European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/404

11.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/404 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Eanáir 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a mhéid a bhaineann le nuashonruithe ar fhorálacha ábhartha ICAO, leis an nós imeachta a chur i gcrích maidir le teip radachumarsáide agus leis an bhforlíonadh don Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a bhaint

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1), litir (a), agus Airteagal 44(1), litir (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht is infheidhme maidir leis an ngnáth-aerthrácht (dá ngairtear ‘rialacha an aeir’).

(2)

Ní mór forbairtí áirithe a rinne an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) le déanaí a léiriú i rialacha an Aontais. Ba cheart codanna ábhartha de leasú ICAO 45 ar Iarscríbhinn 2, leasuithe 77 agus 79 ar Iarscríbhinn 3, leasú 92 ar Iarscríbhinn 10 Imleabhar II, leasú 52 ar Iarscríbhinn 11 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, leasuithe 7A agus 7B, 8 agus 9 ar Doc 4444 (PANS-ATM) agus leasuithe ar Doc 7030 (Nósanna Imeachta Forlíontacha Réigiúnacha, an réigiún Eorpach (EUR)) a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012, go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart leasú a dhéanamh ar shainmhínithe áirithe a bhaineann leis na dálaí meitéareolaíocha, forálacha áirithe a bhaineann le seirbhís rialaithe aerthráchta, ar nós ceadanna a bhaineann le Rialacha Amharceitilte (‘RAE’) speisialta, gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcás imeacht ón bplean eitilte reatha, tuairiscí giorraithe ar shuíomh, tarchur faisnéise aimsire, agus ceanglais áirithe radaiteileafónaíochta agus foclaíochta, ar nós léiriú ar chatagóir na suaiteachta marbhshrutha, úsáid córas nasctha sonraí i gcumarsáid maidir le seachaint aimsire, agus an cead a bhaineann le bealaí caighdeánacha teachta agus imeachta de réir uirlisí. Ina theannta sin, ba cheart nós imeachta cuimsitheach maidir le teipeanna radachumarsáide a bhunú.

(3)

Nuair a dhéanann leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 difear dá chomhlíontacht le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta ICAO, tá ar na Ballstáit fógra foirmiúil a thabhairt do ICAO faoi leasuithe ina dhiaidh sin ar na difríochtaí a fógraíodh cheana nó faoi aon difríocht nua a chruthaigh na leasuithe ar an Rialachán sin i gcomhréir leis an gCinneadh ábhartha ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais Eorpaigh laistigh de ICAO a leagan síos a mhéid a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh nó a leasú, agus le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh. Thairis sin, i bhfianaise oibleagáidí nua Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) a tugadh isteach le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1139 chun faisnéis a sholáthar maidir le comhlíontacht an Rialacháin sin agus comhlíontacht gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta, níl gá leis an bhForlíonadh don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a thuilleadh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5 agus an forlíonadh don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a scriosadh agus Airteagal 6 a leasú dá réir sin.

(5)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (3) maidir leis na comharthaí atá le húsáid, gan beann ar na coinníollacha léargais, i gcás go dteipfeadh ar an radachumarsáid idir an aonad seirbhísí aerthráchta agus feithiclí nó coisithe sa limistéar ainlithe eitilte in aeradróim, ba cheart Foscríbhinn 1 maidir le Comharthaí a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 a leasú chun na forálacha ábhartha ó Rialachán (AE) 139/2014 a chur san áireamh.

(6)

Tá roinnt mionearráidí dréachtaithe agus cléireachais i bhFoscríbhinn 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012. Dá bhrí sin, ba cheart Foscríbhinn 6 a leasú chun na hearráidí a cheartú.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a leasú dá réir sin.

(8)

Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo a áirithiú agus leibhéal ard aonfhoirmeach de shábháilteacht eitlíochta sibhialta san Aontas á choinneáil ar bun, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt don earnáil agus d’údaráis inniúla na mBallstát oiriúnú do na bearta arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, go háirithe na bearta a bhaineann leis an gcreat nua le haghaidh nós imeachta maidir le teip radachumarsáide agus le haghaidh nósanna imeachta agus foclaíocht na mbealach caighdeánach teachta agus imeachta de réir uirlisí go háirithe. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(9)

Chun cruinneas na bpleananna eitilte arna gcomhdú i gcomhréir le Foscríbhinn 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin a thugtar isteach leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ó dháta a theacht i bhfeidhm.

(10)

Thug an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, agus chuir sí Tuairim Uimh. 02/2023 lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin an 18 Lúnasa 2023.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21:

‘21.

ciallaíonn ‘AIRMET’ faisnéis arna heisiúint ag oifig faireacháin meitéareolaíochta maidir le tarlú nó tarlú a bheadh coinne leis i ndáil le feiniméin aimsire shonracha faoi bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht oibríochtaí aerárthaí íseal-airde agus maidir le forbairt na bhfeiniméan sin in imeacht ama agus tríd an spás, agus nár cuireadh san áireamh cheana é sa réamhaisnéis arna heisiúint le haghaidh eitiltí íseal-airde sa réigiún faisnéise eitilte lena mbaineann nó i bhfo-limistéar de;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe

‘89a:

ciallaíonn ‘oibríochtaí ascnaimh uirlisí’ ascnamh agus tuirlingt ina n-úsáidtear uirlisí le haghaidh treoraíocht loingseoireachta bunaithe ar nós imeachta ascnaimh le huirlisí. Tá dhá mhodh ann chun oibríochtaí ascnaimh uirlisí a fheidhmiú:

(a)

oibríocht dhéthoiseach (2T) ascnaimh uirlisí, ina n-úsáidtear treoraíocht loingseoireachta cliathánaí amháin; agus

(b)

oibríocht thríthoiseach (3T) ascnaimh uirlisí, lena n-úsáidtear treoraíocht loingseoireachta cliathánaí agus ingearaí;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 119:

‘119.

ciallaíonn ‘SIGMET’ faisnéis arna heisiúint ag oifig faireacháin meitéareolaíochta maidir le tarlú nó tarlú a bheadh coinne leis i ndáil le haimsir shonrach faoi bhealach agus feiniméin eile san atmaisféar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht oibríochtaí aerárthaí agus maidir le forbairt na bhfeiniméan sin in imeacht ama agus tríd an spás;’;

(d)

cuirtear isteach na pointí 148, 149, 150 agus 151 seo a leanas:

‘148.

ciallaíonn ‘oifig faireacháin meitéareolaíochta’ oifig a dhéanann faireachán ar dhálaí meitéareolaíocha a dhéanann difear d’oibríochtaí aeir agus a sholáthraíonn faisnéis maidir le tarlú nó tarlú a bheadh coinne leis i ndáil le haimsir shonrach faoi bhealach agus feiniméin eile san atmaisféar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht oibríochtaí aerárthaí laistigh dá réimse freagrachta shonrach;

149.

ciallaíonn ‘tuairisc ar staid an rúidbhealaigh’ tuairisc chaighdeánaithe chuimsitheach a bhaineann le staid dhromchla an rúidbhealaigh agus a héifeacht ar fheidhmíocht thuirlingthe agus éirí de thalamh an eitleáin, staid a ndéantar tuairisc uirthi le cód maidir le staid an rúidbhealaigh;

150.

ciallaíonn ‘galar teagmhálach’ galar ionfhabhtaíoch arb é oibreán tógálach is cúis leis, oibreán a tharchuirtear ó dhuine go duine trí theagmháil dhíreach le duine ionfhabhtaithe nó trí bhealaí neamhdhíreacha ar nós teagmháil le veicteoir, ainmhí, fóimít, táirge nó an comhshaol, nó malartú sreabháin, atá éillithe leis an oibreán tógálach;

151.

ciallaíonn ‘an tsláinte phoiblí’ na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, is é sin stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais cúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas agus maoiniú ar chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta;’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Comhlíontacht

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na rialacha comhchoiteanna agus na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo gan dochar do na forálacha solúbthachta in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus na coimircí in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004.’;

(3)

Scriostar Airteagal 5;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunóidh an Coimisiún nós imeachta buan, le tacaíocht ó Eurocontrol agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus anailís ar aon leasú arna ghlacadh faoi chuimsiú Choinbhinsiún Chicago atá ábhartha i ndáil le raon feidhme an Rialacháin seo; agus

(b)

i gcás inar gá, chun tograí a fhorbairt le haghaidh leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.’;

(5)

déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025, cé is moite de phointe (22) den Iarscríbhinn, a mbeidh feidhm aige ón dáta theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 ( IO L 281, 13.10.2012, lch. 1

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an pointe SERA.3212 seo a leanas:

SERA.3212

Éiginnteacht maidir leis an suíomh i dtaca leis an limistéar ainlithe eitilte ag aeradróim ina gcuirtear seirbhísí aerthráchta ar fáil

(a)

Ach amháin mar a fhoráiltear i bpointe (b), píolóta atá in amhras maidir le suíomh an aerárthaigh i ndáil leis an limistéar ainlithe eitilte, déanfaidh sé an méid a leanas láithreach:

(1)

cuirfidh sé an t-aerárthach ina stad; agus

(2)

tabharfaidh sé fógra an tráth céanna don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí faoi na himthosca (lena n-áirítear an suíomh deireanach atá ar eolas).

(b)

I gcás ina mbeidh amhras ar phíolóta maidir le suíomh an aerárthaigh i ndáil leis an limistéar ainlithe eitilte, ach go n-aithníonn sé go bhfuil an t-aerárthach ar rúidbhealach, déanfaidh an píolóta an méid a leanas láithreach:

(1)

tabharfaidh sé fógra don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí faoi na himthosca (lena n-áirítear an suíomh deireanach atá ar eolas);

(2)

más féidir leis bealach innlithe oiriúnach in aice láimhe a aimsiú, fágfaidh sé an rúidbhealach chomh tapa agus is féidir, ach amháin má thugann an t-aonad seirbhísí aerthráchta a mhalairt de threoir dó; agus ansin,

(3)

cuirfidh sé an t-aerárthach ina stad.

(c)

Tiománaí feithicle a bhfuil amhras air faoi shuíomh na feithicle maidir leis an limistéar ainlithe eitilte, déanfaidh sé an méid a leanas láithreach:

(1)

tabharfaidh sé fógra don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí faoi na himthosca (lena n-áirítear an suíomh deireanach atá ar eolas);

(2)

an tráth céanna, mura dtugann an t-aonad seirbhísí aerthráchta a mhalairt de threoir dó, fágfaidh sé an limistéar tuirlingthe, an bealach innlithe, nó cuid eile den limistéar ainlithe eitilte chomh tapa agus is féidir; agus ansin,

(3)

cuirfidh sé an fheithicil ina stad.’;

(2)

i bpointe SERA.5005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh de phointe (b):

‘Ach amháin i gcás ina bhfaightear cead ó aonad rialaithe aerthráchta, ní éireoidh eitiltí VFR de thalamh ná ní thuirlingeoidh siad ag aeradróm laistigh de chrios rialaithe, ná ní rachaidh siad isteach i gcrios tráchta aeradróim nó i gciorcad tráchta aeradróim, nuair atá na dálaí meitéareolaíochta arna dtuairisciú ag an aeradróm sin faoi bhun na n-íosdálaí a leanas:’;

(3)

leasaítear pointe SERA.5010 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Féadfar eitiltí VFR speisialta a údarú chun oibriú laistigh de chrios rialaithe, faoi réir chead ATC. Ach amháin má cheadaíonn an t-údarás inniúil i gcásanna speisialta a bhaineann le héileacaptair, amhail eitiltí póilíneachta, leighis, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus comhraic dóiteáin, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ní eiseoidh aonad rialaithe aerthráchta cead VFR speisialta d’aerárthaigh chun éirí de thalamh ná chun teacht chun talún ag aeradróm laistigh de chrios rialaithe, ná chun dul isteach ar chuaird tráchta aeradróim laistigh de chrios rialaithe, agus na dálaí meitéareolaíochta arna dtuairisciú ag an aeradróm sin faoi na híosdálaí seo a leanas:

(1)

léargas talún níos lú ná 1 500 m nó, i gcás héileacaptar, níos lú ná 800 m;

(2)

néalsíleáil níos lú ná 180 m (600 troigh).’;

(4)

leasaítear pointe SERA.8015 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Oibríocht faoi réir ceada:

(1)

Gheofar cead rialaithe aerthráchta sula n-oibrítear eitilt rialaithe, nó cuid d’eitilt mar eitilt rialaithe. Iarrfar cead den sórt sin trí phlean eitilte a chur faoi bhráid aonad rialaithe aerthráchta.

