|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/390 |
19.2.2024 |
CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE MAIDIR LE RIALACHA TIONSCNAIMH FABHRACHA UILE-EORA-MHEÁNMHARA
an 7 Nollaig 2023
maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara [2024/390]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (1), agus go háirithe d’Airteagal 4(3)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘an Coinbhinsiún’) sa Bhruiséil an 15 Meitheamh 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2012. |
|
(2) |
Tá an córas Uile-Eora-Mheánmhara maidir le carnadh tionscnaimh comhdhéanta de líonra comhaontuithe saorthrádála. Déantar foráil leis maidir le creat iltaobhach rialacha tionscnaimh comhionanna ina ndéantar foráil maidir le carnadh trasnánach a bhíonn infheidhme gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna Comhaontuithe ábhartha. |
|
(3) |
Admhaítear sa bhrollach leis an gCoinbhinsiún gur gá na rialacha tionscnaimh a leasú le gur féidir freagairt ar dhóigh níos fearr don réaltacht eacnamaíoch. |
|
(4) |
Na Páirtithe Conarthacha leis an gCoinbhinsiún, chomhaontaigh siad an leasú ar an gCoinbhinsiún d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le tacar nua de rialacha tionscnaimh nuachóirithe níos solúbtha. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Coinbhinsiún a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfar an Coinbhinsiún a leasú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Tiocfaidh na leasuithe ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2023.
Thar ceann an Chomhchoiste
An Cathaoirleach
Marko LÄTTI
IARSCRÍBHINN
Airteagal aonair
An leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara
Leasaítear an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘an Coinbhinsiún’) mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 1. Leis an gCoinbhinsiún seo, leagtar síos forálacha maidir le tionscnamh earraí arna dtrádáil faoi na Comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha. 2. Leagtar amach an coincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus na modhanna comhair riaracháin a bhaineann leis sin sna Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Le Foscríbhinn I, leagtar amach na rialacha ginearálta le haghaidh coincheap na ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna an chomhair riaracháin a shainmhíniú. Le Foscríbhinn II, leagtar amach na forálacha speisialta a comhaontaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 is infheidhme idir Páirtithe Conarthacha áirithe ar maolú iad ó na forálacha a leagtar síos i bhFoscríbhinn I. Is bailí i gcónaí iad na forálacha speisialta is infheidhme idir Páirtithe Conarthacha áirithe ar maolú iad ó na forálacha a leagtar síos i bhFoscríbhinn I a comhaontaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 ach nach bhfuil san áireamh i bhFoscríbhinn II. 3. I gcás maoluithe a comhaontaíodh tar éis an 1 Eanáir 2019:
4. Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún is ea iad seo a leanas:
5. Tríú páirtí dá ndéantar Páirtí Conarthach de i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfear go huathoibríoch é leis an liosta a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.’ |
|
(2) |
in Airteagal 2, pointe (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):
|
|
(3) |
in Airteagal 4, mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(4) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: ‘9. Ó dháta chinneadh an Chomhchoiste dá dtagraítear i mír 4, is féidir ionadaíocht a dhéanamh ar son an tríú páirtí lena mbaineann le stádas breathnóra sa Chomhchoiste agus in aon fhochoiste agus aon mheitheal.’ |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn I: ‘Foscríbhinn I AN SAINMHÍNIÚ AR CHOINCHEAP ‘TÁIRGÍ TIONSCNAIMH’ AGUS MODHANNA COMHAR RIARACHÁIN CLÁR
Liosta Iarscríbhinní
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1 Sainmhínithe Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:
TEIDEAL II SAINMHÍNIÚ AN CHOINCHEAPA ‘TÁIRGÍ TIONSCNAIMH’ Airteagal 2 Ceanglais ghinearálta Chun an Comhaontú ábhartha a chur chun feidhme, measfar gur de thionscnamh Páirtí Conarthach na táirgí seo a leanas nuair a onnmhairítear chuig Páirtí Conarthach eile iad:
Airteagal 3 Táirgí a fuarthas go hiomlán 1. Measfar go bhfuarthas na táirgí seo a leanas go hiomlán i bPáirtí Conarthach nuair a onnmhairítear chuig Páirtí Conarthach eile iad:
2. Ní bheidh feidhm ag na téarmaí ‘soithí an Pháirtí sin’ agus ‘longa próiseála an Pháirtí sin’ i mír 1 (h) agus (i) ach amháin maidir le soithí agus longa próiseála a chomhlíonfadh na ceanglais seo a leanas:
3. Chun críche mhír 2, nuair is é an tAontas Eorpach an Páirtí Conarthach is onnmhaireoir nó an Páirtí Conarthach is allmhaireoir, ciallaíonn sé Ballstáit an Aontais Eorpaigh. 4. Chun críoch mhír 2, measfar gur aon Pháirtí Conarthach amháin iad na Stáit CSTE. Airteagal 4 Oibriú nó próiseáil leordhóthanach 1. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo agus d’Airteagal 6, táirgí nach bhfaightear go hiomlán i bPáirtí Conarthach, measfar go ndearnadh oibriú nó próiseáil leordhóthanach orthu nuair a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa liosta in Iarscríbhinn II maidir leis na hearraí lena mbaineann. 2. Maidir le táirge a fuair stádas tionscnaimh i bPáirtí Conarthach i gcomhréir le mír 1, má úsáidtear an táirge sin mar ábhar chun táirge eile a mhonarú, ní chuirfear san áireamh na hábhair neamhthionscnaimh arbh fhéidir gur úsáideadh iad chun é a mhonarú. 3. I gcás gach táirge, cinnfear cé acu a chomhlíontar ceanglais mhír 1 seo nó nach gcomhlíontar. Os a choinne sin, i gcás ina mbeidh an riail ábhartha bunaithe ar chomhlíonadh uasmhéid ábhar neamhthionscnaimh, féadfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a údarú d’onnmhaireoirí praghas an táirge díreach ón monarcha agus luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a ríomh ar bhonn meánluachanna mar a leagtar amach i mír 4, chun luaineachtaí i gcostais agus i rátaí airgeadra a chur san áireamh. 4. Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3, déanfar meánphraghas an táirge díreach ón monarcha agus meánluach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh a ríomh faoi seach ar bhonn shuim na bpraghsanna díreach ón monarcha a gearradh ar gach díolachán de na táirgí céanna a rinneadh i rith na bliana fioscaí roimhe sin agus ar bhonn shuim luach na n-ábhar neamhthionscnaimh go léir a úsáideadh le linn mhonarú na dtáirgí i gcaitheamh na bliana fioscaí roimhe sin, mar a shainítear sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir, nó, i gcás nach mbeidh figiúirí le haghaidh bliain fhioscach iomlán ar fáil, bídís ann le haghaidh tréimhse níos giorra ná sin, tréimhse nach lú ná trí mhí. 5. Onnmhaireoirí a shocróidh an ríomh a dhéanamh ar bhonn meánluachanna, cuirfidh siad an modh sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le linn na bliana tar éis na bliana fioscaí tagartha, nó, i gcás inarb iomchuí, le linn na bliana tar éis na tréimhse is giorra a úsáidtear mar thagairt. Féadfaidh siad stad den mhodh sin a chur i bhfeidhm i gcás ina dtugann faoi deara, le linn bliain fhioscach ar leith nó le linn tréimhse ionadaíoch is lú ná 3 mhí, go bhfuil deireadh leis na luaineachtaí i gcostais nó i rátaí airgeadra a thug údar cuí le modh den sórt sin a úsáid. 6. Úsáidfear na meánluachanna dá dtagraítear i mír 4 mar phraghas díreach ón monarcha agus mar luach na n-ábhar neamhthionscnaimh faoi seach, chun a shuí go gcomhlíontar an t-uasmhéid ábhar neamhthionscnaimh. Airteagal 5 Riail lamháltais 1. De mhaolú ar Airteagal 4 agus faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ábhair neamhthionscnaimh nach ceart, de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa liosta in Iarscríbhinn II, iad a úsáid chun táirge áirithe a mhonarú, féadfar na hábhair sin a úsáid mar sin féin, ar choinníoll nach mó a nglanmheáchan iomlán nó a nglanluach iomlán arna measúnú le haghaidh an táirge ná:
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le táirgí atá faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe, ar táirgí iad a mbeidh feidhm ag na lamháltais a luaitear i Nótaí 6 agus 7 d’Iarscríbhinn I maidir leo. 2. Le mír 1 den Airteagal seo ní cheadaítear dul thar aon cheann de na céatadáin maidir le huasmhéid ábhar neamhthionscnaimh mar a shonraítear sna rialacha a leagtar síos sa liosta in Iarscríbhinn II. 3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le táirgí a fhaightear go hiomlán i bPáirtí Conarthach de réir bhrí Airteagal 3. Gan dochar d’Airteagal 6 agus d’Airteagal 9(1), áfach, beidh feidhm ag an lamháltas dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le táirge arb ina leith a cheanglaítear leis an riail a leagtar síos sa liosta in Iarscríbhinn II, go bhfaighfear go hiomlán na hábhair a úsáidtear chun an táirge sin a mhonarú. Airteagal 6 Oibriú nó próiseáil easpach 1. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, measfar nach leor an t-oibriú ná an phróiseáil a dhéantar sna hoibríochtaí seo a leanas chun gur féidir stádas ‘táirgí tionscnaimh’ a thabhairt, bíodh ceanglais Airteagal 4 comhlíonta nó ná bídís:
2. Na hoibríochtaí uile a dhéantar sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir ar tháirge áirithe, cuirfear san áireamh iad nuair a chinnfear an easpach an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh ar an táirge sin de réir bhrí mhír 1. Airteagal 7 Carnadh tionscnaimh 1. Gan dochar Airteagal 2, measfar gur de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir táirgí a onnmhairítear chuig Páirtí Conarthach eile más ansin a fuarthas iad, táirgí ina bhfuil ábhair de thionscnamh aon Pháirtí Conarthach eile a chuirfidh na rialacha i bhfeidhm ar choinníoll gur mó an t-oibriú nó an phróiseáil a dhéanfar sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir ná na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6. Ní bheidh sé riachtanach oibriú nó próiseáil leordhóthanach a bheith déanta ar na hábhair sin. 2. I gcás nach mó an t-oibriú nó an phróiseáil a dhéantar sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir ná na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, an táirge a fhaightear trí ábhair a bheith ann atá de thionscnamh aon Pháirtí Conarthach eile, measfar gur de thionscnamh an Pháirtí is onnmhaireoir é, ach amháin i gcás inar mó an breisluach ná luach na n-ábhar a úsáideadh de thionscnamh níos mó ná aon Pháirtí Conarthach eile. Murab amhlaidh sin, i dtaca leis an táirge a fuarthas measfar é a bheith de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann an luach is airde ábhar tionscnaimh a úsáideadh le linn na monaraíochta sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. 3. Gan dochar d’Airteagal 2, agus gan táirgí atá faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe a áireamh, oibriú nó próiseáil a dhéantar i bPáirtí Conarthach seachas sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir measfar é a bheith déanta sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir nuair a dhéantar oibriú nó próiseáil sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir sin ina dhiaidh sin ar na táirgí a fhaightear. 4. Gan dochar d’Airteagal 2, i gcás táirgí atá faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe agus chun críche trádála déthaobhaí idir an dá Pháirtí Chonarthacha, oibriú nó próiseáil a dhéantar sa Pháirtí Conarthach is allmhaireoir, measfar an t-oibriú nó an phróiseáil sin a bheith déanta sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir nuair a dhéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin ar na táirgí sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir sin. Chun críocha na míre seo, measfar go bhfuil na rannpháirtithe i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Moldóive ina n-aon Pháirtí Conarthach amháin. 5. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha síneadh a chur go haontaobhach le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo maidir le hallmhairiú táirgí atá faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe. An Páirtí Conarthach a dhéanfaidh an cinneadh cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a shíneadh, fógróidh sé an cinneadh sin don Chomhchoiste, mar aon le haon mhodhnú air. Cuimseofar in Iarscríbhinn VIII liosta na bPáirtithe Conarthacha a shín cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo maidir le hallmhairiú táirgí atá faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe. Nuashonrófar Liosta na bPáirtithe Conarthacha go pras tar éis d’aon Pháirtí Conarthach scor den síneadh a chur i bhfeidhm. Foilseoidh gach Páirtí Conarthach fógra ina mbeidh liosta de na Páirtithe Conarthacha in Iarscríbhinn VIII i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha faoi seach. 6. Chun críche carnadh de réir bhrí mhíreanna 3 go 5 den Airteagal seo, ní mheasfar gur de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir na táirgí tionscnaimh ach amháin más mó na t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh ná na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6. 7. Táirgí de thionscnamh na bPáirtithe Conarthacha dá dtagraítear i mír 1, ar táirgí iad nach ndéantar aon oibriú ná aon phróiseáil orthu sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir, coinneoidh siad a stádas tionscnaimh má onnmhairítear iad chuig ceann de na Páirtithe Conarthacha eile. Airteagal 8 Carnadh tionscnaimh – Coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm 1. Féadfar an carnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 a chur i bhfeidhm ar choinníoll:
2. Fógraí ina sonraítear gur comhlíonadh na ceanglais is gá chun carnadh a chur i bhfeidhm, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) agus sna Páirtithe Conarthacha atá ina bpáirtithe sna Comhaontuithe ábhartha, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Beidh feidhm ag an gcarnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 ón dáta a shonraítear sna fógraí sin. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha, trí bhíthin an Choimisiúin Eorpaigh, sonraí i dtaobh na gComhaontuithe ar fáil do na Páirtithe Conarthacha eile atá ina bpáirtithe leis na Comhaontuithe ábhartha, sonraí lena n-áirítear a ndátaí theacht i bhfeidhm, dátaí a gcloítear leo i dteannta na bPáirtithe Conarthacha eile. 3. Ar an gcruthúnas tionscnaimh ba cheart an ráiteas seo i mBéarla a bheith mar chuid de ‘CUMULATION APPLIED WITH (ainm na tíre/nó na dtíortha i mBéarla)’ nuair is trí chur i bhfeidhm an charntha tionscnaimh i gcomhréir le Airteagal 7 a fuair na táirgí a stádas tionscnaimh sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. I gcás ina n-úsáidfear deimhniú gluaiseachta EUR.1 mar chruthúnas tionscnaimh, is i mbosca 7 den deimhniú gluaiseachta EUR.1 a dhéanfar an ráiteas sin. 4. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a chinneadh, i gcás na dtáirgí a onnmhairítear chucu, ar táirgí iad a fuair an stádas tionscnaimh sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir trí charnadh tionscnaimh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7, go dtarscaoilfear an oibleagáid an ráiteas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur ar an gcruthúnas tionscnaimh. Fógróidh na Páirtithe Conarthacha a gcinneadh chun úsáid a bhaint as an rogha sin don Chomhchoiste. Foilseoidh na Páirtithe Conarthacha, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, fógraí ina léireofar liosta nuashonraithe na bPáirtithe Conarthacha a bhain úsáid as an rogha sin. Airteagal 9 Aonad incháilitheachta 1. Is é a bheidh san aonad incháileachta le haghaidh chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo an táirge sonrach a meastar gurb é an bunaonad é agus an t-aicmiú á chinneadh le hainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe. Dá bhrí sin:
2. I gcás ina n-áireofar, de réir Riail Ghinearálta 5 den Chóras Comhchuibhithe, an phacáistíocht in éineacht leis an táirge chun críoch aicmithe, áireofar í chun an áit tionscnaimh a chinneadh. 3. Gabhálais, páirteanna breise agus uirlisí a sheoltar in éineacht le píosa trealaimh, meaisín, fearas nó feithicil, ar cuid den ghnáth-threalamh iad agus atá ar áireamh i bpraghas an ghnáth-threalaimh díreach ón monarcha, measfar gur cuid den phíosa trealaimh, den inneall, den fhearas nó den fheithicil sin iad. Article 10 Tacair Maidir le tacair, mar a shainmhínítear i Riail Ghinearálta 3 den Chóras Comhchuibhithe iad, measfar gur tacair thionscnaimh iad más páirteanna tionscnaimh na páirteanna uile iontu. I gcás ina bhfuil idir tháirgí tionscnaimh agus táirgí neamhthionscnaimh i dtacar, measfar gur tacar tionscnaimh an tacar ina iomláine, áfach, ar choinníoll nach mó luach na dtáirgí neamhthionscnaimh ná 15 % de phraghas an tacair díreach ón monarcha. Airteagal 11 Eilimintí neodracha Chun a chinneadh an táirge tionscnaimh é an táirge, ní chuirfear san áireamh tionscnamh na nithe seo a leanas is féidir a úsáid le linn an mhonaraithe:
Airteagal 12 Deighilt chuntasaíochta 1. Má úsáidtear ábhair idirmhalartacha tionscnaimh agus neamhthionscnaimh le linn oibriú nó próiseáil táirge, is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go ndéanfar ábhair a bhainistiú trí úsáid a bhaint as an modh deighilte cuntasaíochta, gan na hábhair a choimeád ar stoic ar leithligh. 2. Is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha bainistiú táirgí idirmhalartacha tionscnaimh agus neamhthionscnaimh atá faoi cheannteideal 1701 a áirithiú trí úsáid a bhaint as an modh deighilte cuntasaíochta, gan na táirgí a choimeád ar stoic ar leithligh. 3. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a cheangal go gcuirfear deighilt chuntasaíochta i bhfeidhm ach údarú a fháil roimh ré ó na húdaráis Chustaim. Féadfaidh na húdaráis Chustaim an t-údarú a dheonú faoi réir aon choinníoll a mheasann siad a bheith iomchuí agus déanfaidh siad faireachán ar an úsáid a bhainfear as an údarú. Féadfaidh na húdaráis chustaim an t-údarú a tharraingt siar aon uair a bhainfidh an tairbhí úsáid mhíchuí as an údarú ar aon bhealach nó aon uair a mhainneoidh sé aon cheann de na coinníollacha eile a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo a chomhlíonadh. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an deighilt chuntasaíochta ach amháin más féidir a áirithiú, aon tráth, nach mó an líon táirgí a mheastar mar ‘tháirgí de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir’ ná mar a mheasfaí dá n-úsáidfí modh deighilte fisicí le haghaidh na stoc. Cuirfear an modh i bhfeidhm, agus taifeadfar a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta ginearálta is infheidhme sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. 4. Tairbhí an mhodha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den, soláthróidh sé cruthúnais ar thionscnamh le haghaidh chainníocht na dtáirgí a bhféadfadh a mheas gur de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir iad, nó cuirfidh sé isteach ar na cruthúnais ar thionscnamh sin. Ach iarratas a fháil ó na húdaráis chustaim, soláthróidh an tairbhí ráiteas faoin gcaoi ar bainistíodh na cainníochtaí. TEIDEAL III CEANGLAIS CHRÍCHE Airteagal 13 Prionsabal an chríochachais 1. Déanfar na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II a chomhlíonadh gan bhriseadh sa Pháirtí Conarthach lena mbaineann. 2. Táirgí tionscnaimh a onnmhairíodh ó Pháirtí Conarthach go tír eile, i gcás ina ndéantar iad a chur ar ais, measfar gur táirgí neamhthionscnaimh iad, mura féidir an méid seo a leanas a léiriú chun sástacht na n-údarás custaim:
3. Maidir le hoibriú nó próiseáil a dhéantar lasmuigh den Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir, ar ábhair a onnmhairítear ón bPáirtí Conarthach sin agus a ath-allmhairítear chuige ina dhiaidh sin, ní dhéanfaidh an méid sin difear do stádas tionscnaimh a fháil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II, ar choinníoll:
4. Chun críocha mhír 3 den Airteagal seo, na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II maidir le stádas tionscnaimh a fháil, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha sin maidir le hoibriú ná próiseáil a dhéantar lasmuigh den Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm, sa liosta in Iarscríbhinn II, riail chun stádas tionscnaimh an táirge deiridh a chinneadh lena socraítear luach uasta na n-ábhar neamhthionscnaimh a ionchorpraítear, ní bheidh luach iomlán na n-ábhar neamhthionscnaimh a ionchorpraítear i gcríoch an Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir, in éineacht leis an mbreisluach iomlán a fuarthas lasmuigh den Pháirtí Conarthach sin tríd an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná an céatadán atá luaite. 5. Chun críocha mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, measfar go gciallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna thabhú lasmuigh den Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir, lena n-áirítear luach na n-ábhar a ionchorpraítear ansin. 6. Ní beidh feidhm ag míreanna 3 nó 4 den Airteagal seo maidir le táirgí nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa liosta in Iarscríbhinn II ná maidir le táirgí nach féidir a mheas go ndearnadh oibriú nó próiseáil leordhóthanach orthu ach amháin má chuirtear an lamháltas ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 5 i bhfeidhm. 7. Is faoi na socruithe próiseála amach, nó faoi shocruithe dá leithéid, a dhéanfar aon oibriú nó próiseáil den sórt a chumhdaítear leis an Airteagal seo agus a dhéantar lasmuigh den Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. Airteagal 14 Neamhathrú 1. Ní bheidh feidhm leis an gcóir fhabhrach dá bhforáiltear faoin gComhaontú ábhartha ach maidir le táirgí a shásóidh ceanglais an Choinbhinsiúin seo agus a dhearbhófar dá n-allmhairiú i bPáirtí Conarthach, ar choinníoll gurb iad sin na táirgí céanna a onnmhairíodh ón bPáirtí Conarthach is onnmhaireoir. Ní bheidh athrú ná claochlú déanta ar na táirgí ar aon bhealach ná ní bheidh oibríochtaí déanta orthu ach amháin chun dea-bhail a choinneáil orthu nó chun marcanna, lipéid, séalaí nó aon doiciméad a chur leo nó a ghreamú díobh lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais intíre shonracha de chuid an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir arna ndéanamh faoi mhaoirseacht chustaim sa tríú tír (sna tríú tíortha) idirthurais, nó chun iad a roinnt sula ndéantar iad a dhearbhú le haghaidh úsáid intíre. 2. Féadfar táirgí nó coinsíneachtaí a stóráil ar choinníoll go bhfanfaidh siad faoi mhaoirseacht chustaim sa tríú tír (sna tríú tíortha) idirthurais. 3. Gan dochar d’fhorálacha Theideal V den Fhoscríbhinn seo, féadfar coinsíneachtaí a roinnt ar choinníoll go bhfanfaidh siad faoi mhaoirseacht chustaim sa tríú tír (sna tríú tíortha) ina ndéantar an roinnt. 4. I gcás amhrais, féadfaidh an Páirtí Conarthach is allmhaireoir, aon tráth, a iarraidh ar an allmhaireoir nó ar a ionadaí gach doiciméad iomchuí a chur faoina bhráid chun fianaise a sholáthar go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh, fianaise is féidir a sholáthar trí aon fhianaise dhoiciméadach, agus go háirithe ar na dóigheanna seo a leanas:
Airteagal 15 Taispeántais 1. Táirgí tionscnaimh a sheoltar lena dtaispeáint i dtír seachas tír a bhfuil an carnadh infheidhme maidir léi i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 agus a dhíoltar tar éis an taispeántais lena n-allmhairiú isteach i bPáirtí Conarthach, beidh forálacha an Chomhaontaithe ábhartha ina shochar acu tráth a n-allmhairithe, ar choinníoll go léireofar chun sástacht na n-údarás custaim:
2. Eiseofar cruthúnas tionscnaimh nó tarraingeofar suas cruthúnas ar thionscnamh i gcomhréir le Teideal V den Fhoscríbhinn seo agus cuirfear faoi bhráid údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir é ar an ngnáthmhodh. Beidh ainm agus seoladh an taispeántais luaite air. Más gá, féadfar fianaise dhoiciméadach eile a éileamh maidir leis na coinníollacha inar taispeánadh iad. 3. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon taispeántas trádála, tionscail, talmhaíochta nó ceardaíochta, aon aonach nó léiriú nó taispeántas poiblí comhchosúil nach n-eagraítear chun críoch príobháideach i siopaí nó in áitribh ghnó d'fhonn táirgí eachtrannacha a dhíol agus a bhfanann na táirgí faoi rialú custaim lena linn. TEIDEAL IV AISÍOCAÍOCHT NÓ DÍOLÚINE Airteagal 16 Aisíocaíocht dleachtanna custaim nó díolúine uathu 1. Ábhair neamhthionscnaimh a mbaintear úsáid astu i monarú táirgí a thagann faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe, ar táirgí de thionscnamh Páirtí Chonarthaigh iad a ndéantar cruthúnas tionscnaimh a eisiúint nó a tharraingt suas ina leith i gcomhréir le Teideal V den Fhoscríbhinn seo, ní dhéanfar dleachtanna custaim d’aon chineál aisíocaíocht maidir leis na hábhair sin, ná ní thabharfar díolúine uathu, sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir. 2. Beidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le haon socrú chun aisíoc, loghadh nó neamhíocaíocht a dhéanamh, go pointe áirithe nó go hiomlán, ar dhleachtanna custaim, nó ar mhuirir a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, is infheidhme sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir maidir le hábhair a úsáidtear sa mhonarú, má tá feidhm ag an aisíoc, an loghadh nó an neamhíocaíocht sin, go sainráite nó iarbhír, sa chás go n-onnmhairítear táirgí a fhaightear ó na hábhair sin seachas iad a choinneáil ansin le haghaidh úsáid intíre. 3. Beidh onnmhaireoir na dtáirgí atá cumhdaithe ag cruthúnas tionscnaimh ullamh tráth ar bith chun gach doiciméad iomchuí a chur faoi bhráid na n-údarás custaim, arna iarraidh sin dóibh, lena gcruthaítear nach bhfuarthas aon aisíocaíocht i leith na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh chun na táirgí lena mbaineann a mhonarú agus gur íocadh, iarbhír, gach dleacht custaim nó muirear a bhfuil éifeacht choibhéiseach aige is infheidhme maidir le hábhair den sórt sin. 4. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 den Airteagal seo maidir le trádáil idir na Páirtithe Conarthacha i gcás táirgí a fuair stádas tionscnaimh trí charnadh tionscnaimh a chur i bhfeidhm mar a chumhdaítear le hAirteagal 7(4) nó (5). 5. An toirmeasc i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le trádáil dhéthaobhach idir an Eilvéis (lena n-áirítear Lichtinstéin), an Íoslainn, an Iorua, an Tuirc nó an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus aon rannpháirtí i bpróiseas Barcelona, ar an taobh eile, seachas an Tuirc agus Iosrael má mheastar go bhfuil na táirgí de thionscnaimh an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir nó an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir gan carnadh a chur i bhfeidhm i gcás ábhair de thionscnaimh aon cheann de na Páirtithe Conarthacha eile. 6. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 ar thrádáil dhéthaobhach idir na Páirtithe Conarthacha ós Ballthíortha iad den Chomhaontú ina bhunaítear limistéar saorthrádála i measc thíortha Arabacha na Meánmhara (Comhaontú Agadir), i gcás go meastar na táirgí a bheith de thionscnamh aon cheann de na tíortha sin gan carnadh a chur i bhfeidhm i gcás ábhair de thionscnaimh aon cheann de na Páirtithe Conarthacha eile. TEIDEAL V CRUTHÚNAS TIONSCNAIMH Airteagal 17 Ceanglais ghinearálta 1. Beidh forálacha na gComhaontuithe ábhartha ina sochar ag táirgí de thionscnamh ceann de na Páirtithe Conarthacha tráth a allmhaireofar isteach sna Páirtithe Conarthacha eile iad má chuirtear isteach ceann amháin de na cruthúnais thionscnaimh seo a leanas:
2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, i dtaca le táirgí tionscnaimh de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo, tairbheoidh na táirgí sin d’fhorálacha na gComhaontuithe ábhartha sna cásanna a shonraítear in Airteagal 27 gan aon ghá a bheith le haon cheann de na cruthúnais tionscnaimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur isteach. 3. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó ná sin aontú, ar mhaithe le trádáil fhabhrach eatarthu féin, go ndéanfar ráitis ar thionscnamh arna dtarraingt suas ag onnmhaireoirí atá cláraithe i mbunachar sonraí leictreonach, i gcomhréir le reachtaíocht inmheánach na bPáirtithe Conarthacha sin, a chur in ionad na gcruthúnas ar thionscnamh a liostaítear i mír 1. I dtaca le ráiteas tionscnaimh a úsáid, ráiteas arna tharraingt suas ag na honnmhaireoirí atá cláraithe i mbunachar sonraí leictreonach atá comhaontaithe ag dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó ná sin, ní chuirfidh sé bac ar an úsáid a bhaintear as carnadh trasnánach le Páirtithe Conarthacha eile. 4. Chun críocha mhír 1, féadfaidh dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó ná sin aontú eatarthu féin córas a bhunú lena gceadaítear cruthúnais ar thionscnamh a liostaítear i mír 1 a eisiúint go leictreonach agus/nó a chur isteach go leictreonach. 5. Chun críoch Airteagal 7, i gcás ina mbíonn Airteagal 8(4) infheidhme, an t-onnmhaireoir atá bunaithe i bPáirtí Conarthach, a eiseoidh cruthúnas tionscnaimh nó a dhéanfaidh iarratas ar chruthúnas tionscnaimh ar bhonn cruthúnas tionscnaimh eile a tarscaoileadh ón oibleagáid an ráiteas in Airteagal 8(3) a chur san áireamh, déanfaidh sé gach beart is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le carnadh a chur i bhfeidhm agus beidh sé ullamh chun na doiciméid ábhartha uile a chur faoi bhráid na n-údarás custaim. Airteagal 18 Coinníollacha maidir le dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas 1. Is féidir leis na daoine seo a leanas dearbhú tionscnaimh dá dtagraítear in in Airteagal 17(1)(b) a tharraingt suas:
2. Féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más féidir a mheas gur de thionscnamh Páirtí Conarthach iad na táirgí agus má chomhlíonann siad na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo. 3. An t-onnmhaireoir a tharraingíonn suas dearbhú tionscnaimh, beidh sé réidh ag aon tráth, ar iarratas ó údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir, na doiciméid iomchuí uile a chur isteach lena gcruthaítear stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann chomh maith le comhlíonadh na gceanglas eile atá sa Choinbhinsiún seo. 4. Is é an t-onnmhaireoir a tharraingeoidh an dearbhú tionscnaimh suas tríd an dearbhú, a bhfuil a théacs in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo, a chlóscríobh, a stampáil nó a phriontáil ar an sonrasc, ar an nóta seachadta nó ar aon doiciméad tráchtála eile, ag úsáid ceann de na leaganacha teangacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir. Má dhéantar an dearbhú a scríobh de láimh, is le dúch agus le carachtair phriontáilte a dhéanfar sin. 5. Beidh bunsíniú an onnmhaireora lámhscríofa ar dhearbhuithe tionscnaimh. Dá ainneoin sin, ní bheidh ar onnmhaireoir atá formheasta de réir bhrí Airteagal 19 na dearbhuithe sin a shíniú ar choinníoll go dtugann sé gealltanas i scríbhinn d'údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir go nglacann sé freagracht iomlán as aon dearbhú tionscnaimh ar a bhfuil sé aitheanta, mar a bheadh sé sínithe de láimh aige. 6. Féadfaidh an t-onnmhaireoir dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas tráth a onnmhaireofar na táirgí a mbaineann sé leo, nó tar éis a n-onnmhairithe (an ‘dearbhú tionscnaimh cúlghabhálach’) ar choinníoll go gcuirfear i láthair é sa Pháirtí Conarthach is allmhaireoir laistigh de 2 bhliain tar éis allmhairiú na dtáirgí a mbaineann sé leo. I gcás ina ndéantar coinsíneacht a roinnt i gcomhréir le hAirteagal 14(3) agus ar choinníoll go n-urramaítear an sprioc-am céanna de dhá bhliain, déanfaidh onnmhaireoir formheasta an Pháirtí Chonarthaigh na dtáirgí an dearbhú tionscnaimh cúlghabhálach a tharraingt suas. Airteagal 19 Onnmhaireoir formheasta 1. Féadfaidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir, faoi réir na gceanglas náisiúnta, aon onnmhaireoir atá bunaithe sa Pháirtí Conarthach sin (an ‘t-onnmhaireoir formheasta’), a údarú chun dearbhuithe tionscnaimh a tharraingt suas gan beann ar luach na dtáirgí lena mbaineann. 2. Tabharfaidh an t-onnmhaireoir a iarann údarú den sórt sin, na ráthaíochtaí uile is gá chun sástacht na n-údarás custaim, chun a fhíorú go bhfuil stádas tionscnaimh ag na táirgí agus go gcomhlíonann siad na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo. 3. Tabharfaidh údaráis chustaim na tíre onnmhairithe uimhir údarúcháin chustaim don onnmhaireoir formheasta, agus beidh an uimhir sin le feiceáil ar an dearbhú tionscnaimh. 4. Déanfaidh na húdaráis chustaim a fhíorú go mbaintear úsáid chuí as an údarú. Féadfaidh siad an t-údarú a tharraingt siar má bhaineann an t-onnmhaireoir formheasta úsáid mhíchuí as agus déanfaidh siad amhlaidh mura dtugann an t-onnmhaireoir formheasta na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh. Airteagal 20 Nós imeachta maidir le deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint 1. Eiseoidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir deimhniú gluaiseachta EUR.1 ar iarratas i scríbhinn ón onnmhaireoir nó, faoi fhreagracht an onnmhaireora, óna ionadaí údaraithe. 2. Chun na críche sin, déanfaidh an t-onnmhaireoir nó a ionadaí údaraithe an deimhniú gluaiseachta EUR.1 agus an fhoirm iarratais araon a líonadh isteach, nithe a bhfuil samplaí díobh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo. Líonfar isteach na foirmeacha sin i gceann éigin de na teangacha inar tarraingíodh suas an Coinbhinsiún agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir. Má dhéantar an dearbhú de láimh, is le dúch agus le carachtair phriontáilte a dhéanfar sin. Cuirfear an tuairisc ar na táirgí sa bhosca atá ann chun na críche sin gan aon líne a fhágáil bán. Mura mbeidh an bosca líonta isteach ina iomláine, tarraingeofar líne chothrománach faoi bhun líne dheireanach na tuairisce agus crosálfar an spás bán. 3. Déanfaidh an t-onnmhaireoir atá ag cur iarratas isteach ar eisiúint deimhniú gluaiseachta EUR.1, tráth ar bith, ar iarratas ó údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir ina n-eisítear an deimhniú gluaiseachta EUR.1, na doiciméid iomchuí uile a chur ar fáil ina bhfuil cruthúnas go bhfuil stádas tionscnaimh ag na táirgí lena mbaineann agus gur comhlíonadh na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo. 4. Eiseoidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir deimhniú gluaiseachta EUR.1 más féidir a mheas gur táirgí tionscnaimh iad na táirgí lena mbaineann agus go gcomhlíonann siad na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo. 5. Déanfaidh na húdaráis chustaim a eiseoidh na deimhnithe gluaiseachta EUR.1 aon bheart is gá chun stádas tionscnaimh na dtáirgí agus comhlíonadh na gceanglas eile atá sa Choinbhinsiún seo a fhíorú. Beidh sé de cheart acu, chun na críche sin, aon fhianaise a iarraidh agus aon chigireacht a dhéanamh ar chuntais an onnmhaireora nó aon seiceáil eile a mheastar a bheith iomchuí. Áiritheoidh siad freisin gur líonadh isteach go hiomchuí na foirmeacha dá dtagraítear i mír 2. Go háirithe, seiceálfaidh siad ar líonadh isteach an spás don tuairisc ar na táirgí ar bhealach nach féidir cur leis go calaoiseach in aon chor. 6. Beidh dáta eisiúna an deimhnithe gluaiseachta EUR.1 luaite ar an deimhniú gluaiseachta EUR.1 i mBosca 11. 7. Eiseoidh na húdaráis chustaim deimhniú gluaiseachta EUR.1 agus cuirfear ar fáil don onnmhaireoir é a luaithe a bheidh fíor-onnmhairiú déanta nó áirithithe. Airteagal 21 Deimhnithe gluaiseachta EUR.1 a eisítear go cúlghabhálach 1. D’ainneoin Airteagal 20(7), féadfar deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint tar éis onnmhairiú na dtáirgí lena mbaineann sé más rud é:
2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, luafaidh an t-onnmhaireoir ina iarratas áit agus dáta onnmhairiú na dtáirgí a mbaineann an deimhniú gluaiseachta EUR.1 leo agus na cúiseanna atá lena iarratas. 3. Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint go cúlghabhálach ach tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis atá in iarratas an onnmhaireora ag teacht leis an bhfaisnéis sa chomhad a chomhfhreagraíonn don iarratas sin, agus féadfaidh siad é a eisiúint laistigh de dhá bhliain ó dháta an onnmhairithe. 4. Beidh an frása seo a leanas scríofa i mBéarla mar fhormhuiniú ar dheimhnithe gluaiseachta EUR.1 a eisítear go cúlghabhálach: ‘ISSUED RETROSPECTIVELY’. 5. Cuirfear an formhuiniú dá dtagraítear i mír 4 isteach i mBosca 7 de chuid an deimhnithe gluaiseachta EUR.1. Airteagal 22 Dúblach de dheimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint 1. Má goideadh, má cailleadh nó má scriosadh deimhniú gluaiseachta EUR.1, féadfaidh an t-onnmhaireoir iarratas a chur isteach chuig na húdaráis chustaim a d’eisigh é ar dhúblach a tharraingeofar suas ar bhonn na ndoiciméad onnmhairiúcháin atá ina seilbh. 2. Beidh an focal seo a leanas scríofa i mBéarla mar fhormhuiniú ar an dúblach a eisítear de bhun mhír 1: ‘DUPLICATE’. 3. Cuirfear an formhuiniú dá dtagraítear i mír 2 isteach i mBosca 7 de chuid dhúblach an deimhnithe gluaiseachta EUR.1. 4. Beidh dáta eisiúna an bhundeimhnithe gluaiseachta EUR.1 scríofa ar an dúblach agus beidh feidhm aige ón dáta sin ar aghaidh. Airteagal 23 Bailíocht an chruthúnais tionscnaimh 1. Beidh cruthúnas tionscnaimh bailí go ceann 10 mí tar éis an dáta a eisítear nó a tarraingítear suas é sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir agus déanfar é a chur faoi bhráid údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir laistigh den tréimhse sin. 2. Cruthúnais tionscnaimh a chuirfear faoi bhráid údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir tar éis na tréimhse bailíochta a luaitear i mír 1, féadfar iad a ghlacadh chun fabhair tharaife a chur i bhfeidhm más de thoradh imthosca eisceachtúla nár cuireadh na doiciméid sin isteach faoin dáta deiridh a bhí socraithe. 3. I gcásanna eile ina dtíolactar na doiciméid sin go déanach, féadfaidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir cruthúnais ar thionscnamh a ghlacadh i gcás inar taispeánadh na táirgí don lucht custaim roimh an dáta deiridh sin. Airteagal 24 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnais tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina n-allmhaireofar táirgí de thionscnamh Páirtí Conarthach a chuirfidh rialacha i bhfeidhm isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnais tionscnaimh agus go ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, féadfar cruthúnas tionscnaimh nua a eisiúint nó a tharraingt suas má chomhlíonann an chóireáil nó an phróiseáil a rinneadh an Coinbhinsiún seo. Airteagal 25 Ceanglais allmhairiúcháin Cuirfear cruthúnas ar thionscnamh faoi bhráid údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme sa Pháirtí sin. Airteagal 26 Allmhairiú i dtráthchodanna I gcás ina ndéanfar, ar iarratas ón allmhaireoir agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir, táirgí atá díchóimeáilte nó neamhchóimeáilte de réir bhrí Riail Ghinearálta 2(a) um léirmhíniú ar an gCóras Comhchuibhithe faoi chuimsiú Ranna XVI agus XVII nó cheannteideal 7308 agus cheannteideal 9406, i gcás ina ndéanfar táirgí den sórt sin a allmhairiú i dtráthchodanna, cuirfear aon chruthúnas tionscnaimh amháin faoi bhráid na n-údarás custaim tráth a allmhaireofar an chéad tráthchuid. Airteagal 27 Díolúintí ó chruthúnas tionscnaimh 1. Táirgí a sheolfar ina bpacáistí beaga ó dhaoine príobháideacha chuig daoine príobháideacha nó atá ina gcuid de bhagáiste pearsanta taistealaí, ligfear isteach i gcáil táirgí tionscnaimh iad gan cruthúnas tionscnaimh a bheith curtha isteach, ar choinníoll nach bhfuil na táirgí sin á n-allmhairiú lena dtrádáil agus gur dearbhaíodh go gcomhlíonann siad ceanglais an Choinbhinsiúin seo agus nach bhfuil aon amhras ann go bhfuil an dearbhú sin fíor. 2. Ní mheasfar i leith allmhairí gur allmhairí lena dtrádáil iad má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
3. Ní ceadmhach luach iomlán na dtáirgí sin a bheith os cionn EUR 500 i gcás pacáistí beaga nó EUR 1 200 i gcás táirgí atá ina gcuid de bhagáiste pearsanta taistealaithe. Airteagal 28 Neamhréireachtaí agus earráidí foirmiúla 1. I gcás ina dtiocfar ar neamhréitigh bheaga idir na ráitis a rinneadh sa chruthúnas tionscnaimh agus na ráitis a rinneadh sna doiciméid a cuireadh isteach chuig an oifig chustaim chun na foirmiúlachtaí a chomhlíonadh maidir leis na táirgí sin a allmhairiú, ní chuirfidh sin an cruthúnas tionscnaimh ar neamhní ar fad ipso facto má chruthaítear go hiomchuí go bhfreagraíonn an doiciméad sin do na táirgí a cuireadh isteach. 2. Earráidí ar léir gur earráidí foirmiúla iad amhail earráidí cló ar chruthúnas tionscnaimh, ní dhiúltófar do na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 dá ndeasca mura cúis amhrais iad maidir le cruinneas na ráiteas atá sna doiciméid sin. Airteagal 29 Dearbhuithe soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1 i bPáirtí Conarthach nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh le haghaidh táirgí tionscnaimh, ar úsáideadh lena monarú, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) nó Airteagal 7(4), earraí de thionscnamh Páirtí Chonarthaigh eile, ar earraí iad ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil sa Pháirtí Conarthach sin gan stádas tionscnaimh fabhrach a fháil, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal sin. 2. Beidh dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann i bPáirtí Conarthach, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí tionscnaimh sa Pháirtí Conarthach is onnmhaireoir agus an bhféadfar na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo a chomhlíonadh. 3. Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneacht earraí, san fhoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn VI, ar leathanach páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. Maidir le hearraí lena bhfuiltear ag súil go leanfaidh de bheith seasta ar feadh tréimhse an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu i bPáirtí Conarthach, i gcás ina gcuireann soláthraí na hearraí sin ar fáil do chustaiméir go tráthrialta féadfaidh sé dearbhú soláthraí amháin a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí earraí ina dhiaidh sin (an ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. An Páirtí Conarthach, arb é an áit a dtarraingítear suas an dearbhú é, is iad údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh sin a leagann síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn VII agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar an chéad choinsíneacht earraí dó a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí arna soláthar. 