i gcónaí arna iarraidh sin do pháirtí leasmhar chun scrúdú a dhéanamh ar rúndacht doiciméid, chun a dheimhniú conas a d’úsáid ranna an Choimisiúin an fhaisnéis sin agus chun cearta nós imeachta páirtithe leasmhara a ráthú leis sin. Diúltaíodh do mhaímh CCCMC i ndáil le hanaithnideacht, dá bhrí sin.

(15)

Rinne CCCMC cáineadh gur bhraith an iarraidh ar athbhreithniú ar an ‘Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála’ (‘an tuarascáil’). D’áitigh sé freisin nár comhlíonadh an caighdeán d’fhianaise neamhchlaonta oibiachtúil leis an tuarascáil agus tharraing sé amhras ar chruinneas na faisnéise a áiríodh sa tuarascáil sin, toisc gur foilsíodh an tuarascáil in 2017 ach tionscnaíodh an t-imscrúdú ar an gcás i gceist i mí na Samhna 2022. Mhaígh CCCMC nach léirítear leis an tuarascáil an saobhadh líomhnaithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(16)

Ina leith sin, thug an Coimisiún dá aire go leagtar amach le hAirteagal 2(6a)(d) den bhun-Rialachán gur féidir le tionscal an Aontais, agus é ag cur iarratas ar athbhreithniú isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 den bhun-Rialachán, brath ar fhianaise ón Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ar shaobhadh suntasach i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críche imscrúduithe cosanta trádála, agus é ag comhlíonadh chaighdeán na fianaise in Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán, chun údar a thabhairt le ríomh an ghnáthluacha. Bhraith na hiarratasóirí go mór ar thuarascáil ón meitheal mhachnaimh THINK!DESK (7) arna coimisiúnú ag CET freisin. Mar gheall air sin, shíl an Coimisiún go raibh na hiarratasóirí tar éis fianaise leordhóthanach a chur ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú ar an earnáil tíleanna ceirmeacha, ag tabhairt údar maith le tionscnamh an athbhreithnithe reatha. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(17)

D’áitigh CCCMC thairis sin gur cosúil go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le Comhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘ADA’), toisc (i) nach bhfuil tagairt don choincheap a bhaineann le ‘saobhadh suntasach’ in Airteagal 2.2 de ADA; (ii) go gceadaítear le hAirteagal 2(6a) úsáid sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí nó praghsanna idirnáisiúnta chun gnáthluach a chumadh; agus (iii) is cosúil go sáraíonn Airteagal 2(6a) Airteagal 2.2.1.1. den Chomhaontú Frithdhumpála. Sa chomhthéacs sin, thagair CCCMC do dhlí-eolaíocht EDT, go háirithe don chás an tAontas-Bithdhíosal (8), lenar suíodh nach mór d’údaráis imscrúdúcháin úsáid a bhaint as na costais táirge arna dtabhú iarbhír ag táirgeoirí nó ag onnmhaireoirí chun na gnáthluachanna ríofa a ríomh.

(18)

Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann CCCMC. Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús nach raibh baint ag Tuarascáil EDT maidir leis an Aontas – Bithdhíosal le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ach le foráil shonrach d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. In aon chás, le dlí EDT de réir mar a léirmhínigh Painéal EDT agus an Buanchomhlacht Achomhairc é in an tAontas – Bithdhíosal, ceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Más ann do shaobhadh suntasach, beidh sé míchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear le hAirteagal 2(6a) go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir.

(19)

Chomh maith leis sin, cháin CCCMC an tagairt san iarraidh ar athbhreithniú don ‘13ú Plean 5 bliana’ chun a chruthú gur ann do shaobhadh suntasach. Measann sé gur doiciméid threoracha iad na ‘pleananna 5 bliana’ lena léirítear dearcthaí beartais don todhchaí agus ní mar dhlí glactha laistigh de chóras dlí na Síne. Dá bhrí sin, mheas CCCMC nár bhain an plean 5 bliana leis an imscrúdú.

(20)

De réir na hanailíse doimhne sa Tuarascáil, agus go háirithe i roinn 4.3.1 Cineál Ceangailteach na bPleananna, bhí an Coimisiún den tuairim go raibh Pleananna 5 Bliana na Síne go hiomlán ceangailteach, bunaithe ar a gcineál agus an oibleagáid i ndáil lena gcur chun feidhme, mar a leagtar amach mar choinníoll sna pleananna féin agus i mBundlí Chomhdhálacha Daoine Áitiúla agus Rialtais Daoine Áitiúla Dhaon-Phoblacht na Síne (9).

(21)

Rinne CCCMC anailís ar na sonraí allmhairiúcháin agus táscairí díobhála atá le fáil san iarraidh ar athbhreithniú (i.e. go dtí deireadh 2021) agus tháinig ar an gconclúid nach raibh tionscal an Aontais i staid leochaileach ná lag. Thairis sin, d’áitigh sé, ós rud é gur tháinig laghdú ar onnmhairí chuig an Aontas ón tSín fad a bhí na bearta frithdhumpála i bhfeidhm, agus acmhainneacht, aschur agus onnmhairí na Síne ag laghdú, go raibh an laghdú ar onnmhairí de chineál marthanach agus, dá bhrí sin, nár léirigh sé an dóchúlacht go leanfadh an díobháil ar aghaidh nó go gcuirfí tús léi arís dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(22)

Bunaithe ar an anailís ar an bhfaisnéis uile a áiríodh san iarraidh ar athbhreithniú, lena n-áirítear acmhainneacht bhreise na Síne a bhí breis agus ceithre oiread thomhaltas an Aontais, bearta arna bhforchur ag tíortha eile in aghaidh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, sladghearradh dóchúil arna dhéanamh ag allmhairí ón tSín agus praghsanna onnmhairiúcháin na Síne do thríú tíortha a bhí ní b’ísle ná praghsanna intíre san Aontas, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le tionscnamh imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den bhun-Rialachán. Rinneadh scrúdú iomlán ar na gnéithe dá dtagraítear in aithris (21) i rith an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(23)

Ina gcuid barúlacha tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCMC go raibh na hiarscríbhinní a ghabhann leis an iarraidh eagraithe ar bhealach míthreorach, agus dá bhrí go raibh droch-chaighdeán ar an iarraidh, agus gur cheart cosc a chur leis ar bhonn teoiriciúil ar an gCoimisiún ón imscrúdú sin a thionscnamh.

(24)

Mar a tugadh le fios in aithris (12), tar éis na maíomh sonrach a rinne CCCMC a mhéid a bhaineann le hiarscríbhinní áirithe, chuir an Coimisiún leaganacha neamhrúnda neamhspleácha d’Iarscríbhinn 1 agus d’Iarscríbhinn 25 leis an gcáschomhad neamhrúnda chun soiléiriú a thabhairt ar ábhair imní CCCMC. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(a)    Sampláil

(25)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(26)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn sonraí san iarraidh ar athbhreithniú. Bhí sé tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid na ndíolachán agus na táirgeachta is ionadaíche, ag cur leathadh geografach agus ilroinnt mhór an tionscail tíleanna ceirmeacha san áireamh.

(27)

In imscrúduithe roimhe seo maidir le hallmhairí dumpáilte tíleanna ceirmeacha (10), ba í conclúid an Choimisiúin go bhfuil an tionscal tíleanna ceirmeacha ilroinnte go suntasach. Dá bhrí sin, chun a áirithiú nach raibh torthaí na gcuideachtaí móra i gceannas ar an anailís díobhála agus gur tugadh léiriú leordhóthanach ar staid na dtáirgeoirí beaga agus na dtáirgeoirí meánmhéide, arb ionann iad i gcomhpháirt agus sciar shuntasach de tháirgeacht an Aontais, chinn an Coimisiún trí chatagóir táirgeoirí a bhunú bunaithe ar an gcainníocht táirgeachta bhliantúil:

—

Catagóir 1: táirgeoirí móra – táirgeacht bhliantúil os cionn 10 milliún m2,

—

Catagóir 2: táirgeoirí meánmhéide – táirgeacht bhliantúil idir 5 agus 10 milliún m2,

—

Catagóir 3: táirgeoirí beaga – táirgeacht bhliantúil faoi bhun 5 milliún m2.

(28)

Mar a deimhníodh le linn an imscrúdaithe sin, bhí tionscal an Aontais fós an-ilroinnte agus gan ach táirgeoirí beaga agus meánmhéide ag obair in thart ar leath de tháirgeacht an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá réir sin, mheas an Coimisiún gur cheart ilroinnt thionscal an Aontais a chur san áireamh freisin san imscrúdú seo. Chinn sé, dá bhrí sin, an mhodheolaíocht chéanna a chur i bhfeidhm ag roghnú an tsampla agus a rinneadh sna himscrúduithe roimhe seo agus mheas gur cheart ionadaíocht a dhéanamh ar gach catagóir táirgeoirí sa sampla.

(29)

Bhí sé tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sealadach: dhá tháirgeoir mhóra, dhá tháirgeoir meánmhéide agus dhá tháirgeoir bheaga. Chun léiriú a thabhairt ar na staideanna difriúla a bhféadfaí teacht orthu san Aontas sna Ballstáit dhifriúla, le linn don Choimisiún an sampla a roghnú, chuir sé an leathadh geografach san áireamh freisin. Bhí na táirgeoirí sampláilte lonnaithe san Iodáil, sa Pholainn, sa Spáinn sa Phortaingéil agus sa Ghearmáin. Chumhdaigh an sampla dá réir sin Ballstáit ina raibh thart ar 95 % den táirgeacht lonnaithe. Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún gur áirithíodh leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm go raibh an sampla ionadaíoch ar tháirgeacht an Aontais ina hiomláine agus gur chloígh sé dá bhrí sin le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán.

(30)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach i gcomhréir le Airteagal 17(2) den bhun-Rialachán. Chuir táirgeoir amháin sa Pholainn agus ceann san Iodáil, a bhí áirithe sa sampla, in iúl don Choimisiún nárbh fhéidir leo freagra a thabhairt ar an gceistneoir. Dá éis sin, chuir an Coimisiún táirgeoirí eile ó na tíortha céanna in ionad na gcuideachtaí sin, ar táirgeoirí iad de mhéid comhchosúil agus a bhí laistigh den chatagóir ualúcháin chéanna. Ba iad na cuideachtaí sin na chéad chinn eile ba mhó i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach thuas. Cuireadh an t-athbhreithniú ar an sampla in iúl do na páirtithe leasmhara.

(31)

Maidir leis an sampla athbhreithnithe tar éis na n-athruithe sin, bhí sé cothrom le thart ar 7 % de tháirgeacht iomlán mheasta an Aontais agus beagnach 10 % de dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais. Mheas an Coimisiún go raibh an sampla cinntitheach ionadaíoch i dtéarmaí tháirgeacht agus dhíolacháin iomlána an Aontais agus leathadh geografach an tsampla, agus ilroinnt thionscal an Aontais á cur san áireamh.

(32)

Rinne CCCMC barúlacha maidir leis an sampla sealadach de tháirgeoirí de chuid an Aontais. Thuig CCCMC go raibh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an sampla ach mhaígh CCCMC gur cheart don Choimisiún an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(33)

Thug an Coimisiún dá aire, i gcás an neamh-chomhair ag ceann amháin de na heintitis shampláilte ar dócha go ndéanfaidh sé difear ábhartha do thoradh an imscrúdaithe, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) den bhun-Rialachán, féadfar sampla nua a roghnú. I gcás ina leanann méid ábhartha den neamh-chomhar nó mura bhfuil am leordhóthanach ann chun sampla nua a roghnú, agus sna cásanna sin amháin, a bheidh ‘feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 18’. Á chur san áireamh go raibh am leordhóthanach ann chun an sampla a choigeartú, diúltaíodh don mhaíomh.

(34)

Mhaígh CCCMC freisin nach raibh sampla lenar léiríodh thart ar 7 % de tháirgeacht an Aontais agus thart ar 10 % de dhíolacháin ionadaíoch go leor, toisc go bhféadfaí a mhéadú leis sin an seans go ndéanfaí comparáid idir táirgí difriúla ar thaobh an Aontais agus taobh na Síne. Sa chomhthéacs sin, rinne CCCMC tagairt do thuairisc an Bhuanchomhlachta Achomhairc i gCás na gCeanglóirí (DS397) (11), agus mhaígh go raibh modheolaíocht an Choimisiúin san athbhreithniú seo ar neamhréir le rialacha EDT.

(35)

Bhí an sampla athbhreithnithe an-chosúil leis an sampla bunaidh i dtéarmaí chumhdach na táirgeachta agus na ndíolachán agus bhí na samplaí mar an gcéanna ó thaobh cumhdach geografach de. Anuas air sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún gur cuireadh san áireamh ina rogha samplaí cineál an-ilroinnte thionscal an Aontais, rud a chiallaíonn nach ndéanfaí méadú substaintiúil ar chéatadán na táirgeachta ná na ndíolachán sa sampla dá méadófaí a líon cuideachtaí sampláilte go 8 gcuideachta nó 10 gcuideachta fiú. Thairis sin, bhí cainníocht na n-allmhairí ón tSín chuig margadh an Aontais an-íseal agus níor cuireadh praghsanna na ndíolachán sin i gcomparáid le praghsanna díolacháin thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(36)

Thug an Coimisiún dá aire gur bhain an tuarascáil seo le heisiamh cuid den tionscal ón sainmhíniú ar thionscal an Aontais. Sa chás reatha, níor eisiaigh an Coimisiún cuideachtaí ón sainmhíniú ar thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheidh aon bhaint ag an tuarascáil seo ar an athbhreithniú reatha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(37)

Luaigh CCCMC freisin, agus tagairt á déanamh d’athbhreithniú éaga ar shaic phlaisteacha agus málaí plaisteacha áirithe ón tSín agus ón Téalainn (12) in 2012, i gcás nach gcuimsítear le sampla ach céatadán íseal de tháirgeacht iomlán an Aontais agus de mhéid na ndíolachán san Aontas agus dá dtarraingeodh tuilleadh táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a gcuid comhair siar, go bhféadfadh an Coimisiún a chinneadh gur cheart an t-athbhreithniú éaga a fhoirceannadh.

(38)

Foirceannadh an t-imscrúdú sin de bharr comhar íseal óir nárbh fhéidir sampla ionadaíoch de tháirgeoirí de chuid an Aontais a bhunú. San imscrúdú reatha, chomhoibrigh 30 cuideachta, lena léirítear thart ar 40 % de tháirgeacht an Aontais, leis an imscrúdú agus chuir sonraí isteach a úsáideadh don tsampláil sa phróiseas maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú. Tháinig bunú sampla ionadaíoch uaidh sin mar a mhínítear ag aithris (35). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(39)

Le linn na héisteachta an 6 Iúil 2023, d’athdhearbhaigh CCCMC a mhaímh arís i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 18 le haghaidh táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid an Aontais agus an leibhéal íseal ionadaíochais ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais, mar a leagtar amach in aithrisí (32) agus (34). Rinne sé tagairt freisin do chóir neamhréireach i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 18 idir táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid na Síne agus táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid an Aontais agus is é an toradh a bheadh air sin nach mbeadh anailís díobhála an Choimisiúin bunaithe ar an mórchion de tháirgeacht iomlán an Aontais de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(40)

Thug an Coimisiún aghaidh ar an maíomh a bhain le cóir chomhionann idir táirgeoirí de chuid an Aontais agus táirgeoirí de chuid na Síne in aithris (67). Thairis sin, mar a thugtar le fios in aithris (33), chomhlíon an Coimisiún Airteagal 17(4) den bhun-Rialachán ina iomláine nuair nár cuireadh Airteagal 18 i bhfeidhm maidir leis na táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid an Aontais, agus mar a thugtar le fios in aithris (35), bhí sampla athbhreithnithe an Choimisiúin de tháirgeoirí de chuid an Aontais a ionadaíche céanna leis an sampla bunaidh. Thairis sin, sa chás atá idir lámha sainítear ‘tionscal an Aontais’ mar thagairt do tháirgeoirí táirgí comhchosúla an Aontais ina n-iomláine, ní do na táirgeoirí sin ‘arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. D’fhág an méid sin an tagairt don chuid dheireanach d’Airteagal 4(1) gan feidhm, agus diúltaíodh don mhaíomh sin.

(41)

Ina gcuid barúlacha tar éis an nochta deiridh, líomhain CCCMC go ndearna an dá tháirgeoir de chuid an Aontais a tharraing siar ón bpróiseas samplála amhlaidh chun tionchar a fheidhmiú ar na torthaí díobhála. D’athdhearbhaigh CCCMC freisin na pointí a rinneadh in aithrisí (32) agus (34), i.e. ionadaíochas íseal agus gur cheart feidhm a bheith ag Airteagal 18 maidir lena gcás. A mhéid a bhaineann leis sin, rinne CCCMC tagairt arís do dhíospóid EDT — na Comhphobail Eorpacha — Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha maidir le Ceanglóirí Iarainn nó Cruach áirithe as an tSín (DS397).

(42)

Mar a mhínítear in aithris (33), i gcomhréir le hAirteagal 17(4) den bhun-Rialachán, féadfar sampla nua a roghnú agus ní bheidh ‘feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 18’ ach amháin má leanann méid ábhartha den neamh-chomhar ar aghaidh nó mura bhfuil am leordhóthanach ann le sampla nua a roghnú.

(43)

Sa chás seo, bhí an Coimisiún in ann sampla a bhunú a bhí fíor-chosúil leis an sampla bunaidh i dtéarmaí chumhdach an táirgthe agus na ndíolachán agus a bhí comhionann i dtéarmaí an chumhdaigh gheografaigh. Thairis sin, is tuairimíocht amach is amach atá sna líomhaintí a rinne CCCMC. Táirgeoirí an Aontais a tharraing siar ón bpróiseas samplála, chuir siad réasúnuithe inchreidte chun déanamh amhlaidh ar fáil, a cuireadh ar an gcomhad neamhrúnda den imscrúdú. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (240), shuigh an Coimisiún nárbh iad na hallmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil ábhartha a aimsíodh. Dá bhrí sin, is cosúil nach mbaineann aon iarmhairt shubstaintiúil leis an líomhain féin ar thoradh an imscrúdaithe.

(44)

Sna barúlacha a tugadh tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCMC leis sin, óir nach raibh sa sampla deiridh de tháirgeoirí de chuid an Aontais, arna roghnú ag an gCoimisiún, ach 7 % de tháirgeacht an Aontais, go raibh ionadaíochas íseal ann chun críche anailís oibiachtúil ar dhíobháil a dhéanamh.