(2)

Nuair a shonraítear i bplean eitilte go mbeidh an chuid tosaigh den eitilt neamhrialaithe, agus go mbeidh an chuid ina dhiaidh sin faoi réir seirbhís rialaithe aerthráchta, gheobhaidh an fhoireann eitilte an cead ón aonad rialaithe aerthráchta iomchuí sula rachaidh an t-eitleán isteach sa limistéar ina gcuirfear tús leis an eitilt rialaithe.

(3)

Nuair a shonraítear i bplean eitilte go mbeidh an chuid tosaigh d’eitilt faoi réir seirbhís rialaithe aerthráchta, agus go mbeidh an chuid ina dhiaidh sin neamhrialaithe, déanfar an t-aerárthach a cheadú de ghnáth go dtí an pointe ag a gcríochnóidh an eitilt rialaithe.

(4)

Cuirfidh an píolóta atá i gceannas ar an aerárthach an t-aonad rialaithe aerthráchta ar an eolas mura bhfuil cead rialaithe aerthráchta sásúil. Sna cásanna sin, eiseoidh an t-aonad rialaithe aerthráchta cead leasaithe, más indéanta.

(5)

Aon uair a iarrfaidh aerárthach cead lena mbaineann tosaíocht, cuirfear isteach tuarascáil ina míneofar an gá atá le tosaíocht den sórt sin, má iarrann an t-aonad rialaithe aerthráchta iomchuí é.

(6)

Ath-cheadú féideartha le linn eitilte. Más rud é, roimh imeacht don eitleán, go meastar, ag brath ar bhuanseasmhacht an bhreosla agus faoi réir ath-cheadú le linn eitilte, go bhfuil seans ann go ndéanfar cinneadh dul ar aghaidh chuig aeradróm cinn scríbe athbhreithnithe, cuirfear in iúl amhlaidh do na haonaid rialaithe aerthráchta iomchuí tríd an bhfaisnéis a bhaineann leis an aerbhealach athbhreithnithe (más eol sin) agus leis an gceann scríbe athbhreithnithe a chur isteach sa phlean eitilte.

(7)

Ní dhéanfaidh aerárthach a oibrítear ar aeradróm rialaithe aerinleadh sa limistéar ainlithe eitilte gan cead a fháil ón túr rialaithe aeradróim agus comhlíonfaidh sé aon treoir a thabharfaidh an t-aonad sin.

(8)

I gcás ina ndéantar bealach díreach nach n-áirítear sa phlean eitilte a shainaithint nó a threorialú, rud a thógann eitilt IFR ó bhealach ATS nó nós imeachta uirlisí foilsithe, eiseoidh rialtóir aerthráchta a sholáthraíonn seirbhís faireachais ATS cead sa chaoi is go mbeidh an glanadh constaicí forordaithe ann i gcónaí go dtí go sroicheann an t-aerárthach an pointe ag a bhfilleann an píolóta ar bhealach an phlean eitilte nó ina dtéann sé isteach i mbealach ATS nó nós imeachta uirlisí foilsithe.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d)(3) agus (d)(4):

‘(3)

bealach na heitilte:

(i)

déanfar bealach na heitilte a mhionsonrú i ngach cead nuair a mheastar go bhfuil gá leis;

(ii)

ní úsáidfear an frása ‘bealach pleanáilte eitilte ceadaithe’ agus ath-chead á dheonú;

(4)

leibhéal nó leibhéil eitilte don bhealach iomlán nó do chuid de agus athruithe ar na leibhéil más gá;’;

(c)

cuirtear isteach na pointí (e)(5) agus (e)(6) a leanas;

‘(5)

Tiománaithe feithiclí atá ag feidhmiú nó a bhfuil beartaithe aige feidhmiú sa limistéar ainlithe eitilte, aisléamhfaidh sé don rialtóir aerthráchta an chuid de na treoracha a bhaineann le sábháilteacht agus a tarcuireadh le glór e.g. treoracha maidir le dul isteach ar aon rúidbhealach oibríochtúil nó ar aon bhealach innlithe nó maidir le stopadh rompu, dul trasna iad nó feidhmiú orthu.

(6)

Éistfidh an rialaitheoir leis an aisléamh chun a chinntiú gur admhaigh tiománaí na feithicle go bhfuair sé an treoir mar is ceart agus gníomhóidh sé láithreach chun aon neamhréireacht a nochtadh leis an aisléamh a cheartú.’;

(5)

leasaítear pointe SERA.8020 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Diallais ón bplean eitilte reatha. I gcás ina n-imíonn eitilt rialaithe ón bplean eitilte reatha de thaisme, déanfar an ghníomhaíocht seo a leanas:

(1)

Diallas ón rian: mura bhfanann an t-aerárthach ar an rian, déanfar beart láithreach chun treo-cheann an aerárthaigh a chur ar ais ar an rian arís a luaithe is féidir.

(2)

Diallas ón Mach-uimhir/aerluas léirithe a shann an rialú aerthráchta: cuirfear an t-aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí ar an eolas láithreach.

(3)

Diallas ón Mach-uimhir/fíor-aerluas: má thagann athrú níos mó ná Mach 0,02, móide nó lúide, ar an Mach-uimhir/fíor-aerluas ar an airde cúrsála eitilte nó athrú níos mó ná 19 km/h (10 kt) ar an bhfíor-aerluas i gcomparáid leis an bplean eitilte reatha, cuirfear an t-aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí ar an eolas faoi sin.

(4)

Athrú ar an meastachán ama: ach amháin i gcás ina bhfuil ADS-C gníomhachtaithe agus inseirbhíse in aerspás ina soláthraítear seirbhísí ADS-C, más rud é go n-athraíonn an meastachán ama le haghaidh an chéad phointe tuairiscithe eile is infheidhme, le haghaidh theorainn réigiún na faisnéise eitilte nó le haghaidh an aeradróim cinn scríbe, cibé acu is túisce, athruithe is faide ná 2 nóiméad ón meastachán ama a cuireadh in iúl roimhe sin do na seirbhísí aerthráchta, nó cibé tréimhse ama eile a fhorordóidh an t-údarás inniúil, tabharfaidh an fhoireann eitilte fógra don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí a luaithe is féidir.

(5)

Ina theannta sin, nuair a bheidh comhaontú ADS-C i bhfeidhm, cuirfear an t-aonad seirbhísí aerthráchta ar an eolas go huathoibríoch trí nasc sonraí aon uair a tharlaíonn athruithe thar na luachanna tairsí a shonraítear i gconradh teagmhais ADS-C.’;

(b)

cuirtear isteach an pointe (c)(3) a leanas:

‘(3)

Athrú ar an Mach-uimhir/fíor-aerluas: aitheantas aerárthaigh; Mach-uimhir/fíor-aerluas iarrtha.’;

(6)

leasaítear pointe SERA.8025 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (3)(a);

(b)

cuirtear isteach na pointí (b) agus (c) seo a leanas:

‘(b)

Agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais in SERA.14065 maidir le hathrú ar an gcumarsáid, beidh na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil suímh:

(1)

aitheantas aerárthaigh;

(2)

an suíomh;

(3)

an t-am;

(4)

luas, má shannann ATC é; agus

(5)

eilimintí eile de réir mar a threoraíonn ATC iad.

(c)

Déanfar na heilimintí a thuairiscítear i bpointe (b) a thuairisciú mar a thuairiscítear i bpointe 2 de Phointe A d’Fhoscríbhinn 5.’;

(7)

i bpointe SERA.8035, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Má choisceann teip cumarsáide comhlíonadh phointe (a), leanfar na nósanna imeachta maidir le clistí cumarsáide, mar a shonraítear in SERA.14083.’;

(8)

leasaítear pointe SERA.9010 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(8):

‘(8)

staid dhromchla an rúidbhealaigh;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(8):

‘(8)

staid dhromchla an rúidbhealaigh;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(7):

‘(7)

staid dhromchla an rúidbhealaigh/na rúidbhealaí atá le húsáid le haghaidh éirí de thalamh;’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.12020:

SERA.12020

Malartú na n-aerthuarascálacha

(a)

Tarchuirfidh aonaid seirbhísí aerthráchta, a luaithe is indéanta, tuarascálacha speisialta agus neamhghnátha aerthuarascálacha chuig:

(1)

aerárthaí eile lena mbaineann;

(2)

an oifig faireacháin meitéareolaíochta ghaolmhar (MWO) i gcomhréir le pointe 3 de Phointe A d’Fhoscríbhinn 5; agus

(3)

na haonaid seirbhísí aerthráchta eile lena mbaineann:

(b)

Nuair a fhaigheann na haonaid seirbhísí aerthráchta aerthuarascálacha speisialta trí chumarsáid ghutha a bhaineann le héifeachtacht an choscánaithe nach bhfreagraíonn don tuarascáil ar staid an rúidbhealaigh, cuirfidh siad ar aghaidh iad gan mhoill chuig an oibreoir aeradróim iomchuí.

(c)

Déanfar an tarchur chuig aerárthach arís ag minicíocht ar leath agus leanfar leis ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an t-aonad seirbhísí aerthráchta lena mbaineann.’;

(10)

cuirtear é seo a leanas in ionad theideal Roinn 13:

ROINN 13

Trasfhreagróir SSR agus tarchuradóirí ADS-B ’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.13015:

SERA.13015

Socrú aitheantais aerárthaigh ar bord

(a)

Aerárthach atá feistithe le tarchuradóir Mhód S nó ADS-B ag a bhfuil gné aitheantas aerárthaigh, déanfaidh sé an t-aitheantas aerárthaigh a tharchur mar a shonraítear sa phlean eitilte nó, i gcás nár comhdaíodh aon phlean eitilte, déanfaidh siad clárú an aerárthaigh a tharchur, ach amháin má tá formheas ag an oibreoir aerárthaigh ón údarás inniúil chun úsáid a bhaint as ní eile seachas clárú an aerárthaigh mar aitheantas aerárthaigh le haghaidh eitiltí gan plean eitilte.

(b)

Aon uair a fheictear ar an taispeána staide go bhfuil an t-aitheantas aerárthaigh arna tharchur ag aerárthach ag a bhfuil tarchuradóir Mhód S nó ADS-B éagsúil leis an aitheantas a bhfuiltear ag súil leis ón aerárthach, iarrfar ar an bpíolóta an t-aitheantas aerárthaigh ceart a dheimhniú agus, más gá, é a chur isteach arís.

(c)

Más rud é, tar éis don phíolóta a dheimhniú gur socraíodh an t-aitheantas aerárthaigh ceart ar ghné aitheantais tharchuradóir Mhód S nó ADS-B, go leanann an neamhréireacht de bheith ann, déanfaidh an t-aonad seirbhísí aerthráchta na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(1)

cuirfidh sé an píolóta ar an eolas faoin neamhréireacht leanúnach;

(2)

más féidir, ceartóidh sé an lipéad ar an taispeána staide ar a dtaispeánfar an t-aitheantas aerárthaigh; agus

(3)

tabharfaidh sé fógra don chéad suíomh rialaithe eile agus d’aon aonad eile lena mbaineann a úsáideann Mód S nó ADS-B chun críocha aitheantais go bhfuil an t-aitheantas aerárthaigh a tharchuireann an t-aerárthach earráideach.’;

(12)

i bpointe SERA.14035, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(1):

‘(1)

Déanfar gach uimhir a úsáidtear chun comhartha glao, treo-chinn, treo agus luas gaoithe, agus rúidbhealach an aerárthaigh a tharchur trí gach digit a fhógairt ar leithligh.

(i)

Tarchuirfear leibhéil eitilte trí gach digit a fhógairt ar leithligh, ach amháin i gcás leibhéil eitilte ina gcéadta iomláine.

(ii)

Déanfar an coigeartú airdemhéadair a tharchur trí gach digit a fhógairt ar leithligh, ach amháin i gcás coigeartú 1 000 hPa, rud a tharchuirfear mar ‘ONE THOUSAND’ (MÍLE).