5. Déanfar na dearbhuithe soláthraí fadtéarmach dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha ina bhfuil an Coinbhinsiún seo dréachta, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí Chonarthaigh, arb é an áit a dtarraingítear suas an dearbhú é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa orthu. Féadfaidh an dearbhú a bheith scríofa de láimh freisin; sa chás sin, is le dúch agus le carachtair phriontáilte a dhéanfar sin. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas an dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 30 Suimeanna arna sloinneadh in euro 1. Chun críocha Airteagal 18(1)(b) agus Airteagal 27(3) a chur i bhfeidhm i gcás ina sonrasctar na táirgí sin in airgeadra seachas euro, déanfaidh gach tír lena mbaineann, suimeanna coibhéiseach leis na suimeanna arna sloinneadh in euro a shocrú go bliantúil in airgeadraí náisiúnta na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann. 2. Beidh Airteagal 18(1)(b) nó Airteagal 27(3) ina sochar ag coinsíneacht trí thagairt don airgeadra ina dtarraingeofar suas an sonrasc, de réir na suime a shocraigh an Pháirtí Conarthach lena mbaineann. 3. Beidh na suimeanna atá le húsáid in aon airgeadra náisiúnta áirithe coibhéiseach san airgeadra sin leis na suimeanna arna sloinneadh in euro an chéad lá oibre de mhí Dheireadh Fómhair. Cuirfear na suimeanna in iúl don Choimisiún Eorpach faoin 15 Deireadh Fómhair agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir na bliana ina dhiaidh sin. Is é an Coimisiún Eorpach a fhógróidh na suimeanna ábhartha sin do na Páirtithe Conarthacha uile lena mbaineann. 4. An tsuim a thagann mar thoradh ar chomhshó na suime arna sloinneadh in euro isteach ina hairgeadra náisiúnta, féadfaidh an Pháirtí Conarthach an tsuim sin a shlánú suas nó síos. Ní ceadmhach difear níos mó ná 5 % a bheith idir an tsuim arna comhshó agus an tsuim arna slánú. Féadfaidh an Pháirtí Conarthach an choibhéis ina airgeadra náisiúnta féin den tsuim atá sloinnte in euro a choinneáil má thagann méadú níos lú ná 15 % ar an gcoibhéis ina hairgeadra náisiúnta féin as comhshó na suime sin, sula ndéanfar aon slánú uirthi tráth an choigeartaithe bhliantúil dá bhforáiltear i mír 3. Féadfar gan an choibhéis in airgeadra náisiúnta na tíre a athrú más rud é go dtiocfadh laghdú ar an luach coibhéiseach sin de thoradh a comhshóite. 5. Déanfaidh an Comhchoiste na suimeanna arna sloinneadh in euro a athbhreithniú ar iarratas ó aon Pháirtí Conarthach. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Comhchoiste san áireamh a inmhianaithe atá sé éifeachtaí na dteorainneacha i gceist a choimeád i dtéarmaí réadacha. Féadfaidh sé, chun na críche sin, cinneadh a dhéanamh na suimeanna arna sloinneadh in euro a mhodhnú. TEIDEAL VI PRIONSABAIL AN CHOMHAIR AGUS NA FIANAISE DOICIMÉADAÍ Airteagal 31 Fianaise dhoiciméadach, cruthúnas tionscnaimh agus doiciméid tacaíochta a chaomhnú 1. Onnmhaireoir ag a bhfuil dearbhú tionscnaimh tarraingthe suas nó ag a bhfuil iarratas curtha isteach ar dheimhniú gluaiseachta EUR.1, coimeádfaidh sé cóip chrua nó leagan leictreonach de na cruthúnais tionscnaimh sin agus de gach doiciméad lena dtacaítear le stádas tionscnaimh an táirge, go ceann 3 bliana ar a laghad ón dáta a eisíodh an dearbhú tionscnaimh nó a tarraingíodh suas é. 2. Coimeádfaidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile dá gceanglaítear an dearbhú sin mar iarscríbhinn, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 29(6). An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 29(6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bhailíocht an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. 3. Chun críocha mhír 1, is iad seo a leanas, inter alia, na doiciméid lena dtacaítear leis an stádas tionscnaimh:
4. Údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir a eiseoidh na deimhnithe gluaiseachta EUR.1 coimeádfaidh siad an fhoirm iarratais dá dtagraítear in Airteagal 20(2) ar feadh 3 bliana ar a laghad. 5. Déanfaidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir na dearbhuithe tionscnaimh agus na deimhnithe gluaiseachta EUR.1 a chuirtear faoina mbráid a choimeád ar feadh 3 bliana ar a laghad. 6. I dtaca le dearbhuithe soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh, i bPáirtí Conarthach, ar dearbhuithe iad a tarraingíodh suas sa Pháirtí Conarthach sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 18(3), 20(3) agus 29(6) a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Pháirtí Chonarthaigh sin a chuirfidh na rialacha i bhfeidhm iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais eile a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo. Airteagal 32 Díospóidí a réiteach I gcásanna ina n-éireoidh díospóidí i ndáil leis na nósanna imeachta fíorúcháin faoi Airteagail 34 agus 35, ar díospóidí iad nach féidir a réiteach idir na húdaráis chustaim a d’iarr fíorú agus na húdaráis chustaim a bhí freagrach as an bhfíorú sin a chur i gcrích, cuirfear na díospóidí sin faoi bhráid an chomhlachta dhéthaobhaigh a bunaíodh leis an gComhaontú ábhartha. I gcás ina mbíonn díospóidí ann seachas iadsan a bhaineann le nósanna imeachta fíorúcháin Airteagail 34 agus 35 i ndáil le léirmhíniú an Choinbhinsiúin seo, cuirfear faoi bhráid an Chomhchoiste iad. I ngach cás, i dtaca le díospóidí idir an t-allmhaireoir agus údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir a réiteach, is i gcomhréir le reachtaíocht an Pháirtí Chonarthaigh sin a réiteofar na díospóidí sin. TEIDEAL VII COMHAR RIARACHÁIN Airteagal 33 Fógra agus comhar 1. Cuirfidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha ar fáil dá chéile clónna samplacha de stampaí a úsáidtear ina n-oifigí custaim le haghaidh eisiúint deimhnithe gluaiseachta EUR.1, chomh maith le samhlacha na n-uimhreacha údaraithe a deonaíodh d’onnmhaireoirí formheasta agus seoltaí na n-údarás custaim ar a bhfuil an fhreagracht maidir le fíorú na ndeimhnithe agus na ndearbhuithe tionscnaimh sin. 2. Chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le barántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh, na dearbhuithe soláthraí agus chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin a sheiceáil. Airteagal 34 Cruthúnais tionscnaimh a fhíorú 1. Déanfar fíoruithe dá éis sin ar chruthúnais ar thionscnamh go randamach nó i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnta ar údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir faoi bharántúlacht na ndoiciméad sin, stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann nó comhlíonadh na gceanglas eile atá sa Choinbhinsiún seo. 2. Nuair a iarrann siad fíorú dá éis sin, cuirfidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is allmhaireoir ar ais an deimhniú gluaiseachta EUR.1 agus an sonrasc, má cuireadh isteach é, agus an dearbhú tionscnaimh, nó cóipeanna de na doiciméid sin chuig údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir agus tabharfaidh siad, más iomchuí, na cúiseanna atá le fíorú a iarraidh. Aon doiciméid agus aon fhaisnéis a fuarthas ina dtabharfar le fios go bhfuil an fhaisnéis a tugadh sa chruthúnas tionscnaimh míchruinn, seolfar ar aghaidh iad chun tacú leis an iarraidh ar fhíorú. 3. Is iad údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an onnmhaireora nó tabhairt faoi aon sheiceáil eile a mheasfar a bheith iomchuí. 4. Má chinneann údaráis chustaim an Pháirtí Conarthach is allmhaireoir an chóir fhabhrach le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go dtiocfaidh torthaí an fhíoraithe sin isteach, tairgfear scaoileadh na dtáirgí don allmhaireoir faoi réir aon bheart réamhchúraim a mheasfar a bheith riachtanach. 5. Cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin a luaithe is féidir. Léireoidh na torthaí sin go soiléir cé acu a bhfuil na doiciméid barántúil nó nach bhfuil agus an féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh ceann de na Páirtithe Conarthacha iad na táirgí lena mbaineann agus go gcomhlíonann siad na ceanglais eile atá sa Choinbhinsiún seo. 6. Más rud é, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann, nach bhfuarthas aon fhreagra faoi cheann 10 mí ó dháta na hiarrata ar fhíorú, nó mura leor an fhaisnéis chun barántúlacht an doiciméid i gceist nó fíorthionscnamh na dtáirgí a chinneadh, déanfaidh na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, teidlíocht ar an gcóir fhabhrach a dhiúltú. Airteagal 35 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe dá éis sin a dhéanamh ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar údaráis chustaim Páirtí Chonarthaigh, áit ar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí fadtéarmach agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile lena mbaineann earraí arna gcumhdach ag an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, de réir mar is iomchuí, na cúiseanna atá le substaint nó le foirm na hiarrata ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú dá éis sin, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí nó sa dearbhú soláthraí fadtéarmach. 3. Údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh, arb é an áit a tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí fadtéarmach é, is iad na húdaráis sin a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. Cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin a luaithe is féidir. Tabharfaidh na torthaí sin le fios go soiléir cé acu an bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí nó sa dearbhú soláthraí fadtéarmach cruinn agus cuirfidh sé ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 36 Pionóis Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir le pionóis choiriúla, shibhialta nó riaracháin a fhorchur i leith sáruithe ar a reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann an Coinbhinsiún seo. TEIDEAL VIII FOSCRÍBHINN I A CHUR I bhFEIDHM Airteagal 37 An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Déanfar earraí de thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), de réir bhrí Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mheas mar earraí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh, na hÍoslainne, Lichtinstéin nó na hIorua (‘Páirtithe LEE’) nuair a onnmhaireofar iad ón Aontas Eorpach, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin nó ón Iorua faoi seach chuig Páirtí Conarthach nach ceann de na Páirtithe LEE é, ar choinníoll go mbeidh feidhm le comhaontuithe saorthrádála idir an Páirtí Conarthach is allmhaireoir agus Páirtithe LEE. Airteagal 38 Lichtinstéin Gan dochar d’Airteagal 2, déanfar aon táirge de thionscnamh Lichtinstéin, de thoradh an aontais custaim idir an Eilvéis agus Lichtinstéin, a mheas mar tháirge de thionscnamh na hEilvéise. Airteagal 39 Poblacht San Mairíne Gan dochar d’Airteagal 2, déanfar aon táirge de thionscnamh Phoblacht San Mairíne, mar gheall ar an aontas custaim idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne, a mheas mar tháirge de thionscnamh an Aontais Eorpaigh. Airteagal 40 Prionsacht Andóra Gan dochar d’Airteagal 2, aon táirge de thionscnamh Phrionsacht Andóra a aicmítear faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe, mar gheall ar an aontas custaim idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra, measfar é a bheith ina tháirge de thionscnamh an Aontais Eorpaigh. Airteagal 41 Ceuta agus Melilla 1. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ní bheidh Ceuta ná Melilla cumhdaithe faoin téarma ‘an tAontas Eorpach’. 2. Maidir le táirgí de thionscnamh Páirtí Chonarthaigh seachas an tAontas Eorpach, nuair a allmhairítear isteach in Ceuta agus Melilla iad, tairbheoidh siad, ar gach slí, den chóras custaim a chuirtear i bhfeidhm i gcás táirgí de thionscnamh chríoch chustaim an Aontais Eorpaigh de réir Phrótacal 2 d’Ionstraim aontachais Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile agus oiriúnuithe na gConarthaí (2). Maidir le hallmhairí táirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú ábhartha agus ar de thionscnamh Ceuta agus Melilla iad, deonóidh na Páirtithe Conarthacha seachas an tAontas Eorpach dóibh an córas custaim céanna a dheonaítear i gcás táirgí a allmhairítear ón Aontas Eorpach agus ar de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad. 3. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo a bhaineann le táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo mutatis mutandis faoi réir na gcoinníollacha speisialta a leagtar amach in Iarscríbhinn V. IARSCRÍBHINN I NÓTAÍ RÉAMHRÁITEACHA A GHABHANN LEIS AN LIOSTA IN IARSCRÍBHINN II Nóta 1 – Réamhrá ginearálta Leagtar amach sa liosta seo na coinníollacha is gá a chomhlíonadh maidir le gach táirge chun go measfar iad a bheith ina dtáirgí a ndearnadh oibriú nó próiseáil leordhóthanach orthu de réir bhrí Airteagal 4 de Theideal II d’Fhoscríbhinn I. Tá 4 chineál éagsúla rialacha ann, cineálacha rialacha a bhíonn difriúil i gcomhréir leis an táirge:
Nóta 2 – Struchtúr an liosta
Nóta 3 – Samplaí den chaoi leis na rialacha a chur i bhfeidhm
Nóta 4 – Forálacha ginearálta maidir le hearraí talmhaíochta áirithe
Nóta 5 – Téarmaíocht a úsáidtear i leith táirgí teicstíle áirithe
Nóta 6 – Lamháltais is infheidhme maidir le táirgí a dhéantar as meascán d’ábhair theicstíle
Nóta 7 – Lamháltais eile is infheidhme maidir le táirgí teicstíle áirithe
Nóta 8 – Próisis shonracha agus oibríochtaí simplí a dhéantar i leith táirgí áirithe atá faoi Chaibidil 27 a shainiú
Nóta 9 – Próisis shonracha agus oibríochtaí a dhéantar i leith táirgí áirithe a shainiú
IARSCRÍBHINN II LIOSTA DEN OIBRIÚ NÓ DEN PHRÓISEÁIL IS GÁ A DHÉANAMH AR ÁBHAIR NEAMHTHIONSCNAIMH CHUN GO DTABHARFAR AN STÁDAS ‘TÁIRGE TIONSCNAIMH’ DON TÁIRGE MONARAITHE