(45)

Mar a mhínítear in aithris (35) roghnaíodh an sampla i gcomhréir leis an mbun-Rialachán agus ag cloí le modheolaíocht iomchuí. Ina theannta sin, ba í an mhodheolaíocht an méid ionadaíoch táirgeachta agus díolachán ba mhó a roghnú ar a bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh go réasúnta laistigh den am a bheadh ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

Sampláil allmhaireoirí

(46)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(47)

Níor sholáthair aon cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún nach raibh sampláil iomchuí.

Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne

(48)

Chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin/táirgeoir aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(49)

Sholáthair cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Líon trí cinn de na cuideachtaí sin an fhoirm a bhain leis na tosca táirgeachta isteach. Óir b’íseal iad na hallmhairí ó na cuideachtaí sin agus nach raibh iontu ach níos lú ná 5 % de na hallmhairí iomlána de thíleanna ceirmeacha ar a dtuairiscítear in aithris (63) agus 0,6 % den táirgeacht Shíneach uilíoch le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níor measadh iad a bheith ionadaíoch.

(50)

I bhfianaise an leibhéil neamh-leordhóthanaigh comhair, chinn an Coimisiún gan an t-imscrúdú a theorannú le líon réasúnta páirtithe trí shampla a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán.

(b)    Freagraí ar an gceistneoir

(51)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(52)

D’ainneoin ionadaíochas íseal tháirgeoirí na Síne a chuir freagraí samplála isteach, rinne an Coimisiún teagmháil leis na cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin chun faisnéis bhreise a sholáthar i bhfoirm shimplithe a bhain lena ndíolacháin intíre, onnmhairí chuig tríú tíortha agus onnmhairí chuig an Aontas chomh maith le forbhreathnú ar na tosca táirgeachta, a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh an imscrúdaithe. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

(53)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na sé cinn de tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus ón gComhlachas Eorpach de Mhonaróirí Tíleanna Ceirmeacha (CET), an t-iarratasóir.

(c)    Fíorú

(54)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a dtrádálaithe comhlachaithe, agus an t-iarratasóir

—

Trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, a gcuid trádálaithe comhlachaithe, ar deonaíodh láimhseáil rúnda dóibh mar a mhínítear i roinn 1.3 thuas;

—

Azteca Products & Services, S.L.U. agus a thrádálaí comhlachaithe Kerstone, S.L., atá lonnaithe in Alcora (Castellón), an Spáinn;

—

Cerrad Sp. z o.o., Starachowice, an Pholainn;

—

Steuler Fliesen Produktion GmbH agus a thrádálaí comhlachaithe Steuler Fliesengruppe AG, atá lonnaithe in Mühlacker agus Bremen faoi seach, an Ghearmáin;

—

An Comhlachas Eorpach de Mhonaróirí Tíleanna Ceirmeacha (CET), an Bhruiséil, an Bheilg.

(55)

Bhí an táirgeoir sampláilte Steuler Fliesen Produktion GmbH ina chuid de ghrúpa cuideachtaí a atheagraíodh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar chuid den atheagrú sin, ghlac Steuler Fliesen Produktion GmbH seilbh ar shócmhainní táirgeachta grúpeintitis eile, Steuler Fliesen GmbH. Dá bhrí sin, áiríodh sonraí a bhain le Steuler Fliesen GmbH, agus a thrádálaí comhlachaithe, Team Steuler GmbH, i bhfreagra Steuler Fliesen Produktion GmbH ar an gceistneoir chun freagra iomlán fiúntach a sholáthar le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí sonraí a bhain leis an dá chuideachta eile sin faoi réir cuairt fíorúcháin freisin.

(d)    An nós imeachta ina dhiaidh sin

(56)

An 24 Samhain 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(57)

Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar aon bharúil arna dtabhairt ag na páirtithe leasmhara agus cuirfear san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(58)

Tá an táirge faoi athbhreithniú mar an gcéanna leis an táirge faoi athbhreithniú san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin leaca agus pábháil, tíleanna teallaigh nó balla de dhéantús ceirmeach, idir glónraithe agus neamhghlónraithe; ciúbanna mósáice ceirmeacha glónraithe agus neamhghlónraithe agus a leithéidí, bídís ar bhonn nó ná bídís, atá faoi láthair faoi chóid AC 6907 21 00, 6907 22 00, 6907 23 00, 6907 30 00 agus 6907 40 00 (‘an táirge faoi athbhreithniú’).

(59)

Úsáidtear tíleanna ceirmeacha san earnáil tógála chun ballaí agus urláir a chumhdach den chuid is mó.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(60)

Is é an táirge a bhaineann leis an imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.3.   An táirge comhchosúil

(61)

Mar a leagadh síos san imscrúdú bunaidh chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

—

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

—

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargaí intíre na Síne agus

—

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(62)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(63)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thit allmhairí tíleanna ceirmeacha a bhí ag teacht ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig leibhéil an-íseal. De réir bhunachar sonraí Comext, allmhairí tíleanna ceirmeacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne, is éard a bhí iontu thart ar 0,3 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le sciar 6,5 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh agus 1,7 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo. I ndearbhthéarmaí, 2,34 milliún m2 san iomlán a bhí sna hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas i gcomparáid le 15,0 milliún m2 le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo agus 66,0 milliún m2 le linn an imscrúdaithe bunaidh.

(64)

Mar a luaitear in aithris (49), maidir leis na cúig onnmhaireoir/tháirgeoir ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chuir freagra samplála isteach, céatadán íseal d’allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín, agus céatadán níos ísle fós den táirgeacht sa tSín a bhí i gceist leo, agus níorbh fhéidir a mheas go raibh siad ionadaíoch ar na hallmhairí iomlána ón tSín. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus do na páirtithe leasmhara go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhar leormhaith, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i ndáil leis na torthaí maidir le Daon-Phoblacht na Síne.

(65)

Mar a luaitear in aithris (52), rinne an Coimisiún teagmháil leis na cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin/tháirgeoir a chuir freagra samplála isteach chun a iarraidh orthu faisnéis bhreise a sholáthar maidir lena ndíolacháin intíre agus onnmhairí chuig tríú tíortha, onnmhairí chuig an Aontas agus tosca táirgeachta, ach níor sholáthair aon cheann de na cuideachtaí an fhaisnéis sin.

(66)

Fuair an Coimisiún maímh ó CCCMC i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 18. D’áitigh CCCMC go raibh an leibhéal ionadaíochais ar thionscal an Aontais an-íseal freisin toisc go raibh níos lú ná 7 % de tháirgeacht an Aontais sa sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais agus tharraing dhá cheann de na táirgeoirí a sampláladh ar dtús a gcuid comhair siar ach níor spreagadh leis sin úsáid Airteagal 18 i gcás na dtáirgeoirí de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, mheas CCCMC nár chaith an Coimisiún leis na páirtithe leasmhara uile ar an mbealach céanna.

(67)

Ina leith sin, mheabhraigh an Coimisiún gur thacaigh táirgeoirí an Aontais, a bhfuil 40 % de tháirgeacht iomlán an Aontais de thíleanna ceirmeacha acu, leis an iarraidh ar athbhreithniú agus gur chuir siad faisnéis isteach i gcomhthéacs an imeachta atá i gceist leis an imscrúdú reatha. Ba bhonn leordhóthanach é sin chun sampla ionadaíoch a roghnú. Mar a leagtar amach in aithris (31), táirgeoirí an Aontais a roghnaíodh chun an sampla cinntitheach a dhéanamh, chuimsigh siad thart ar 7 % den táirgeacht iomlán mheasta san Aontas agus beagnach 10 % de dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais. Roghnaíodh an sampla as líon mór táirgeoirí comhoibríocha de chuid an Aontais agus measadh go raibh sé ionadaíoch ar thionscal an Aontais san earnáil an-ilroinnte sin. I gcodarsnacht leis sin, níor chuir ach cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin/tháirgeoir freagraí samplála isteach, líon nár léirigh ach 4,63 % d’onnmhairí na Síne chuig an Aontas, 0,24 % den mhéid táirgeachta measta i nDaon-Phoblacht na Síne, 1,2 % de mhéid na ndíolachán intíre agus 0,7 % de mhéid na ndíolachán measta leis an gcuid eile den domhan. Níor sholáthair ach trí cinn as na cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis a iarradh faoina dtosca táirgeachta agus stop siad de bheith ag comhoibriú ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, i bhfianaise an leibhéil neamh-leordhóthanaigh comhair a fuarthas, rinne an Coimisiún scrúdú ar an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an dumpáil bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil. Os a choinne sin, mar a leagtar amach in aithris (30), shuigh an Coimisiún sampla sealadach do tháirgeoirí de chuid an Aontais agus chuir sé tairgeoirí comhoibríocha eile de chuid an Aontais in ionad dhá tháirgeoir a bhí sa sampla chun ionadaíochas an tsampla chinntithigh a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. Ar bhonn na n-eilimintí sin, thángthas ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach raibh an cás a bhain le comhar na dtáirgeoirí agus na n-onnmhaireoirí de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne inchomparáide le comhar na dtáirgeoirí de chuid an Aontais, agus, dá bhrí sin, nár sáraíodh an prionsabal maidir le cóir chomhionann. Ar bhonn an mhéid thuas, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(68)

D’áitigh CCCMC freisin gur chuir an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm go mícheart mar gur mheasc sé na coincheapa ‘neamh-chomhoibriú’ agus ‘leibhéal comhair’.

(69)

Meabhraíonn an Coimisiún gur chuir sé Airteagal 18 i bhfeidhm maidir le Daon-Phoblacht na Síne toisc go raibh méid allmhairí na dtáirgeoirí a chuir freagra samplála isteach sách íseal agus nach raibh sé ionadaíoch ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas, dá bhrí sin. Anuas air sin, mar a luaitear in aithris (67), ní raibh i dtáirgeacht, sna díolacháin intíre agus sna díolacháin chuig an gcuid eile den domhan de chuid na gcúig chuideachta sin ach codán diomaibhseach de mhéideanna iomlána na Síne de tháirgeacht agus díolacháin. Thairis sin, d’iarr an Coimisiún ar na cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne faisnéis bhreise a sholáthar faoina ndíolacháin intíre agus onnmhairí chuig tríú tíortha agus chuig an Aontas, ach níor sholáthair aon cheann acu an fhaisnéis a iarradh. In éagmais aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch eile, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nár chomhoibrigh táirgeoirí/táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne san imscrúdú mar gheall ar chomhar íseal neamhionadaíoch i gcéim shamplála an imscrúdaithe.

(70)

Mar a luaitear in aithris (63), le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, b’fhíorbheag an líon allmhairí tíleanna ceirmeacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an méid diomaibhseach sin a bheith ina bhonn le haghaidh leanúint na dumpála. Rinne an Coimisiún anailís dá bhrí sin ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís sa chéad roinn eile.

4.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DUMPÁIL ARÍ

(71)

Rinne an Coimisiún imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís le dumpáil, má ligtear do na bearta dul as feidhm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas:an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, agus bearta arna bhforchur ag tíortha eile, mar aon leis an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith i margaí tríú tíortha de bharr bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

(72)

Mar a luaitear in aithris (49), léirigh allmhairí na gcúig tháirgeoir onnmhairiúcháin/tháirgeoir a tháinig chun cinn sa cheacht samplála níos lú ná 5 % (is é sin 4,63 %) de na hallmhairí iomlána tíleanna ceirmeacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas agus, dá bhrí sin, níor measadh go raibh siad ionadaíoch. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (67), ní raibh i dtáirgeacht, sna díolacháin intíre agus sna díolacháin chuig an gcuid eile den domhan de chuid na gcúig chuideachta sin ach codán diomaibhseach de mhéideanna iomlána na Síne de tháirgeacht agus díolacháin. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne ar an eolas nár measadh go raibh an comhar leordhóthanach agus go bhféadfadh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(73)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, na torthaí maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an dumpáil, bhí siad bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú, agus í tugtha cothrom le dáta go cuí más ann di, ar fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe leasmhara i rith an imscrúdaithe (is é sin, ón iarratasóir agus ó cheann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais) agus ar fhaisnéis ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí, go háirithe an tAtlas Trádála Domhanda (‘GTA’) (13) agus ‘Overview of the operation of the ceramic and sanitary industries in 2022 and outlook 2023’ [Forbhreathnú ar oibriú na dtionscal ceirmeach agus sláintíochta in 2022 agus réamhaisnéis ar 2023’ (14)] (dá ngairtear Tuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne, 2022, anseo feasta). Luadh an dara foinse sin san éisteacht a eagraíodh ar iarraidh CCCMC agus tá sí ar fáil go hoscailte ar an idirlíon.

4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(74)

Sholáthair an t-iarratasóir meastacháin ar tháirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta tíleanna ceirmeacha i nDaon-Phoblacht na Síne. Bhí na meastacháin sin bunaithe ar thuarascáil ón meitheal mhachnaimh THINK!DESK (15) arna coimisiúnú ag CET.

(75)

Bunaithe ar an tuarascáil sin, ba é Daon-Phoblacht na Síne an táirgeoir tíleanna ceirmeacha is mó ar domhan. In 2021, thart ar 9 mbilliún m2 san iomlán a bhí sa táirgeacht mheasta iomlán, lenar léiríodh thart ar 50 % den táirgeacht dhomhanda.

(76)

Measadh sa tuarascáil go raibh an acmhainneacht táirgeachta iomlán i nDaon-Phoblacht na Síne in 2021 cothrom le 12,3 billiún m2 (lenar léiríodh titim i gcomparáid leis an acmhainneacht táirgeachta 13,6 billiún m2 in 2018). De réir na tuarascála, i mí Feabhra 2022 lean dlús an tionscail tíleanna de dhul chun cinn a dhéanamh agus dá thoradh sin, comhdhlúthaíodh an líon táirgeoirí i dtionscal earraí ceirmeacha na Síne de réir a chéile agus níos lú ann anois ach iad níos mó ó thaobh méid de agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de. Meastar sa tuarascáil go raibh an táirgeacht iomlán i nDaon-Phoblacht na Síne cothrom le thart ar 9 mbilliún m2 in 2021, rud a chiallaíonn gur 3,3 billiún m2 a bhí san acmhainneacht bhreise mheasta. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh tomhaltas an Aontais cothrom le 848,4 milliún m2 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, léiríodh in acmhainneacht bhreise na Síne thart ar 3,9 oiread thomhaltas an Aontais a thaispeántar i dTábla 2 thíos.

(77)

Chomh maith leis sin, ríomh an Coimisiún acmhainneacht bhreise na dtíleanna ceirmeacha i nDaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bunaithe ar Thuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne, 2022. De réir na tuarascála sin, tháinig méadú ar an acmhainneacht náisiúnta ó 12,32 billiún m2 in 2020 go dtí 12,56 billiún m2 in 2022. Mar sin féin, níor measadh go raibh ach 10 mbilliún m2 ina acmhainneacht éifeachtach, agus ní raibh an chuid eile in ann an timpeallacht táirgeachta a chomhlíonadh de bharr trealamh a bhí as dáta nár chomhlíon ceanglais táirgthe agus beartais a thuilleadh. Nuair a chuirtear an méid táirgeachta 7,31 billiún m2 in 2022 san áireamh, mar a foilsíodh sa tuarascáil sin, bhí acmhainneacht bhreise éifeachtach 2,69 billiún m2 ann. Bunaithe ar an ríomh sin, bhí acmhainneacht bhreise na Síne fós níos mó ná trí oireadh thomhaltas an Aontais sa mhargadh saor.

(78)

D’áitigh CCCMC in aighneacht go raibh laghdú thart ar 45 % tagtha ar acmhainneacht thionscal tíleanna ceirmeacha na Síne idir 2015 agus 2020 agus go raibh sí i bhfad ní ba lú i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná mar a bhí nuair a forchuireadh bearta ar allmhairí ón tSín in 2011. Mheas CCCMC gur bhain an laghdú sin le rialacháin chomhshaoil agus caighdeáin ar thomhaltas fuinnimh ní ba dhéine, chomh maith le costais mhéadaithe amhábhair. De bhreis air sin, d’áitigh sé go gciallaíonn figiúr chomh mór leis sin nach dtiocfadh athrú bunúsach ar onnmhairí na Síne chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(79)

Le measúnú an Choimisiúin ar acmhainneacht agus acmhainneacht bhreise na Síne, cuireadh an laghdú 45 % sin san áireamh cheana féin. Cé gur tháinig laghdú ar acmhainneacht táirgeachta mar a thuairiscítear in aithris (76), ba í an tSín an táirgeoir tíleanna ceirmeacha ba mhó fós agus bhí acmhainneacht táirgeachta mhór agus acmhainneacht bhreise a bhí i bhfad ní ba mhó ná margadh iomlán an Aontais aici.

(80)

Is dreasacht iad an fuílleach in acmhainneachtaí táirgeachta chun bheith ag onnmhairiú ar phraghsanna dumpáilte. Is léir freisin nach mór d’onnmhaireoirí na Síne leas a bhaint as na féidearthachtaí uile atá ann cheana chun táirgeadh a mhéadú chun leas iomlán a bhaint as na hinfheistíochtaí móra chun astaíochtaí carbóin agus ídiú fuinnimh a ísliú a rinne siad i ndáil le hacmhainneachtaí atá suiteáilte cheana féin. Is é an bealach is soiléire ná teacht ar an bhfód ar aon mhargadh oscailte ar fud an domhain agus is ródhócha ar phraghsanna dumpáilte mar atá fós san imscrúdú reatha.

(81)

Bunaithe ar na fíorais agus na breithnithe thuasluaite, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh acmhainneachtaí móra breise ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, gur dhócha go n-úsáidfí iad le haghaidh onnmhairiú tíleanna ceirmeacha chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(82)

Scrúdaigh an Coimisiún cé acu is dóigh nó nach ea go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm. De bharr an leibhéil dhiomaibhsigh d’allmhairí na Síne chuig an Aontas ar a dtugtar tuairisc in aithris (49), rinne an Coimisiún anailís ar chainníocht agus leibhéal praghsanna onnmhairí na Síne chuig margaí tríú tíortha agus chuir sé na praghsanna i gcomparáid leis an ngnáthluach ríofa.

(83)

Tá 850 milliún m2 i gceist le margadh tíleanna ceirmeacha an Aontais agus mar gheall air sin tá sé ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Thairis sin, mar a thaispeántar i dTábla 2, tháinig méadú 5 % idir 2019 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar thomhaltas an Aontais den táirge lena mbaineann. Léirítear leis sin go bhfuil tomhaltas an Aontais fós láidir agus go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteach de bharr a mhéide.

