Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/412 |
30.1.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/412 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Eanáir 2024
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (1), a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2004/635/CE ón gComhairle (2). |
(2) |
An 18 Meitheamh 2007, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún caibidliú a dhéanamh ar Phrótacal arna ghabháil leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais (‘an Prótacal’). |
(3) |
Tugadh an chaibidlíocht i gcrích an 8 Márta 2023. |
(4) |
Is é is cuspóir don Phrótacal na rialacha airgeadais agus teicniúla a leagan síos lena gcuirfear ar chumas Phoblacht Arabach na hÉigipte a bheith rannpháirteach i gcláir áirithe de chuid an Aontais. Leis an gcreat cothrománach a bhunaítear leis an bPrótacal, leagtar amach prionsabail le haghaidh bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil agus cuirtear ar chumas Phoblacht Arabach na hÉigipte cúnamh a fháil ón Aontas de bhun na gclár sin, go háirithe cúnamh airgeadais. |
(5) |
Níl feidhm ag an gcreat arna bhunú leis an bPrótacal ach amháin maidir leis na cláir sin dá bhforáiltear leis na gníomhartha dlí bunaithe ábharthago bhféadfach Poblacht Arabach na hÉigipte a bheith rannpháirteach iontu. Dá bhrí sin, le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, níl aon fheidhmiú cumhachtaí i gceist faoi na beartais earnálacha éagsúla a fheidhmítear agus na cláir á mbunú. |
(6) |
Ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais agus ba cheart é a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir an Phrótacail sin a thabhairt i gcrích (3).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de, ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm (4).
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. VAN PETEGHEM
(1) IO L 304, 30.9.2004, lch. 39.
(2) Cinneadh 2004/635/CE ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (IO L 304, 30.9.2004, lch. 38).
(3) Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 2024/409, 30.1.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree/2024/409/oj.
(4) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta sínithe an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/412/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)