(iii)

Déanfar gach uimhir a úsáidtear i dtarchur na gcód trasfhreagróra a tharchur trí gach digit a fhógairt ar leithligh ach amháin, nuair nach bhfuil na cóid trasfhreagróra ach ina mílte iomláine, tarchuirfear an fhaisnéis tríd an digit a fhógairt i líon na mílte agus an focal ‘THOUSAND’ (MÍLE) ina dhiaidh.’;

(13)

i bpointe SERA.14045, cuirtear an pointe (c) a leanas leis:

‘(c)

Ní úsáidfear an nath ‘TAKE-OFF’(ÉIRÍ DE THALAMH) sa radaiteileafónaíocht ach amháin nuair a thugtar cead d’aerárthach éirí de thalamh nó nuair a chuirtear cead éirí de thalamh ar ceal.’;

(14)

leasaítear pointe SERA.14065 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Mura bhforordaíonn an ANSP atá freagrach as seirbhísí a sholáthar a mhalairt, arb é an ANSP é atá formheasta ag an údarás inniúil, beidh na heilimintí seo a leanas sa chéad ghlao ar aonad seirbhísí aerthráchta tar éis athrú ar an gcainéal cumarsáide gutha idir aer agus talamh:

(1)

ainmniú an aonaid ATS ar a bhfuiltear ag glaoch;

(2)

comhartha glao agus an focal ‘Heavy’ (Trom) nó ‘Super’ (An-trom) díreach ina dhiaidh sin, a chomhfhreagraíonn, de réir mar is iomchuí, do chatagóir suaiteachta marbhshrutha an aerárthaigh;

(3)

an leibhéal, lena n-áirítear leibhéil pasála agus imréitithe, mura gcoinnítear an leibhéal imréitithe ar bun;

(4)

luas, má shannann ATC é; agus

(5)

eilimintí breise, de réir mar a éilíonn an ANSP atá freagrach as seirbhísí a sholáthar agus formheasta ag an údarás inniúil.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(2):

‘(2)

comhartha glao, comhartha glao agus an focal ‘Heavy’ (Trom) nó ‘Super’ (An-trom) díreach ina dhiaidh sin, a chomhfhreagraíonn, de réir mar is iomchuí, do chatagóir suaiteachta marbhshrutha an aerárthaigh;’;

(15)

cuirtear isteach an pointe SERA.14083 seo a leanas:

SERA.14083

Nósanna imeachta um theip cumarsáide raidió

(a)

I gcás nach mbeidh aerárthach in ann SERA.8035, pointe (a) a chomhlíonadh, déanfaidh an fhoireann eitilte iarracht teagmháil a dhéanamh ar an gcainéal a úsáideadh roimhe sin agus, mura n-éiríonn leis, ar chainéal eile atá oiriúnach don bhealach. Má theipeann ar na hiarrachtaí sin, déanfaidh an fhoireann eitilte iarracht cumarsáid a dhéanamh leo siúd seo a leanas:

(1)

an t-aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí;

(2)

aonaid seirbhísí aerthráchta eile; nó

(3)

aerárthaí eile,

trí úsáid a bhaint as gach modh atá ar fáil, lena n-áirítear, inter alia, nasc sonraí, gutháin satailíte agus fóin phóca agus, nuair a éiríonn le ceann de na modhanna sin, é a chur in iúl nach bhféadfaí teagmháil a dhéanamh ar an gcainéal sannta.

(b)

Nuair nach bhfaighfear cumarsáid a bhfuiltear ag súil léi ó aerárthach laistigh de thréimhse ama a fhágann go bhfuil amhras ann gur tharla teip cumarsáide, nó arna iarraidh sin d’aonaid seirbhísí aerthráchta eile, glaofaidh an rialtóir aerthráchta an t-aerárthach ar na minicíochtaí a gcreidtear go bhfuil an t-aerárthach ag éisteacht leo, agus:

(1)

nuair atá seirbhís faireachais á soláthar ag an rialtóir aerthráchta, déanfaidh sé cinneadh de ghnáth i dtaobh an bhfuil glacadóir an aerárthaigh ag feidhmiú nó nach bhfuil, agus má tá, leanfaidh sé de sheirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar trí úsáid a bhaint as cód SSR/athruithe tarchuir ADS-B nó as tarchur IDENT chun admháil a fháil go bhfuarthas na ceadanna a eisíodh don aerárthach;

(2)

mura n-éireoidh leis, déanfaidh an t-aonad rialaithe aerthráchta an méid seo a leanas:

(i)

iarrfaidh sé ar aonaid seirbhísí aerthráchta eile cúnamh a thabhairt trí ghlaoch a chur ar an aerárthach agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais, más gá;

(ii)

iarrfaidh sé ar aerárthaí ar an mbealach iarracht a dhéanamh cumarsáid a dhéanamh leis an aerárthach agus teachtaireachtaí a chur ar ais, más gá;

(iii)

tionscnóidh sé an fógra don oibreoir aerárthaigh, a luaithe is féidir, maidir le haon teip ar an gcumarsáid talamh go haer;

(3)

má theipeann ar na hiarrachtaí a thuairiscítear i bpointí (2)(i) agus (2)(ii), ní dhéanfar ceadanna rialaithe aerthráchta a tharchur go dall chuig aerárthach, ach amháin arna iarraidh sin go sonrach don tionscnóir. Ba cheart teachtaireachtaí eile a tharchur trí tharchur dall ar na minicíochtaí ar a gcreidtear go bhfuil an t-aerárthach ag éisteacht.

(c)

I gcás nach mbeidh aerárthach in ann pointe SERA.8035(a) a chomhlíonadh agus nach n-éiríonn leis na hiarrachtaí a thuairiscítear i bpointe (a) de SERA.14083 chun cumarsáid a bhunú, cuirfear na nósanna imeachta um theip cumarsáide raidió a thuairiscítear thíos i bhfeidhm:

(1)

Nuair is cuid den trácht aeradróim ag aeradróm rialaithe é an t-aerárthach, beidh sé ag faire amach do threoracha a fhéadfar a eisiúint le comharthaí amhairc.

(2)

Socróidh an t-aerárthach an trasfhreagróir ar Chód 7600 Mód A agus/nó socróidh sé an tarchuradóir ADS-B chun caillteanas cumarsáide idir aer agus talamh a léiriú agus chun na nósanna imeachta a thuairiscítear i bpointí (3), (4), (5) agus (6) a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí.

(3)

Leanfaidh eitilt VFR d’eitilt i staid mheitéareolaíoch amharc-eitilte, tuirlingeoidh sé ag an aeradróm oiriúnach is gaire, agus tuairisceoidh sé a theacht isteach tríd an modh is gasta don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí.

(4)

Ach amháin mar a fhoráiltear i bpointe (5), déanfaidh eitilt IFR an méid seo a leanas:

(i)

an luas agus an leibhéal deiridh sannta a choinneáil ar bun, nó íosairde eitilte más airde í, ar feadh tréimhse 20 nóiméad tar éis na nithe a leanas:

(A)

mainneachtain an aerárthaigh tuarascáil riachtanach a dhéanamh; nó

(B)

an t-am a shocraítear an trasfhreagróir ag 7 600 agus/nó a tharchuirtear an modh éigeandála agus/nó práinne ADS-B iomchuí má sholáthraítear an tseirbhís faireachais,

agus ina dhiaidh sin an leibhéal agus an luas a choigeartú i gcomhréir leis an bplean eitilte comhdaithe arna leasú le teachtaireachtaí moille agus modhnaithe ar an bplean eitilte comhdaithe;

(ii)

agus é á threorialú nó tar éis dó treoir a fháil ó ATC imeacht ón mbealach trí úsáid a bhaint as loingseoireacht limistéir (RNAV):

(A)

le teorainn shonraithe, leanúint ar aghaidh go dtí an teorainn sin, ansin filleadh ar an mbealach deireanach a fuarthas, agus a admhaíodh go bhfuarthas, agus an íosairde eitilte is infheidhme á cur san áireamh; nó

(B)

gan teorainn shonraithe, filleadh ar an mbealach deireanach a fuarthas, agus a admhaíodh go bhfuarthas, tráth nach déanaí ná an chéad phointe suntasach eile, agus íosairde na heitilte is infheidhme á cur san áireamh;

(iii)

dul ar aghaidh de réir an cheada bealaigh is déanaí a fuarthas, agus a admhaíodh go bhfuarthas, chuig an suíomhchinntiú nó áis loingseoireachta ainmnithe iomchuí atá san aeradróm cinn scríbe agus, nuair is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar pointe (iv) thíos, an suíomhchinntiú nó áis sin a choinneáil go dtí go dtosóidh an tuirlingt;

(iv)

tús a chur leis an tuirlingt ón suíomhchinntiú nó áis loingseoireachta mar a shonraítear i bpointe (iii) ag an am ascnaimh ionchasach a fuarthas agus a admhaíodh go bhfuarthas, nó chomh gar agus is féidir don am sin; nó, mura bhfuarthas am ascnaimh ionchasach agus murar admhaíodh go bhfuarthas é, ag an am teachta measta, nó chomh gar agus is féidir don am sin;

(v)

nós imeachta ascnaimh le huirlisí a chur i gcrích mar a shonraítear le haghaidh an tsuímhchinntithe nó na háise loingseoireachta ainmnithe; agus

(vi)

teacht chun talún, más féidir, laistigh de 30 nóiméad tar éis an ama teachta mheasta a shonraítear i bpointe (iv) nó tar éis an ama ascnaimh ionchasaigh deiridh a admhaíodh go bhfuarthas, cibé acu is déanaí.

(5)

Comhlíonfaidh eitilt IFR a leanann bealach caighdeánach imeachta de réir uirlisí nó bealach caighdeánach teachta de réir uirlisí na nósanna imeachta maidir le teip cumarsáide raidió a shonraítear sa Chairt Chaighdeánach Imeachta – Uirlisí (SID) nó Cairt Chaighdeánach Teachta – Uirlisí (STAR) nuair a sholáthraítear í.

(6)

Má bhíonn staid mheitéareolaíoch amharc-eitilte roimh eitilt IFR agus má chinneann an píolóta i gceannas leanúint de bheith ag eitilt faoi staid mheitéareolaíoch amharc-eitilte, socróidh an píolóta Cód 7601 Mód A, tuirlingeoidh sé ag an aeradróm oiriúnach is gaire, agus tuairisceoidh sé tuirlingt an eitleáin chuig an aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí ar an modh is gasta.

(d)

Beidh soláthar seirbhíse rialaithe aerthráchta d’eitiltí a oibríonn san aerspás lena mbaineann bunaithe ar an mbonn go gcomhlíonann aerárthach ag a bhfuil teip cumarsáide pointe (c).

(e)

Chomh luath agus a bheidh sé ar eolas go bhfuil teip cumarsáide raidió dealraitheach ar aerárthach atá ag oibriú i réimse freagrachta aonaid rialaithe aerthráchta, cuirfidh aonad rialaithe aerthráchta faisnéis maidir leis an teip cumarsáide raidió ar aghaidh chuig gach aonad seirbhísí aerthráchta lena mbaineann feadh bhealach na heitilte. Déanfaidh an t-ionad rialaithe limistéir ar ina limistéar atá an t-aeradróm cinn scríbe bearta chun faisnéis a fháil maidir leis an aeradróm malartach nó na haeradróim mhalartacha agus maidir le faisnéis ábhartha eile a shonraítear sa phlean eitilte comhdaithe, mura bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

(f)

Nuair a fhaigheann aonad rialaithe aerthráchta faisnéis go bhfuil aerárthach tar éis teip cumarsáide a bheith aige, go bhfuil cumarsáid athbhunaithe aige nó go bhfuil an t-aerárthach tuirlingthe, cuirfidh an t-aonad sin an t-aonad rialaithe aerthráchta ar ina limistéar a bhí an t-aerárthach ag oibriú an tráth a tharla an teip, agus aonaid eile seirbhísí aerthráchta lena mbaineann feadh an bhealaigh eitilte ar an eolas faoi sin, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis is gá chun leanúint den rialú má leanann an t-aerárthach dá eitilt.

(g)

Beidh na comharthaí a úsáidfear i gcás teip cumarsáide i gcomhréir le Foscríbhinn 1.’;

(16)

scriostar pointe SERA.14087;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.14090:

SERA.14090

Nósanna imeachta cumarsáide sonracha

(a)

Gluaiseacht feithiclí

Beidh an fhrásaíocht maidir le gluaiseacht feithiclí sa limistéar ainlithe eitilte mar an gcéanna leis an bhfrásaíocht a úsáidtear maidir le gluaiseacht aerárthaigh, cé is moite de threoracha innealta, agus sa chás sin cuirfear an focal ‘PROCEED’ (LEAN AR AGHAIDH) in ionad an fhocail ‘TAXI’ (INNILL) nuair a bheidh cumarsáid á déanamh le feithiclí.

(b)

Seirbhís chomhairleach aerthráchta

Ní sholáthraíonn seirbhís chomhairleach aerthráchta ‘ceadanna’ ach ‘faisnéis chomhairleach’ amháin agus úsáidfidh sí an focal ‘comhairle’ nó ‘moladh’ nuair a bheartaítear cur chuige d’aerárthach.

(c)

Catagóirí suaiteachta marbhshrutha troma agus an-trom a léiriú

Sa chéad teagmháil radaiteileafónaíochta idir aerárthach den sórt sin agus aonaid ATS, áireofar an focal ‘trom’ nó ‘an-trom’, a chomhfhreagraíonn, de réir mar is iomchuí, do chatagóir suaiteachta marbhshrutha an aerárthaigh, díreach tar éis chomhartha glao an aerárthaigh.