(84)

Chun go mbeidh tuiscint ann ar na praghsanna dóchúla chuig an Aontas in éagmais beart, thug an Coimisiún dá aire gur 6,82 USD in 2021 agus 8,54 USD in 2022 a bhí sna praghsanna onnmhairiúcháin iomlána de thionscnamh na Síne i dTuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022. Tugadh tuairisc sa tuarascáil gur bhain an méadú in 2022 le costais amhábhair agus costais fuinnimh mhéadaithe.

(85)

Bunaithe ar an bhfaisnéis i mbunachar sonraí GTA agus Tuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022, ba í Daon-Phoblacht na Síne an táirgeoir domhanda tíleanna ceirmeacha ba mhó le linn tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’ainneoin na mbeart frithdhumpála arna bhforchur san Aontas agus i roinnt tíortha eile, ar a dtugtar tuairisc in aithris (173), bhí onnmhairí na Síne cothrom le breis agus 25 % d’onnmhairí domhanda.

(86)

Sular forchuireadh na bearta idir 2007 agus 2010, léiríodh le hallmhairí na Síne thart ar 65 mhilliún m2 ar an meán go bliantúil. Anuas ar na bearta arna bhforchur ar allmhairí na Síne atá faoi réir an athbhreithnithe seo, forchuireadh bearta frithdhumpála ar allmhairí tíleanna ceirmeacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne i roinnt mhaith tríú tíortha eile mar a mhínítear in aithris (173), rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne táirgí a onnmhairiú chuig na margaí sin agus méadaítear leis sin tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh, áit ar féidir na honnmhairí sin a atreorú.

(87)

In éagmais comhoibriú leordhóthanach tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ná Rialtas na Síne, chinn an Coimisiún gnáthluach bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ar fhaisnéis eile a bhí ar fáil go héasca mar a mhínítear sa roinn a leanas.

4.2.1.    An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh, faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(88)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena dtaispeántar, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(89)

An fhaisnéis a mheas an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir sé ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(90)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i ngeall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé go mbeadh gá tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó ar thagarmharcanna neamhshaofa agus mhol sé an Téalainn maidir leis sin bunaithe ar fhaisnéis na hiarrata ar athbhreithniú. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(91)

An 30 Meitheamh 2023, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach i Nóta a ghabhann leis an gcomhad (‘an Nóta’) a chinneadh, ina raibh an Téalainn mar an tír ionadaíoch. Chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go suíodh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don chuideachta Sosuco Ceramic Co LTD, táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(92)

Chuir an Coimisiún na príomhthosca táirgeachta i láthair sa Nóta. Sa bhreis ar na tosca táirgeachta sin, chuir an Coimisiún forchostais isteach freisin mar a mhínítear in aithris (158). Ina theannta sin, ag glacadh leis gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú reatha de bhun Airteagal 11(2) ar an mbun-Rialachán, nach bhfuil gá le corrlach dumpála a ríomh go beacht, ach chun a shuí an dóchúlacht go leanfar leis an dumpáil nó go gcuirfear tús léi arís, mheas an Coimisiún, sa chás seo, go bhféadfadh sé díriú go heisceachtúil ar na príomhthosca táirgeachta chun an gnáthluach a ríomh. Thairis sin, mar a shonraítear in aithris (63), ba dhiomaibhseach iad méideanna allmhairí an táirge lena mbaineann ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin de, ní úsáidfear an gnáthluach ríofa ach amháin chun comparáid a dhéanamh le praghas onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha.

(93)

De bharr comhar neamh-leordhóthanach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus ó Rialtas na Síne, mar a luaitear in aithris (89), chinn an Coimisiún an gnáthluach bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, ar an bhfaisnéis faoi na tosca táirgeachta ó tháirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais, agus ar fhaisnéis eile a bhí ar fáil go héasca mar a mhínítear sa roinn seo a leanas.

4.2.2.   Gnáthluach

(94)

De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(95)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘ costais díola, ghinearálta agus riaracháin ’).

(96)

Mar a mhínítear tuilleadh thíos, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

4.2.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(97)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil earraí ceirmeacha i nDaon-Phoblacht na Síne (16), shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(98)

Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (17). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach amháin gur ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine fós de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (18), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (19). Rinne an Coimisiún amach thairis sin go bhfuil éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (20). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (21). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil earraí ceirmeacha de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (22), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha i nDaon-Phoblacht na Síne (23).

(99)

Mar a rinneadh san imscrúdú roimhe seo maidir leis an earnáil earraí ceirmeacha i nDaon-Phoblacht na Síne, rinne an Coimisiún scrúdú san imscrúdú reatha ar cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, de bharr saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí san iarraidh ar athbhreithniú agus sa Tuarascáil araon, ar fianaise í atá ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a cinneadh freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin.

(100)

Maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú sa chás seo, bhain sé leis an Tuarascáil, don chaibidil ar Earraí Ceirmeacha go sonrach. Thairis sin, bhí an líomhain maidir le saobhadh san iarraidh ar athbhreithniú bunaithe den chuid is mó ar Thuarascáil Chríochnaitheach Think!Desk (‘Tuarascáil Think!Desk’) ón 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Market Distortions in the Chinese Architectural Ceramics Industry’ [Saobhadh Margaidh i dTionscal Earraí Ceirmeacha Ailtireachta na Síne], lena soláthraítear faisnéis nuashonraithe a chomhlánaíonn Tuarascáil an Choimisiúin. Go sonrach, díríonn an iarraidh ar athbhreithniú ar idirghabháil Rialtas na Síne sa tionscal earraí ceirmeacha ailtireachta chomh maith leis na naisc idir cuideachtaí agus Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne, ar a dtugtar tuairisc i gCaibidlí 2 agus 4 de Thuarascáil Think!Desk lena ndéantar anailís ar idirghabháil Rialtas na Síne. Luaitear san iarraidh ar athbhreithniú freisin ceanglais áitiúla agus cleachtais phleanála (Caibidil 3 de Thuarascáil Think!Desk), chomh maith le rochtain ar iasachtaí fabhracha (Caibidil 5), beartais fhioscacha fhabhracha (Caibidil 6) agus réimse leathan fóirdheontas rialtais (Caibidil 7). Soláthraítear leis an iarraidh ar athbhreithniú samplaí leathana d’idirghabháil na Síne san earnáil earraí ceirmeacha ailtireachta ar na leibhéil uile, ar a dtugtar tuairisc i dTuarascáil Think!Desk (24).

(101)

Soláthraíodh samplaí san iarraidh ar athbhreithniú d’eilimintí lena léirítear gur ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go sonrach, d’áitigh an t-iarratasóir go stiúrann Rialtas na Síne an tionscal tíleanna ceirmeacha tríd na bearta seo a leanas:

—

Athlonnú. Tá 11 limistéar fócais ceadaithe ag Rialtas na Síne, limistéir ar cheart don tionscal earraí ceirmeacha ailtireachta díriú orthu. Is é an sprioc fholuiteach athlonnú an tionscail earraí ceirmeacha sna limistéir sin, inar féidir leis na cuideachtaí lena mbaineann tairbhiú de bhuntáistí i ndáil le hacmhainní agus fuinneamh a fháil. Sa phróiseas sin, chinn Rialtas na Síne gur cheart an sprioc le haghaidh scála na monarchana monaraíochta a mhéadú (agus an sprioc ann go bhfaighfí réidh le cuideachtaí beaga) agus shocraigh sé an réimse táirgí monaraithe a bhfuil coinne leis, agus béim ar an aistriú chuig tíleanna ceirmeacha tanaí (25).

—

Naisc dhlútha idir an tionscal agus Páirtí Cumannach na Síne, arna léiriú ag na naisc idir Páirtí Cumannach na Síne agus Monalisa Group Co. Ltd (26).

—

Cur isteach ó Údaráis Áitiúla na Síne. Luaitear Chaozhou mar shampla: soláthar talaimh thionsclaíoch, réimse leathan dreasachtaí airgeadais, comhpháirtíochtaí le fiontair áitiúla mianadóireachta caoilín (i.e. lena gcuirtear comhtháthú ingearach arna spreagadh ag an rialtas áitiúil chun cinn), costas gáis a laghdú, lena soláthraítear ciste speisialta CNY 20 milliún a thacaíonn le tionscail a chuireann ‘monaraíocht chliste’ chun feidhme, infheistíochtaí cothromais agus fóirdheontais úis, tógáil Braisle Tionscail Earraí Ceirmeacha. Thairis sin, thairbhigh an tionscal earraí ceirmeacha de laghduithe ar tháillí cánach a bhí cothrom le CNY 1,6 billiún. Mínítear leis an iarraidh ar athbhreithniú freisin go dtairbhíonn an tionscal earraí ceirmeacha de choigilteas costais infheistíochta ginearálta CNY 80 billiún i dtairiscintí costais talaimh tosaigh (27).

—

Maoiniú (iasachtaí) faoi dhálaí neamh-mhargaidh (28).

—

Beartais fhioscacha, lena n-áirítear buntáistí breise amhail ráta cánach corparáide laghdaithe, fóirdheontais speisialta a fháil agus rochtain ar chistiú speisialta ón rialtas agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú seachtrach le haghaidh cuideachtaí dá ndeonaítear stádas HNTE (Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta). Clár eile lena gceadaítear do thionscail earraí ceirmeacha tairbhiú de thairbhí airgeadais nach beag is ea an ‘Clár Mórfhorbartha san Iarthar’. Thairis sin, luaitear san iarraidh lacáistí CBL agus roinnt tionscnaimh chúige a dtairbhíonn an tionscal earraí ceirmeacha díobh (29).

—

Fóirdheontais. Liostaítear leis an iarraidh ar athbhreithniú fóirdheontais rialtais atá ar fáil don tionscal earraí ceirmeacha freisin, lena n-áirítear fóirdheontais: a bhaineann le hioncam; ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil; chun an geilleagar ciorclach a fhorbairt; le haghaidh athchóiriú trealaimh; le haghaidh T&F agus cosaint na maoine intleachtúla; le haghaidh fostaíochta; fóirdheontais a bhaineann le cainníocht agus caighdeánú táirgí; maidir le cur chun cinn onnmhairiúcháin agus maidir le costas na dtosca táirgeachta (30).

(102)

Mar chonclúid, ba é seasamh na hiarrata ar athbhreithniú nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, de réir na hiarrata ar athbhreithniú, níl sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(103)

Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist.

(104)

Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, i.e. an earnáil earraí ceirmeacha. Ó tharla nár leordhóthanach an comhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí príobháideacha agus na dtáirgeoirí faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Tá tionscal tíleanna ceirmeacha na Síne an-ilroinnte agus tá líon mór FBManna ann, agus dá bhrí sin is deacair teacht ar chonclúidí ginearálta maidir le pátrúin úinéireachta na hearnála. Mar sin féin, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur ann do naisc phearsanta i roinnt fiontair aonair. Mar shampla, áirítear in Airteagail Chomhlachais Everjoy Health Group an fhoráil seo a leanas: ‘Airteagal 12 Bunóidh an chuideachta eagraíochtaí den Pháirtí Cumannach agus déanfaidh sí gníomhaíochtaí an Pháirtí i gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne. Soláthraíonn an chuideachta na dálaí is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíochtaí an Pháirtí (31).’ Ina theannta sin, luaitear i dTuarascáil Bhliantúil 2022 go bhfuil roinnt comhaltaí den Bhord Stiúrthóirí, lena n-áirítear ‘comhaltaí neamhspleácha den Bhord Stiúrthóirí’, ina gcomhaltaí de Choiste an Pháirtí (32).

(105)

Thairis sin, luaitear an méid seo a leanas in Airteagail Chomhlachais Guangdong Dongpeng Holdings Co. Ltd.: ‘Airteagal 11 Bunóidh an chuideachta eagraíochtaí den Pháirtí Cumannach agus déanfaidh sí gníomhaíochtaí an Pháirtí i gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne. Soláthraíonn an chuideachta na dálaí is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíochtaí an Pháirtí (33).’ Ina theannta sin, suíodh le linn an imscrúdaithe go raibh naisc phearsanta idir bainistíocht na cuideachta agus Páirtí Cumannach na Síne (34).

(106)

Ina theannta sin, deimhníodh i dTuarascáil Bhliantúil Huida Sanitary Ware Co., Ltd 2021 go bhfuil naisc phearsanta idir bainistíocht na cuideachta agus Páirtí Cumannach na Síne (35).

(107)

Ar deireadh, ar shuíomh gréasáin Mona Lisa Group, mínítear láithreacht an pháirtí sa chuideachta: ‘I gcaitheamh na mblianta, tá dírithe ag Craobh Mona Lisa Group den Pháirtí ar lánpháirtiú agus comhfhorbairt an Pháirtí in éineacht le fiontair, tá iniúchadh déanta aige freisin ar mhodh oibre atá bunaithe ar shaintréithe an fhiontair chun forbairt an pháirtí a áirithiú le bunús láidir, claochlú domhain agus ardcheannaireacht chun an cultúr dearg a mheascadh leis an gcultúr corparáideach, chun ceannaireacht ar thionscadail athchóirithe iomadúla a áirithiú, chun a áirithiú go mbíonn cumhacht dhearg leabaithe go dlúth sna gnéithe uile den taighde agus den fhorbairt, den táirgeadh, den mhargaíocht agus den bhainistíocht chorparáideach, chun feabhas leanúnach a chur ar an gcultúr corparáideach, agus chun ceannaireacht chuimsitheach a áirithiú ar nuálaíocht agus uasghrádú an fhiontair. (36)’ Thairis sin, deimhnítear le Tuarascáil Bhliantúil Mona Lisa Group 2022, go bhfuil roinnt comhaltaí den Bhord Stiúrthóirí ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne, agus go bhfuil duine acu ina leasrúnaí ar Choiste an Pháirtí (37).

(108)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil tíleanna ceirmeacha lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Níl aon phlean eile atá tiomnaithe do tháirgí sonracha sa 14ú timthriall pleanála ach, ina ionad sin, grúpáiltear cineálacha éagsúla táirgí le chéile sna pleananna ar an leibhéal náisiúnta. Cumhdaítear an earnáil tíleanna ceirmeacha ar bhonn níos ginearálta leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le hAmhábhair mar ábhair a chumhdaítear faoin gcatagóir is leithne d’ábhair thógála. Anuas air sin, i mí Mheán Fómhair 2022, d’eisigh Cónaidhm Ábhair Thógála na Síne, arna choimisiúnú ag an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise, na Treoirlínte maidir leis an Tionscal Ábhar Tógála a Fhorbairt le linn an 14ú Tréimhse den Phlean 5 Bliana (38). Leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le hAmhábhair agus leis na treoirlínte, tugtar treoraíocht ar leibhéal láir le haghaidh fhorbairt na hearnála ábhar tógála ar bhealaí iomadúla. Anuas air sin, le forálacha Thuairim Treorach 2022 maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Éadroim a Chur Chun Cinn, dírítear ar an tionscal tíleanna ceirmeacha freisin.

(109)

Sainaithnítear leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le hAmhábhair an dúshlán seo a leanas i ndáil le soláthar amhábhar sa tSín: ‘tá róbharrachas na dtáirgí meánleibhéil agus íseal-leibhéil fós ann, ach tá soláthar gairid ann de tháirgí ardleibhéil; níl an leibhéal féinrialaitheach agus inrialaithe de theicneolaíocht agus trealamh croíphróisis de phríomhábhair ard; is tasc dian é fós forbairt ghlas agus ísealcharbóin a bhaint amach; […] agus tá an cumas chun acmhainní straitéiseacha criticiúla a ráthú fós neamh-leordhóthanach (39).’ An tráth céanna, leagtar amach leis an bplean na spriocanna seo a leanas: ‘faoi 2025, beidh borradh mór faoi chumas an tionscail amhábhar chun an tionscal monaraíochta a chosaint agus a fhorbairt ardcháilíochta a stiúradh (40).’ Dá bhrí sin, le linn an 14ú timthriall pleanála, stiúrfaidh Rialtas na Síne forbairt an tionscail amhábhar, lena n-áirítear tíleanna ceirmeacha, chun go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an rialtais, in ionad ligean don tionscal a bheith ag forbairt i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh.

(110)

Maidir leis an gcistiú lena n-áiritheofar an cur chun feidhme, deirtear sa phlean go ‘[m]bainfear úsáid iomlán as na bealaí cistiúcháin atá ann cheana chun tacú le tionscadail mhóra a luaitear sa Phlean’ agus go ‘láidreoidh [an Rialtas] an comhar tionscail-airgeadais agus go mbainfear leas as ról an Ardáin Comhair Náisiúnta Tionscail-Airgeadais chun tacaíocht láidir a sholáthar do thionscadail i gcomhréir leis an bPlean trí bhíthin seirbhísí airgeadais agus infheistíocht chothromais (41).’ Spreagtar institiúidí airgeadais chun seirbhísí cuimsitheacha a sholáthar d’fhiontair amhábhar a bhfuil cumaisc agus atheagrú curtha chun feidhme acu chomh maith le claochlú agus uasghrádú (42).

(111)

Tá an ghnáth-theanga lena socraítear spriocanna forbartha le fáil sa Tuairim Treorach: ‘[...] faoi 2025, beidh neart cuimsitheach an tionscail éadroim feabhsaithe go mór, beidh an cion den tionscal éadrom in oll-aschur tionsclaíoch cobhsaí nach mór, beidh éifeacht an éilimh leathnaithe intíre agus cur chun cinn an tomhaltais soiléir, agus beidh an cumas chun freastal ar thógáil pátrúin nua forbartha agus forbairt ardcháilíochta eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn feabhsaithe.’ (43) Thairis sin, le linn an 14ú tréimhse den Phlean 5 Bliana, ba cheart ráta fáis bhreisluach an tionscail éadroim a bheith i gcomhréir le meánráta fáis an bhreisluacha thionsclaíoch náisiúnta, agus fanfaidh corrlach brabúis na bpríomhthionscal agus an sciar den mhargadh idirnáisiúnta de tháirgí móra cobhsaí nach mór, agus ba cheart feabhas mór a bheith curtha ar an gcáilíocht agus ar an éifeachtúlacht.

(112)

Rud atá tábhachtach, tá sé i gceist ag an Tuairim Treorach go bhfeabhsófaí beartais fhioscacha agus tacaíochta airgeadais. Go sonrach, caithfidh institiúidí airgeadais ‘seirbhísí agus táirgí airgeadais nuálacha a cheapadh, tacaíocht don chlaochlú teicneolaíoch agus nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch fhiontair an tionscail éadroim a mhéadú (44) .’ An tráth céanna, spreagtar rialtais áitiúla chun feabhas a chur ar bheartais tacaíochta ábhartha de réir na riachtanas chun tionscal éadrom áitiúil a fhorbairt agus acmhainneacht forbartha a fheabhsú.