IARSCRÍBHINN III TÉACS AN DEARBHAITHE TIONSCNAIMH Ní mór an dearbhú tionscnaimh, a dtugtar a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Ní gá na fonótaí a athsholáthar, áfach. An leagan Albáinise Eksportuesi i produkteve të mbuluara nga ky dokument (autorizim doganor Nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) deklaron që përveç rasteve kur tregohet qartësisht ndryshe, këto produkte janë me origjine preferenciale … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Araibise
An leagan Boisnise Izvoznik proizvoda obuhvaćenih ovom ispravom (carinsko ovlaštenje br … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) izjavljuje da su, osim ako je to drugačije izričito navedeno, ovi proizvodi … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferencijalnog porijekla. An leagan Bulgáirise Износителят на продуктите, обхванати от този документ (митническо разрешение № … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) декларира, че освен където ясно е отбелязано друго, тези продукти са с … преференциален произход (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Cróitise Izvoznik proizvoda obuhvaćenih ovom ispravom (carinsko ovlaštenje br … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) izjavljuje da su, osim ako je drukčije izričito navedeno, ovi proizvodi … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferencijalnog podrijetla. An leagan Seicise Vývozce výrobků uvedených v tomto dokumentu (číslo povolení … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) prohlašuje, že kromě zřetelně označených mají tyto výrobky preferenční původ v … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Danmhairgise Eksportøren af varer, der er omfattet af nærværende dokument, (toldmyndighedernes tilladelse nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), erklærer, at varerne, medmindre andet tydeligt er angivet, har præferenceoprindelse i … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Ollainnise De exporteur van de goederen waarop dit document van toepassing is (douanevergunning nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), verklaart dat, behoudens uitdrukkelijke andersluidende vermelding, deze goederen van preferentiële …oorsprong zijn (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Béarla The exporter of the products covered by this document (customs authorization No … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) declares that, except where otherwise clearly indicated, these products are of … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferential origin. An leagan Eastóinise Käesoleva dokumendiga hõlmatud toodete eksportija (tolli luba nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) deklareerib, et need tooted on … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) sooduspäritoluga, välja arvatud juhul kui on selgelt näidatud teisiti. An leagan Faróise Ùtflytarin av vørunum, sum hetta skjal fevnir um (tollvaldsins loyvi nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) váttar, at um ikki nakað annað er tilskilað, eru hesar vørur upprunavørur … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Fionlainnise Tässä asiakirjassa mainittujen tuotteiden viejä (tullin lupa n:o … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) ilmoittaa, että nämä tuotteet ovat, ellei toisin ole selvästi merkitty, etuuskohteluun oikeutettuja … alkuperätuotteita (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Fraincise L’exportateur des produits couverts par le présent document (autorisation douanière n°o … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) déclare que, sauf indication claire du contraire, ces produits ont l'origine préférentielle … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Gearmáinise Der Ausführer ( Bewilligungs-Nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) der Waren, auf die sich dieses Handelspapier bezieht, erklärt, dass diese Waren, soweit nicht anders angegeben, präferenzbegünstigte … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) Ursprungswaren sind. An leagan Seoirsise
An leagan Gréigise Ο εξαγωγέας των προϊόντων που καλύπτονται από το παρόν έγγραφο (άδεια τελωνείου υπ’ αριθ. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) δηλώνει ότι, εκτός εάν δηλώνεται σαφώς άλλως, τα προϊόντα αυτά είναι προτιμησιακής καταγωγής … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Eabhraise
An leagan Ungáirise A jelen okmányban szereplő áruk exportőre (vámfelhatalmazási szám: … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) kijelentem, hogy eltérő egyértelmű jelzés hiányában az áruk kedvezményes … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) származásúak. An leagan Íoslainnise Útflytjandi framleiðsluvara sem skjal þetta tekur til (leyfi tollyfirvalda nr … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), lýsir því yfir að vörurnar séu, ef annars er ekki greinilega getið, af … fríðindauppruna (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Iodáilise L’esportatore delle merci contemplate nel presente documento (autorizzazione doganale n. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) dichiara che, salvo indicazione contraria, le merci sono di origine preferenziale … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Laitvise Eksportētājs produktiem, kuri ietverti šajā dokumentā (muitas pilnvara Nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), deklarē, ka, izņemot tur, kur ir citādi skaidri noteikts, šiem produktiem ir priekšrocību izcelsme no … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Liotuáinise Šiame dokumente nurodytų produktų eksportuotojas (muitinės leidimo Nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) deklaruoja, kad, jeigu aiškiai nenurodyta kitaip, šie produktai turi … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) lengvatinės kilmės statusą. An leagan Máltaise L-esportatur tal-prodotti koperti b'dan id-dokument (awtorizzazzjoni tad-dwana nru. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) jiddikjara li, ħlief fejn indikat b'mod ċar li mhux hekk, dawn il-prodotti huma ta' oriġini preferenzjali … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Montainéigrise Извозник производа обухваћених овом исправом (царинско овлашћење бр. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) изјављује да су, осим ако је тo другачије изричито наведено, ови производи … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) преференцијалног поријекла. Izvoznik proizvoda obuhvaćenih ovom ispravom (carinsko ovlašćenje br … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) izjavljuje da su, osim ako je to drugačije izričito navedeno, ovi proizvodi … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferencijalnog porijekla. An leagan Ioruaise Eksportøren av produktene omfattet av dette dokument (tollmyndighetenes autorisasjons nr … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) erklærer at disse produktene, unntatt hvor annet er tydelig angitt, har … preferanseopprinnelse (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Polainnise Eksporter produktów objętych tym dokumentem (upoważnienie władz celnych nr … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) deklaruje, że z wyjątkiem gdzie jest to wyraźnie określone, produkty te mają … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferencyjne pochodzenie. An leagan Portaingéilise O exportador dos produtos cobertos pelo presente documento (autorização aduaneira no … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), declara que, salvo expressamente indicado em contrário, estes produtos são de origem preferencial … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Rómáinise Exportatorul produselor ce fac obiectul acestui document (autorizația vamală nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) declară că, exceptând cazul în care în mod expres este indicat altfel, aceste produse sunt de origine preferențială … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Seirbise Извозник производа обухваћених овом исправом (царинско овлашћење бр. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) изјављује да су, осим ако је тo другачије изричито наведено, ови производи … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) преференцијалног порекла. Izvoznik proizvoda obuhvaćenih ovom ispravom (carinsko ovlašćenje br … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) izjavljuje da su, osim ako je to drugačije izričito navedeno, ovi proizvodi … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) preferencijalnog porekla. An leagan Slóvaicise Vývozca výrobkov uvedených v tomto dokumente (číslo povolenia … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) vyhlasuje, že okrem zreteľne označených, majú tieto výrobky preferenčný pôvod v … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Slóivéinise Izvoznik blaga, zajetega s tem dokumentom (pooblastilo carinskih organov št … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), izjavlja, da, razen če ni drugače jasno navedeno, ima to blago preferencialno … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) poreklo. An leagan Spáinnise El exportador de los productos incluidos en el presente documento (autorización aduanera n o … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) declara que, salvo indicación en sentido contrario, estos productos gozan de un origen preferencial … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Sualainnise Exportören av de varor som omfattas av detta dokument (tullmyndighetens tillstånd nr. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) försäkrar att dessa varor, om inte annat tydligt markerats, har förmånsberättigande … ursprung (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Tuircise Bu belge kapsamındaki ürünlerin ihracatçısı, (gümrük yetki no … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), aksi açıkça belirtilmedikçe, bu ürünlerin … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) tercihli menşeli olduğunu beyan eder. An leagan Úcráinise Експортер продукцiї, на яку поширюється цей документ (митний дозвiл № … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)), заявляє, що за винятком випадкiв, де цеявно зазначено, цi товари є товарами преференцiйного походження … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61). An leagan Macadóinise Извозникот на производите што ги покрива овоj документ (царинскo одобрение бр. … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60)) изјавува дека, освен ако тоа не е јасно поинаку назначено, овие производи се со … (4 8 12 17 21 27 31 37 41 47 51 57 61) преференцијално потекло. … (Áit agus dáta) (5 9 13 18 22 28 32 38 42 48 52 58 62) … (Síniú an onnmhaireora; ina theannta sin ní mór ainm an duine atá ag síniú an dearbhaithe a scríobh go soiléir) (6 10 14 19 23 29 33 39 43 49 53 59 63) IARSCRÍBHINN IV SAMPLAÍ DE DHEIMHNIÚ GLUAISEACHTA EUR.1 AGUS IARRATAS AR DHEIMHNIÚ GLUAISEACHTA EUR.1 TREORACHA PRIONTÁLA
DEIMHNIÚ GLUAISEACHTA
NÓTAÍ
IARRATAS AR DHEIMHNIÚ GLUAISEACHTA
DEARBHÚ AN ONNMHAIREORA Mise, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, onnmhaireoir na n-earraí a bhfuil tuairisc orthu ar an taobh eile den bhileog, déanaim A DHEARBHÚ go gcomhlíonann na hearraí na coinníollacha is gá chun an teastas seo atá i gceangal a eisiúint; A SHONRÚ gurb é seo an chaoi ar chomhlíon na hearraí seo na coinníollacha thuasluaite: … … … … na doiciméid tacaíochta seo a leanas a THÍOLACADH (15 24 34 44 54 64): … … … … A GHEALLADH go seolfaidh mé aon fhianaise thacaíochta, má iarrann na húdaráis chuí a leithéid, a d’fhéadfadh bheith ag teastáil ό na húdaráis sin chun an teastas atá i gceangal a eisiúint agus geallaim go dtoileoidh mé, más gá, le haon chigireacht ar mo chuntais agus le haon seiceáil ar phróisis déantúsaíochta na n-earraí thuasluaite, a dhéanfaidh na húdaráis sin; A IARRAIDH go n-eiseofar an teastas atá i gceangal le haghaidh na n-earraí seo. … (Áit agus dáta) … (Síniú) IARSCRÍBHINN V COINNÍOLLACHA SPEISIALTA A BHAINEANN LE TÁIRGÍ DE THIONSCNAIMH CEUTA AGUS MELILLA Airteagal Aonair 1. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad riail Airteagal 14 d’Fhoscríbhinn A maidir leis an neamhathrú, measfar an méid seo a leanas:
2. Measfar gur aon chríoch amháin iad Ceuta agus Melilla. 3. Cuirfidh an t-allmhaireoir nó a ionadaí údaraithe ainm an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir nó is allmhaireoir agus ‘Ceuta agus Melilla’ isteach i mBosca 2 de dheimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó ar dhearbhuithe tionscnaimh. Ina theannta sin, i gcás táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla, léireofar sin i mBosca 4 de dheimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó ar dhearbhuithe tionscnaimh. 4. Beidh údaráis chustaim na Spáinne freagrach as an gCoinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm in Ceuta agus Melilla. IARSCRÍBHINN VI DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ Ní mór an dearbhú soláthraí, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Ní gá na fonótaí a athsholáthar, áfach. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil i bPáirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara gan stádas tionscnaimh fabhrach a fháil Mise, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear sa doiciméad atá i gceangal, déanaim an méid seo a leanas a dhearbhú:
IARSCRÍBHINN VII DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH Ní mór an dearbhú soláthraí fadtéarmach, a dtugtar a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Ní gá na fonótaí a athsholáthar, áfach. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil i bPáirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara gan stádas tionscnaimh fabhrach a fháil Mise, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear sa doiciméad atá i gceangal agus a sholáthraítear go rialta do (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) …, déanaim an méid seo a leanas a dhearbhú:
Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó … go dtí … (25 35 45 55 65) Gabhaim orm féin go gcuirfidh mé in iúl do … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) láithreach bonn mura bhfuil an dearbhú seo bailí a thuilleadh.
