European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/476

22.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 271/2021

an 24 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2024/476]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 a chumhdach (1).

(2)

Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2021/522, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021.

(3)

Ba cheart eintitis arna mbunú i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith gníomhaíochtaí a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis arna mbunú i mBallstáit den Aontas ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.

(4)

I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n-institiúidí, a ngnóthas, a n-eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas le mír 1 d’Airteagal 16 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 0522: Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta arna shocrú sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. 271/2021 ó Chomhchoiste LEE an 24 Meán Fómhair 2021 i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.

Díolmhófar Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 107, 26.3.2021, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/476/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)