(d)

Nósanna imeachta a bhaineann le diallas aimsire

(1)

Nuair a bheidh gá le diallas aimsire, déanfaidh an píolóta cumarsáid le ATC trí ghuth nó CPDLC. Féadfar mearfhreagairt a fháil trí cheachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(i)

‘DIALLAS AIMSIRE DE DHÍTH’ a luadh chun a chur in iúl go bhfuil tosaíocht ag teastáil ar an minicíocht agus ar fhreagairt ATC; nó

(ii)

diallas aimsire a iarraidh trí úsáid a bhaint as teachtaireacht íosnaisc CPDLC.

(2)

Nuair is gá, tionscnóidh an píolóta cumarsáid trí úsáid a bhaint as an nglao práinne ‘PAN PAN’ (agus é sin a rá trí huaire, más féidir) nó trí úsáid a bhaint as teachtaireacht phráinne íosnaisc CPDLC.

(3)

Tabharfaidh an píolóta fógra don rialtóir aerthráchta agus iarrfaidh sé cead chun imeacht ó bhealach an riain nó ón mbealach ATS, agus tabharfaidh sé comhairle, nuair is féidir, maidir le méid an diallais a iarradh. Úsáidfidh an fhoireann eitilte cibé modh is iomchuí (i.e. guth agus/nó CPDLC) chun cumarsáid a dhéanamh le linn diallas aimsire.

(4)

Cuirfidh an píolóta an rialtóir aerthráchta ar an eolas nuair nach mbeidh gá a thuilleadh le diallas aimsire, nó nuair a bheidh diallas aimsire curtha i gcrích agus nuair a bheidh an t-aerárthach tar éis filleadh ar a bhealach imréitithe.

(e)

Ceadanna maidir leis an mbealach caighdeánach imeachta agus teachta de réir uirlisí

Léireoidh ceadanna ar SID agus/nó STAR na srianta gan débhrí, i gcás inarb infheidhme.’;

(18)

cuirtear isteach an pointe SERA.14100 seo a leanas:

SERA.14100

Fógra a thabhairt maidir le galair theagmhálacha amhrasta nó riosca eile don tsláinte phoiblí ar bord aerárthaigh

(a)

Ar chás nó cásanna amhrasta de ghalar teagmhálach nó riosca eile don tsláinte poiblí a shainaithint ar bord an aerárthaigh, tabharfaidh foireann eitilte aerárthaigh faoi bhealach fógra go pras faoin bhfaisnéise a liostaítear thíos don aonad seirbhísí aerthráchta lena bhfuil an píolóta ag déanamh cumarsáide:

(1)

aitheantas aerárthaigh;

(2)

aeradróm imeachta;

(3)

aeradróm cinn scríbe;

(4)

an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(5)

an líon daoine ar bord;

(6)

líon na gcásanna amhrasta ar bord; agus

(7)

cineál an riosca don tsláinte phoiblí, más eol é.

(b)

Déanfaidh an t-aonad seirbhísí aerthráchta, ar fhaisnéis a fháil ó phíolóta maidir le cás nó cásanna amhrasta de ghalar teagmhálach, nó riosca eile don tsláinte poiblí, ar bord an aerárthaigh, teachtaireacht a chur ar aghaidh a luaithe is féidir chuig an aonad seirbhísí aerthráchta a fhreastalaíonn ar an gceann scríbe/áit imeachta, mura bhfuil nósanna imeachta ann chun fógra a thabhairt don údarás iomchuí arna ainmniú ag an Stát agus don oibreoir aerárthaigh nó dá ionadaí ainmnithe.

(c)

Nuair a fhaigheann aonad seirbhísí aerthráchta a fhreastalaíonn ar an gceann scríbe/áit imeachta fógra ó aonad seirbhísí aerthráchta eile nó ó aerárthach nó ó oibreoir aerárthaigh faoi chás nó cásanna amhrasta de ghalar teagmhálach, nó riosca eile don tsláinte poiblí, ar bord aerárthaigh, cuirfidh an t-aonad lena mbaineann teachtaireacht ar aghaidh a luaithe is féidir chuig an údarás sláinte poiblí nó chuig an údarás iomchuí arna ainmniú ag an Stát chomh maith leis an oibreoir aerárthaigh nó a ionadaí ainmnithe, agus chuig an oibreoir aeradróim.’;

(19)

leasaítear Foscríbhinn 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2.1(a):

‘(a)

comhartha arna dhéanamh le radaiteileagrafaíocht nó le haon mhodh comharthaíochta eile arb é atá ann an grúpa SOS (… — — — … i gCód Morse);’;

(b)

leasaítear pointe 3.1 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal phointe 3.1.1:

‘3.1.1.

Treoracha le haghaidh aerárthaí’;

(2)

i ndiaidh Thábla AP 1-1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhíor A1-1:

Image 1

Fíor A1-1’

(3)

cuirtear isteach an pointe 3.1.3 seo a leanas:

‘3.1.3.

Treoracha le haghaidh feithiclí talún nó coisithe

(a)

Nuair a mheastar cumarsáid le córas comharthaí amhairc a bheith leordhóthanach, nó i gcás teip cumarsáide raidió, beidh an bhrí a shonraítear sa tábla thíos ag na comharthaí a thugtar thíos.

Comhartha solais ó rialú aeradróim

An bhrí

Solas gealánach glas

Ceadaítear an limistéar tuirlingthe a thrasnú nó bogadh isteach sa bhealach innlithe

Solas seasta dearg

Stad

Solas gealánach dearg

Bog amach ón áit tuirlingthe nó ón mbealach innlithe agus bí ag faireadh amach d’aerárthaigh

Solas gealánach bán

Imigh ón limistéar ainlithe eitilte i gcomhréir le treoracha áitiúla

(b)

I gcoinníollacha éigeandála nó i gcás nach leanfar na comharthaí i bpointe (a), úsáidfear an comhartha thíos ar rúidbhealaí nó bealaí innlithe a bhfuil córas soilsithe acu, agus beidh an bhrí a léirítear sa tábla thíos aige:

Comhartha solais ó rialú aeradróim

An bhrí

Soilse gealánacha ar an rúidbhealach nó ar an mbealach innlithe

Imigh ón rúidbhealach agus breathnaigh ar an túr do chomhartha solais’;

(20)

i bhFoscríbhinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.3.1:

‘5.3.1.

Tabharfaidh an t-oibreoir fógra láithreach don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí nuair is eol go bhfuil an eitilt atá beartaithe ag balún meánach nó trom gan foireann, ar tugadh fógra ina leith roimhe sin i gcomhréir le mír 5.1, curtha ar ceal.’;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe A d’Fhoscríbhinn 5:

‘A.   TREORACHA TUAIRISCITHE

SAMHAIL AIREP SPEISIALTA (SPECIAL)

MÍR

PARAIMÉADAR

TARCHUR TEILEAFÓIN de réir mar is cuí

Sainitheoir an chineáil teachtaireachta

aerthuarascáil speisialta

[AIREP] SPEISIALTA (SPECIAL)


Roinn 1

1

Aitheantas aerárthaigh

(aitheantas aerárthaigh)

2

An suíomh

AN SUÍOMH (domhanleithead agus domhanfhad)

IN AIRDE (pointe suntasach)

ABEAM (pointe suntasach)

(pointe suntasach) (treo-uillinn) (achar)

3

An t-am

(an t-am)

4

Leibhéal

LEIBHÉAL EITILTE (uimhir)(líon) MÉADAIR nó TROITHE

Ag teacht anuas go LEIBHÉAL EITILTE (uimhir)(líon) MÉADAIR nó TROITHE

Ag ardú chuig LEIBHÉAL EITILTE (uimhir)(líon) MÉADAIR nó TROITHE

5

An chéad suíomh eile agus an t-am measta in airde

(suíomh) (am)

6

An pointe suntasach ina dhiaidh sin

(suíomh) AN CHÉAD SUÍOMH EILE (NEXT)

Roinn 2

7

Am teachta measta

(suíomh) (aeradróm)

8

Buanseasmhacht

BUANSEASMHACHT (ENDURANCE) (uaireanta agus nóiméid)

Roinn 3

9

Feiniméan a thángthas air nó a tugadh faoi deara lena spreagtar aerthuairisc speisialta:

 

Suaiteacht mheasartha

SUAITEACHT MHEASARTHA (TURBULENCE MODERATE)

Suaiteacht throm

SUAITEACHT THROM (TURBULENCE SEVERE)

Oighriú measartha

OIGHRIÚ MEASARTHA (ICING MODERATE)

Dianoighriú

DIANOIGHRIÚ (ICING SEVERE)

Tonn oragrafaíochta throm

TONN ORAGRAFAÍOCHTA THROM (MOUNTAIN WAVE SEVERE)

Stoirmeacha toirní gan clocha sneachta

STOIRMEACHA TOIRNÍ (THUNDERSTORMS)

Stoirmeacha toirní le clocha sneachta

STOIRMEACHA TOIRNÍ LE CLOCHA SNEACHTA (THUNDERSTORMS WITH HAIL)

Stoirm dheannaigh/ghainimh throm

STOIRM DHEANNAIGH THROM (DUSTSTORM HEAVY) STOIRM GHAINIMH THROM (SANDSTORM HEAVY)

Scamall luaithreamháin bholcánaigh

SCAMALL LUAITHREAMHÁIN BHOLCÁNAIGH (VOLCANIC ASH CLOUD)

Gníomhaíocht bholcánach réamh-bhrúchta nó brúchtadh bolcánach

GNÍOMHAÍOCHT BHOLCÁNACH RÉAMH-BHRÚCHTA (PRE-ERUPTION VOLCANIC ACTIVITY) BRÚCHTADH BOLCÁNACH (VOLCANIC ERUPTION)

Éifeachtacht an choscánaithe ar an rúidbhealach

 

Maith

MAITH

Idir maith agus meánach

IDIR MAITH AGUS MEÁNACH

Meánach

MEÁNACH

Idir meánach agus olc

IDIR MEÁNACH AGUS OLC

Olc

OLC

Níos measa ná olc

NÍOS MEASA NÁ OLC

1.   ÁBHAR NA n-AERTHUARASCÁLACHA

1.1.

Tuarascálacha suímh agus aerthuarascálacha speisialta

1.1.1.

Tá Roinn 1 den tsamhail a leagtar amach i bpointe A éigeantach do thuarascálacha suímh agus d’aerthuarascálacha speisialta, cé go bhféadfar Míreanna 5 agus 6 díobh a fhágáil ar lár. Ní chuirfear Roinn 2 isteach, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin nuair a iarrann an t-oibreoir nó a ionadaí ainmnithe amhlaidh, nó nuair a mheasann an píolóta i gceannas go bhfuil gá leis. Áireofar Roinn 3 in aerthuarascálacha speisialta.

1.1.2.

Ní mór coinníoll a spreagann eisiúint aerthuarascála speisialta a roghnú ón liosta a chuirtear i láthair i bpointe SERA.12005(a).

1.1.3.

I gcás aerthuarascála speisialta ina bhfuil faisnéis faoi ghníomhaíocht bholcánach, déanfar tuairisc iareitilte trí úsáid a bhaint as an bhfoirm tuairiscithe maidir le gníomhaíocht bholcánach (Samhail VAR) a leagtar amach i bpointe B. Déanfar gach eilimint a bhreathnaítear a thaifeadadh agus a léiriú faoi seach sna háiteanna iomchuí ar an bhfoirm de Shamhail VAR.

1.1.4.

Eiseofar aerthuarascálacha speisialta a luaithe is indéanta tar éis feiniméan lena n-éilítear aerthuarascáil speisialta a bheith tugtha faoi deara.

2.   TREORACHA TUAIRISCITHE MIONSONRAITHE

2.1.

Tuairisceofar míreanna d’aerthuarascáil san ord ina liostaítear iad sa tsamhail den fhoirm AIREP SPEISIALTA (SPECIAL).

SAINITHEOIR AN CHINEÁIL TEACHTAIREACHTA Tuarascáil ‘SPEISIALTA’ (SPECIAL) le haghaidh aerthuarascáil speisialta.

Roinn 1

Mír 1

AITHEANTAS AERÁRTHAIGH Tuairiscigh comhartha glao radaiteileafónaíochta an aerárthaigh mar a fhorordaítear i bpointe SERA.14050.

Mír 2

SUÍOMH. Tuairiscigh an suíomh i ndomhanleithead (céimeanna ina 2 dhigit nó céimeanna agus nóiméid ina 4 dhigit, agus ‘Thuaidh’ nó ‘Theas’ ina dhiaidh sin) agus i ndomhanfhad (céimeanna ina 3 dhigit nó céimeanna agus nóiméid ina 5 dhigit agus ‘Thiar’ nó ‘Thoir’ ina dhiaidh sin), nó mar phointe suntasach arna shainaithint ag sainitheoir códaithe (2 go 5 charachtar), nó mar phointe suntasach agus imthacaí maighnéadacha (3 dhigit) agus an fad i muirmhíle ón bpointe ina dhiaidh sin. Cuir ‘ABEAM’ roimh phointe suntasach, más infheidhme.