(113)

Leis an Tuairim Treorach, ceanglaítear ar ranna áitiúla atá i gceannas ar an tionscal ‘an comhar foriomlán a neartú, bainistíocht próisis a neartú, agus cur chun feidhme a dhéanamh go maith.’ Thairis sin, ar an ngnáthbhealach, is ceart don chomhlachas tionscail gníomhú mar ‘d[h]roichead idir an rialtas agus fiontair, rianú chur chun feidhme na dTuairimí [Treorach] sin a neartú, [agus] fiontair a threorú chun tógáil córas féinsmachta agus acmhainneachta creidmheasa a neartú (45) .’ Mar achoimre, léirítear leis na Tuairimí Treorach go stiúrann an Rialtas forbairt an tionscail éadroim, lena n-áirítear earraí ceirmeacha.

(114)

Cé go leagtar amach leis na pleananna ar an leibhéal náisiúnta spriocanna agus cuspóirí ginearálta, tá na treoirdhoiciméid ar an leibhéal áitiúil i bhfad níos mionsonraithe. Mar shampla, áirítear sa 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt an Tionscail Ábhar Tógála i gCúige Shandong (‘Plean Shandong’), arna fhoilsiú an 17 Samhain 2021 ag Roinn Chúige Shandong um Thionscal agus Teicneolaíocht Faisnéise, roinnt spriocanna sonracha atá le baint amach faoi dheireadh an 14ú tréimhse phleanála. Sonraítear spriocanna cainníochtúla atá níos mionsonraithe le Plean Shandong freisin, spriocanna nach n-áirítear sa 14ú Plean 5 Bliana maidir le hAmhábhair. Tá sé i gceist le Plean Shandong go ‘[m]bainfidh luach aschuir an tionscail ábhar tógála CNY 700 billiún amach, go mbeidh luach aschuir na chéad 10 bhfiontar ábhar tógála cothrom le 30 % den tionscal iomlán, go mbeidh fiontar amháin ar leibhéal 100 billiún forbartha, go mbeidh cúig bhraisle thionsclaíocha ar leibhéal 10 mbilliún cruthaithe faoi 2025 [...]’.

(115)

Sonraítear tosaíochtaí forbartha don tionscal earraí tógála ceirmeacha le Plean Shandong freisin. Is é is aidhm dó boinn táirgeachta earraí tógála ceirmeacha roghnaithe a neartú agus tacú le tógáil roinnt páirceanna léirithe nuálaíochta. Thairis sin, spreagtar príomhfhiontair earraí tógála ceirmeacha chun córas bainistíochta cáilíochta branda fiontair a bhunú. Liostaítear cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí agus próiseas nua a chur chun cinn, chomh maith le forbairt earraí ceirmeacha nua agus earraí ceirmeacha feidhmiúla mar thosaíochtaí forbartha don tionscal earraí tógála ceirmeacha freisin.

(116)

Ar cheann de na príomhchúraimí don tionscal ábhar tógála in Shandong, tá iomaíochas idirnáisiúnta a bhfiontar a neartú san earnáil. Chun é sin a bhaint amach, tá i gceist le Plean Shandong go ‘neartófar an comhar eacnamaíoch agus trádála “Crios Amháin, Bóthar Amháin”, [...] trádáil eachtrach a leathnú go gníomhach, díriú ar chur chun cinn onnmhairiú na [...] n-earraí tógála ceirmeacha, [...] fiontair chumhachtacha ábhar tógála a spreagadh chun tionscadail chomhair ar an gcoigríoch a fhorbairt, agus díriú ar chomhar san innealtóireacht tógála, ábhair thógála, seirbhísí saothair, teicneolaíocht agus caipiteal a ghríosú, [...] éifeachtúlacht leithdháilte acmhainní a fheabhsú, agus iomaíochas náisiúnta thionscal ábhar tógála Shandong a bharrfheabhsú’.

(117)

Éilítear le Plean Shandong freisin tacaíocht mhéadaithe fhioscach agus chánach le haghaidh an tionscail, go háirithe cur chun feidhme beartas fioscach agus cánachais náisiúnta, amhail an asbhaint bhreise de speansais T&F fiontar, agus laghdú cánach breisluacha agus cánach ioncaim le haghaidh táirgí ábhar tógála lena mbaineann úsáid chuimsitheach acmhainní. Anuas air sin, ‘feabhsóidh [údaráis Shandong] beartais tacaíochta airgeadais, spreagfaidh siad gach cineál institiúide airgeadais chun tacaíocht chreidmheasa a thabhairt do thionscadail ábhar tógála cháilithe, tacaíocht mhaoiniúcháin a mhéadú do chumaisc agus éadálacha, [...] seirbhísí léasúcháin agus seirbhísí airgeadais slabhra soláthair a fhorbairt go gníomhach, agus an scála maoiniúcháin a leathnú le haghaidh fiontair ábhar tógála bheaga agus mheánmhéide ardfháis’. Le Plean Shandong freisin ceanglaítear ar na húdaráis ábhartha ‘iarrachtaí cur chun feidhme a bharrfheabhsú, an sásra comhordúcháin agus cur chun cinn a fheabhsú, pleananna oibre a chur le chéile [...] agus róil agus freagrachtaí a shoiléiriú.’ Dá réir sin, spreagtar fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair phríobháideacha agus FBManna chun comhar a neartú in éineacht leis an slabhra tionsclaíoch agus an slabhra soláthair.

(118)

Mar achoimre, léirítear le Plean Shandong roinnt mhaith de na sásraí agus spriocanna den 14ú Plean 5 Bliana maidir le hAmhábhair ach socraítear leis freisin spriocanna aschuir nithiúla agus cuspóirí forbartha le haghaidh an tionscail earraí tógála ceirmeacha agus cuirtear béim ar leathnú idirnáisiúnta agus neartú an chomhair idir fiontair.

(119)

Anuas ar na pleananna cúigí, tá a gcuid pleananna forbartha tionscail féin ag roinnt mhaith bardas, lena n-áirítear don earnáil earraí ceirmeacha. Mar shampla, i mí Aibreáin 2018, d’eisigh Rialtas Chaozhou an Plean Cur Chun Feidhme le haghaidh Fhorbairt Ardcháilíochta an Tionscail Earraí Ceirmeacha i gCathair Chaozhou a Chur Chun Cinn (‘Plean Cur Chun Feidhme’) (46) chun dlús a chur le claochlú agus uasghrádú thionscal earraí ceirmeacha na cathrach agus chun forbairt ardcháilíochta tionscal traidisiúnta buntáisteach a chur chun cinn.

(120)

Tá roinnt beart i gceist leis an bPlean Cur Chun Feidhme chun an sprioc sin a bhaint amach: roinnt ceartúchán a dhéanamh ar an margadh caoilín agus feabhas a chur ar an soláthar amhábhar; ardán nuálaíochta a chruthú agus acmhainní nuálaíochta a bhailiú; comhar idir tionscal, ollscoileanna agus taighde a neartú agus dlús a chur le nuálaíocht theicneolaíoch; feabhas a chur ar dhearadh tionsclaíoch agus cruthaitheacht chultúrtha a fhorbairt; straitéis branda a chur chun feidhme agus poiblíocht agus cumarsáid a neartú; turasóireacht thionsclaíoch a fhorbairt agus tionchar an chaipitil caoilín a mhúnlú; innéacsanna praghais a chur le chéile agus dinimicí margaidh a thuiscint; dlús a chur le tógáil na heangaí gáis agus costais gháis a laghdú; rialú truailliúcháin a neartú agus táirgeadh níos glaine a chur chun cinn.

(121)

Leis an bPlean Cur Chun Feidhme, ceanglaítear ar údaráis bhardasacha ‘leithdháileadh acmhainní a stiúradh go stuama, feabhas a chur ar chumas an mhargaidh chun acmhainní a leithdháileadh, agus tionscal earraí ceirmeacha na cathrach a stiúradh chun dlús a chur le diúscairt na hacmhainneachta táirgeachta siar’ agus chun ‘an comhar leis an gComhlachas Praghais Cúige a neartú’ (47). Chun ró-acmhainn a laghdú, iarrtar leis an bPlean ‘athchóiriú struchtúrach thaobh soláthair an tionscail earraí ceirmeacha a chur chun cinn, [...] fiontair a ghríosú chun ardteicneolaíocht agus trealamh táirgeachta a ghlacadh, agus dlús a chur le diúscairt na hacmhainneachta táirgeachta lena ngabhann truailliú ard agus líon ard astaíochtaí’ (48).

(122)

Tá an cur chun feidhme le pleanáil, comhordú agus tá maoirseacht le déanamh air ag meitheal speisialta faoi stiúir leasmhéara. Dá réir sin, ‘ba cheart do na rialtais contaetha agus cúigí agus do na ranna bardasacha ábhartha uile pleananna oibre sonracha a chur le chéile de réir an phlean cur chun feidhme agus roinnt na bhfreagrachtaí, spriocanna forbartha a chainníochtú agus a bhriseadh síos, agus cur chun feidhme na gcúraimí sonracha a dhéanamh go maith.’ (49) Thairis sin, ‘cuirfear beartais fhioscacha agus chánachais agus tionscadail luacha saothair airgeadais agus fóirdheontas chun feidhme ina n-iomláine, lena gcuirfear ar a gcumas do rialtais ar na leibhéil uile tacú le claochlú agus uasghrádú an tionscail earraí ceirmeacha’ (50).

(123)

Thairis sin, ghlac Cathair Chaozhou (Cúige Guangdong) Plean Gníomhaíochta chun Braisle Tionscail Earraí Ceirmeacha ar Leibhéal Céad Billiún Yuan a Fhorbairt (51) (‘Plean Gníomhaíochta’) chun a thionscal earraí ceirmeacha a chur chun cinn a thuilleadh agus tionchar bhranda réigiúnach earraí ceirmeacha Chaozhou a fheabhsú. Leagtar amach leis an bPlean Gníomhaíochta go ‘leathnófar scála thionscal earraí ceirmeacha na cathrach a thuilleadh, go gcuirfear grúpa fiontar ceannródaíoch ag a bhfuil tionchar idirnáisiúnta agus intíre le chéile, agus go sroichfidh an luach aschuir thionsclaíoch iomlán CNY 100 billiún’ faoi 2025. Tá sé beartaithe ag na húdaráis go mbeidh breis agus 1 000 fiontar ann agus go mbeidh luach aschuir de bhreis ar CNY 100 milliún ag 300 ceann acu agus breis agus 100 fiontar náisiúnta ardteicneolaíochta. Anuas air sin, tá a dhícheall á dhéanamh ag Chaozhou chun ‘breis agus 50 lárionad taighde agus forbartha le haghaidh teicneolaíocht innealtóireachta ar an leibhéal cúige a bheith aige mar aon le breis agus 50 lárionad seirbhísí teicniúla le haghaidh fiontair earraí ceirmeacha ar an leibhéal cúige’ (52).

(124)

Leagtar amach leis an bPlean Gníomhaíochta freisin go bhfuil an leagan amach tionsclaíoch le stiúradh a thuilleadh i dtreo optamú trí dhlús an tionscail. Chun na críche sin, tá sé beartaithe ag an rialtas tacaíocht a sholáthar do réimse cuideachtaí suaitheanta iomaíocha móra. Maidir leis an réimse cuideachtaí sin, ar a dtugtar cuideachtaí ‘cnáimhe droma ‘ freisin, tairbheoidh siad de chur chuige ‘cuideachta amháin – beartas amháin’ ón rialtas, rud a chiallaíonn go mbeidh beartais shaincheaptha ann do gach fiontar den sórt sin, lena n-áirítear tacaíocht Stáit. Spreagfar cumaisc agus atheagrú fiontar freisin chun a gcuid iomaíochais fhoriomláin a bharrfheabhsú. Ina theannta sin, nocht an t-imscrúdú go dtairbhíonn táirgeoirí tíleanna ceirmeacha d’fhóirdheontais nach beag arna soláthar ag an rialtas. Mar shampla, fuair Shanghai Everjoy Health CNY 5,3 milliún in 2021 agus CNY 7,6 milliún in 2022 (53). Is táirgeoir tíleanna ceirmeacha eile é Guangdong Dongpeng Holdings Co a thairbhíonn d’fhóirdheontais rialtais, lena n-áirítear CNY 105,1 milliún in 2021 agus CNY 67,3 milliún in 2022 (54). Anuas air sin, fuair Huida Group CNY 9,6 milliún i bhfóirdheontais rialtais in 2021 (55) agus fuair Mona Lisa Group CNY 38,4 milliún in 2022 agus CNY 32,6 milliún in 2021 (56).

(125)

Mar is féidir a fheiceáil ó na samplaí thuas, stiúrann Rialtas na Síne forbairt na hearnála tíleanna ceirmeacha i gcomhréir le réimse leathan uirlisí agus treoracha beartais ar gach leibhéal (náisiúnta, cúige agus bardasach) agus rialaíonn sé beagnach gach gné i bhforbairt agus feidhmiú na hearnála. Dá réir sin, tairbhíonn an tionscal tíleanna ceirmeacha de threoraíocht agus idirghabháil ón rialtas.

(126)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí san earnáil earraí ceirmeacha a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, ar beartais iad a thacaíonn le tionscail spreagtha, lena n-áirítear táirgeadh tíleanna ceirmeacha. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(127)

Leis an imscrúdú reatha, níor nochtadh aon fhianaise ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó ar fhorfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán san earnáil tíleanna ceirmeacha, rud dá dtagraítear thuas in aithris (98), ar cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú é nach ndéanfadh difear do mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú.

(128)

Maidir leis an earnáil tíleanna ceirmeacha, déanann saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, difear di freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithris (98) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne i gceist) (57).

(129)

Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear don earnáil tíleanna ceirmeacha de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (98) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(130)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a dhéanann táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú na hionchuir sin a cheannach nó conradh a dhéanamh ina dtaobh, beidh na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar chostais) gan cosaint ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe seo. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa; féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir an tsaofa san earnáil airgeadais nó sa leithdháileadh caipitil; agus bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus gach earnáil.

(131)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá na hidirghabhálacha ón rialtas a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

(132)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh CCCMC a mhaíomh gur bhain an Coimisiún míbhrí as ról na bpleananna 5 bliana (féach aithris (19)) agus d’áitigh sé nach bhfuil iontu, go háirithe in éagmais clásal sárúcháin nó pionóis, ach treoirdhoiciméid agus nach bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí de, agus tionscnaimh chomhchosúla le fáil san Aontas freisin. D’athdhearbhaigh CCCMC freisin a fhorchoimeádais maidir leis an Tuarascáil agus mhaígh sé go raibh fabhtanna fíorasacha agus dlíthiúla tromchúiseacha in ábhar na Tuarascála agus sa chaoi a n-úsáidtear í, nár chomhlíon sí caighdeán na fianaise neamhchlaonta agus oibiachtúla agus go bhfágtar ar lár inti d’aon turas cúinsí, eilimintí agus conclúidí fíorasacha.

(133)

Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire nár thug CCCMC chun cinn aon argóint ná fianaise shubstaintiúil nua a bhaineann le ról dhoiciméid phleanála na Síne, agus a gcineál ceangailteach.

(134)

Ar an dara dul síos, mheabhraigh an Coimisiún go leagtar amach tosaíochtaí le córas pleanála na Síne agus forordaítear na spriocanna nach mór do na húdaráis láir agus do na húdaráis áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór, agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna ag an leibhéal comhfhreagrach níos ísle den rialtas. Mar a thugtar tuairisc mhionsonraithe orthu sa Tuarascáil, tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach le fírinne, agus fágann an córas pleanála go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. Dá dheasca sin, níorbh fhéidir glacadh leis an argóint sin ó CCCMC.

(135)

Maidir leis na hargóintí a bhaineann le beartais thionsclaíochta an Aontais, thug an Coimisiún dá aire de bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán gur maidir le praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a dhéantar anailís ar thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin de na heilimintí saofa nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin. Níl baint ar bith ag an struchtúr costais ná ag na sásraí praghas-mhúnlaithe i margaí eile, amhail an tAontas, leis an imscrúdú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin freisin.

(136)

Ar an tríú dul síos, maidir le húsáid na faisnéise atá sa Tuarascáil, níl an fhianaise chuspóireach atá sa doiciméad mícheart ná neamhchlaonta de bharr gur eisíodh an doiciméad ag coinneáil ar aigne an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint aisti in imscrúduithe cosanta trádála. Chomh maith leis an bhfreagra a thugtar in aithris (15), thug an Coimisiún dá aire gur doiciméad cuimsitheach í an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise fhorleathan oibiachtúil, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí í, agus bhí neart deiseanna ag na páirtithe leasmhara uile í a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt uirthi agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe. Níor thug CCCMC aon fhrisnéis den sórt sin agus níor chuir sé isteach ach barúlacha cineálacha gan bhunús – is é sin go bhfágann an Coimisiún cúinsí, eilimintí agus conclúidí fíorasacha ar lár a rachadh in aghaidh chuspóir na Tuarascála – gan na cúinsí nó na heilimintí fíorasacha sonracha a chuirfeadh i gceist saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur in iúl. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh CCCMC ina leith sin.

(137)

Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

4.2.2.2.   Tír ionadaíoch

4.2.2.2.1.   Barúlacha ginearálta

(138)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

—

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (58);

—

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (59);

—

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

—

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(139)

Mar a mhínítear in aithris (91), d’eisigh an Coimisiún Nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (an ‘Nóta’). Tugtar tuairisc leis an Nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Leis an Nóta, cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Téalainn a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gur ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(140)

I gcomhréir leis na critéir a liostaítear faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, shainaithin an Coimisiún an Téalainn mar thír ar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá inti agus an leibhéal atá i gceist i nDaon-Phoblacht na Síne mar a mhol an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú. Aicmíonn an Banc Domhanda an Téalainn mar thír ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta. Meastar mar sin go bhfuil sí ar leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil le Daon-Phoblacht na Síne.

(141)

Shuigh an Coimisiún freisin gur chomhlíon an Téalainn na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus go raibh na sonraí poiblí ábhartha uile ar fáil go héasca agus inrochtana, lena n-áirítear staitisticí allmhairiúcháin, chomh maith le sonraí ar chostais amhábhar agus tosca táirgeachta amhail gás nádúrtha, leictreachas agus saothar.

