European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/447

1.2.2024

CINNEADH (AE) 2024/447 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2024

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na hAirméine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 85, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagail 47 (1) agus 52 (1) de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go bhféadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a choinneáil le húdaráis tríú tíortha ar bhonn straitéis comhair.

(2)

De bhun Airteagal 56(2)(c) de Rialachán (AE) 2018/1727, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar choinníoll inter alia comhaontú idirnáisiúnta a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(3)

An 1 Márta 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na hAirméine maidir le comhaontú i ndáil leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis inniúla na hAirméine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

(4)

Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na hAirméine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil i mí Dheireadh Fómhair 2022.

(5)

Leis an gComhaontú, is féidir sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla Phoblacht na hAirméine, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint.

(6)

Áirithítear leis an gComhaontú go ndéanfar cearta bunúsacha an Aontais a urramú n-iomláine, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, faoi seach. Go háirithe, áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n-aistriú ag Eurojust faoin gComhaontú a chosaint.

(7)

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2018/1727 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(8)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim 52/2023 an 11 Nollaig 2023.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na hAirméine is inniúil atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (2).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(2)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/447/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)