European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/422

30.1.2024

CINNEADH (CBES) 2024/422 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2024

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Sna Conclúidí uaithi, a glacadh an 14 agus an 15 Nollaig 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an cáineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus meabhraíodh di go bhfuil an tAontas ag tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad agus ag tacú freisin le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint in aghaidh fhogha na Rúise.

(3)

A fhad agus a leantar de shárú a dhéanamh ar an toirmeasc ar úsáid fornirt, ar shárú tromchúiseach ar oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta é, trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

‘1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/422/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)