European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/419

30.1.2024

TREOIRLÍNE (AE) 2024/419 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 18 Eanáir 2024

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/1265 maidir le ráta gearrthéarmach an euro (€STR) (BCE/2019/19)

(BCE/2024/1)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 127(2) agus (5) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12.1. agus 14.3. de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ríomhtar an ráta gearrthéarmach euro (€STR) bunaithe ar fhaisnéis staidrimh ar dheighleog an mhargaidh neamhurraithe í a thuairiscíonn gníomhairí tuairiscithe do na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) nó don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) faoi Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/48). (1) Cuireadh síneadh leis an daonra tuairiscithe iarbhír faoi Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 (BCE/2014/48) le cinneadh ó Chomhairle Rialaithe BCE an 5 Aibreán 2023 de bhun Airteagal 2(3) den Rialachán sin chun institiúidí airgeadais airgeadaíochta áirithe eile a aicmiú mar ghníomhairí tuairiscithe nua. Sula ndéantar an fhaisnéis staidrimh ionchuir arna tuairisciú ag na gníomhairí tuairiscithe nua a chur faoi bhráid chóras ráta gearrthéarmach an euro agus a fháil ann, ní mór faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí agus ar thionchar na faisnéise staidrimh ar an ráta gearrthéarmach euro foilsithe a ndearnadh anailís air. Is gá, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar fhaisnéis staidrimh ionchuir i dTreoirlíne (AE) 2019/1265 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/19) a leasú (2) chun go mbeidh go leor moille idir dáta an chéad tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 (BCE/2014/48) agus úsáid na faisnéise staidrimh faoi seach mar fhaisnéis staidrimh ionchuir chun an ráta gearrthéarmach euro a ríomh.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 5(2a) de Threoirlíne (AE) 2019/1265 (BCE/2019/19) i gcás nach bhfuil ach gníomhaire tuairiscithe amháin atá cónaitheach ina Bhallstát féin ag BCN agus mura n-oibríonn sé ardán bailithe áitiúil, féadfaidh BCE le comhaontú roimh ré ón BCN sin — agus tar éis na nósanna imeachta gnó dá dtagraítear in Airteagal 6(3) — na cúraimí a cheanglaítear ar an BCN a chur i gcrích de bhun Airteagal 5(2) agus a bhaineann le próiseas cinnte an ráta ghearrthéarmaigh euro agus leis na nósanna imeachta iartháirgthe a chur i gcrích thar a cheann. Ar mhaithe le leithdháileadh éifeachtúil acmhainní, agus i bhfianaise shainiúlacht an phróisis faoina gcinntear rátaí gearrthéarmacha agus nósanna imeachta iartháirgthe an euro, na hinfheistíochtaí teicneolaíochta faisnéise (TF) agus oibríochtúla atá déanta cheana ag BCE agus na rioscaí atá i gceist, is iomchuí, áfach, go ndéanfaidh BCE na cúraimí sin thar ceann gach BCN nach n-oibríonn ardán bailithe áitiúil. Beidh sé sin faoi réir comhaontú roimh ré i bhfoirm malartú litreacha idir an BCN lena mbaineann agus BCE.

(3)

Cuirtear an ráta gearrthéarmach euro ar fáil trí Thairseach Sonraí BCE, a tháinig in ionad Stóras Sonraí Staidrimh BCE an 23 Meitheamh 2023.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2019/1265 (BCE/2019/19) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/1265 (BCE/2019/19) mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):

‘(5)

ciallaíonn ‘faisnéis staidrimh ionchuir’ an fhaisnéis staidrimh deighleoige neamhurraithe an mhargaidh a thuairiscíonn gníomhairí tuairiscithe do BCNanna nó do BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 (BCE/2014/48), i gcás ina bhfuil 12 mhí caite ó dháta an chéad tuairiscithe;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

‘(22)

ciallaíonn ‘Tairseach Sonraí BCE (ECB Data Portal)’ seirbhís seachadta sonraí ar líne BCE le haghaidh staidrimh;’;

2.

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

‘(5)   Cuirfear an ráta gearrthéarmach euro ar fáil freisin tríd an ardán Scaipthe Faisnéise Margaidh agus trí Tairseach Sonraí BCE."

;

3.

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2a):

"(2a)   Mura n-oibríonn BCN ardán bailithe áitiúil, féadfaidh BCE le comhaontú roimh ré ón BCN sin i bhfoirm malartaithe litreacha na cúraimí a cheanglaítear ar BCN a dhéanamh de bhun Airteagal 5(2) agus a bhaineann leis an bpróiseas faoina gcinntear rátaí gearrthéarmacha agus nósanna imeachta iartháirgthe an euro a chur i gcrích thar a cheann. Má dhéanann BCE cúraimí den sórt sin a chur i gcrích thar ceann BCN, leanfaidh BCE na nósanna imeachta gnó dá dtagraítear in Airteagal 6(3).’.

Airteagal 2

Teacht in éifeacht

Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht ar an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais an Eurochórais.

Arna déanamh in Frankfurt am Main, an 18 Eanáir 2024.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1333/2014 ón mBanc Ceannais na hEorpach an 26 Samhain 2014 maidir le staidreamh i ndáil leis na margaí airgid (BCE/2014/48) (IO L 359, 16.12.2014, lch. 97).

(2)  Treoirlíne (AE) 2019/1265 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Iúil 2019 maidir leis an ráta gearrthéarmach euro (€STR) (BCE/2019/19) (IO L 199, 26.7.2019, lch. 8).


ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/419/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)