(142)

Go sonrach, fuair an Coimisiún faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le haghaidh táirgeoir amháin sa Téalainn, Sosuco Ceramic Co Ltd. (‘Sosuco’), inar cumhdaíodh an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021 lena léirítear cuid de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh Sosuco leibhéal réasúnta costas SGA agus brabúis.

(143)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sa Téalainn. Léiríodh leis an anailís ar shonraí allmhairiúcháin, maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne nó ó aon cheann de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 (60), nach ndearna siad difear d’allmhairí na mórthosca táirgeachta isteach sa Téalainn.

(144)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Téalainne mar thír ionadaíoch agus ar Sosuco mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch.

(145)

Tar éis an Nóta, níor thug páirtí leasmhar ar bith aon bharúil maidir le roghnú na Téalainne mar thír ionadaíoch.

(146)

Ar deireadh, i bhfianaise an leibhéil ísil comhair agus tar éis a shuí gur tír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn, bunaithe ar na heilimintí thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

4.2.2.2.2.   Conclúid

(147)

I bhfianaise an chomhair neamh-leordhóthanaigh, mar a moladh san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ós rud é gur chomhlíon an Téalainn na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún an Téalainn mar an tír ionadaíoch iomchuí chun í a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí.

4.2.2.3.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(148)

Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail amhábhair, gás nádúrtha, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Luaigh an Coimisiún freisin, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Atlas Trádála Domhanda (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, dúirt an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé faisnéis ó: an Oifig Staidrimh Náisiúnta chun costais neamhshaofa saothair a shuí agus ‘Údarás Leictreachais Cathrach’ na Téalainne agus an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh de chuid Aireacht Fuinnimh na Téalainne le haghaidh taraifí poiblí ó sholáthróirí leictreachais agus gáis sa Téalainn.

(149)

Sa Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa seanbhunaithe á n-úsáid aige sa tír ionadaíoch iomchuí.

4.2.2.3.1.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

4.2.2.3.1.1.   Tosca táirgeachta

(150)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata ar athbhreithniú agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir agus na páirtithe leasmhara eile isteach ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a shuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta tíleanna ceirmeacha

Toisc tháirgeachta

Cód an Tráchtearra sa Téalainn

Luach neamhshaofa (CNY)

Aonad tomhais

Foinse na faisnéise

Amhábhair

Cré

250840900010

1,07

kg

Global Trade Atlas (GTA)

Iathchloch

25291010

0,83

kg

GTA

Gaineamh

250510

0,66

kg

GTA

Glónraí ceirmeacha

32072010

18,6

kg

GTA

Lucht saothair

Costas saothair

n/b

15,41

uair an chloig

Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne

Fuinneamh

Leictreachas

n/b

0,744

KwH

Údarás Leictreachais Cathrach na Téalainne

Gás

n/b

2,24

m3

Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh – Aireacht Fuinnimh na Téalainne

Amhábhair

(151)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin le haghaidh gach toisce táirgeachta sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí de EDT iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (61) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé i roinn 4.2.2.1 nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(152)

I gcás roinnt tosca táirgeachta, bhí gach ceann de na costais iarbhír cothrom le céatadán, a bhí cuíosach íseal, de na costais amhábhair iomlána. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin. Chun luach neamhshaofa gach amhábhair eile a shuí agus toisc comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, shuigh an Coimisiún cóimheas gach amhábhair eile leis na costais iomlána amhábhair, 13,5 %. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme ansin maidir le luach neamhshaofa na n-amhábhar chun luach neamhshaofa na n-amhábhar eile a fháil.

(153)

Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Mar sin féin, ós rud é gur imscrúdú ar athbhreithniú éaga é seo, ina ndírítear ar a chinneadh an dócha go leanfadh an dumpáil ar aghaidh nó go gcuirfí tús léi arís, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe de bharr an iompair intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an leibhéal dumpála a mhéadú dá réir sin.

Lucht saothair

(154)

Foilsíonn Oifig Staidrimh na Téalainne faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Téalainn. D’úsáid an Coimisiún an staidreamh ba dhéanaí a bhí ar fáil le haghaidh 2021 agus 2022 don mheánchostas saothair san earnáil mhonaraíochta (62). Úsáideadh sonraí EIS chun na huaireanta oibre seachtainiúla san earnáil monaraíochta sa Téalainn a shuí (63).

Leictreachas

(155)

Foilsíonn ‘Údarás Leictreachais Cathrach’ na Téalainne praghas an leictreachais i gcomhair cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Téalainn. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh (64) mar a foilsíodh i mí na Samhna 2018 (lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) (65).

Gás nádúrtha

(156)

Foilsíonn an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh de chuid Aireacht Fuinnimh na Téalainne praghas an gháis nádúrtha (per capita) sa Téalainn. D’úsáid an Coimisiún an phraghsáil chomhfhreagrach ón bhfoilseachán do na tréimhsí 2021 agus 2022 bunaithe ar choibhéis cileathonna ola agus d’aistrigh í go m3 (lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) (66).

4.2.2.3.1.2.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(157)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta’. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(158)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus toisc comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin maidir le luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a tháirgtear.

(159)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh costais SGA agus brabúis, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais ba dhéanaí a bhí ar fáil don chuideachta sa Téalainn a sainaithníodh sa Nóta mar tháirgeoir gníomhach brabúsach de tháirgí i gcatagóir atá cosúil le catagóir na dtíleanna ceirmeacha. Baineadh sonraí airgeadais as Orbis Bureau van Dijk don bhliain airgeadais 2021 le haghaidh na cuideachta Sosuco Ceramic Co Ltd.

4.2.2.3.2.   Ríomh an ghnáthluacha

(160)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(161)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Mar a luaitear in aithris (93), bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair iarratasóir comhoibríoch amháin san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus saothar) le haghaidh tháirgeadh na dtíleanna ceirmeacha de bharr comhar neamh-leordhóthanach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(162)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA agus an brabús leis mar a shonraítear in aithrisí (158) agus (159). Cinneadh forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a sholáthair cuideachta shampláilte amháin, cinneadh costais SGA agus brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Sosuco Ceramic Co LTD don bhliain 2021 mar a tuairiscíodh i gcuntais iniúchta na cuideachta (67) (féach Roinn 4.2.2.2.1). Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

—

Is éard a bhí i bhforchostais na monaraíochta san iomlán 14 % de chostais dhíreacha na monaraíochta,

—

Costais SGA agus costais eile, arbh é a bhí iontu 24 % de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘COGS’) de chuid Sosuco, agus

—

Brabúis, arbh é a bhí iontu 12 % de COGS mar a bhain Sosuco amach iad, agus cuireadh i bhfeidhm iad ar chostais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(163)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(164)

Ina mbarúlacha tar éis an nochta, mhaígh CCCMC gur bhain an táirgeoir roghnaithe ón Téalainn Sosuco Ceramic Co LTD amach brabús an-ard d’ainneoin costais díola, ghinearálta agus riaracháin an-arda arna sloinneadh mar chéatadán de COGS. D’áitigh CCCMC go bhfuil sé fíorannamh do thionscal na dtíleanna ceirmeacha brabús chomh hard sin a bhaint amach, ag tabhairt san áireamh freisin éifeacht phaindéim COVID-19 agus an suaitheadh leis an slabhra soláthair le linn 2021. Mheabhraigh CCCMC gur bhain tionscal an Aontais amach, le linn na tréimhse céanna, brabús 4,1 %. Mhaígh siad freisin gur baineadh amach brabús thionscal an Aontais le linn gnáthcháis agus gan aon tionchar líomhnaithe ó allmhairí na Síne, ag tabhairt san áireamh go raibh na hallmhairí ón tSín faoi bhun 1 %. Ar na cúiseanna sin, mheas CCCMC nach bhfuil brabús Sosuco Ceramic Co LTD ionadaíoch.

(165)

Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire, mar a tuairiscíodh in aithris (91), gur chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas cheana féin an 30 Meitheamh 2023 i Nóta a ghabhann leis an gcomhad maidir leis na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Áiríodh sa nóta sin freisin ráta na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus brabús bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil do Sosuco Ceramic Co LTD. Níor chuir CCCMC aon bharúil isteach tar éis an nóta sin. Bunaíodh méid neamhshaofa agus réasúnach do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do bhrabúis i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus bunaithe ar shonraí a bhí ar fáil go héasca ó thairgeoirí tíleanna ceirmeacha don tír ionadaíoch, an Téalainn. Thairis sin, ina mhaíomh, níor chuir CCCMC i láthair aon fhianaise dhochloíte go raibh costais díola, riaracháin agus ghinearálta agus brabús Sosuco neamhshaofa ná míchuí. Thairis sin, níor chuir CCCME aon fhoinse mhalartach ar fáil do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin ná don bhrabús.

(166)

Ar an dara dul síos, ní féidir an leibhéal brabúis a baineadh amach i margadh an Aontais a chur i gcomparáid i gceart leis an leibhéal brabúis indéanta i margadh eile difriúil le leibhéal difriúil forbartha eacnamaíche amhail ceann na Téalainne. Ina theannta sin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rinne na honnmhairí dumpáilte ón India agus ón Tuirc difear go fóill do bhrabús thionscal an Aontais, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/265.

(167)

Ar an tríú dul síos, nuair a bhí faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go héasca á lorg maidir le costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús, rinne an Coimisiún anailís ar roinnt táirgeoirí tíleanna ceirmeacha sa Téalainn agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh meán-chorrlach brabúis na gcéad 10 dtáirgeoir bhrabúsacha sa tír ionadaíoch i gcomhréir le corrlach brabúis Sosuco Ceramic Co LTD. Thairis sin, sa phróiseas chun tír ionadaíoch a roghnú, scrúdaigh an coimisiún freisin táirgeoir féideartha amháin sa Bhrasaíl, a raibh a chorrlach brabúis arís i gcomhréir le corrlach brabúis Sosuco.

(168)

Dá bhrí sin diúltaíodh don éileamh sin.

4.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(169)

De bharr easpa na n-allmhairí ionadaíocha chuig margadh an Aontais agus in éagmais an chomhair, bhraith an Coimisiún ar phraghsanna onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an gcuid eile den domhan, mar a mhínítear thuas in aithris (82). Bhí an praghas sin bunaithe ar Thuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022 (SAB). Bhraith an Coimisiún ar an bhfoinse sin ós rud é, maidir leis na sonraí atá i mbunachar sonraí GTA, le haghaidh allmhairí ón tSín chuig tríú tíortha, nach raibh na torthaí sin ar fáil in m2.

4.2.4.   Comparáid

(170)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa, a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, i gcomparáid le praghsanna na Síne chuig an gcuid eile den domhan a fuarthas ó Thuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022, ar a dtugtar tuairisc in aithris (169).

(171)

Ar an mbonn sin, bhí na difríochtaí praghais idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an gcuid eile den domhan ar leibhéal suntasach (os cionn 50 %) gan aon choigeartú ar phraghas onnmhairiúcháin na Síne chuig an leibhéal díreach ón monarcha fiú.

(172)

Tugann sé sin le tuiscint, dá mbeadh na bearta le dul in éag agus dá mbeadh na praghsanna, ag a ndéanfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir leis an bpraghas onnmhairiúcháin domhanda a chonacthas le linn an athbhreithnithe, go mbeadh an leibhéal dumpála suntasach.

4.3.   Acmhainneacht ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha agus bearta cosanta trádála i margaí onnmhairíochta eile

(173)

De réir fhaisnéis bhunachar sonraí EDT (68), shuigh an Coimisiún go raibh dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh infheidhme in 2023 maidir le hallmhairí thíleanna ceirmeacha na Síne isteach san Airgintín, sa Bhrasaíl, i Meicsiceo, san India, sa Phacastáin, sna Stáit Aontaithe, i gComhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille agus sa Ríocht Aontaithe. Admhaíodh go raibh na srianta sin ina dtoisc teorann ar onnmhairiú i dTuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022. Mar sin féin, bunaithe ar an bhfaisnéis i mbunachar sonraí GTA agus Tuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022, tá táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne dírithe go mór ar onnmhairí, toisc gurbh í Daon-Phoblacht na Síne an táirgeoir domhanda tíleanna ceirmeacha ba mhó le linn tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus léirigh onnmhairí na Síne thart ar 25 % de na honnmhairí domhanda, d’ainneoin na mbeart sin a bhí i bhfeidhm.

(174)

I bhfianaise na ndeacrachtaí atá ag onnmhaireoirí na Síne díol ar na margaí sin, dá gceadófaí do na bearta atá ann faoi láthair dul in éag, d’éireodh margadh an Aontais ní ba tharraingtí fós d’onnmhaireoirí na Síne a bheadh ag iarraidh a dtáirgeadh iomarcach a onnmhairiú agus a n-acmhainneacht bhreise a úsáid.

4.4.   Conclúid

(175)

I bhfianaise an mheasúnaithe a rinneadh in aithrisí (82) go (174), go háirithe maidir le hacmhainneacht bhreise mhór onnmhaireoirí na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus acmhainneacht ionsúcháin íseal na margaí tríú tír i ngeall ar bhearta cosanta trádála atá i bhfeidhm, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go mbeadh na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ann arís dá ligfí do na bearta atá i bhfeidhm dul as feidhm.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(176)

Mar a luaitear in aithris (28), tá tionscal na dtíleanna ceirmeacha san Aontas thar a bheith ilroinnte. Rinne níos mó ná 300 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(177)

Mar a luaitear freisin in aithris (27) agus (29), roinneadh tionscal an Aontais ina dtrí chatagóir de tháirgeoirí bunaithe ar mhéid a dtáirgeachta bliantúla: beag, meánmhéide agus mór. I ndáil le táirgeoirí móra, ba iadsan a rinne tuairim agus leath de tháirgeadh iomlán an Aontais.

(178)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 1 250 000 000 m2. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn an mhacraicheistneora a chuir CET isteach. Bhailigh CET méideanna táirgeachta óna chuid comhaltaí aonair agus ó chomhlachais náisiúnta. I gcás nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil, d’fhorlíon CET na staitisticí maidir le táirgeacht le sonraí ó PRODCOM (69).

(179)

Mar a léirítear in aithris (31), roghnaíodh sé tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla lenar léiríodh thart ar 7 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas agus thart ar 10 % de dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais.

(180)

Cé gur léir go raibh an tionscal an-ilroinnte, bhí roinnt comhdhlúthúcháin á dhéanamh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba léir sin ó fhaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú agus ó na freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(181)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na sonraí deimhnithe sa mhacraicheistneoir a chuir CET isteach móide sonraí allmhairiúcháin a bhí le fáil i mbunachar sonraí Comext.

(182)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (m2)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

810 615 053

813 894 172

863 755 053

848 451 585

Innéacs

100

100

107

105

Foinse:

Macraicheistneoir agus Eurostat

(183)

Tháinig méadú 5 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an tomhaltas cobhsaí idir 2019 agus 2020 agus tháinig méadú 7 % air in 2021 i gcomparáid le 2019. Bhain sé sin le tionchar phaindéim COVID-19 a raibh tionchar dearfach aige toisc gur mhéadaigh tomhaltóirí caiteachas ar fheabhsuithe tí le linn na tréimhse sin. Thosaigh an éifeacht sin ag titim le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach bhí an tomhaltas fós 5 % ní b’airde ná mar a bhí in 2019.

5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

5.3.1.    Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(184)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn na sonraí sin mar chéatadán den tomhaltas.

(185)

Tháinig forbairt ar allmhairí chuig an Aontas ón tír lena mbaineann mar a leanas:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (m2) agus an sciar den mhargadh

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (m2)

6 739 211

6 488 766

3 007 817

2 341 140

Innéacs

100

96

45

35

Sciar den mhargadh (%)

0,8

0,8

0,3

0,3

Innéacs

100

96

42

33

Foinse:

Eurostat

(186)

Thit méideanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann ó 6,7 milliún m2 in 2019 go dtí 2,4 milliún m2 i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(187)

Dúirt CCCMC go raibh méid íseal ag baint le hallmhairí na Síne agus go raibh sciar íseal den mhargadh ag baint leo i gcomparáid le sciar thionscal an Aontais den mhargadh, agus nach raibh, dá bhrí sin, tionchar acu ar thionscal an Aontais.

(188)

D’aontaigh an Coimisiún go raibh méideanna na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach agus go raibh sciar den mhargadh a bhí faoi bhun 1 % ag baint leo agus nárbh iadsan an chúis a bhí le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(189)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn shonraí Comext ar bhunachar sonraí Eurostat.

(190)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/m2)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

An tSín

5,18

4,81

6,03

7,21

Innéacs

100

93

116

139

Foinse:

Eurostat

(191)

Tháinig méadú 39 % ar phraghas allmhairí na Síne ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(192)

Mar a mhínítear in aithris (188) bhí méid na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus níor measadh go raibh siad ionadaíoch don anailís reatha, dá bhrí sin. Dá réir sin, níor ríomhadh aon chorrlach sladghearrtha.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad

(193)

Is ón Tuirc agus ón India a tháinig allmhairí tíleanna ceirmeacha ó thríú tíortha seachas an tSín. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur forchuireadh dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí ón Tuirc agus ón India i mí Feabhra 2023 (70).

(194)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas agus ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí tíleanna ceirmeacha ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

An Tuirc

Méid (m2)

40 195 746

46 262 976

50 574 756

51 524 789

 

Innéacs

100

115

126

128

 

Sciar den mhargadh (%)

5,0

5,7

5,9

6,1

 

Innéacs

100

115

118

122

 

Meánphraghas (EUR/m2)

6,19

6,13

6,49

7,43

 

Innéacs

100

99

105

120

An India

Méid (m2)

20 327 952

25 519 834

32 429 803

30 587 140

 

Innéacs

100

126

160

150

 

Sciar den mhargadh

2,5  %

3,1  %

3,8  %

3,6  %

 

Innéacs

100

125

150

144

 

Meánphraghas (EUR/m2)

4,97

5,27

6,29

7,83

 

Innéacs

100

106

127

158

Tríú tíortha eile

Méid (m2)

19 175 187

17 899 114

18 642 336

19 154 352

 

Innéacs

100

93

97

100

 

Sciar den mhargadh (%)

2,4

2,2

2,2

2,3

 

Meánphraghas (EUR/m2)

5,75

6,01

6,70

6,97

 

Innéacs

100

105

116

121

Foinse:

Eurostat

(195)

Tháinig méadú 28 % ar allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú ó 5 % in 2019 go dtí 6,1 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar a sciar den mhargadh. Tháinig méadú 20 % ar phraghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(196)

Tháinig méadú 50 % ar allmhairí ón India le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú ó 2,5 % in 2019 go dtí 3,6 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar a sciar den mhargadh. Tháinig méadú 56 % ar phraghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(197)

Bhí allmhairí ó thríú tíortha eile cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú ó 2,4 % in 2019 go dtí 2,3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar a sciar den mhargadh. Tháinig méadú 21 % ar phraghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(198)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(199)

Mar a luaitear in aithris (31), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(200)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sa mhacraicheistneoir a chuir CET isteach. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(201)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar margaidh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana.