Mír 3

AM. Tuairiscigh an t-am in uaireanta agus i nóiméid AUL (4 dhigit) ach amháin má fhorordaítear an t-am tuairiscithe i nóiméid tar éis na huaire (2 dhigit) ar bhonn comhaontuithe aerloingseoireachta réigiúnacha. Ní mór gurb é an t-am a thuairiscítear am iarbhír an aerárthaigh ag an suíomh seachas am tionscanta nó tarchurtha na tuarascála. Tuairisceofar an t-am i gcónaí in uaireanta agus i nóiméid AUL agus an t-aerthuarascáil speisialta á heisiúint.

Mír 4

LEIBHÉAL EITILTE AGUS AIRDE NA hEITILTE. Tuairiscigh an leibhéal eitilte le 3 dhigit nuair a bhíonn socrú brú an airdemhéadair caighdeánach. Tuairiscigh an airde i méadair agus ‘MÉADAIR’ ina dhiaidh sin nó i dtroithe agus ‘TROITHE’ ina dhiaidh sin i gcás QNH. Tuairiscigh ‘AG ARDÚ’ (agus an leibhéal ina dhiaidh sin) nuair atá an t-aerárthach ag dul in airde nó ‘AG TEACHT ANUAS’ (agus an leibhéal ina dhiaidh sin) nuair a íslítear go dtí leibhéal nua tar éis dul thar an bpointe suntasach.

Mír 5

AN CHÉAD SUÍOMH EILE AGUS AN t-AM MEASTA IN AIRDE Tuairiscigh an chéad phointe tuairiscithe eile agus an t-am measta in airde thar phointe tuairiscithe den sórt sin, nó tuairiscigh an suíomh measta a shroichfear uair an chloig ina dhiaidh sin, de réir na nósanna imeachta tuairiscithe suímh atá i bhfeidhm. Úsáid na coinbhinsiúin sonraí a shonraítear i Mír 2 le haghaidh suímh. Tuairiscigh an t-am measta os cionn an tsuímh seo. Am tuairiscithe in uaireanta agus i nóiméid AUL (4 dhigit) ach amháin má thuairiscítear an t-am i nóiméid tar éis na huaire (2 dhigit) mar a fhorordaítear le comhaontuithe aerloingseoireachta réigiúnacha.

Mír 6

AN POINTE SUNTASACH INA DHIAIDH SIN. Tuairiscigh an pointe suntasach ina dhiaidh sin tar éis ‘an chéad suíomh eile agus an t-am measta in airde’.

Roinn 2

Mír 7

An t-am teachta measta Tuairiscigh ainm an aeradróim don chéad tuirlingt atá beartaithe, agus ina dhiaidh sin an t-am a mheastar a bhainfear an t-aeradróm sin amach in uaireanta agus i nóiméid AUL (4 dhigit).

Mír 8

BUANSEASMHACHT Tuarascáil ‘BUANSEASMHACHT’ agus buanseasmhacht breosla ina dhiaidh sin in uaireanta agus i nóiméid (4 dhigit).

Roinn 3

Mír 9

FEINIMÉAN A SPREAGANN AERTHUARASCÁIL SPEISIALTA Tuairiscigh ceann de na feiniméin seo a leanas a thángthas orthu nó a breathnaíodh:

Suaiteacht mheasartha mar ‘SUAITEACHT MHEASARTHA’

Suaiteacht throm mar ‘SUAITEACHT THROM’

Tá feidhm ag na sonraíochtaí a leanas:

Measartha – Coinníollacha ina bhféadfadh athruithe measartha ar shainstiúir agus/nó airde an aerárthaigh tarlú cé go bhfuil smacht éifeachtach ar an aerárthach i gcónaí. De ghnáth, athruithe beaga ar an aerluas. Athruithe ar léamha an mhéadair luasghéaraithe idir 0,5 g agus 1,0 g ag meáchanlár an aerárthaigh. Deacrachtaí siúil. Mothaíonn taistealaithe brú i gcoinne na gcriosanna sábhála. Bogann rudaí scaoilte timpeall.

Dian – Coinníollacha ina dtarlaíonn athruithe tobanna ar shainstiúir agus/nó airde an aerárthaigh; féadfaidh an t-aerárthach a bheith as smacht ar feadh tréimhsí gearra. De ghnáth, athruithe móra ar an aerluas. Athruithe ar léamha an mhéadair luasghéaraithe ar mó iad ná 1,0 g ag meáchanlár an aerárthaigh. Brúitear taistealaithe i gcoinne na gcriosanna sábhála go tréan. Caitear rudaí scaoilte timpeall.

Oighriú measartha mar ‘OIGHRIÚ MEASARTHA’

Dianoighriú mar ‘DIANOIGHRIÚ’

Tá feidhm ag na sonraíochtaí a leanas:

Measartha – Coinníollacha ina bhféadfadh athrú ar an treo-cheann agus/nó ar an airde a bheith inmhianaithe.

Dian – Coinníollacha ina meastar go bhfuil athrú láithreach ar an treo-cheann agus/nó ar an airde riachtanach.

Tonn oragrafaíochta throm mar ‘TONN ORAGRAFAÍOCHTA THROM’

Tá feidhm ag an sonraíocht seo a leanas:

Dian – Coinníollacha ina bhfuil an séideadh anuas a ghabhann leis 3.0 m/s (600 troigh/nóiméad) nó níos mó agus/nó ina bhfuil suaiteacht throm ann.

Stoirm toirní gan clocha sneachta mar ‘STOIRM TOIRNÍ’

Stoirm toirní le clocha sneachta mar ‘STOIRM TOIRNÍ LE CLOCHA SNEACHTA’

Tá feidhm ag an sonraíocht seo a leanas:

Ná tuairiscigh ach na stoirmeacha toirní sin:

a bhfuil thaobh thiar de cheobhrán, nó

a bhfuil scamaill thart timpeall orthu, nó

atá fairsing, nó

ina bhfuil cóch líne.

Stoirm deannaigh nó stoirm ghainimh throm mar ‘STOIRM DHEANNAIGH THROM’ nó ‘STOIRM GHAINIMH THROM’

Scamall luaithreamháin bholcánaigh mar ‘SCMALL LUAITHREAMHÁIN BHOLCÁNAIGH’

Gníomhaíocht bholcánach réamh-bhrúchta nó brúchtadh bolcánach mar ‘GNÍOMHAÍOCHT BHOLCÁNACH RÉAMH-BHRÚCHTA’ nó ‘BRÚCHTADH BOLCÁNACH’

Tá feidhm ag an sonraíocht seo a leanas:

Ciallaíonn ‘gníomhaíocht bholcánach réamh-bhrúchta’ sa chomhthéacs sin gníomhaíocht bholcánach neamhghnách agus/nó gníomhaíocht bholcánach atá ag méadú, rud a d’fhéadfadh brúchtadh bolcánach a thuar.

Éifeachtacht choscánaithe mhaith mar ‘COSCÁNÚ MAITH’

Éifeachtacht choscánaithe atá idir maith agus meánach mar ‘COSCÁNÚ IDIR MAITH AGUS MÉANACH’ (BRAKING ACTION GOOD)

Éifeachtacht choscánaithe mheánach mar ‘COSCÁNÚ MÉANACH’ (BRAKING ACTION MEDIUM)

Éifeachtacht choscánaithe atá idir meánach agus olc mar ‘COSCÁNÚ IDIR MÉANACH AGUS OLC’ (BRAKING ACTION MEDIUM TO POOR)

Éifeachtacht choscánaithe dhona mar ‘COSCÁNÚ OLC’ (BRAKING ACTION POOR)

Éifeachtacht choscánaithe atá níos measca ná olc mar ‘COSCÁNÚ NÍOS MEASA NÁ OLC’ (BRAKING ACTION LESS THAN POOR)

Tá feidhm ag na sonraíochtaí a leanas:

Maith – Tá gnáthluasmhoilliú coscánaithe ann don iarracht coscánaithe rotha a dhéantar, agus tá gnáthrialú treoch ann.

Idir maith agus meánach – Tá an luasmhoilliú coscánaithe nó rialú treoch idir maith agus meánach.

Meánach – Tá luasmhoilliú coscánaithe laghdaithe go suntasach don iarracht coscánaithe rotha a dhéantar nó tá an rialú treoch laghdaithe go suntasach.

Idir meánach agus olc – Tá an luasmhoilliú coscánaithe nó an rialú treoch idir meánach agus olc.

Olc – Tá an luasmhoilliú coscánaithe laghdaithe go mór don iarracht coscánaithe rotha a dhéantar, nó tá an rialú treoch laghdaithe go suntasach.

Níos measa ná olc – is beag an luasmhoilliú coscánaithe nó ní ann dó don iarracht coscánaithe rotha a dhéantar, nó tá an rialú treoch éiginnte.

2.2.

Níl faisnéis a thaifeadtar ar an bhfoirm tuairiscithe maidir le gníomhaíocht bholcánach (Samhail VAR) le tarchur ag RTF ach, ar theacht chuig aeradróm dóibh, déanfaidh an t-oibreoir nó ball den fhoireann eitilte í a sheachadadh gan mhoill chuig oifig mheitéareolaíoch an aeradróim. Mura bhfuil rochtain éasca ar oifig den sórt sin, déanfar an fhoirm chomhlánaithe a sheachadadh i gcomhréir le socruithe áitiúla arna gcomhaontú idir soláthraithe MET agus ATS agus an t-oibreoir aerárthaigh.

3.   FAISNÉIS MHEITÉAREOLAÍOCH A FHAIGHTEAR TRÍ CHUMARSÁID GHUTHA A CHUR AR AGHAIDH

Nuair a fhaightear aerthuarascálacha speisialta, cuirfidh aonaid ATS na haerthuarascálacha sin ar aghaidh gan mhoill chuig an oifig faireacháin meitéareolaíochta lena mbaineann (MWO). Chun comhshamhlú na n-aerthuarascálacha i gcórais uathoibrithe ar talamh a áirithiú, déanfar eilimintí na dtuarascálacha sin a tharchur trí úsáid a bhaint as na coinbhinsiúin sonraí a shonraítear thíos agus san ord forordaithe.

SEOLAÍ. Taifead an stáisiún ar a nglaoitear agus, nuair is gá, an atarchur atá ag teastáil.

SAINITHEOIR AN CHINEÁIL TEACHTAIREACHTA Taifead ‘ARS’ le haghaidh aerthuarascáil speisialta.

(aitheantas aerárthaigh) Taifead an t-aitheantas aerárthaigh agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún sonraí a shonraítear le haghaidh Mhír 7 den phlean eitilte, gan spás idir sainitheoir an oibreora agus clárú an aerárthaigh nó aitheantas na heitilte, má úsáidtear iad.

Roinn 1

Mír 0

SUÍOMH. Taifead an suíomh i ndomhanleithead (céimeanna ina 2 dhigit nó céimeanna agus nóiméid ina 4 dhigit, agus N nó S ina dhiaidh sin, gan spás) agus i ndomhanfhad (céimeanna ina 3 dhigit nó céim agus nóiméid ina 5 dhigit, agus E nó W ina dhiaidh sin, gan spás), nó mar phointe suntasach arna shainaithint ag sainitheoir códaithe (2 go 5 charachtar), nó mar phointe suntasach agus imthacaí maighnéadacha (3 dhigit) ina dhiaidh sin agus an fad i muirmhíle (3 dhigit) ón bpointe. Cuir ‘ABEAM’ roimh phointe suntasach, más infheidhme.

Mír 1

AM. Taifead an t-am in uaireanta agus i nóiméid AUL (4 dhigit).

Mír 2

LEIBHÉAL EITILTE AGUS AIRDE NA hEITILTE. Taifead ‘F’ agus 3 dhigit (e.g. ‘F310’) ina dhiaidh sin nuair a thuairiscítear leibhéal eitilte. Taifead an airde i méadair agus ‘M’ ina dhiaidh sin nó i dtroithe agus ‘FT’ ina dhiaidh sin nuair a thuairiscítear an airde. Taifead ‘ASC’ (leibhéal) agus an t-eitleán ag ardú nó ‘DES’ (leibhéal) agus é ag teacht anuas.

