Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/421 |
30.1.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/421 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2024
lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/72/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Eanáir 2025 agus, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le triúr a scriosadh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025. 2. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an gCinneadh seo. Féadfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh na cuspóirí atá leis.’ |
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).
IARSCRÍBHINN
I ranna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:
14.
Samira Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI;
26.
Dorsaf Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda BEN ALI;
27.
Sirine (Cyrine) Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/421/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)