European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/475

22.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 277/2021

an 24 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/475]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57 (2) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (1), tá sé le hionchorprú isteach i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5czsa (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘5czsb.

32020 R 1070: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57, mír 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 234, 21.7.2020, lch. 11).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 275/2021 ó Chomhchoiste LEE an 24 Meán Fómhair 2021 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 234, 21.7.2020, lch. 11.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.

(2)  IO L, 2024/479, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/479/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/475/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)