Roinn 3

Mír 9

FEINIMÉAN A SPREAGANN AERTHUARASCÁIL SPEISIALTA. Taifead an feiniméan a thuairiscítear mar seo a leanas:

suaiteacht mheasartha mar ‘TURB MOD’,

suaiteacht throm mar ‘TURB SEV’,

oighriú measartha mar ‘ICE MOD’,

dianoighriú mar ‘ICE SEV’,

tonn oragrafaíochta throm mar ‘MTW SEV’,

stoirm toirní gan clocha sneachta mar ‘TS’,

stoirm toirní le clocha sneachta mar ‘TSGR’,

stoirm ghainimh throm mar ‘HVY SS’,

stoirm deannaigh throm mar ‘HVY DS’,

scamall luaithreamháin bholcánaigh mar ‘VA CLD’,

gníomhaíocht bholcánach réamh-bhrúchta nó brúchtadh bolcánach mar ‘VA’,

clocha sneachta mar ‘GR’,

scamaill chumalainimbis mar ‘CB’.

AN t-AM A THARCHUIRTEAR. Ná thaifead ach amháin nuair a tharchuirtear Roinn 3.

4.   FORÁLACHA SONRACHA A BHAINEANN LE FIARADH GAOITHE AGUS LUAITHREAMHÁN BOLCÁNACH A THUAIRISCIÚ

4.1.   Fiaradh gaoithe a thuairisciú

4.1.1.

Agus tuairisciú á dhéanamh ar bhreathnóireacht aerárthaigh ar an bhfiaradh gaoithe a thángthas air le linn chéimeanna dreaptha agus ascnaimh na heitilte, áireofar cineál an aerárthaigh.

4.1.2.

I gcás inar tuairiscíodh nó inar tuaradh fiaradh gaoithe le linn chéimeanna dreaptha nó ascnaimh na heitilte ach nár thángthas orthu, cuirfidh an píolóta i gceannas an t-aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí ar an eolas a luaithe is indéanta seachas sa chás go bhfuil a fhios ag an bpíolóta i gceannas gur chuir aerárthach roimhe sin an t-aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí ar an eolas cheana féin ina leith.

4.2.   Tuairisciú iareitilte ar ghníomhaíocht bholcánach

4.2.1.

Ar theacht isteach d’eitilt in aeradróm, déanfaidh oibreoir an aerárthaigh nó ball den fhoireann eitilte an tuarascáil chríochnaithe ar ghníomhaíocht bholcánach a sheachadadh, gan mhoill, chuig oifig mheitéareolaíoch an aeradróim, nó mura bhfuil rochtain éasca ag baill den fhoireann eitilte atá ag teacht isteach ar an oifig sin, déileálfar leis an bhfoirm chomhlánaithe i gcomhréir le socruithe áitiúla arna gcomhaontú idir soláthraithe MET agus ATS agus oibreoir an aerárthaigh.

4.2.2.

Déanfar an tuarascáil chríochnaithe ar ghníomhaíocht bholcánach a fhaigheann oifig mheitéareolaíoch aeradróim a tharchur gan mhoill chuig an oifig faireacháin meitéareolaíochta atá freagrach as faireachán meitéareolaíoch a sholáthar don réigiún faisnéise eitilte inar breathnaíodh an ghníomhaíocht bholcánach.’;

(22)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 6:

‘‘Foscríbhinn 6

PLEAN EITILTE A LÍONADH ISTEACH

1.   Foirm plean eitilte de shamhail ICAO

Image 2

2.   Treoracha maidir le foirm an phlean eitilte a líonadh isteach

2.1.   Ginearálta

Cloígh go daingean leis na formáidí forordaithe agus an bealach ina sonrófar sonraí.

Tosaigh ag cur isteach sonraí sa chéad spás a thugtar. I gcás ina bhfuil farasbarr spáis ar fáil, fág na spásanna nár úsáideadh folamh.

Cuir isteach amanna an chloig uile i 4 fhigiúr AUL.

Cuir isteach na hamanna caite measta uile i 4 fhigiúr (uaireanta an chloig agus nóiméid).

Déanfar an áit scáthlínithe roimh mhír 3– a líonadh isteach trí sheirbhísí ATS agus COM, mura bhfuil an fhreagracht maidir le tionscnamh teachtaireachtaí an phlean eitilte tarmligthe.

2.2.   Treoracha maidir le sonraí ATS a chur isteach

Líon isteach míreanna 7 go 18 agus, nuair a cheanglaíonn an t-údarás inniúil ort é, nó nuair a mheastar go bhfuil gá leis ina mhalairt de chás, mír 19 mar a thugtar le fios anseo thíos.

Mír 7: AITHEANTAS AERÁRTHAIGH

(7 gCARACHTAR AR A MHÉAD)

CUIR ISTEACH ceann de na haitheantais aerárthaigh seo a leanas, nach mó ná 7 gcarachtar alfa-uimhriúla agus gan fleiscíní ná siombailí:

(a)

an sainitheoir ICAO don oibreoir aerárthaigh agus aitheantas na heitilte ina dhiaidh sin (e.g. KLM511, NGA213, JTR25) nuair a bhítear i mbun radaiteileafónaíochta cuimsítear leis an gcomhartha glao a úsáidfidh an t-aerárthach ainmneoir teileafónaíochta ICAO don oibreoir agus ansin aitheantas na heitilte (e.g. KLM511, NIGERIA 213, JESTER 25); nó

(b)

náisiúntacht nó marc coiteann agus marc clárúcháin an aerárthaigh (e.g. EIAKO, 4XBCD, N2567GA), sna cásanna seo a leanas:

(1)

i radaiteileafónaíocht, cuimsítear an t-aitheantas sin amháin leis an gcomhartha glao a úsáidfidh an t-aerárthach (e.g. CGAJS), nó tagann sainitheoir teileafónaíochta ICAO an oibreora aerárthaigh roimhe (e.g. BLIZZARD CGAJS);

(2)

níl an t-aerárthach feistithe le raidió.

Mír 8: RIALACHA EITILTE AGUS AN CINEÁL EITILTE (CARACHTAR AMHÁIN NÓ DHÁ CHARACHTAR)


Rialacha eitilte

CUIR ISTEACH ceann de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an gcatagóir de rialacha eitilte atá beartaithe ag an bpíolóta a chomhlíonadh:

I

má tá sé beartaithe an eitilt iomlán a oibriú faoi IFR; nó

V

má tá sé beartaithe an eitilt iomlán a oibriú faoi VFR; nó

Y

má oibrítear an eitilt ar dtús faoi IFR, agus athrú amháin nó níos mó ina dhiaidh sin ar na rialacha eitilte; nó

Z

má oibrítear an eitilt ar dtús faoi VFR, agus athrú amháin nó níos mó ina dhiaidh sin ar na rialacha eitilte.

Sonraigh i Mír 15 an pointe nó na pointí ag a bhfuil sé beartaithe athrú a dhéanamh ar na rialacha eitilte.

Cineál eitilte

CUIR ISTEACH ceann de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an gcineál eitilte nuair a cheanglaíonn an t-údarás inniúil sin:

S

más aersheirbhís sceidealaithe atá i gceist;

N

más oibríocht aeriompair neamhsceidealaithe atá i gceist;

G

más eitlíocht ghinearálta atá i gceist;

M

más eitlíocht mhíleata atá i gceist;

X

más aon ní eile seachas aon cheann de na catagóirí atá sainithe thuas atá i gceist.

Sonraigh stádas eitilte ag leanúint an táscaire STS i Mír 18, nó i gcás inar gá chun cúiseanna eile le láimhseáil shonrach ATS a léiriú, tabhair an chúis le fios tar éis an táscaire RMK i Mír 18.

Mír 9: AN LÍON AERÁRTHAÍ AGUS CINÉALACHA AERÁRTHAÍ AGUS AN CHATAGÓIR SUITEACHTA MARBHSHRUTHA


An líon aerárthaí (1 nó 2 charachtar)

CUIR ISTEACH an líon aerárthaí, má tá níos mó ná ceann amháin ann.

An cineál aerárthaigh (idir 2 agus 4 charachtar)

CUIR ISTEACH an sainitheoir iomchuí mar a shonraítear i nDoic. 8643, Sainitheoirí Cineál Aerárthaigh,

,mura sannadh sainitheoir den sórt sin, nó i gcás eitiltí foirmíochta ina gcuimsítear níos mó ná cineál amháin,

CUIR ISTEACH ZZZZ, agus SONRAIGH i mír 18 (líon agus) cineál(cineálacha) aerárthaigh agus ‘TYP/roimhe

Catagóir suaiteachta marbhshrutha (1 charachtar)

CUIR ISTEACH claonstríoc agus ceann de na litreacha seo a leanas ina dhiaidh chun léiriú a thabhairt ar chatagóir suaiteachta marbhshrutha an aerárthaigh:

J

AN-TROM, mar léiriú ar chineál aerárthaigh mar a shonraítear in ICAO Doic. 8643, Sainitheoirí Cineál Aerárthaigh, an t-eagrán is déanaí;

H

TROM, mar léiriú ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de 136 000 kg nó níos mó, cé is moite de chineálacha aerárthaí atá liostaithe in ICAO Doic. 8643 san OLL (J) chatagóir;

M

MEÁNACH, chun léiriú a thabhairt ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de níos lú ná 136 000 kg ach níos mó ná 7 000 kg;

L

ÉADROM, chun léiriú a thabhairt ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de 7 000 kg nó níos lú.

Mír 10: TREALAMH AGUS CUMAIS

Cuimsítear na heilimintí seo a leanas le cumais:

(a)

is ann do threalamh inseirbhíse ábhartha ar bord an aerárthaigh;

(b)

tá an trealamh agus na cumais ar cóimhéid le cáilíochtaí fhoireann na heitilte; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, údarú ón údarás inniúil.

Trealamh agus cumais chumarsáide raidió, loingseoireachta agus áiseanna ascnaimh

CUIR ISTEACH litir amháin mar a leanas:

N

mura n-iompraítear trealamh COM/NAV/áiseanna ascnaimh don bhealach atá le heitilt, nó mura bhfuil an trealamh inseirbhíse; nó

S

má iompraítear trealamh COM/NAV/áiseanna ascnaimh don bhealach atá le heitilt, agus má tá sé inseirbhíse; agus/nó

CUIR ISTEACH ceann amháin nó níos mó de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an trealamh agus na cumais COM/NAV/áiseanna ascnaimh atá ar fáil:

A

Córas tuirlingthe GBAS

J7

CPDLC FANS 1/A SATCOM (Iridiam)

B

LPV (APV le SBAS)

K

MLS

C

Loran C

L

ILS

D

DME

M1

ATC SATVOICE (INMARSAT)

E1

FMC WPR ACARS

M2

ATC SATVOICE (MTSAT)

E2

D-FIS ACARS

M3

ATC SATVOICE (Iridiam)

E3

F

PDC ACARS

ADF

O

VOR

G

GNSS. Má tá aon chuid den eitilt beartaithe a dhéanamh faoi IFR, tagraíonn sé do ghlacadóirí GNSS a chomhlíonann Iarscríbhinn 10 ICAO Imleabhar I

P1

CPDLC RCP 400

P2

CPDLC RCP240

P3

SATVOICE RCP 400

H

HF RTF

P4-P9

Forchoimeádta le haghaidh RCP

I

Loingseoireacht Támhúil

R

PBN formheasta

J1

CPDLC ATN VDL Mód 2

T

TACAN

J2

CPDLC FANS 1/A HFDL

U

UHF RTF

J3

CPDLC FANS 1/A VDL Mód A

V

VHF RTF

J4

CPDLC FANS 1/A VDL Mód 2

W

RVSM formheasta

J5

CPDLC FANS 1/A SATCOM (INMARSAT)

X

MNPS Formheasta

J6

CPDLC FANS 1/A

SATCOM (MTSAT)

T

VHF le cumas spásála le haghaidh chainéal 8,33 kHz

Z

Trealamh eile arna iompar nó cumais eile

Coimeádtar aon charachtar alfa-uimhriúil nach dtugtar le fios thuas.