(202)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas chun caipiteal a thiomsú.

(203)

Nuair a chuirtear san áireamh ilroinnt thionscal an Aontais agus an cleachtas a leagadh síos in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an táirge céanna, rinneadh táscairí áirithe micreacnamaíocha i ngach ceann de chatagóirí na dtáirgeoirí a ualú ag úsáid a sciar féin de tháirgeacht iomlán an Aontais. Rinneadh na micreatháscairí ábhartha le haghaidh táirgeoirí móra, meánmhéide agus beaga a ualú bunaithe ar chóimheas 53:19:28, faoi seach. Tá na cóimheasa sin bunaithe ar na sonraí deimhnithe atá ar fáil agus arna gcoinneáil ag CET le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú. Úsáideadh ualú na dtorthaí le haghaidh praghsanna díola, an chostais táirgthe, brabúsachta agus toradh ar infheistíochtaí, i.e. táscairí nach gcinntear nuair a chuirtear torthaí tháirgeoirí sampláilte aonair an Aontais le chéile ach, ina ionad sin, táscairí a chinntear mar chéatadán nó meánluach aonaid, chomh maith leis an meánphraghas onnmhairiúcháin do chustaiméirí neamhghaolmhara tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Áirithítear leis an ualú nach ndearnadh ró-ionadaíocht ar thorthaí na dtáirgeoirí móra sna torthaí maidir le díobháil agus gur léiríodh cás na dtáirgeoirí beaga agus meánmhéide go hiomchuí.

5.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

5.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(204)

Is mar seo a leanas a d'fhorbair táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Méid táirgeachta (m2)

1 197 853 524

1 097 461 664

1 305 299 049

1 250 398 286

Innéacs

100

92

109

104

Acmhainneacht táirgeachta (m2)

1 438 233 198

1 441 597 966

1 444 595 428

1 437 849 886

Innéacs

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

84  %

76  %

90  %

87  %

Innéacs

100

91

108

104

Foinse:

macraicheistneoir

(205)

Bhí an táirgeacht in m2 ag luainiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2020, thit an táirgeacht faoi 8 % de bharr thionchar tosaigh shrianta COVID-19 a d’fhág gur laghdaigh roinnt táirgeoirí a gcuid táirgthe nó gur stop siad ag táirgeadh. Mar sin féin, tháinig méadú 9 % ar an táirgeacht in 2021 bunaithe ar shonraí 2019 toisc gur baineadh srianta COVID-19 agus go raibh tionchar nach beag ag an bpaindéim ar thomhaltas. Tháinig méadú nach beag ar chaiteachas tomhaltóirí ar fheabhsúchán tí an tráth sin. Thit an táirgeacht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe toisc gur thit caiteachas tomhaltóirí ar fheabhsúchán tí chuig gnáthleibhéil arís ach bhí an táirgeacht fós 4 % ní b’airde ná mar a bhí in 2019.

(206)

D’fhan acmhainneacht táirgeachta cobhsaí i rith na tréimhse faoi bhreathnú.

(207)

Bhí úsáid acmhainneachta ag luainiú i gcomhréir le leibhéil táirgeachta agus tháinig méadú 4 % uirthi le linn na tréimhse.

5.5.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(208)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 7

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh (m2)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais

724 176 957

717 723 482

759 100 341

744 844 164

Innéacs

100

99

105

103

Sciar den mhargadh

89,4  %

87,1  %

88,1  %

89,6  %

Innéacs

100

97

98

100

Foinse:

Macraicheistneoir

(209)

Ní raibh aon díolachán faoi chuing ar mhargadh an Aontais de bharr chineál an táirge faoi athbhreithniú.

(210)

Bhí méid na ndíolachán in m2 ag luainiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomhréir leis na luaineachtaí i dtomhaltas ar mhargadh an Aontais. Bhí na forbairtí sin cosúil leis na forbairtí ar tháirgeacht le linn na tréimhse céanna, ach ní raibh méideanna na ndíolachán srianta ag COVID-19 in 2020 toisc gurbh fhéidir iad a dhéanamh le stoc. Mar sin féin, tháinig méadú 5 % ar mhéideanna na ndíolachán in 2021 bunaithe ar shonraí 2019, chun an t-éileamh a bhí níos airde a chomhlíonadh. Thit caiteachas tomhaltóirí ar fheabhsúchán tí chuig gnáthleibhéil arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach bhí méideanna na ndíolachán fós 3 % ní b’airde ná mar a bhí in 2019.

(211)

I dtéarmaí an sciar den mhargadh, thit tionscal an Aontais faoi 3 % in 2020 ach d’aisghabh sé na caillteanais sin faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.2.3.   Fás

(212)

Bhí fás thionscal an Aontais ag luainiú i gcomhréir leis na forbairtí ar thomhaltas agus táirgeacht agus méideanna díolachán thionscal an Aontais. I dtéarmaí an sciar den mhargadh, bhí tionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(213)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe (FTE)

55 089

54 466

54 616

54 551

Innéacs

100

99

99

99

Táirgiúlacht (m2/fostaí)

21 744

20 149

23 900

22 922

Innéacs

100

93

110

105

Foinse:

Macraicheistneoir

(214)

Bhí an fhostaíocht in FTE le linn na tréimhse faoi bhreathnú cobhsaí den chuid ba mhó. Coinníodh na leibhéil fostaithe cobhsaí d’ainneoin na luaineachtaí i dtáirgeacht a thaispeántar i dTábla 6 toisc gur cuidíodh le cuideachtaí thionscal an Aontais go pointe áirithe mar gheall ar bheartais éagsúla COVID-19 na mBallstát.

(215)

Toisc go raibh táirgeacht in m2 ag luainiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach d’fhan leibhéil fostaíochta cobhsaí, bhí an táirgiúlacht in aghaidh an fhostaí ag luainiú freisin. Thit an táirgiúlacht faoi 7 % in 2020. Mar sin féin, tháinig méadú 10 % ar an táirgiúlacht in 2021 bunaithe ar shonraí 2019 ach thit sí arís faoi 5 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(216)

Ós rud é go raibh méid na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ní dhearna an Coimisiún ríomh dumpála don tréimhse sin. Mar sin féin, mar a luaitear in aithris (171), bhí an difríocht idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha ag leibhéal suntasach. Anuas air sin, san athbhreithniú éaga roimhe seo inar ríomhadh an dumpáil (71), bhí na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe substaintiúil, ar rátaí idir 66 % agus 231 %.

(217)

D’ainneoin na gcorrlach dumpála substaintiúil san athbhreithniú éaga roimhe seo a bhain le hallmhairí ón tSín, léirítear leis an anailís ar tháscairí díobhála go raibh tionchar dearfach ag na bearta a bhí i bhfeidhm ar thionscal an Aontais maidir le hallmhairí ón tSín. Mar sin féin, rinneadh díobháil do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de bharr thionchar na n-allmhairí ón Tuirc agus ón India.

5.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

5.5.3.1.   Praghsanna agus tosca a dhéanann difear do phraghsanna

(218)

Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid le custaiméirí neamhghaolmhara

7,79

8,06

8,27

8,94

Innéacs

100

103

106

115

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

7,29

7,22

7,83

9,26

Innéacs

100

99

107

127

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte an Aontais

(219)

Tháinig méadú ar mheánphraghsanna díola tháirgeoirí sampláilte an Aontais ó 7,79 go 8,94 EUR/m2 le linn na tréimhse ar a ndearnadh anailís, ar méadú 15 % é. Bhain an méadú 6 % suas go dtí 2021 le dálaí margaidh a bhí ní b’fhabhraí agus a cruthaíodh de bharr phaindéim COVID-19. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tharla méadú mór eile ar phraghsanna nuair a rinne tionscal an Aontais iarracht chun na méaduithe ar chostais a chur ar a gcustaiméirí.

(220)

Tháinig méadú ar mheánchostas in aghaidh m2 de chuid tháirgeoirí sampláilte an Aontais ó 7,29 go 9,26 EUR/m2 le linn na tréimhse ar a ndearnadh anailís, ar méadú 27 % é. Tháinig méadú 7 % ar chostais idir 2019 agus 2021. Mar sin féin, tháinig méadú 20 % eile ar na praghsanna sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(221)

Bhí na hallmhairí ón Tuirc agus ón India ar cheann de na mórthosca a rinne difear do na praghsanna, agus taispeántar iad agus déantar anailís orthu i dTábla 5. Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí sin le linn na tréimhse a ndearnadh anailís uirthi agus rinneadh gnóthachain nach beag leo sa sciar den mhargadh. Bhí meánphraghas na n-allmhairí sin ní b’ísle ar bhonn comhsheasmhach ná meánphraghsanna thionscal an Aontais, a thaispeántar i dTábla 9.

(222)

Ina theannta sin, bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar phraghsanna thionscal an Aontais. Ar an iomlán, bhí tionchar dearfach ag an bpaindéim ar phraghsanna toisc gur cruthaíodh léi dálaí margaidh a bhí ní b’fhearr, mar a mhínítear in aithris (183), i ndáil le tomhaltas.

(223)

I leith na gcostas, bhain an príomhthionchar le méaduithe ar phraghsanna amhábhair agus fuinnimh, arbh iad ba chúis le méadú ar na costais fhoriomlána in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tharla sé sin de thoradh na n-arduithe ar phraghsanna fuinnimh, go háirithe na harduithe siúd a lean as an gcogadh san Úcráin a thosaigh i mí Feabhra 2022.

5.5.3.2.   Costais saothair

(224)

Is mar a leanas a d’fhorbair meánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

36 804

34 880

34 596

34 858

Innéacs

100

95

94

95

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte an Aontais

(225)

Tháinig laghdú 5 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí idir 2019 agus 2020, agus ansin d’fhan siad cobhsaí le linn na coda eile den tréimhse faoi bhreathnú. Bhí tionchar ag beartais fostaíochta COVID-19 na mBallstát éagsúil ar chostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.3.3.   Fardail

(226)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 11

Fardail

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

Stoic dheiridh (m2)

27 178 880

24 910 893

27 661 428

25 251 258

Innéacs

100

92

102

93

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

42,1

41,6

33,2

28,5

Innéacs

100

99

79

68

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte an Aontais

(227)

Tháinig laghdú 7 % ar stoic dheiridh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis na stoic sin mar chéatadán den táirgeacht, thit siad ó 42,1 % in 2019 go dtí 28,5 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar laghdú 32 % é. Is gné thábhachtach den tionscal earraí ceirmeacha iad stoic toisc go ndéantar an chuid is mó de na díolacháin ó stoic. Mar sin féin, tháinig méadú ar phraghsanna gáis agus amhábhair in 2021 agus tháinig luachanna stoic thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chun bheith ina n-ualach trom ar shreafaí airgid. Dá bhrí sin, chinn táirgeoirí sampláilte an Aontais a gcuid stoc a laghdú chuig leibhéil a bhí ní b’inbhuanaithe.

5.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(228)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 12

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2019

2020

2021

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

5,0

6,5

4,1

–0,9

Innéacs

100

130

82

-17

An sreabhadh airgid (EUR)

49 753 845

70 287 254

45 379 169

- 670 081

Innéacs

100

141

91

-1

Infheistíochtaí (EUR)

33 238 212

28 136 814

80 991 601

142 551 682

Innéacs

100

85

244

429

An toradh ar infheistíochtaí (%)

7,0

16,3

10,5

–4,6

Innéacs

100

231

150

-65

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte an Aontais

(229)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais dearfach idir 2019 agus 2021. Mar sin féin, bhí caillteanas 0,9 % ag tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tar éis an bhrabúis 4,1 % in 2021.

(230)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. D’fhorbair an treocht sa ghlansreabhadh airgid i gcomhréir le brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an sreabhadh airgid dearfach idir 2019 agus 2021. Mar sin féin, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’ainneoin gur laghdaigh tionscal an Aontais a fhardail, bhí a shreabhadh airgid diúltach de bharr méadú substaintiúil ar chostais amhábhair agus fuinnimh agus ní raibh an tionscal in ann na praghsanna a mhéadú chun na méaduithe sin ar chostais a chumhdach go leordhóthanach.

(231)

Tháinig méadú ar infheistíochtaí thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó thart ar EUR 33 mhilliún in 2019 chuig breis agus EUR 145 mhilliún le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Rinneadh na hinfheistíochtaí sin i leith na nithe seo a leanas: éadáil sócmhainní a bhí i seilbh cuideachtaí eile laistigh den Ghrúpa céanna roimhe seo; saoráidí táirgeachta nua a chur leis; suiteáil infheistíochtaí chun an réimse tíleanna ceirmeacha a thairgtear sa mhargadh a mhéadú agus trealamh ní b’éifeachtúla a chur in ionad na seansaoráidí.

(232)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. D’fhorbair sé i gcomhréir le brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú freisin. Bhí an toradh ar infheistíochtaí dearfach idir 2019 agus 2021. Mar sin féin, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, de bharr an mhéadaithe ar chostais amhábhair agus fuinnimh arís agus toisc nach raibh an tionscal in ann na praghsanna a mhéadú go leordhóthanach, bhí toradh thionscal an Aontais ar infheistíocht diúltach.

(233)

Mhéadaigh tionscal an Aontais a infheistíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus ní raibh difear déanta ag na caillteanais, a rinneadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, dá chumas chun caipiteal a thiomsú an tráth sin.

(234)

Rinne CCCMC anailís ar na táscairí díobhála a bhí le fáil ar an gcáschomhad agus mhaígh nach raibh tionscal an Aontais i staid lag.

(235)

Taispeánadh le hanailís an Choimisiúin gur tháinig laghdú ar staid thionscal an Aontais (go háirithe na táscairí feidhmíochta i ndáil le brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht) agus gur éirigh sí diúltach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, bunaithe ar anailís iomlán ar na sonraí don tréimhse iomlán faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, ar bhonn na bhfíoras thuas a bailíodh le linn an imscrúdaithe, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCMC.

5.6.   Conclúid maidir leis an staid ar Mhargadh an Aontais

(236)

Measadh gurbh iad na hallmhairí ón Tuirc agus ón India na hallmhairí ba mhó ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, in ionad na n-allmhairí ón tSín. Tháinig méadú ar na hallmhairí ón Tuirc agus ón India, ó thart ar 60 milliún m2 in 2019 go 82 mhilliún m2 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a thaispeántar i dTábla 5. Tháinig méadú ó thart ar 7,5 % in 2019 go 9,7 % ar sciar na n-allmhairí sin den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Suíodh gur bhain praghsanna dumpáilte le formhór na n-allmhairí sin (72). Os a choinne sin, bhí allmhairí ón tSín cothrom le líon is lú ná 7 milliún m2 agus is lú ná 1 % den tomhaltas le linn na tréimhse sin mar a thaispeántar i dTábla 3.

(237)

Bhí macratháscairí thionscal an Aontais nach mór cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus thairbhigh siad beagán den mhéadú 5 % ar thomhaltas. Tháinig méadú 4 % ar tháirgeacht agus úsáid acmhainneachta, tháinig méadú 3 % ar mhéid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais, tháinig laghdú 1 % ar fhostaíocht agus tháinig méadú 5 % ar tháirgiúlacht. Mar sin féin, ní raibh aon mhéadú ar an sciar den mhargadh, rud a mbeadh coinne leis i bhfianaise staid an mhargaidh le linn na tréimhse sin. Dá réir sin, níor chomharthaí fáis a bhí sna feabhsuithe measartha ar fhormhór na macratháscairí i gcomparáid le méid an mhargaidh ach feictear leo nach raibh tionscal an Aontais in ann tairbhiú de staid fhabhrach an mhargaidh de bharr na n-allmhairí dumpáilte. Tá sé sin níos soiléirithe ó na macratháscairí, a léirigh go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairbhigh an tionscal de thréimhse ina raibh dálaí margaidh feabhsaithe, rud ar chabhraigh tionchar phaindéim COVID-19 leis. Mar sin féin, bhí na dálaí margaidh feabhsaithe sin sealadach agus bheadh meath ar dhálaí margaidh tar éis dheireadh phaindéim COVID-19 dá mbarr. Ina theannta sin, bhí arduithe praghsanna ar an margadh ó 2019-2021 teoranta ag praghsanna allmhairiúcháin ísle ón Tuirc agus ón India. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, nuair a tháinig méadú ar chostais thionscal an Aontais de bharr méadú ar chostais amhábhair agus fuinnimh, ní raibh tionscal an Aontais in ann na praghsanna a mhéadú chuig na leibhéil a raibh gá leo de bharr na n-allmhairí dumpáilte ón dá thír sin.

(238)

Ina mbarúlacha tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCMC nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Chuige seo, d’áitigh CCCMC ar dtús gur léirigh na táscairí maicreacnamaíocha treochtaí dearfacha go ginearálta. Ina theannta sin, luaigh CCCMC go raibh na sonraí maicreacnamaíocha lochtach de bharr próiseas féinroghnaithe mar a thugtar air dá dtugtar tuairisc in aithris (41), agus is amhlaidh a bhí anailís díobhála lochtach ann dá bharr. Ina dtuairimse, ba cheart foinsí sonraí malartacha amhail suirbhéanna tionscail nó staidreamh táirgeachta a bheith úsáidte chun na sonraí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais a fhorlíonadh. D’áitigh CCCMC go raibh feidhmíocht mhaicreacnamaíoch ‘dhearfach’ thionscal foriomlán an Aontais ag teacht salach ar na táscairí maicreacnamaíochta diúltacha go ginearálta a díorthaíodh ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(239)

Is é cuspóir an mheasúnaithe díobhála a chinneadh cé acu a lean nó nár lean an díobháil ábhartha ar aghaidh, agus má lean, cé acu a bhí nó nach raibh an díobháil sin de thoradh allmhairí ón tSín. Mar a luaitear in aithris (237), shuigh an Coimisiún gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Tuirc agus ón India ba chúis leis an díobháil ábhartha a aimsíodh i gcomhthéacs dhálaí an mhargaidh a bhí neamhfhabhrach. Bhí díobháil den sórt sin soiléir ó mheasúnú foriomlán ar na táscairí díobhála ach bhí sé soiléir go háirithe ó na micreatháscairí. Tá diúltú an Choimisiúin do na hargóintí a rinneadh maidir le bunú sampla ionadaíoch, mar a luaitear in aithris (45), infheidhme chomh maith céanna maidir leis an maíomh seo. Mar a tugadh le fios thuas, níor sholáthair CCCMC aon fhianaise chun bunús a thabhairt lena mhaíomh gur tharla na torthaí maidir le díobháil de bharr sampla neamhionadaíoch. Bhí an Coimisiún sásta, dá bhrí sin, go raibh a thoradh maidir le díobháil ábhartha fónta agus dá bhrí sin, dhiúltaigh sé do na hargóintí a rinne CCCMC chuige sin.

