European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/407

26.1.2024

CINNEADH (AE) 2024/407 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2024

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir le EDT

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) thug an tAontas Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) i gcrích agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)

De bhun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, tá an t-údarás ag Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh trí chomhthoil.

(3)

Féadfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 13ú cruinniú ón 26 go dtí an 29 Feabhra 2024, cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag 13ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.

(5)

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT in 2016. Bunaíodh an Mheitheal um aontachas Thíomór Thoir (‘an Mheitheal’) an 7 Nollaig 2016. Tionóladh an 6ú cruinniú den Mheitheal an 11 Deireadh Fómhair 2023.

(6)

Tá an chaibidlíocht iltaobhach maidir le réimsí breise a bhaineann le trádáil fós ar siúl. I mí an Mhárta 2023, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach gealltanas ó Thíomór Thoir maidir leis an margadh a oscailt.

(7)

Meastar go gcuirfidh aontachas le EDT go dearfach agus go buan le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe i dTíomór Thoir. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacú le haontachas Thíomór Thoir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is éard a bheidh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, páirt a ghlacadh sa chomhthoil ar thángthas uirthi i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/407/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)