Trealamh agus cumais faireachais

CUIR ISTEACH

N mura n-iompraítear trealamh faireachais don bhealach atá le heitilt, nó mura bhfuil an trealamh inseirbhíse;

CUIR ISTEACH

ceann amháin nó níos mó de na tuairisceoirí seo a leanas, suas le huasmhéid 20 carachtar, chun tuairisc a thabhairt ar an trealamh faireachais inseirbhíse agus/nó ar na cumais ar bord:

Móid SSR A agus C

A

Trasfhreagróir – Mód A (4 dhigit – 4 096 chód)

C

Trasfhreagróir – Mód A (4 dhigit – 4 096 chód) agus Mód C

Mód SSR S

E

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú agus cumas steallchraolta sínte (ADS-B)

H

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú agus cumas faireachais fheabhsaithe

I

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, ach gan cumas airde-brú

L

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú, cumas steallchraolta sínte (ADS-B) agus ardchumas faireachais

P

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas airde-brú, ach gan cumas aitheantais aerárthaigh

S

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas airde-brú agus cumas aitheantais aerárthaigh araon

X

Trasfhreagróir – Mód S gan ceachtar de chumas aitheantais aerárthaigh ná den chumas airde-brú

ADS-B

B1

ADS-B le cumas ‘amach’ tiomnaithe ADS-B 1 090 MHz

B2

ADS-B le cumas ‘amach’ agus ‘isteach’ tiomnaithe ADS-B 1 090 MHz

U1

Cumas ‘amach’ ADS-B ag úsáid UAT

U2

Cumas ADS-B ‘amach’ agus ‘isteach’ ag úsáid UAT

V1

Cumas ADS-B ‘amach’ ag úsáid VDL Mód 4

V2

Cumas ADS-B ‘amach’ agus ‘isteach’ ag úsáid VDL Mód 4

ADS-C

D1

ADS-C le cumais FANS 1/A

G1

ADS-C le cumais ATN

Coimeádtar carachtair alfa-uimhriúla nach dtugtar le fios thuas.

Mír 13: AERADRÓM IMEACHTA AGUS AM (8 gCARACHTAR)

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO den aeradróm imeachta mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh;

NÓ,

mura sannadh aon táscaire suímh,

CUIR ISTEACH ZZZZ agus SONRAIGH, i Mír 18 na nithe a leanas:

ainm agus suíomh an aeradróim agus DEP/ag dul roimhe; nó

an chéad phointe den bhealach nó rabhchán raidió marcóra le DEP/roimhe..., mura éirigh an t-aerárthach den talamh ó aeradróm;

NÓ,

má fhaightear an plean eitilte ó aerárthach le linn eitilte,

CUIR ISTEACH

AFIL, agus SONRAIGH, i Mír 18, táscaire suímh 4-litir ICAO de shuíomh an aonaid ATS ónar féidir na sonraí ón bplean eitilte forlíontach a fháil, agus DEP/ag teacht roimhe.

ANSIN, GAN SPÁS,

CUIR ISTEACH

le haghaidh plean eitilte a cuireadh isteach roimh imeacht, an t-am gluaiste measta (EOBT),

le haghaidh plean eitilte a fuarthas ó aerárthach le linn eitilte, an t-am iarbhír nó measta thar an gcéad phointe den bhealach lena mbaineann an plean eitilte.

Mír 15: BEALACH

CUIR ISTEACH

an chéad luas cúrsála mar atá in (a) agus an chéad airde cúrsála mar atá in (b), gan spás eatarthu.

ANSIN,

ag leanúint na saigheada, CUIR ISTEACH tuairisc ar an mbealach mar atá in (c).

(a)

Luas cúrsála (uasmhéid 5 charachtar)

CUIR ISTEACH

an Fíor-aerluas don chéad chuid de chuid cúrsála na heitilte nó don chuid iomlán de, i dtéarmaí na nithe a leanas:

Ciliméadair san uair, á léiriú mar K agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. K0830),

Muirmhílte, á léiriú mar N agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. N0485),

Fíor Mach-uimhir, nuair a dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú, chuig an gcéadú is gaire d’aonad Mach, á léiriú mar M agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. M082).

(b)

Airde cúrsála (uasmhéid 5 charachtar)

CUIR ISTEACH

an airde cúrsála beartaithe don chéad chuid den bhealach a bheidh le heitilt nó don chuid iomlán, i dtéarmaí na nithe a leanas:

Leibhéal eitilte, á léiriú mar F agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. F085; F330),

Gnáth leibhéal méadrach i ndeicheanna de mhéadar, nuair a dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú á léiriú mar S agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. S1130),

Airde sna céadta troigh, á léiriú mar A agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. A045; A100),

Airde i ndeicheanna de mhéadair, á léiriú mar M agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. M0840),

le haghaidh eitiltí VFR neamhrialaithe, na litreacha VFR.

(c)

Bealach (lena n-áirítear athruithe ar leibhéal luais agus/nó rialacha eitilte

Eitiltí feadh bhealaí ATS ainmnithe

CUIR ISTEACH,

má tá an t-aeradróm imeachta suite ar an mbealach ATS nó nasctha leis, sainitheoir an chéad bhealaigh ATS,

NÓ,

má tá an t-aeradróm imeachta suite ar an mbealach ATS nó nasctha leis, na litreacha DCT agus ina dhiaidh an pointe ag a dtiocfar le chéile leis an gcéad bhealach ATS, agus sainitheoir an bhealaigh ATS ina dhiaidh.

ANSIN

CUIR ISTEACH

gach pointe ag a mbeartaítear tús a chur le hathrú luais agus/nó an leibhéal luais, nó athrú ar bhealach ATS, agus/nó a bhfuil athrú ar rialacha eitilte beartaithe,

AGUS INA nDIAIDH I nGACH CÁS

ag sainitheoir na chéad deighleoige eile den bhealach ATS, fiú má tá sé mar an gcéanna leis an gceann roimhe,

ag DCT, má tá an eitilt chuig an gcéad phointe eile lasmuigh de bhealach sainithe, mura ndéantar an dá phointe a shainiú le comhordanáidí geografacha.

Eitiltí lasmuigh de bhealaí ATS sainithe

CUIR ISTEACH

pointí nach mó ná 30 nóiméad am eitilte de ghnáth nó 370 km (200 NM) ó chéile, lena n-áirítear gach pointe ag a mbeartaítear athrú luais nó leibhéil, athrú riain, nó athrú ar na rialacha eitilte a dhéanamh,

NÓ,

i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin,

SAINIGH

rian na n-eitiltí a oibrítear den chuid is mó i dtreo soir-siar idir 70°N agus 70°S faoi threoir pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointí trasnaithe leathchéimeanna nó céimeanna iomlána domhanleithid le fadlínte spásáilte ag eatraimh 10 gcéim domhanfhaid. I gcás eitiltí a oibrítear i limistéir lasmuigh de na leithid sin, saineofar na rianta sin le pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointe trasnaithe na línte domhanleithid agus na fadlínte spásáilte de ghnáth ag 20 céim domhanfhaid. Ní bheidh an fad idir pointí suntasacha, a mhéid is féidir, níos mó ná aga eitilte 1 uair an chloig. Bunófar pointí suntasacha breise de réir mar a mheastar atá riachtanach.

I gcás eitiltí a oibrítear den chuid is mó i dtreo thuaidh-theas, sainigh na rianta faoi threoir pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointe trasnaithe céimeanna iomlána domhanfhaid le línte domhanleithid sonraithe atá spásáilte ag 5 chéim.

CUIR ISTEACH

DCT idir pointí comhleanúnacha mura ndéantar an dá phointe a shainiú le comhordanáidí geografacha nó trí threo-uillinn agus fad.

NÁ hÚSAID ACH AMHÁIN na coinbhinsiúin in (1) go (5) thíos agus SCAR gach fomhír le spás.

(1)

Bealach ATS (2 go 7 gcarachtar)

An sainitheoir códaithe arna shannadh don bhealach nó don deighleog bealaí lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an sainitheoir códaithe arna shannadh don ghnáthbhealach imeachta nó teachta (e.g. BCN1, Bl, R14, UB10, KODAP2A).

(2)

Pointe suntasach (2 go 11 charachtar)

An sainitheoir códaithe (2 go 5 charachtar) arna shannadh don phointe (e.g. LN, MAY, HADDY),

nó, mura sannadh aon sainitheoir códaithe, ceann de na bealaí seo a leanas:

Céimeanna amháin (7 gcarachtar):

2 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna, agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó Dheas) ina ndiaidh, agus leanann 3 fhigiúr é ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 46N078W.

Céimeanna agus nóiméid (11 charachtar):

4 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus aonaid de nóiméid agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó dheas) ina dhiaidh, agus ansin 5 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus in aonaid de nóiméid, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 4620N07805W.

Treo-uillinn agus fad ó phointe tagartha:

An pointe tagartha a shainaithint, agus ansin an treo-uillinn ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a thugann céimeanna maighnéadacha, agus ina dhiaidh sin an fad ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a léiríonn muirmhílte. I limistéir ina bhfuil domhanleithead ard, i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil tagairt do chéimeanna maighnéadacha praiticiúil, féadfar céimeanna fíora a úsáid. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach — e.g. ba cheart maighnéad de phointe 180 ag fad 40 NM ó VOR ‘DUB’ a léiriú mar DUB180040.

(3)

Athrú luais nó leibhéil (21 charachtar ar a mhéad)

An pointe ag a mbeartaítear athrú a dhéanamh ar luas (5 % TAS nó 0,01 Mach nó níos mó) nó athrú leibhéil a thosú, á léiriú go beacht mar atá in (2) thuas, agus ina dhiaidh sin claonstríoc agus an luas cúrsála agus an airde cúrsála, á léiriú go beacht mar atá in (a) agus (b) thuas, gan spás eatarthu, fiú nuair nach ndéanfar ach ceann amháin de na cainníochtaí sin a athrú.

Samplaí:

LN/N0284A045

MAY/N0305Fl80

HADDY/N0420F330

4602N07805W/N0500F350

46N078W/M082F330

DUB180040/N0350M0840

(4)

Athrú ar na rialacha eitilte (3 charachtar ar a mhéad)

An pointe ag a mbeartaítear an t-athrú a dhéanamh ar rialacha eitilte, á léiriú go beacht mar atá in (2) nó (3) thuas de réir mar is iomchuí,agus ina dhiaidh sin spás agus ceann díobh seo a leanas:

VFR más ó IFR go VFR

IFR más ó VFR go IFR

Samplaí:

LN VFR

LN/N0284A050 IFR

(5)

An chúrsáil a thabhairt in aghaidh an aird (uasmhéid 28 gcarachtar)

An litir C agus ina dhiaidh sin claonstríoc; ANSIN an pointe ag a mbeartaítear tús a chur leis an gcúrsáil a thabhairt in aghaidh an aird, á léiriú mar atá in (2) thuas, agus claonstríoc ina dhiaidh; ANSIN an luas a bheidh le coinneáil ar bun le linn don chúrsáil a thabhairt in aghaidh an aird, á léiriú go beacht mar atá in (a) thuas, agus ansin an dá leibhéal ina dhiaidh ina sainítear an tsraith a bheidh le háitiú le linn don chúrsáil a bheith ag dul in aghaidh an aird, gach ceann á léiriú go beacht mar atá in (b) thuas, nó an leibhéal ag a bhfuil an chúrsáil beartaithe a thabhairt in aghaidh an aird agus na litreacha PLUS ina dhiaidh, gan spás eatarthu.

Samplaí:

C/48N050W/M082F290F350

C/48N050W/M082F290PLUS

C/52N050W/M220F580F620

Mír 16: An t-AERADRÓM CINN SCRÍBE AGUS AN t-AM CAITE MEASTA, AN t-AERADRÓM MALAIRTE CEANN SCRÍBE


Aeradróm cinn scríbe agus am caite iomlán (8 gcarachtar)

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO an aeradróim cinn scríbe mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh,

NÓ,

mura sannadh aon táscaire suímh,

CUIR ISTEACH ZZZZ agus SONRAIGH i Mír 18 ainm agus suíomh an aeradróim, agus DEST/ag teacht roimhe.

ANSIN GAN SPÁS

CUIR ISTEACH

an t-am caite measta iomlán.

Aeradróm malairte ceann scríbe

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO nach mó ná dhá aeradróm malairte ceann scríbe, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh, á scaradh le spás,

NÓ,

mura sannadh aon táscaire suímh don aeradróm malairte ceann scríbe,

CUIR ISTEACH

ZZZZ agus SONRAIGH i Mír 18 ainm agus suíomh an aeradróim malairte ceann scríbe, agus ALTN/ag teacht roimhe.

Mír 18: FAISNÉIS EILE

Níor cheart fleiscíní nó claonstríocaí a úsáid ach amháin mar a fhorordaítear thíos.