(240)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach nárbh iad allmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil ábhartha de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO gCUIRFÍ TÚS LE DÍOBHÁIL ARÍS

(241)

Ós rud é gur shuigh an Coimisiún nárbh iad allmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, allmhairí a bhí faoi bhun leibhéil de minimis, rinne sé measúnú chun a chinneadh cé acu an dócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil dá ligfí do na bearta dul as feidhm nó nach ea.

(242)

Chun an dóchúlacht a shuí go gcuirfí tús arís leis an díobháil, díobháil a dhéanfadh allmhairí na Síne: an acmhainneacht táirgeachta agus na hacmhainneachtaí breise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, lena n-áirítear bearta frithdhumpála nó bearta frithchúitimh maidir le tíleanna ceirmeacha i dtríú tíortha eile, iompraíocht tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i margaí tríú tíortha, agus an éifeacht ar staid an Aontais. Cuireadh san áireamh san anailís freisin an méadú ar thomhaltas san Aontas agus brabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

6.1.   Acmhainneachtaí táirgeachta agus acmhainneachtaí breise sa tSín

(243)

Is í Daon-Phoblacht na Síne an táirgeoir tíleanna ceirmeacha is mó ar domhan. Cuimsíonn sí leath de tháirgeacht fhoriomlán an domhain nach mór. Bunaithe ar na figiúir arna soláthar ag CET agus Tuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022, bhí an acmhainneacht táirgeachta iomlán mheasta le haghaidh 2021/2022 os cionn 9 mbilliún m2 tíl (féach aithrisí (76) agus (77)). Mínítear leis na haithrisí sin freisin go raibh na hacmhainneachtaí breise a bhí ar fáil i nDaon-Phoblacht na Síne cothrom le thart ar 2,5 go 3,5 billiún m2. Nuair a mheabhraítear go raibh táirgeacht an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe cothrom le thart ar 1,25 billiún m2 agus nach raibh ach thart ar 850 milliún m2 i gceist le tomhaltas na dtíleanna ceirmeacha le linn na tréimhse céanna, is léir go bhfuil acmhainneacht bhreise na Síne breis agus trí oiread thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(244)

Mar a luaitear in aithrisí (76) go (79), níl aon bhaint mhór ag na laghduithe ar tháirgeacht agus acmhainneacht thionscal na Síne sna blianta roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná ag na cúiseanna leis an laghdú sin, nuair a mheabhraítear an acmhainneacht mhór agus an acmhainneacht bhreise a bhí ann i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Go deimhin, tugtar tuairisc i dTuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022, ar an bhfíoras go raibh an acmhainneacht fós ard de bharr an ráta bhrostaithe i ndáil le hathnuachan trealaimh.

(245)

Ina theannta sin, lean táirgeoirí na Síne orthu ag onnmhairiú cainníochtaí móra tíleanna ceirmeacha. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’ainneoin na titime le déanaí ar acmhainneacht, agus d’ainneoin gur ann do bhearta cosanta trádála i roinnt mhaith geilleagair mhóra (mar a mhínítear i roinn 4.3), luach EUR 4,9 billiún (73) a bhí ag onnmhairí tíleanna ceirmeacha na Síne agus bhí siad cothrom le thart ar 581 mhilliún m2. Chiallaigh sé sin go raibh breis agus 25 % d’onnmhairí ar fud an domhain ag táirgeoirí de chuid na Síne agus léiríodh go soiléir go raibh ról mór ag onnmhairí i bpleanáil táirgeachta na Síne.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(246)

Tá 850 milliún m2 i gceist le margadh tíleanna ceirmeacha an Aontais agus mar gheall air sin tá sé ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Thairis sin, mar a thaispeántar i dTábla 2, tháinig méadú 5 % idir 2019 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar thomhaltas an Aontais den táirge lena mbaineann. Léirítear leis sin go bhfuil tomhaltas an Aontais fós láidir agus go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteach de bharr a mhéide.

(247)

Sular forchuireadh na bearta idir 2007 agus 2010, léiríodh le hallmhairí na Síne thart ar 65 mhilliún m2 ar an meán go bliantúil. Anuas ar na bearta arna bhforchur ar allmhairí na Síne atá faoi réir an athbhreithnithe seo, forchuireadh bearta frithdhumpála ar allmhairí tíleanna ceirmeacha ó Dhaon-Phoblacht na Síne i roinnt mhaith tríú tíortha eile mar a mhínítear in aithris (173), rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne táirgí a onnmhairiú chuig na margaí sin agus méadaítear leis sin tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh, áit ar féidir na honnmhairí sin a atreorú.

6.2.1.   Iompraíocht tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i margaí tríú tíortha

(248)

Toisc thábhachtach eile lena léirítear tarraingteacht mhargadh an Aontais is ea praghas an táirge lena mbaineann, mar a dhíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne é le margaí tríú tíortha. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, USD 6,82 in aghaidh m2 in 2021 agus USD 8,54 in aghaidh m2 in 2022 a bhí i meánphraghas onnmhairiúcháin tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne le margaí tríú tíortha, mar a mhínítear in aithris (84). Léiríonn sé sin thart ar EUR 7 in aghaidh m2 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is éard a bhí i meánphraghas thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe EUR 10,04 in aghaidh m2, mar a thaispeántar thuas i dTábla 9. Dá bhrí sin, is léir, bunaithe ar phraghsanna, go gceapadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne gur ceann scríbe tarraingteach é margadh an Aontais dá gcuid díolachán dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

6.3.   Éifeacht ar chás tionsclaíoch an Aontais

(249)

I bhfianaise na n-acmhainneachtaí breise arda i nDaon-Phoblacht na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais, is dócha go mbeadh méideanna móra tíleanna ceirmeacha ar phraghsanna ísle ar fáil le díol/le hatreorú chuig an Aontas sa ghearrthéarma cheana féin, dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(250)

I dtéarmaí méideanna, tá acmhainneacht bhreise tháirgeoirí na Síne an-ard agus bheadh margadh an Aontais (go háirithe i gcás nach mbeadh dleachtanna frithdhumpála ann) an-tarraingteach do tháirgeoirí na Síne. Nuair a fhéachtar air go coimeádach, is dócha go bhfillfí ar staid a bheadh cosúil le 2007-2010, i.e., sular forchuireadh na bearta frithdhumpála i dtosach, rud a chiallódh go bhfillfeadh 65 mhilliún m2 ar a laghad ar mhargadh an Aontais. Bheadh méid den sórt sin cothrom le beagnach 8 % de mhéid mhargadh an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(251)

Bheadh tionchar mór ag an méid sin ar mhargadh an Aontais toisc gur dhócha go mbeadh a gcuid praghsanna i bhfad ní b’ísle ná praghsanna thionscal an Aontais (i gcomhréir le praghsanna reatha onnmhairí chuig tríú margaí). Le méid mór na n-allmhairí dumpáilte ón tSín a bhfuil coinne leis chuirfí brú anuas substaintiúil ar phraghsanna (ó na foinsí uile) i margadh an Aontais.

(252)

Ina theannta sin, tháinig méadú substaintiúil ar phraghsanna fuinnimh agus ar chostais amhábhair le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar is léir ó Thábla 9. In 2022, tháinig méadú breise ar na costais sin mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh tar éis thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine i mí Feabhra 2022.

(253)

Agus na breithnithe sin á gcur san áireamh, is dócha go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte na Síne iallach ar tháirgeoirí tíleanna ceirmeacha an Aontais praghsanna a laghdú, rud a bheadh laghdú ar mhéideanna táirgeachta agus ar mhéid na ndíolachán agus caillteanas ar an sciar den mhargadh mar thoradh air. Is cinnte go gciallódh sé sin go mbeadh titim eile ar bhrabúsacht i gcomparáid le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a bhí faoi bhun náid cheana féin. Mar gheall ar na dúshláin mhóra eile a bhí roimh an tionscal in 2022 agus atá fós roimhe in 2023 go dtí seo, le forbairt den sórt sin chuirfí todhchaí codanna móra den tionscal i mbaol.

(254)

Rinne CCCMC anailís ar na táscairí díobhála agus ar mhéid, sciar den mhargadh agus praghsanna allmhairí ón tSín a bhí ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú agus ar comhad le linn an imscrúdaithe. Tháinig CCCMC ar an gconclúid nár dhócha go gcuirfí tús le díobháil arís de bharr allmhairí ón tSín.

(255)

Mar a léirítear thuas, ní dhearnadh comparáid san anailís sin idir acmhainneacht agus acmhainneacht bhreise tháirgeoirí na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus méid mhargadh an Aontais. San anailís a rinne CCCMC ní dhearnadh comparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig margaí tríú tíortha agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar mhargadh an Aontais, agus ní raibh measúnú ar tharraingteacht mhargadh an Aontais san áireamh ann. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don anailís sin.

(256)

D’áitigh CCCMC freisin go gceanglaítear le dlí-eolaíocht EDT ar údaráis imscrúdúcháin a dtorthaí maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús le díobháil arís a bhunú ar ‘fhianaise dhearfach’. Ina theannta sin, dúirt CCCMC gurb é an caighdeán a bhí le comhlíonadh go raibh ‘dóchúlacht’ ann go gcuirfí tús le díobháil arís seachas ‘féidearthacht’ nó ‘sochreidteacht’.

(257)

Léirítear go soiléir san anailís a rinne an Coimisiúin in aithrisí (243) go (253) úsáid na fianaise dearfaí i ndáil le hacmhainneachtaí táirgthe agus acmhainneachtaí breise sa tSín, méideanna allmhairí ón tSín agus praghsanna ar mhargaí an Aontais agus ar mhargaí tríú tíortha, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an tionchar dóchúil ar thionscal an Aontais. Ina theannta sin, leis an anailís is léir go gcomhlíontar caighdeán na ‘dóchúlachta’ dá bhforáiltear sa bhun-Rialachán agus i gComhaontú Frithdhumpála EDT araon. Diúltaíodh, dá bhrí sin, do na hargóintí a rinne CCCMC.

(258)

Ina mbarúlacha tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCMC go bhféadfadh fadú neamhtheoranta ar bhearta de shárú ar Airteagal 11 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT agus dlí-eolaíocht EDT is infheidhme a bheith mar thoradh ar chur chuige an Choimisiúin i leith measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht a bhaineann le hatarlú díobhála. D’áitigh CCCMC freisin, nár sholáthair an Coimisiún, ina anailís ar dhóchúlacht díobhála, fianaise dhearfach go ndéanfadh allmhairí ón tSín díobháil do thionscal an Aontais dá n-aisghairfí na bearta frithdhumpála. Thairis sin, mhaígh CCCMC go raibh an anailís ar tharraingteacht mhargadh an Aontais lochtach ó tharla go ndearnadh comparáid mhífhéaráilte inti idir tíleanna ceirmeacha Síneacha a d’fhreastail go príomha ar an mór-ghnáthmhargadh agus praghsanna a ghearrann brandaí cáiliúla Iodálacha nó Spáinneacha.

(259)

Mar a mhínítear in aithris (257), sásaíodh go soiléir in anailís an Choimisiúin an caighdeán dlíthiúil is infheidhme faoin mbun-Rialachán agus faoin gComhaontú Frithdhumpála araon, agus bhí sí bunaithe ar fhianaise dhearfach. Áiríodh sa mheasúnú anailís ar acmhainneachtaí spártha sa tSín agus, in éagmais cainníochtaí suntasacha de dhíolacháin an Aontais, praghsanna díolacháin chuig margaí tríú tír le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bunaíodh an toradh ábhartha chuige sin ar fhianaise shoiléir a bailíodh le linn an imscrúdaithe agus a bhí de chineál a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama. D’easaontaigh an Coimisiún dá bhrí sin go bhfadaítear na bearta ar deireadh mar gheall ar an modheolaíocht a úsáideadh agus nach raibh an t-imscrúdú bunaithe ar fhianaise dhearfach. Ina theannta sin, bhí comparáid an Choimisiúin idir praghsanna na Síne chuig margaí tríú tír agus praghsanna thionscal an Aontais bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don imscrúdú. Mar gheall ar neamh-chomhoibriú ó fhormhór na dtáirgeoirí de chuid na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, níorbh fhéidir na cineálacha tíleanna ceirmeacha a tháirgtear sa tSín agus atá ar fáil le díol ar mhargadh an Aontais a shuí ach amháin trí úsáid a bhaint as foinsí staidrimh mar fhíorais a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí sin.

(260)

Ar bhonn na mbreithnithe thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go gcuirfí tús le díobháil do thionscal an Aontais arís dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

7.   Leas an Aontais

7.1.   Réamhbharúlacha

(261)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí ar bun na bearta atá ann cheana in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

7.2.   Leas Thionscal an Aontais

(262)

Suíodh go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Suíodh, áfach, gur allmhairí ón Tuirc agus ón India ba chúis leis an díobháil. Shuigh an Coimisiún thairis sin, gur dócha dá ligfí do bhearta in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne dul as feidhm, áfach, go gcuirfí tús arís leis an díobháil arbh iad allmhairí ón tSín ba chúis léi toisc go mbeadh tionscal an Aontais neamhchosanta ar allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne i méideanna móra agus brú mór praghsanna á chur acu. Mar iarmhairt air sin, is dócha go dtiocfadh meath mór ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais ar na cúiseanna a dtugtar tuairisc orthu thuas (féach aithrisí (243) go (260)). A mhalairt atá i gceist, dá gcoimeádfaí na bearta sin ar bun, thabharfaí tuilleadh cinnteachta don mhargadh, rud a ligfeadh do thionscal an Aontais filleadh ar a staid dhearfach eacnamaíoch agus é ag oibriú ar mhargadh cothrom iomaíoch.

(263)

Mar a léirítear i dTábla 8, bhí thart ar 55 000 fostaí i dtionscal an Aontais, ar bhonn na coibhéise lánaimseartha, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, cé go raibh an lucht saothair mór sin scaipthe ar fud an Aontais, tá braislí móra táirgeoirí i limistéar Castellon sa Spáinn agus i limistéir áirithe san Iodáil. Is príomhchuid de na geilleagair áitiúla iad na braislí sin.

(264)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go rachadh sé chun leasa thionscal an Aontais leanúint de na bearta.

7.3.   Leas Allmhaireoirí

(265)

Rinneadh teagmháil le breis agus míle allmhaireoir aitheanta ag an gcéim thionscnaimh. Níor tháinig aon cheann de na cuideachtaí sin chun tosaigh sa phróiseas samplála chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart do na bearta dul as feidhm.

(266)

San imscrúdú bunaidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh tionchar mór ar ghníomhaíocht na n-allmhaireoirí dá bhforchuirfí na bearta toisc go bhféadfadh siad, i measc nithe eile, aistriú go foinsí eile soláthair. Thug an Coimisiún dá aire, go deimhin, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus cé gur laghdaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go níos lú ná 1 %, gur shroich allmhairí ó thíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne beagnach 12 % de sciar an mhargaidh (féach Tábla 5) i gcomparáid le 5,3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (74). Ba cheart a thabhairt ar aird go raibh formhór na n-allmhairí ón Tuirc agus ón India faoi réir bearta frithdhumpála ó mhí Feabhra 2023, rud a ligeann dóibh leanúint de dhul isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna córa. Ina theannta sin, tá foinsí eile soláthair amhail Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Úcráin agus an Éigipt fós ann. Ní thugann aon ní eile ar comhad le fios go raibh an chonclúid ar tháinig an Coimisiún uirthi roimhe seo neamhbhailithe.

7.4.   Leas Úsáideoirí agus Tomhaltóirí

(267)

Rinneadh teagmháil le thart ar 200 úsáideoir ag céim thionscnaimh an imscrúdaithe. Mar sin féin, níor tháinig aon úsáideoir ná comhlachas úsáideoirí chun tosaigh chun a dtuairimí a chur in iúl. Sa chás bunaidh, ríomh an Coimisiún tionchar na mbeart ar na tomhaltóirí deiridh agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an tionchar i dtéarmaí costais mhéadaithe in aghaidh an m2 teoranta agus go raibh sé níos lú ná 0,5 EUR/m2. An tráth céanna, 2,2 m2 in aghaidh an duine san Aontas a bhí i dtomhaltas bliantúil meánach na dtomhaltóirí. Dá réir sin, ba é 1,1 EUR/m2 in aghaidh an duine san Aontas an meántionchar ar thomhaltóirí. Ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach in aithrisí (182) go (184) de Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 917/2011, measadh go raibh sé sin neamhábhartha. Ina theannta sin, san imscrúdú bunaidh, rinne an Coimisiún anailís freisin ar thionchar na mbeart ar allmhaireoirí, úsáideoirí agus soláthróirí, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir costais bhreise nó faoi réir soláthar easpach de bharr fhorchur na mbeart. Thángthas ar an gconclúid nach raibh éifeacht mhór ar a ngníomhaíocht de bharr fhorchur na mbeart.

(268)

D’áitigh CCCMC go raibh gá le hallmhairí saora ón tSín ar mhargadh an Aontais chun cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais. Mhaígh CCCMC go dtairbheodh tomhaltóirí an Aontais d’allmhairí saora ón tSín chun cuidiú leo dul i ngleic leis an mboilsciú atá ag ardú agus leis an ngéarchéim fuinnimh.

(269)

Mar sin féin, ní féidir na fadhbanna a bhaineann le praghsanna fuinnimh níos airde agus boilsciú a réiteach trí dheireadh a chur le bearta frithdhumpála ar allmhairí an táirge lena mbaineann, toisc go raibh caiteachas tomhaltóirí ar thíleanna ceirmeacha ina chuid diomaibhseach de bhuiséid na dtomhaltóirí. Ina theannta sin, mar a mhínítear i roinn 7.2, bheadh tionchair dhiúltacha thábhachtacha ar gheilleagar an Aontais dá n-athligfí allmhairí saora ón tSín isteach i margadh an Aontais.

(270)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do na barúlacha ó CCCMC maidir le leas an Aontais.