IARSCRÍBHINN VIII LIOSTA NA BPÁIRTITHE CONARTHACHA ATÁ TAR ÉIS A ROGHNÚ SÍNEADH A CHUR LE CUR I BHFEIDHM AIRTEAGAL 7(3) MAIDIR LE HALLMHAIRIÚ TÁIRGÍ A THAGANN FAOI CHAIBIDLÍ 50 GO 63 DEN CHÓRAS COMHCHUIBHITHE Liostaítear thíos na Páirtithe Conarthach a bhfuil an rogha sin á húsáid acu: […]; |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Foscríbhinn II: Foscríbhinn II FORÁLACHA SPEISIALTA DE MHAOLÚ AR NA FORÁLACHA A LEAGTAR SÍOS I BHFOSCRÍBHINN I CLÁR ÁBHAR Airteagal Aonair
Airteagal Aonair San Fhoscríbhinn seo, leagtar amach forálacha speisialta a comhaontaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus atá infheidhme idir Páirtithe Conarthacha áirithe agus atá de mhaolú ar na forálacha a leagtar síos i bhFoscríbhinn I. IARSCRÍBHINN I TRÁDÁIL IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS NA RANNPHÁIRTITHE I BPRÓISEAS COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS AN AONTAIS Airteagal 1 Eiseofar na táirgí a liostaítear thíos ón gcarnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I, más amhlaidh an méid seo a leanas:
IARSCRÍBHINN II TRÁDÁIL IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS DAON-PHOBLACHT DHAONLATHACH NA hAILGÉIRE Airteagal 1 Earraí a bhfuil tionscnamh faighte acu trí na forálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh san Aontas Eorpach Chun d’Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur san Aontas Eorpach a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Aontas Eorpach ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh an Aontais ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh san Ailgéir Chun d’Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur san Ailgéir a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Ailgéir ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na hAilgéire ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, eiseoidh údaráis chustaim Ballstáit an Aontais nó na hAilgéire deimhniú gluaiseachta EUR.1 más féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais nó na hAilgéire iad na táirgí lena mbaineann, agus an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo á chur i bhfeidhm, agus má chomhlíonann siad na riachtanais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 2. Gan dochar d’Airteagal 18(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais nó na hAilgéire iad na táirgí lena mbaineann, agus an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo á chur i bhfeidhm, agus má chomhlíonann siad na riachtanais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1 san Aontas Eorpach nó san Ailgéir, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh le haghaidh táirgí tionscnaimh, ar úsáideadh ina monarú earraí de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó, na Túinéise nó an Aontais Eorpaigh, arb earraí iad ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fabhrach a fháil, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó san Aontas Eorpach chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí tionscnaimh san Aontas nó san Ailgéir agus an bhféadfar na ceanglais eile atá i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh. 3. Seachas sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn A, ar leathanach páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. Maidir le hearraí lena bhfuiltear ag súil go leanfaidh de bheith seasta ar feadh tréimhse an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Ailgéir, i Maracó sa Túinéis nó san Aontas Eorpach, i gcás ina gcuireann soláthraí na hearraí sin ar fáil do chustaiméir go tráthrialta, féadfaidh sé dearbhú soláthraí amháin a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí earraí ina dhiaidh sin, dá ngairtear ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’ anseo feasta. Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le bliain amháin ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Údaráis chustaim na tíre ina ndéanfar an dearbhú, déanann siad na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn B agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraítear. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha ina dtarraingítear suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre ina dtarraingítear suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa orthu. Féadfaidh an dearbhú a bheith scríofa de láimh freisin; sa chás sin, is le dúch agus le carachtair phriontáilte a dhéanfar sin. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta Dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáidtear, san Aontas, sa Túinéis, i Maracó nó san Ailgéir, ar dearbhuithe iad a tarraingíodh suas i gceann de na tíre sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó na hAilgéire iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a chaomhnú Coimeádfaidh an soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, nótaí seachadta nó doiciméad tráchtála eile dá gceanglaítear an dearbhú sin leo, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo. An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo. Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bhailíocht an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na an tAontas Eorpach agus an Ailgéir cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim de chuid na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Ailgéir gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó na hAilgéire a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN III TRÁDÁIL IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS RÍOCHT MHARACÓ Airteagal 1 Maidir le hearraí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh san Aontas Eorpach Chun d’Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur san Aontas Eorpach a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Aontas Eorpach ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh an Aontais Eorpaigh ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh i Maracó Chun d’Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur i Maracó a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar san Aontas Eorpach, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin i Maracó ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil san Aontas Eorpach, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh Mharacó ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de chuid Mharacó deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó de thionscnamh Mharacó iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 2. Gan dochar d’Airteagal 21(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó de thionscnamh Mharacó iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, san Aontas Eorpach nó i Maracó, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó, na Túinéise nó an Aontais Eorpaigh, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó san Aontas Eorpach, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mharacó agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 3. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn A, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó san Aontas Eorpach, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhsí suntasacha ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin, (an ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is iad údaráis chustaim na tíre ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn B agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraíodh. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha inar tarraingíodh suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre inar tarraingíodh suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar an dearbhú. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh san Aontas Eorpach, sa Túinéis, i Maracó nó san Ailgéir, ar dearbhú é a tarraingíodh suas i gceann de na tíortha sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mharacó nó iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a choimeád An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, de na nótaí seachadta nó de dhoiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5 (6) den Iarscríbhinn sin. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5 (6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na an tAontas Eorpach agus Maracó cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim de chuid na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh an tAontas Eorpach agus Maracó gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mharacó a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN IV TRÁDÁIL IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA TÚINÉISE Airteagal 1 Maidir le hearraí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh san Aontas Eorpach Chun d’Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur san Aontas Eorpach a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Aontas Eorpach ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh an Aontais Eorpaigh ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh sa Túinéis Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur sa Túinéis a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar san Aontas Eorpach, i Maracó nó san Ailgéir más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin sa Túinéis ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil san Aontas Eorpach, i Maracó nó san Ailgéir. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na Túinéise ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de chuid na Túinéise deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó de thionscnamh na Túinéis iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 2. Gan dochar d’Airteagal 18 (2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó de thionscnamh na Túinéise iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, san Aontas Eorpach nó sa Túinéis, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó, na Túinéise nó an Aontais Eorpaigh, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó san Aontas Eorpach, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó na Túinéise agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 3. Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn A, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó san Aontas Eorpach, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhsí suntasacha ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin, (an ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is iad údaráis chustaim na tíre ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn B agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraíodh. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha inar tarraingíodh suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre inar tarraingíodh suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar an dearbhú. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh san Aontas Eorpach, sa Túinéis, i Maracó nó san Ailgéir, ar dearbhú é a tarraingíodh suas i gceann de na tíortha sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5 (6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó na Túinéise iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a choimeád An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, de na nótaí seachadta nó de dhoiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5 (6) den Iarscríbhinn sin. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na an tAontas Eorpach agus an Túinéis cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim de chuid na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú an tsoláthraí sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Túinéis gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó na Túinéise a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN V TRÁDÁIL IDIR POBLACHT NA TUIRCE AGUS NA RANNPHÁIRTITHE I bPRÓISEAS COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH Airteagal 1 Déanfar na táirgí a liostaítear anseo thíos a eisiamh ón gcarnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I, más rud é:
IARSCRÍBHINN VI TRÁDÁIL IDIR POBLACHT NA TUIRCE AGUS RÍOCHT MHARACÓ Airteagal 1 Maidir le hearraí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh sa Tuirc Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur sa Tuirc a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Aontas Eorpach ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na Tuirce ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh i Maracó Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur i Maracó a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar sa Tuirc, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin i Maracó ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil sa Tuirc, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh Mharacó ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de chuid na Tuirce nó Mharacó deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó de thionscnamh Mharacó iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 2. Gan dochar d’Airteagal 18(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó de thionscnamh Mharacó iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, sa Tuirc nó i Maracó, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó, na Túinéise nó na Tuirce, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó sa Tuirc, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de thionscnamh na Tuirce nó Mharacó agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 3. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn C, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó sa Tuirc, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhsí suntasacha ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin, (‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is iad údaráis chustaim na tíre ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn D agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraíodh. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha inar tarraingíodh suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre inar tarraingíodh suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar an dearbhú. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis sin a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh sa Tuirc, sa Túinéis, i Maracó nó san Ailgéir, ar dearbhú é a tarraingíodh suas i gceann de na tíortha sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó Mharacó iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a choimeád An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, de na nótaí seachadta nó de dhoiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5 (6) den Iarscríbhinn sin. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh an Tuirc agus Maracó cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim de chuid na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú soláthraí sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh an Tuirc agus Maracó gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh na Tuirce nó na hAilgéire a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN VII TRÁDÁIL IDIR POBLACHT NA TUIRCE AGUS POBLACHT NA TÚINÉISE Airteagal 1 Maidir le hearraí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh sa Tuirc Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur sa Tuirc a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin san Aontas Eorpach ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i Maracó, san Ailgéir nó sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na Tuirce ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh sa Túinéis Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur sa Túinéis a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar sa Tuirc, i Maracó nó san Ailgéir más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin sa Túinéis ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil sa Tuirc, i Maracó nó san Ailgéir. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na tíortha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na Túinéise ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de chuid na Tuirce nó na Túinéise deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó de thionscnamh na Túinéise iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 2. Gan dochar d’Airteagal 18(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó de thionscnamh na Túinéise iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, sa Tuirc nó sa Túinéis, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó, na Túinéise nó na Tuirce, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó sa Tuirc, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de thionscnamh na Tuirce nó na Túinéise agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. 3. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn C, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Ailgéir, i Maracó, sa Túinéis nó sa Tuirc, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhsí suntasacha ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin, (‘an dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is iad údaráis chustaim na tíre ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn D agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraíodh. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha inar tarraingíodh suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta de chuid na tíre inar tarraingíodh suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar an dearbhú. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh sa Tuirc, sa Túinéis, i Maracó nó san Ailgéir , ar dearbhú é a tarraingíodh suas i gceann de na tíortha sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh na Tuirce nó na Túinéise iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a choimeád An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, de na nótaí seachadta nó de dhoiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn sin. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh an Tuirc agus an Túinéis cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim de chuid na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, dearbhú an tsoláthraí sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh an Tuirc agus an Túinéis gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh na Tuirce nó na Túinéise a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN VIII TRÁDÁIL IDIR STÁIT CSTE AGUS POBLACHT NA TÚINÉISE Airteagal 1 Maidir le hearraí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh i Stát CSTE Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur i Stát CSTE a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar sa Túinéis más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin i Stát CSTE ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil sa Túinéis. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh Stát CSTE ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Carnadh sa Túinéis Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, measfar gur sa Túinéis a rinneadh aon oibriú nó próiseáil a dhéantar sna Stáit CSTE más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin sa Túinéis ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil sna Stáit CSTE. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh na Túinéise ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú nó an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 4 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de chuid Stát CSTE nó na Túinéise deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Stát CSTE nó de thionscnamh na Túinéise iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. 2. Gan dochar d’Airteagal 18(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Stát CSTE nó de thionscnamh na Túinéise iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 5 Dearbhú soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, i Stát CSTE nó sa Túinéis, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh na Túinéise nó na Stát CSTE, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna tíortha sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann sa Túinéis nó sna Stáit CSTE, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de thionscnamh na Stát CSTE nó na Túinéise agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. 3. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn E, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu san Túinéis nó sna Stáit CSTE, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhsí suntasacha ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin, (an ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is iad údaráis chustaim na tíre ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn F agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a sholáthraíodh. 5. Déanfar an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chlóscríobh nó a phriontáil i gceann de na teangacha inar tarraingíodh suas an Comhaontú, i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre inar tarraingíodh suas é, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar an dearbhú. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach. tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú, gach doiciméad iomchuí a chur isteach lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 6 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhú soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh sna Stáit CSTE nó sa Túinéis, ar dearbhú é a tarraingíodh suas i gceann de na tíortha sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Stát CSTE nó na Túinéise iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile in bhFoscríbhinn I. Airteagal 7 Dearbhú soláthraí a choimeád An soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, coimeádfaidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus den sonrasc, de na nótaí seachadta nó de dhoiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6) den Iarscríbhinn sin. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(6). Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 8 Comhar riaracháin Chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na Stáit CSTE agus an Túinéis cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 9 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar na húdaráis chustaim na tíre inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá sa doiciméad sin. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim na tíre dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí. 3. Is iad údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. A luaithe is féidir, cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl do na húdaráis chustaim a d’iarr an fíorú sin. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú soláthraí sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 10 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 11 Saorchriosanna 1. I gcás táirgí atá á dtrádáil faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus atá ag dul, le linn a n-iompair, trí shaorchrios ina gcríoch, déanfaidh na Stáit CSTE agus an Túinéis gach beart is gá chun a áirithiú nach gcuirfear earraí eile ina n-ionad agus nach ndéanfar láimhseáil orthu seachas gnáthoibríochtaí atá ceaptha meathlú orthu a chosc. 2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, i gcás ina ndéantar táirgí de thionscnamh Stát CSTE nó na Túinéise a allmhairiú isteach i saorchrios faoi chumhdach cruthúnas tionscnaimh agus i gcás ina ndéantar cóireáil nó próiseáil orthu, eiseoidh na húdaráis lena mbaineann deimhniú gluaiseachta nua EUR.1 ar iarratas ón onnmhaireoir, i gcás ina gcomhlíontar an Coinbhinsiún seo leis an gcóireáil nó próiseáil a rinneadh. IARSCRÍBHINN IX TRÁDÁIL FAOI CHUIMSIÚ AN CHOMHAONTAITHE LENA mBUNAÍTEAR LIMISTÉAR SAORTHRÁDÁLA I MEASC THÍORTHA ARABACHA NA MEÁNMHARA (COMHAONTÚ AGADIR) Maidir le táirgí a fhaightear sna tíortha atá ina gcomhaltaí den Chomhaontú lena mbunaítear limistéar saorthrádála i measc thíortha Arabacha na Meánmhara (Comhaontú Agadir), agus ar táirgí iad a fhaightear ó na hábhair atá i gcaibidlí 1 go 24 den Chóras Comhchuibhithe, eisítear iad ó charnadh fiarthrasna leis na Páirtithe Conartha eile nuair nach bhfuil trádáil i gcomhar na n-ábhar sin léirscaoilte faoi chuimsiú na gcomhaontuithe saorthrádála a thugtar i gcrích idir tír ceann scríbe deiridh agus tír thionscnaimh na n-ábhar a úsáidtear chun an táirge sin a mhonarú. IARSCRÍBHINN X TRÁDÁIL A CHUMHDAÍTEAR LE COMHAONTÚ SAORTHRÁDÁLA LÁR NA hEORPA (CEFTA) AGUS A BHAINEANN LE POBLACHT NA MOLDÓIVE AGUS NA RANNPHÁIRTITHE I BPRÓISEAS COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH Airteagal 1 Eisiaimh ó charnadh tionscnaimh Maidir le táirgí a fuair an tionscnamh a bhaineann leo mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, eiseofar iad ón gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 7 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 2 Carnadh tionscnaimh Chun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I a chur chun feidhme, maidir le haon oibriú nó próiseáil a dhéantar i bPoblacht na Moldóive nó sna rannpháirtithe i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh (‘na Páirtithe CEFTA’), measfar go ndearnadh an t-oibriú nó an phróiseáil sin in aon Pháirtí CEFTA eile más rud é go ndéantar oibriú nó próiseáil ina dhiaidh sin sa Pháirtí CEFTA lena mbaineann ar na táirgí a fhaightear mar thoradh ar an oibriú nó próiseáil i bPoblacht na Moldóive nó sna Páirtithe CEFTA sin. Más rud é, de bhun Airteagal 2, pointe (b), d’Fhoscríbhinn I, go bhfaightear na táirgí tionscnaimh in dhá cheann nó níos mó de na Páirtithe lena mbaineann lena mbaineann, ní mheasfar iad a bheith de thionscnamh an Pháirtí CEFTA lena mbaineann ach amháin i gcás ina dtéann an t-oibriú agus an phróiseáil a rinneadh thar na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 d’Fhoscríbhinn I. Airteagal 3 Cruthúnais tionscnaimh 1. Gan dochar d’Airteagal 20(4) agus (5) d’Fhoscríbhinn I, déanfaidh na húdaráis chustaim de chuid Pháirtí CEFTA deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Pháirtí CEFTA iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. 2. Gan dochar d’Airteagal 18(2) agus (3) d’Fhoscríbhinn I, féadfar dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas más rud é gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Pháirtí CEFTA iad na táirgí lena mbaineann, ach an carnadh dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. Airteagal 4 Dearbhuithe soláthraí 1. Nuair a eisítear deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó nuair a tharraingítear suas dearbhú tionscnaimh, i bPáirtí CEFTA, le haghaidh táirgí tionscnaimh ar le linn iad a mhonarú a úsáideadh earraí, de thionscnamh Pháirtithe CEFTA eile, a ndearnadh oibriú nó próiseáil orthu sna Páirtithe sin gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu, cuirfear san áireamh an dearbhú soláthraí a tugadh i leith na n-earraí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Beidh an dearbhú soláthraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina fhianaise ar an oibriú nó ar an bpróiseáil a rinneadh ar na hearraí lena mbaineann sna Páirtithe CEFTA, chun a chinneadh an bhféadfar na táirgí, ar úsáideadh na hearraí sin lena monarú, a mheas mar tháirgí de tionscnaimh na bPáirtithe CEFTA agus a chomhlíonann na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. 3. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal, tarraingeoidh an soláthraí suas dearbhú soláthraí ar leithligh le haghaidh gach coinsíneachta earraí, san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn Ga ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo, ar leathán páipéir i gceangal leis an sonrasc, leis an nóta seachadta nó le haon doiciméad tráchtála eile ina mbeidh tuairisc ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. 4. I gcás ina soláthraíonn soláthraí do chustaiméir go tráthrialta earraí a meastar, maidir leis an oibriú nó an phróiseáil a dhéantar orthu sna Páirtithe CEFTA, go bhfanfaidh sé nó sí seasta ar feadh tréimhse suntasach ama, féadfaidh an soláthraí dearbhú soláthraí aonair a sholáthar lena gcumhdófar coinsíneachtaí de na hearraí sin ina dhiaidh sin (an ‘dearbhú soláthraí fadtéarmach’). Is gnách go bhféadfaidh an dearbhú soláthraí fadtéarmach a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain ón dáta a tharraingeofar suas an dearbhú. Is é údarás custaim de chuid Pháirtí CEFTA ina dtarraingeofar suas an dearbhú a leagfaidh síos na coinníollacha faoina bhféadfar tréimhsí níos faide a úsáid. Tarraingeoidh an soláthraí suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach san fhoirm a fhorordaítear in Iarscríbhinn H a ghabhann leis an bhFoscríbhinn seo agus beidh tuairisc ann ar na hearraí lena mbaineann, tuairisc a bheidh mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint. Cuirfear é ar fáil don chustaiméir lena mbaineann sula dtabharfar dó an chéad choinsíneacht earraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin nó i dteannta a chéad choinsíneachta. Cuirfidh an soláthraí an custaiméir ar an eolas láithreach bonn mura bhfuil feidhm a thuilleadh leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach maidir leis na hearraí a soláthraíodh. 5. Déanfar na dearbhuithe soláthraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a chlóscríobh nó a phriontáil i mBéarla, i gcomhréir le dlí náisiúnta de chuid an Pháirtí CEFTA ina dtarraingítear suas an dearbhú, agus beidh bunsíniú an tsoláthraí lámhscríofa ar na dearbhuithe. Féadfaidh an dearbhú a bheith lámhscríofa freisin; sa chás sin, scríobhfar é le dúch i gcarachtair phriontáilte. 6. Beidh an soláthraí a tharraingíonn suas an dearbhú réidh le gach doiciméad iomchuí a chur isteach, tráth ar bith, ar iarraidh sin ó údarás custaim an Pháirtí CEFTA ina dtarraingítear suas an dearbhú, lena gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú sin ceart. Airteagal 5 Doiciméid tacaíochta I dtaca le dearbhuithe soláthraí lena gcruthaítear go ndearnadh oibriú nó próiseáil ar na hábhair a úsáideadh san Páirtithe Conarthacha, ar dearbhuithe iad a tarraingíodh suas i gceann de na páirtithe sin, déileálfar leo mar dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 20(3) agus 18(3) d’Fhoscríbhinn I agus Airteagal 4(6) den Iarscríbhinn seo a úsáidtear chun a chruthú gur féidir a mheas gur táirgí de thionscnamh Páirtí CEFTA iad na táirgí arna gcumhdach le deimhniú gluaiseachta EUR.1 nó le dearbhú tionscnaimh agus go gcomhlíontar leo na ceanglais eile i bhFoscríbhinn I. Airteagal 6 Dearbhuithe soláthraí a choimeád Coimeádfaidh an soláthraí a tharraingeoidh suas dearbhú soláthraí, ar feadh trí bliana ar a laghad, cóipeanna den dearbhú agus de na sonraisc go léir, na nótaí seachadta nó doiciméid tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú sin i gceangal, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(6) den Iarscríbhinn seo. An soláthraí a tharraingíonn suas dearbhú soláthraí fadtéarmach, coimeádfaidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad cóipeanna den dearbhú agus de gach sonrasc, nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear leis an dearbhú sin agus a seoladh chuig an gcustaiméir lena mbaineann, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(6) den Iarscríbhinn seo. Tosóidh an tréimhse sin ó dháta éaga bailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh. Airteagal 7 Comhar riaracháin Gan dochar d’Airteagail 33 agus 34 d’Fhoscríbhinn I, chun a áirithiú go gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm go hiomchuí, tabharfaidh na Páirtithe CEFTA cúnamh dá chéile, trí na húdaráis chustaim inniúla, maidir le seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta EUR.1, na ndearbhuithe tionscnaimh nó na ndearbhuithe soláthraí agus ar bharántúlacht chruinneas na faisnéise atá sna doiciméid sin. Airteagal 8 Na dearbhuithe soláthraí a fhíorú 1. Féadfar fíoruithe a dhéanamh iardain ar dhearbhuithe soláthraí nó ar dhearbhuithe soláthraí fadtéarmacha go randamach nó nuair atá amhras réasúnta ar an údarás custaim de chuid an Pháirtí CEFTA inar cuireadh na dearbhuithe sin san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a úsáid nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas, ar amhras é faoi bharántúlacht an doiciméid nó faoi chruinneas na faisnéise atá ann. 2. Chun mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh údaráis chustaim an Pháirtí CEFTA dá dtagraítear i mír 1 an dearbhú soláthraí nó an dearbhú soláthraí fadtéarmach agus na sonraisc, na nótaí seachadta nó aon doiciméad tráchtála eile a bhaineann le hearraí a chumhdaítear le dearbhú den sórt sin, a sheoladh ar ais chuig údaráis chustaim an Pháirtí CEFTA inar tarraingíodh suas an dearbhú agus tabharfaidh siad, de réir mar is iomchuí, na cúiseanna substainte nó foirme atá leis an iarraidh ar fhíorú. Seolfaidh siad ar aghaidh, mar thaca leis an iarraidh ar fhíorú iardain, aon doiciméid nó aon fhaisnéis a fuarthas a thugann le tuiscint gur faisnéis mhícheart an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí nó sa dearbhú soláthraí fadtéarmach. 3. Is é údarás custaim an Pháirtí CEFTA inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí a nó an dearbhú soláthraí fadtéarmach dhéanfaidh an fíorú. Chun na críche sin, beidh an ceart acu aon fhianaise a iarraidh agus aon imscrúdú a dhéanamh ar chuntais an tsoláthraí nó tabhairt faoi aon seiceáil eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí. 4. Cuirfear torthaí an fhíoraithe in iúl don údarás custaim a d'iarr an fíorú sin a luaithe is féidir. Léireofar go soiléir sna torthaí sin cé acu atá an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú soláthraí nó sa dearbhú soláthraí fadtéarmach cruinn nó nach bhfuil agus a chur ar chumas na n-údarás custaim a chinneadh an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, an dearbhú sin a chur san áireamh chun deimhniú gluaiseachta EUR.1 a eisiúint nó chun dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Airteagal 9 Pionóis Forchuirfear pionóis ar aon duine a tharraingeoidh suas doiciméad, nó a chuirfidh faoi deara doiciméad a tharraingt suas, ina bhfuil faisnéis mhíchruinn chun cóir fhabhrach a fháil do tháirgí. Airteagal 10 Toirmeasc ar aisíocaíocht dleachtanna custaim nó ar dhíolúine uathu Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 16(1) d’Fhoscríbhinn I maidir le trádáil dhéthaobhach idir Páirtithe CEFTA. IARSCRÍBHINN A DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ LE hAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL SAN AONTAS EORPACH, SAN AILGÉIR, I MARACÓ NÓ SA TÚINÉIS GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil san Aontas Eorpach, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad atá i gceangal, an méid seo a leanas a dhearbhú:
IARSCRÍBHINN B DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL SAN AONTAS EORPACH, SAN AILGÉIR, I MARACÓ NÓ SA TÚINÉIS GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí fadtéarmach, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil san Aontas Eorpach, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad seo agus a sholáthraítear go rialta chuig … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60), an méid seo a leanas a dhearbhú:
Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó… go dtí… (25 35 45 55 65) Gabhaim orm féin go gcuirfidh mé in iúl do … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) láithreach bonn mura bhfuil an dearbhú seo bailí a thuilleadh.