CUIR ISTEACH

0 (náid) mura ann d’aon fhaisnéis eile,

NÓ,

aon fhaisnéis eile is gá sa seicheamh a thaispeántar anseo thíos, i bhfoirm an táscaire iomchuí arna roghnú astu sin atá sainithe anseo thíos agus claonstríoc ina dhiaidh agus an fhaisnéis atá le taifeadadh:

STS/

An chúis leis an láimhseáil speisialta ó ATS, e.g. misean cuardaigh agus tarrthála, mar a leanas:

ALTRV:

le haghaidh eitilte a oibrítear i gcomhréir le háirithint airde;

ATFMX:

le haghaidh eitilte arna formheas le haghaidh díolúine ó bhearta ATFM ag an údarás inniúil;

FFR:

comhrac dóiteáin;

FLTCK:

seiceáil eitiltí le haghaidh calabrú áiseanna loingseoireachta;

HAZMAT:

le haghaidh eitilte a iompraíonn ábhar guaiseach;

HEAD:

eitilt ag a bhfuil an stádas Ceann Stáit;

HOSP:

le haghaidh eitilt leighis arna dearbhú ag údaráis leighis;

HUM:

le haghaidh eitilt a oibrítear ar mhisean daonnachtúil;

MARSA:

le haghaidh eitilt dá nglacann eintiteas míleata freagracht maidir le fad a chur idir aerárthaí míleata;

MEDEVAC:

le haghaidh aslonnú taismeach éigeandála atá criticiúil do bheatha;

NONRVSM:

le haghaidh eitilt neamh-RVSM-inniúil atá ag beartú oibriú in aerspás RVSM;

SAR:

le haghaidh eitilt atá ag gabháil do mhisean cuardaigh agus tarrthála; agus

STATE:

le haghaidh eitilt atá ag gabháil do sheirbhísí míleata, custaim, nó póilíní.

Déanfar cúiseanna eile go ndéantar láimhseáil speisialta le ATS a léiriú faoin sainitheoir ‘RMK/’.

PBN/

Tásc maidir le cumais RNAV agus/nó RNP. Cuir san áireamh an oiread de na tuairisceoirí thíos, a bhfuil feidhm acu maidir leis an eitilt, suas go dtí uasmhéid 8 n-eintiteas, i.e. iomlán nach mó ná 16 charachtar.

SONRAÍOCHTAÍ RNAV

A1

RNAV 10 (RNP 10)

C1

RNAV 2 gach braiteoir ceadaithe

 

 

C2

RNAV 2 GNSS

B1

RNAV 5 gach braiteoir ceadaithe

C3

RNAV 2 DME/DME

B2

RNAV 5 GNSS

C4

RNAV 2 DME/DME/IRU

B3

RNAV 5 DME/DME

 

 

B4

RNAV 5 VOR/DME

D1

RNAV 1 gach braiteoir ceadaithe

B5

RNAV 5 INS nó IRS

D2

RNAV 1 GNSS

B6

RNAV 5 LORANC

D3

RNAV 1 DME/DME

 

 

D4

RNAV 1 DME/DME/IRU

 

 

 

 


SONRAÍOCHTAÍ RNP

L1

RNP 4

S1

RNP APCH

 

 

S2

RNP APCH le BARO-VNAV

O1

Bun-RNP 1 gach braiteoir ceadaithe

 

 

O2

Bun-RNP 1 GNSS

T1

RNP AR APCH le RF (údarú speisialta de dhíth)

O3

Bun-RNP 1 DME/DME

T2

RNP AR APCH gan RF (údarú speisialta de dhíth)

O4

Bun-RNP 1 DME/DME/IRU

 

 

Coimeádtar teaglaim de charachtair alfa-uimhriúla nach dtugtar le fios thuas.

NAV/

Sonraí móra a bhaineann le trealamh loingseoireachta, seachas mar a shonraítear in PBN/, arna gceangal ag an údarás inniúil.

Léirigh méadú GNSS faoin táscaire seo, agus spás idir dhá mhodh méadaithe nó níos mó, e.g. NAV/GBAS SBAS.

Léirigh EURPRNAV má bhíonn an t-aerárthach formheasta P-RNAV ag brath go haonarach ar VOR/DME chun an suíomh a chinneadh.

COM/

Léirigh an trealamh cumarsáide agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 a).

DAT/

Léirigh an trealamh cumarsáide sonraí agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 a) nó ‘CPDLCX’ chun an díolúine arna dheonú ón gceanglas a bheith feistithe le CPDLC-ATN-B1 a léiriú.

SUR/

Léirigh an trealamh faireachais agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 b). Léirigh an oiread sonraíochta(í) RSP agus is féidir mar a bhfuil feidhm acu maidir leis an eitilt, ag úsáid sainitheora (sainitheoirí) gan spás. Scartar ilsonraíochtaí RSP le spás. Sampla: RSP180 RSP400.

Cuir isteach EUADSBX, EUEHSX, EUELSX, nó teaglaim díobh, chun léiriú a thabhairt ar na díolúintí a deonaíodh maidir leis an gceanglas a bheith feistithe le trasfhreagróirí Mhód SSR S nó tarchuradóirí ADS-B.

DEP/

Ainm agus suíomh an aeradróim imeachta, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 13, nó an t-aonad ATS ónar féidir sonraí forlíontacha an phlean eitilte a fháil, má chuirtear AFIL isteach i Mír 13. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh mar a leanas:

Le 4 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus aonaid de nóiméid agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó dheas) ina dhiaidh, agus ansin 5 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus in aonaid de nóiméid, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 4620N07805W (11 charachtar).

NÓ,

Treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a leanas:

An pointe suntasach a shainaithint, ansin an treo-uillinn ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a thugann céimeanna maighnéadacha, agus ina dhiaidh sin an fad ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a léiríonn NM. I limistéir ina bhfuil domhanleithead ard, i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil tagairt do chéimeanna maighnéadacha praiticiúil, féadfar céimeanna fíora a úsáid. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. ba cheart maighnéad de phointe 180 ag fad 40 NM ó VOR ‘DUB’ a léiriú mar DUB180040.

NÓ,

An chéad phointe den bhealach (ainm nó LAT/LONG) nó rabhchán raidió marcóra, mura éirigh an t-aerárthach den talamh ó aeradróm.

DEST/

Ainm agus suíomh an aeradróim cinn scríbe, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 16. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear faoi DEP/thuas.

DOF/

Dáta imeachta na heitilte i bhformáid 6 fhigiúr (BBMMDD, inarb ionann BB agus an bhliain, tá MM cothrom leis an mí, agus is ionann LL agus an lá).

REG/

Náisiúntacht nó marc coiteann agus marc clárúcháin an aerárthaigh, má tá sé difriúil ón aitheantas aerárthaigh i Mír 7.

EET/

Pointí suntasacha nó sainitheoirí teorann FIR agus amanna caite measta carntha ó éirí de thalamh go dtí pointí den sórt sin nó teorainneacha FIR, i gcás ina bhforordaítear sin ar bhonn socruithe aerloingseoireachta réigiúnacha, nó arna bhforordú ag an údarás inniúil.

Samplaí:

EET/CAP0745 XYZ0830

EET/EINN0204

SEL/

Cód SELCAL, le haghaidh aerárthaí atá feistithe mar sin.

TYP/

Cineál (nó cineálacha) aerárthaigh, agus ag dul roimhe más gá gan spás le huimhir (uimhreacha) aerárthaigh agus scartha le spás amháin, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 9.

Sampla:

TYP/2F15 5F5 3B2

CODE/

Seoladh an aerárthaigh (léirithe i bhfoirm cóid alfa-uimhriúla ina bhfuil 6 charachtar heicsidheachúla) i gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil sin. Sampla: Is é ‘F00001’ an seoladh aerárthaigh is ísle atá sa bhloc sonrach arna riar ag ICAO.

DLE/

Moill nó coinneáil faoi bhealach, cuir isteach an pointe(í) suntasach ar an mbealach i gcás ina bhfuil sé beartaithe moill a dhéanamh, agus ansin fad na moille ag úsáid am 4 fhigiúr in uaireanta an chloig agus i nóiméid (uunn).

Sampla:

DLE/MDG0030

OPR/

Sainitheoir ICAO nó ainm ghníomhaireacht oibríochta an aerárthaigh, má tá sé difriúil ón aitheantas aerárthaigh i Mír 7.

ORGN/

Seoladh AFTN 8 litir an tionscnóra nó sonraí teagmhála eile iomchuí, i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh tionscnóir an phlean eitilte aitheanta go héasca, arna cheangal ag an údarás inniúil.

PER/

Sonraí feidhmíochta an aerárthaigh, á léiriú le litir aonair mar a shonraítear sna Nósanna imeachta le haghaidh Seirbhísí Aerloingseoireachta – Oibríochtaí Aerárthaí (PANS-OPS, Doic. 8168), Imleabhar I – Nósanna imeachta Eitilte, má dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú mar sin.

ALTN/

Ainm aeradróm malairte ceann scríbe, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 16. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

RALT/

Táscaire 4-litir ICAO le haghaidh bealaí malartacha faoi bhealach, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh, nó ainm(neacha) aeradróim mhalartaigh, mura ndéantar táscaire a leithdháileadh. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

TALT/

Táscaire 4-litir ICAO le haghaidh éirí de thalamh malartach, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh, nó ainm aeradróim mhalartaigh chun éirí de thalamh, mura ndéantar táscaire a leithdháileadh. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

RIF/

Mionsonraí an bhealaigh i dtreo an aeradróim cinn scríbe athbhreithnithe, agus táscaire suímh 4-litir ICAO an aeradróim ina dhiaidh. Tá an bealach athbhreithnithe faoi réir ath-cheadaithe le linn eitilte.

Samplaí:

RIF/DTA HEC KLAX

RIF/ESP G94 CLA YPPH

RVR/

íoscheanglas maidir le raon radhairc an rúidbhealaigh le haghaidh na heitilte á léiriú i 3 fhigiúr.

RFP/

léiriú ar uimhir na bpleananna eitilte athsholáthair arna gcur isteach san fhormáid ‘Q’ agus 1 fhigiúr amháin ina ndiaidh ag léiriú próiseas atriallach an athsholáthair.

Samplaí:

RFP/Q2.

RMK/

Aon bharúil eile i dteanga sholéite arna cheangal ag an údarás inniúil nó nuair a mheastar gur gá é.

Mír 19: FAISNÉIS FHORLÍONTACH


Buanseasmhacht

Tar éis E/

CUIR ISTEACH grúpa 4-fhigiúr ag tabhairt buanseasmhacht breosla in uaireanta an chloig agus nóiméid.

Daoine ar bord

Tar éis P/

CUIR ISTEACH an líon iomlán daoine (paisinéirí agus criú) ar bord, arna cheangal ag an údarás inniúil. CUIR ISTEACH TBN (le fógairt) murar eol an líon iomlán daoine tráth an chódaithe.

Trealamh éigeandála agus marthanais


R/

(RAIDIÓ) SCRIOS AMACH U mura bhfuil UHF ar mhinicíocht 243,0 MHz ar fáil.

SCRIOS AMACH V mura bhfuil VHF ar mhinicíocht 121,5 MHz ar fáil.

SCRIOS AMACH E mura bhfuil tarchuradóir aimsitheora éigeandála (ELT) ar fáil.

S/(TREALAMH MARTHANAIS)

SCRIOS AMACH gach táscaire i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais.

SCRIOS AMACH P i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais polaigh.

SCRIOS AMACH D i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais gaineamhlaigh.

SCRIOS AMACH M i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais muirí.

SCRIOS AMACH J i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais dufair.

J/(SEAICÉID)

SCRIOS AMACH gach táscaire i gcás nach n-iompraítear seaicéid tharrthála.

SCRIOS AMACH L i gcás nach bhfuil seaicéid tharrthála feistithe le soilse.

SCRIOS AMACH F i gcás nach bhfuil seaicéid tharrthála feistithe le fluaraisin.

SCRIOS AMACH U nó V nó an dá cheann mar atá in R/thuas chun cumas raidió na seaicéad a léiriú, más ann dóibh.

D/(BÁIDÍNÍ)

(LÍON)

SCRIOS AMACH táscairí D agus C i gcás nach n-iompraítear aon bháidín; nó

CUIR ISTEACH an líon báidíní a iompraítear; agus

(CUMAS) - CUIR ISTEACH an cumas iomlán, i ndaoine, báidíní uile a iompraítear; agus

(CUMHDACH) - SCRIOS AMACH táscaire C i gcás nach bhfuil báidíní cumhdaithe; agus

(DATH) - CUIR ISTEACH dath na mbáidíní má iompraítear iad.

A/(DATH AGUS MARCÁLACHA AN AERÁRTHAIGH)

CUIR ISTEACH dath an aerárthaigh agus marcálacha suntasacha.

N/(BARÚLACHA)

SCRIOS AMACH táscaire N i gcás nach ann do bharúlacha, nó LÉIRIGH aon trealamh marthanais eile a iompraítear agus aon bharúil eile maidir le trealamh marthanais.

C/(PÍOLÓTA)

CUIR ISTEACH ainm an phíolóta i gceannas.

2.3.   Arna chomhdú ag

CUIR ISTEACH

ainm an aonaid, na gníomhaireachta nó an duine a bheidh ag líonadh isteach an phlean eitilte.
’;’

(23)

scriostar an Forlíonadh a ghabhann leis an Iarscríbhinn.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/404/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)