7.5.   Leasanna iomaíocha a ualú agus a chomhardú

(271)

Agus na leasanna iomaíocha á meá agus á gcomhardú, thug an Coimisiún aird speisialta ar an ngá atá le deireadh a chur leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag dumpáil dhíobhálach ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais. Cé go gcosnódh leanúint na mbeart tionscal tábhachtach de chuid an Aontais, lena n-áirítear roinnt mhaith fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar an dóchúlacht go gcuirfí tús le díobháil arís, tugann an easpa comhair ó allmhaireoirí agus ó úsáideoirí le fios nach mbeadh tionchar diúltach díréireach orthu dá leanfaí de na bearta.

7.6.   Conclúid maidir le Leas an Aontais

(272)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúiseanna láidre ann nár chun leas an Aontais é bearta ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a choimeád ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(273)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís le dumpáil, agus maidir le leas an Aontais., ba cheart na bearta frithdhumpála ar thíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a choinneáil ar bun.

(274)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(275)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(276)

Má thagann méadú mór ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an ngréasán trádála de bharr forchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(277)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir leis an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(278)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (75). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(279)

Féadfaidh onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair ar a onnmhairí a shocrú a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí í faoi réir an ráta dleachta frithdhumpála do chuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a dheonú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) nach bhfuil sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh a d’fhágfadh go bhfuil sé faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála; agus (iii) gur onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann tar éis na tréimhse sin nó go ndeachaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe cainníochtaí substaintiúla a onnmhairiú.

(280)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (76), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(281)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déantar dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí leac ceirmeach agus leac pábhála ceirmeach, tíleanna ceirmeacha teallaigh nó ballaí glónraithe agus neamhghlónraithe; ciúbanna ceirmeacha mósáice glónraithe agus neamhghlónraithe agus a leithéidí, bíodh taca fúthu nó ná bíodh, a thagann faoi Chód AC 6907 faoi láthair, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Dongguan City Wonderful Ceramics Industrial Park Co., Ltd; Guangdong Jiamei Ceramics Co., Ltd

32,0 %

B938

Daon-Phoblacht na Síne

Qingyuan Gani Ceramics Co. Ltd; Foshan Gani Ceramics Co. Ltd

13,9  %

B939

Daon-Phoblacht na Síne

Guangdong Xinruncheng Ceramics Co. Ltd

29,3 %

B009

Daon-Phoblacht na Síne

Shandong Yadi Ceramics Co Ltd

36,5 %

B010

Daon-Phoblacht na Síne

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

30,6 %

 

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

69,7 %

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir meánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Aibreán 2009 go dtí an 31 Márta 2010 (tréimhse an imscrúdúcháin bunaidh);

(b)

ní bhaineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an dleacht; agus

(c)

rinne sé an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na tíre lena mbaineann a onnmhairiú iarbhír nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid mór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   I gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, ina ndéantar an praghas a íocadh nó an praghas atá iníoctha iarbhír a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (77), laghdófar an t-íosphraghas allmhairiúcháin a leagtar amach thuas de réir céatadáin a fhreagraíonn do chionroinnt an phraghais a íocadh nó atá iníoctha iarbhír. Ansin beidh an dleacht is iníoctha cothrom leis an difríocht idir an t-íosphraghas allmhairiúcháin laghdaithe agus an glanphraghas laghdaithe, saor ag teorainn an Aontais, roimh imréiteach custaim.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 917/2011 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 238, 15.9.2011, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/782 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2015 lena gcuirtear cuideachta leis an liosta táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 917/2011 (IO L 124, 20.5.2015, lch. 9).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2179 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 307, 23.11.2017, lch. 25).

(4)   IO C 93, 28.2.2022, lch. 8.

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO C 442, 22.11.2022, lch. 3.

(6)  t22.005570.

(7)   Final Report on Market Distortions in the Chinese Architectural Ceramics Industry [Tuarascáil Chríochnaitheach maidir le Saobhadh Margaidh i dTionscal Earraí Ceirmeacha Ailtireachta na Síne], arna foilsiú an 11 Bealtaine 2022 ag THINK!DESK, Taighde agus Comhairliúchán leis an tSín, arna cur i dtoll a chéile ag an Oll. Dr. Markus Taube, atá in Iarscríbhinn 4 den leagan neamhrúnda den iarraidh.

(8)  DS473 An tAontas Eorpach – Bearta Frithdhumpála maidir le bithdhíosal ón Airgintín.

(9)  Féach https://www.gov.cn/xinwen/2022-03/12/content_5678642.htm (Airteagail 50.6 agus 73.5), arna cheadú an 8 Samhain 2023.

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 917/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2179 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (IO L 41, 10.2.2023, lch. 1).

(11)  Tuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc, na Comhphobail Eorpacha — Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha maidir le Ceanglóirí Iarainn nó Cruach Áirithe as an tSín, DS397, mír 430.

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 627/2012 ón gComhairle an 10 Iúil 2012 lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú eatramhach páirteach agus an t-athbhreithniú éaga a bhaineann leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí de shaic phlaisteacha agus málaí plaisteacha áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne arna fhorchur ag Rialachán (CE) Uimh. 1425/2006. (IO L 182, 13.7.2012, lch. 6).

(13)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(14)  Tá an tuarascáil ar fáil ag https://www.ceramicschina.com/PG_ViewNews_131282.html

(15)   Final Report on Market Distortions in the Chinese Architectural Ceramics Industry [Tuarascáil Chríochnaitheach maidir le Saobhadh Margaidh i dTionscal Earraí Ceirmeacha Ailtireachta na Síne], arna foilsiú an 11 Bealtaine 2022 ag THINK!DESK, Taighde agus Comhairliúchán leis an tSín, arna cur i dtoll a chéile ag an Oll. Dr. Markus Taube, atá in Iarscríbhinn 4 den leagan neamhrúnda den iarraidh.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 (IO L 189, 15.7.2019, lch. 8-67).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 58-59.

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 70-74.

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 75-79. Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin, is é atá sna cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair atá faoi úinéireacht an stáit agus fhiontair phríobháideacha, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí tíleanna ceirmeacha agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 80-95.

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 96-99.

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 100-102.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, aithrisí 103-113.

(24)  Féach ranna 2.3.1 – 2.3.5 den iarraidh ar athbhreithniú éaga.

(25)  Bunaithe ar Guidance Catalogue for Industrial Development and Transfer [An Chatalóg Treoraíochta le haghaidh Forbairt agus Aistriú Tionsclaíoch] (Eagrán 2018). Féach an iarraidh, míreanna 68-69.

(26)  Féach an iarraidh, mír 71.

(27)  Féach an iarraidh, míreanna 72-76.

(28)  Féach an iarraidh, mír 78.

(29)  Féach an iarraidh, míreanna 79-87.

(30)  Féach an iarraidh, míreanna 88-104.

(31)  Airteagail Chomhlachais ar fáil ag: http://www.everjoyhealth.com/web/viewer.html?file=/UploadFiles/2023/79/L133235351136058.pdf

(32)  Féach leathanach 32 de thuarascáil bhliantúil 2022, atá ar fáil ag: http://www.everjoyhealth.com/web/viewer.html?file=/UploadFiles/2023/79/R133235346412152.pdf

(33)  Airteagail Chomhlachais ar fáil ag: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2023/2023-4/2023-04-27/9110553.PDF

(34)  Is é an duine céanna atá i ról an Chathaoirligh ar an mBord Stiúrthóirí agus ról Rúnaí Choiste an Pháirtí. Féach https://static.nfapp.southcn.com/content/202006/22/c3678131.html agus https://baike.baidu.com/item/%E4%BD%95%E6%96%B0%E6%98%8E/15200443

(35)  Féach leathanach 43 agus 44 de Thuarascáil Bhliantúil 2021, atá ar fáil ag: https://www.huidagroup.com/uploadfile/soft/20220426/603385_20220415_32_2021%E5%B9%B4%E5%B9%B4%E5%BA%A6%E6%8A%A5%E5%91%8A.pdf

(36)  Tá an mhír ar fáil ag: http://www.monalisagroup.com.cn/newsview/1264.html

(37)  Féach leathanaigh 37 agus 38 de Thuarascáil Bhliantúil Mona Lisa Group 2022: http://static.cninfo.com.cn/finalpage/2023-03-30/1216260259.PDF

(38)  Treoirlínte maidir leis an Tionscal Ábhar Tógála a Fhorbairt le linn an 14ú Tréimhse den Phlean 5 Bliana, atá ar fáil ag: http://www.cbmf.org/c/2022/09/06/12672.shtml (arna rochtain an 4 Meán Fómhair 2023).

(39)  Ibid., Roinn I.II.

(40)  Ibid., Roinn II.III.

(41)  Ibid., Roinn VIII.II.

(42)  Ibid.., Roinn IV.III.

(43)  Tuairim Treorach, Roinn 1(2).

(44)  Tuairim Treorach, Roinn 7(21).

(45)  Tuairimí Treorach, Roinn 7(25).

(46)  Le fáil ar: http://www.chaozhou.gov.cn/attachment/0/429/429010/3418060.pdf (arna rochtain an 4 Meán Fómhair 2023).

(47)  An Plean Cur Chun Feidhme, Roinn III.7.19.

(48)  Ibid., Roinn III.8.22.

(49)  Ibid., Roinn III.6.17.

(50)  Ibid., Roinn IV.3.

(51)  Féach Fógra 2020/203 ó Rialtas Bardasach Chaozhou, atá ar fáil ag: http://www.chaozhou.gov.cn/attachment/0/491/491711/3688965.pdf (arna rochtain an 4 Meán Fómhair 2023).

(52)  An Plean Gníomhaíochta, Caibidil 1.

(53)  Féach leathanach 138 de Thuarascáil Bhliantúil Shanghai Everjoy Health 2022, atá ar fáil ag: http://www.everjoyhealth.com/web/viewer.html?file=/UploadFiles/2023/79/R133235346412152.pdf

(54)  Féach leathanach 199 de Thuarascáil Bhliantúil Guangdong Dongpeng Holdings 2022, atá ar fáil ag: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2023/2023-4/2023-04-27/9110563.PDF

(55)  Féach leathanach 189 de Thuarascáil Bhliantúil Huida Group 2021, atá ar fáil ag: https://www.huidagroup.com/uploadfile/soft/20220426/603385_20220415_32_2021%E5%B9%B4%E5%B9%B4%E5%BA%A6%E6%8A%A5%E5%91%8A.pdf

(56)  Féach leathanach 165 de Thuarascáil Bhliantúil Mona Lisa Group 2022, atá ar fáil ag: http://static.cninfo.com.cn/finalpage/2023-03-30/1216260259.PDF

(57)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, aithrisí 100–102.

(58)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income

(59)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus atá an táirge faoi athbhreithniú.

(60)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe IO L 123, 19.5.2015, lch. 33 arna leasú le rialachán tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 (IO L 113, 29.4.2017, lch. 11).

(61)  Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(62)  http://www.nso.go.th/sites/2014en/Pages/Statistical%20Themes/Population-Society/Labour/Labour-Force.aspx

(63)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer33/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A&ref_area=THA

(64)  http://www.mea.or.th/en

(65)  http://www.mea.or.th/en/profile/109/114

(66)  https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static, go háirithe Tábla 7.2-4 - Tomhaltas Fuinnimh Deiridh Per Capita.

(67)  https://orbis4.bvdinfo.com/version-201866/orbis/Companies

(68)  http://i-tip.wto.org/goods/Forms/ProductViewNew.aspx?mode=modify&action=search

(69)  Le fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/web/prodcom/data/database

(70)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265.

(71)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2179.

(72)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265.

(73)  Foinse - An tAtlas Trádála Domhanda agus Tuarascáil Earraí Ceirmeacha na Síne 2022.

(74)  Féach aithris 78 de Rialachán (AE) Uimh. 258/2011 ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 70, 17.3.2011, lch. 5).

(75)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(76)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(77)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí comhoibríocha de chuid na Síne:

Ainm

Cód breise TARIC

Dongguan He Mei Ceramics Co. Ltd

B132

Dongpeng Ceramic (Qingyuan) Co. Ltd

B133

Eagle Brand Ceramics Industrial (Heyuan) Co. Ltd

B134

Enping City Huachang Ceramic Co. Ltd

B135

Enping Huiying Ceramics Industry Co. Ltd

B136

Enping Yungo Ceramic Co. Ltd

B137

Foshan Aoling Jinggong Ceramics Co. Ltd

B138

Foshan Bailifeng Building Materials Co. Ltd

B139

Foshan Bragi Ceramic Co. Ltd

B140

Foshan City Fangyuan Ceramic Co. Ltd

B141

Foshan Gaoming Shuncheng Ceramic Co. Ltd

B142

Foshan Gaoming Yaju Ceramics Co. Ltd

B143

Foshan Guanzhu Ceramics Co. Ltd

B144

Foshan Huashengchang Ceramic Co. Ltd

B145

Foshan Jiajun Ceramics Co. Ltd

B146

Foshan Mingzhao Technology Development Co. Ltd

B147

Foshan Nanhai Jingye Ceramics Co. Ltd

B148

Foshan Nanhai Shengdige Decoration Material Co. Ltd

B149

Foshan Nanhai Xiaotang Jinzun Border Factory Co. Ltd

B150

Foshan Nanhai Yonghong Ceramic Co. Ltd

B151

Foshan Oceanland Ceramics Co. Ltd

B152

Foshan Oceano Ceramics Co. Ltd

B153

Foshan Sanshui Hongyuan Ceramics Enterprise Co. Ltd

B154

Foshan Sanshui Huiwanjia Ceramics Co. Ltd

B155

Foshan Sanshui New Pearl Construction Ceramics Industrial Co. Ltd

B156

Foshan Shiwan Eagle Brand Ceramic Co. Ltd

B157

Foshan Shiwan Yulong Ceramics Co. Ltd

B158

Foshan Summit Ceramics Co. Ltd

B159

Foshan Tidiy Ceramics Co. Ltd

B160

Foshan VIGORBOOM Ceramic Co. Ltd

B161

Foshan Xingtai Ceramics Co. Ltd

B162

Foshan Zhuyangyang Ceramics Co. Ltd

B163

Fujian Fuzhou Zhongxin Ceramics Co. Ltd

B164

Fujian Jinjiang Lianxing Building Material Co. Ltd

B165

Fujian Minqing Jiali Ceramics Co. Ltd

B166

Fujian Minqing Ruimei Ceramics Co. Ltd

B167

Fujian Minqing Shuangxing Ceramics Co. Ltd

B168

Gaoyao Yushan Ceramics Industry Co. Ltd

B169

Guangdong Bode Fine Building Materials Co. Ltd

B170

Guangdong Foshan Redpearl Building Material Co. Ltd

B171

Guangdong Gold Medal Ceramics Co. Ltd

B172

Guangdong Grifine Ceramics Co. Ltd

B173

Guangdong Homeway Ceramics Industry Co. Ltd

B174

Guangdong Huiya Ceramics Co. Ltd

B175

Guangdong Juimsi Ceramics Co. Ltd

B176

Guangdong Kaiping Tilee’s Building Materials Co. Ltd

B177

Guangdong Kingdom Ceramics Co. Ltd

B178

Guangdong Monalisa Ceramics Co. Ltd

B179

Guangdong New Zhong Yuan Ceramics Co. Ltd Brainse Shunde Yuezhong

B180

Guangdong Ouya Ceramics Co. Ltd

B181

Guangdong Overland Ceramics Co. Ltd

B182

Guangdong Qianghui (QHTC) Ceramics Co. Ltd

B183

Guangdong Sihui Kedi Ceramics Co. Ltd

B184

Guangdong Summit Ceramics Co. Ltd

B185

Guangdong Tianbi Ceramics Co. Ltd

B186

Guangdong Winto Ceramics Co. Ltd

B187

Guangdong Xinghui Ceramics Group Co. Ltd

B188

Guangning County Oudian Art Ceramic Co. Ltd

B189

Guangzhou Cowin Ceramics Co. Ltd

B190

Hangzhou Nabel Ceramics Co. Ltd

B191

Hangzhou Nabel Group Co. Ltd

B192

Hangzhou Venice Ceramics Co. Ltd

B193

Heyuan Becarry Ceramics Co. Ltd

B194

Guangdong Luxury Micro-crystal stone Technology Co., Ltd

B195

Hitom Ceramics Co. Ltd

B196

Huiyang Kingtile Ceramics Co. Ltd

B197

Jiangxi Ouya Ceramics Co. Ltd

B198

Jingdezhen Tidiy Ceramics Co. Ltd

B199

Kim Hin Ceramics (Shanghai) Co. Ltd

B200

Lixian Xinpeng Ceramic Co. Ltd

B201

Louis Valentino (Inner Mongolia) Ceramic Co. Ltd

B202

Louvrenike (Foshan) Ceramics Co. Ltd

B203

Nabel Ceramics (Jiujiang City) Co. Ltd

B204

Ordos Xinghui Ceramics Co. Ltd

B205

Qingdao Diya Ceramics Co. Ltd

B206

Qingyuan Guanxingwang Ceramics Co. Ltd

B207

Qingyuan Oudian Art Ceramic Co. Ltd

B208

Qingyuan Ouya Ceramics Co. Ltd

B209

RAK (Gaoyao) Ceramics Co. Ltd

B210

Shandong ASA Ceramic Co. Ltd

B211

Shandong Dongpeng Ceramic Co. Ltd

B212

Shandong Jialiya Ceramic Co. Ltd

B213

Shanghai CIMIC Holdings Co., Ltd

B214

Sinyih Ceramic (China) Co. Ltd

B215

Sinyih Ceramic (Penglai) Co. Ltd

B216

Southern Building Materials and Sanitary Co. Ltd of Qingyuan

B217

Tangshan Huida Ceramic Group Co. Ltd

B218

Tangshan Huida Ceramic Group Huiquin Co. Ltd

B219

Tegaote Ceramics Co. Ltd

B220

Tianjin Honghui Creative Technology Co., Ltd

B221

Topbro Ceramics Co. Ltd

B222

Xingning Christ Craftworks Co. Ltd

B223

Zhao Qing City Shenghui Ceramics Co. Ltd

B224

Zhaoqing Jin Ouya Ceramics Company Limited

B225

Zhaoqing Zhongheng Ceramics Co. Ltd

B226

Zibo Hualiansheng Ceramics Co. Ltd

B227

Zibo Huaruinuo Ceramics Co. Ltd

B228

Shandong Tongyi Ceramics Co. Ltd

B229

Onna Ceramic Industries (China) Co., Ltd

B293

Everstone Industry (Qingdao) Co., Ltd

B998

Zhuhai Xuri Ceramics Co., Ltd

C505


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/493/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)