IARSCRÍBHINN C DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, SA TUIRC, SAN AILGÉIR, I MARACÓ NÓ SA TÚINÉIS, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil sa Tuirc, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad atá i gceangal, an méid seo a leanas a dhearbhú:
IARSCRÍBHINN D DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, SA TUIRC, SAN AILGÉIR, I MARACÓ NÓ SA TÚINÉIS, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí fadtéarmach, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil sa Tuirc, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad seo agus a sholáthraítear go rialta chuig … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60), an méid seo a leanas a dhearbhú:
Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó … go dtí … (25 35 45 55 65) Gabhaim orm féin go gcuirfidh mé in iúl do … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) láithreach bonn mura bhfuil an dearbhú seo bailí a thuilleadh.
IARSCRÍBHINN E DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, I bPÁIRTÍ CSTE NÓ SA TÚINÉIS, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil, i Stát CSTE nó sa Túinéis, gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad atá i gceangal, an méid seo a leanas a dhearbhú:
IARSCRÍBHINN F DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, I BPÁIRTÍ CSTE NÓ SA TÚINÉIS, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí fadtéarmach, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil, i Stát CSTE nó sa Túinéis, gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad seo agus a sholáthraítear go rialta chuig … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60), an méid seo a leanas a dhearbhú:
Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó … go dtí … (25 35 45 55 65) Gabhaim orm féin go gcuirfidh mé in iúl do … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) láithreach bonn mura bhfuil an dearbhú seo bailí a thuilleadh.
IARSCRÍBHINN G DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A NDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, SNA PÁIRTITHE CEFTA, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil, sna Páirtithe CEFTA, gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad atá i gceangal, an méid seo a leanas a dhearbhú:
IARSCRÍBHINN H DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH LE HAGHAIDH EARRAÍ AR A nDEARNADH OIBRIÚ NÓ PRÓISEÁIL, SNA PÁIRTITHE CEFTA, GAN STÁDAS TIONSCNAIMH FHABHRAIGH A BHEITH FAIGHTE ACU Ní mór an dearbhú soláthraí fadtéarmach, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a athsholáthar. DEARBHÚ SOLÁTHRAÍ FADTÉARMACH le haghaidh earraí ar a ndearnadh oibriú nó próiseáil, sna Páirtithe CEFTA, gan stádas tionscnaimh fhabhraigh a bheith faighte acu Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, soláthraí na n-earraí a chumhdaítear leis an doiciméad seo agus a sholáthraítear go rialta chuig … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60), an méid seo a leanas a dhearbhú:
Tá an dearbhú seo bailí le haghaidh gach coinsíneachta de na hearraí sin a sheolfar ina dhiaidh seo ó … go dtí… (25 35 45 55 65). Gabhaim orm féin go gcuirfidh mé in iúl do … (3 7 11 16 20 26 30 36 40 46 50 56 60) láithreach bonn mura bhfuil an dearbhú seo bailí a thuilleadh.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Bunóidh na Páirtithe Conarthacha nótaí míniúcháin lena n-áireofar sainmhíniú ar ‘cóimeáil shimplí’.
(2) IO CE L 302, 15.11.1985, lch. 23.
(3) Maidir le coinníollacha speisialta a bhaineann le ‘próiseas sonrach (nó próisis shonracha)’ féach Réamhráiteach 8.1 agus 8.3.
(4) Maidir le coinníollacha speisialta a bhaineann le táirgí a rinneadh de mheascán d’ábhair theicstíle, féach Réamhnóta 6.
(5) Féach Réamhnóta 7.
(6) Féach Réamhnóta 9.
(7) I gcás inarb onnmhaireoir formheasta a tharraingíonn suas an dearbhú tionscnaimh, ní mór uimhir údaraithe an onnmhaireora fhormheasta a iontráil sa spás seo. I gcás nach onnmhaireoir formheasta a tharraingíonn suas an dearbhú tionscnaimh, fágfar na focail idir lúibíní ar lár nó fágfar an spás bán.
(8) Tionscnamh na dtáirgí le sonrú. Nuair a bhaineann an dearbhú tionscnaimh ina iomláine nó nuair a bhaineann cuid de le táirgí de thionscnamh Ceuta agus Melilla, ní mór don onnmhaireoir iad a léiriú go soiléir sa doiciméad ina bhfuil an dearbhú tarraingthe suas trí bhíthin an chomhartha ‘CM’.
(9) Féadfar na tásca sin a fhágáil ar lár má tá an fhaisnéis ar fáil sa doiciméad féin.
(10) I gcás nach bhfuil gá le síniú an onnmhaireora, tugtar le tuiscint leis an díolúine ón síniú go bhfuil díolúine ann freisin maidir le hainm an tsínitheora.
(11) Mura bhfuil na hearraí pacáilte, luaigh líon na n-earraí nó scríobh ‘ar an mórchóir’ de réir mar is iomchuí
(12) Ná líontar isteach é seo ach más gá de réir rialacháin na tíre nó na críche is onnmhaireoir.
(13) Cuir X sa bhosca cuí.
(14) Mura bhfuil na hearraí pacáilte, luaigh líon na n earraí nó scríobh ‘ar an mόrchόir’ de réir mar is iomchuí
(15) Mar shampla: doiciméid allmhairiúcháin, deimhnithe gluaiseachta, sonraisc, dearbhuithe ón monaróir, srl. ina dtagraítear do na táirgí a úsáideadh chun na hearraí a dhéanamh nó do na hearraí a ath-onnmhairíodh sa staid chéanna.
(16) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile dá gceanglaítear an dearbhú, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh an oiread chéanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(17) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin i bPáirtí Conarthach, má úsáideann sé fabraic a allmhairíodh ón Aontas Eorpach agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a fhí, is leor don soláthraí ón Aontas Eorpach tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(18) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhionnta a íocadh as na hábhair i [luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainmneacha na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)].
Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(19) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas a charntar lasmuigh de [luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainm na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)], lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a chuirtear leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de [luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainm na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)] a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(20) Ainm agus seoladh an chustaiméara
(21) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó doiciméad tráchtála eile dá gceanglaítear an dearbhú, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh an oiread chéanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(22) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin i bPáirtí Conarthach, má úsáideann sé fabraic a allmhairíodh ón Aontas Eorpach agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a fhí, is leor don soláthraí ón Aontas Eorpach tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(23) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhionnta a íocadh as na hábhair i [luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainmneacha na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)].
Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(24) Ciallaíonn ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh de [Luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainmneacha na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)], lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de [luaigh ainm an Pháirtí Chonarthaigh ábhartha (nó ainm na bPáirtithe Conarthacha ábhartha)] a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(25) Cuir isteach na dátaí. Níor cheart go mbainfeadh tréimhse bhailíochta níos faide ná 24 mhí leis an dearbhú soláthraí fadtéarmach de ghnáth, faoi réir na gcoinníollacha a leagann síos údaráis chustaim na tíre ina dtarraingítear suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach.
(26) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(27) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin san Ailgéir a úsáideann fabraic a allmhairíodh ón Aontas Eorpach agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Aontas Eorpach tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(28) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair san Aontas Eorpach, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(29) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh den Aontas Eorpach, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh den Aontas Eorpach, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(30) Ainm agus seoladh an chustaiméara
(31) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(32) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin san Ailgéir a úsáideann fabraic a allmhairíodh ón Aontas Eorpach agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Aontas Eorpach tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(33) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair san Aontas Eorpach, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(34) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh den Aontas Eorpach, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh den Aontas Eorpach, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(35) Cuir isteach na dátaí. De ghnáth, níor cheart go mairfeadh tréimhse bhailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh níos faide ná 12 mhí, faoi réir na gcoinníollacha a leagann síos údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach.
(36) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(37) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin sa Túinéis a úsáideann fabraic a allmhairíodh ón Tuirc agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Tuirc tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(38) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair sa Tuirc, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(39) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh den Tuirc, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh den Tuirc, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(40) Ainm agus seoladh an chustaiméara
(41) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(42) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin sa Túinéis a úsáideann fabraic a allmhairíodh ón Tuirc agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Tuirc tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(43) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair sa Tuirc, san Ailgéir, i Maracó nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(44) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh den Tuirc, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh den Tuirc, den Ailgéir, de Mharacó nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(45) Cuir isteach na dátaí. De ghnáth, níor cheart go mairfeadh tréimhse bhailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh níos faide ná 12 mhí, faoi réir na gcoinníollacha a leagann síos údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach.
(46) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(47) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin sa Túinéis a úsáideann fabraic a allmhairíodh ó Stát CSTE agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Stát CSTE tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(48) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair i Stát CSTE nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(49) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh de Stát CSTE nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de Stát CSTE nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(50) Ainm agus seoladh an chustaiméara
(51) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(52) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin sa Túinéis a úsáideann fabraic a allmhairíodh ó Stát CSTE agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ón Stát CSTE tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua.
I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(53) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair i Stát CSTE nó sa Túinéis. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(54) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh de Stát CSTE nó den Túinéis, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de Stát CSTE nó den Túinéis a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(55) Cuir isteach na dátaí. De ghnáth, níor cheart go mairfeadh tréimhse bhailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh níos faide ná 12 mhí, faoi réir na gcoinníollacha a leagann síos údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach.
(56) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
(57) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
(58) “Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair i gceann amháin de na Páirtithe CEFTA. Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(59) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh de na Páirtithe CEFTA, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de na Páirtithe CEFTA a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(60) Ainm agus seoladh an chustaiméara.
(61) Nuair is le cineálacha difriúla earraí a bhaineann an sonrasc, an nóta seachadta nó an doiciméad tráchtála eile lena bhfuil an dearbhú i gceangal, nó le hearraí nach gcuimsíonn ábhair neamhthionscnaimh chomh mór céanna, ní mór don soláthraí idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu.
Sampla:
Baineann an doiciméad le samhlacha difriúla de mhótair leictreacha faoi cheannteideal 8501 a úsáidfear i monarú meaisíní níocháin faoi cheannteideal 8450. Bíonn difríochtaí i gcineál agus i luach na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear i monarú na mótar sin ó shamhail amháin go samhail eile. Dá bhrí sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na samhlacha sa chéad cholún agus ní mór na táscairí sna colúin eile a sholáthar ar leithligh do gach samhail chun é a chur ar chumas an mhonaróra meaisíní níocháin measúnú ceart a dhéanamh ar stádas tionscnaimh a chuid táirgí, ag brath ar an tsamhail de mhótar leictreach a úsáideann sé.
(62) Níor cheart na táscairí atá á n-iarraidh sna colúin sin a thabhairt ach amháin más gá sin a dhéanamh.
Samplaí:
De réir na rialach maidir le baill éadaigh atá faoi ex Caibidil 62 is ceadmhach fíodóireacht maille le cur le chéile lena n-áirítear gearradh fabraice a úsáid. Maidir le monaróir ball éadaigh den sórt sin sa Seirbia a úsáideann fabraic a allmhairíodh ó Mhontainéagró agus a fuarthas ansin trí shnáth neamhthionscnaimh a shníomh, is leor don soláthraí ó Mhontainéagró tuairisc a thabhairt ina dhearbhú ar an ábhar neamhthionscnaimh a úsáideadh mar shnáth, gan é a bheith riachtanach ceannteideal agus luach an tsnátha sin a lua. I gcás inar táirgeadh iarann faoi cheannteideal 7217 ó bharraí iarainn neamhthionscnaimh, ba cheart don táirgeoir ‘barraí iarainn’ a scríobh sa dara colún. I gcás ina n-úsáidfear an tsreang sin i dtáirgeadh meaisín a bhfuil teorainn ina leith sa riail i ndáil le gach ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear suas go luach céatadáin áirithe, is gá luach na mbarraí neamhthionscnaimh a scríobh sa tríú colún.
(63) Ciallaíonn ‘luach na n-ábhar’ an luach custaim tráth a allmhairítear na hábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear, nó, murab eol sin agus nach féidir é a fháil amach, ciallaíonn sé an chéad phraghas infhíoraithe a íocadh as na hábhair i gceann amháin de na Páirtithe CEFTA.
Ní mór luach beacht gach ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a luaitear sa chéad cholún.
(64) Is éard a chiallóidh ‘breisluach iomlán’ gach costas arna charnadh lasmuigh de na Páirtithe CEFTA, lena n-áirítear luach na n-ábhar go léir a cuireadh leis an táirge ann. Ní mór an breisluach beacht iomlán a fuarthas lasmuigh de na Páirtithe CEFTA a thabhairt in aghaidh an aonaid de na hábhair a shonraítear sa chéad cholún.
(65) Cuir isteach na dátaí. De ghnáth, níor cheart go mairfeadh tréimhse bhailíochta an dearbhaithe soláthraí fhadtéarmaigh níos faide ná 12 mhí, faoi réir na gcoinníollacha a leagann síos údaráis chustaim na tíre inar tarraingíodh suas an dearbhú soláthraí fadtéarmach.’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/390/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)