|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/389 |
30.1.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/389 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2024
lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 432)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/327/AE ón gCoimisiún (2) údaraíodh bia ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, nó bia agus beatha a tháirgtear as tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3 a chur ar an margadh. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1301 ón gCoimisiún (3) leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/327/AE a mhéid a bhaineann leis an athnuachan ar an údarú chun beatha ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, a chur ar an margadh. Cumhdaíodh freisin le raon feidhme an údaraithe sin athnuachan a dhéanamh maidir le táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, táirgí a údaraíodh roimhe seo le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2007/232/CE (4). |
|
(3) |
An 8 Feabhra 2021, thar ceann BASF Agricultural Solutions Seed US LLC atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuir BASF SE, cuideachta atá lonnaithe sa Ghearmáin, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an údarú sin a athnuachan. |
|
(4) |
An 26 Aibreán 2023 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (5). Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan ar aon ghuais nua, teagmháil mhodhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar thréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2012 (6). |
|
(5) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(6) |
An plean faireacháin le haghaidh na n-éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(7) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan. |
|
(8) |
I gcomhthéacs an údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/327/AE sannadh aitheantóirí uathúla do thréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (7). |
|
(9) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bhia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(10) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (9). |
|
(11) |
Ní thugann tuairim ón Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus beatha a thomhailt, ar bia agus beatha iad ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, nó a tháirgtear astu, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(13) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(14) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus aitheantóirí uathúla
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar na haitheantóirí uathúla ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 and ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6 do ráib olashíl ghéinmhodhnaithe (Brassica napus L.) Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, faoi seach, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Údarú
An t-údarú chun na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bia ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘ráib olashíl’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil na tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le tréithchineálacha ráib olashíl ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é BASF Agricultural Solutions Seed US LLC, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag BASF SE na Gearmáin, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig BASF Agricultural Solutions Seed US LLC, 100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, na Stáit Aontaithe, cuideachta atá á hionadú san Aontas ag BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67063 Ludwigshafen, an Ghearmáin, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/327/AE ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2013 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 175, 27.6.2013, lch. 57).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1301 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/327/AE a mhéid a bhaineann leis an athnuachan ar an údarú chun beatha a chur ar an margadh ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3, nó atá comhdhéanta díobh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 204, 2.8.2019, lch. 50).
(4) Cinneadh 2007/232/CE ón gCoimisiún an 26 Márta 2007 maidir le táirgí ráibe olashíl (Brassica napus L., línte Ms8, Rf3 agus Ms8 x Rf3) atá géinmhodhnaithe le bheith frithsheasmhach in aghaidh na luibhicíde glúfosanáit-amóiniam a chur ar an margadh, i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 100, 17.4.2007, lch. 20).
(5) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2023. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar ráib olashíl ghéinmhodhnaithe MS8, RF3 agus MS8 x RF3 i ndáil lena húdarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-RX-024). EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(4):7934, 14 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.7934.
(6) Painéal OGM EFSA, 2012. Tuairim Eolaíoch ar iarratas (EFSA-GMO-BE-2010-81) ó Bayer maidir le tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe luibhicídfhulangach Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3 a chur ar an margadh le haghaidh bia ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3 nó atá comhdhéanta díobh, agus bia a tháirgtear as tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3 nó ina bhfuil comhábhair a tháirgtear astu (cé is moite d’ola phróiseáilte) faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. EFSA Journal [Iris EFSA] 2012;10(9):2875, 32 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2012.2875.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).
(9) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
(a) Iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:
Ainm: BASF Agricultural Solutions Seed US LLC
Seoladh: 100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Arna ionadú san Aontas ag: BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67063, Ludwigshafen, an Ghearmáin.
(b) Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
|
(1) |
bianna agus comhábhair bia ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu; |
|
(2) |
beatha ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu; |
|
(3) |
táirgí ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. |
Tréithchineálacha ráib ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, léiríonn siad an ghéin traschuráis aicéitile foisfíonotricine (pat), lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí bunaithe ar glúfosanáit-amóiniam agus an ghéin barnase (ACS-BNØØ5-8) le haghaidh steirilíocht fhireann agus an ghéin barstar (ACS-BNØØ3-6) lena n-athbhunaítear torthúlacht.
(c) Lipéadú:
|
(1) |
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘ráib olashíl’ a bheidh mar ainm an orgánaigh. |
|
(2) |
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil tréithchineálacha ráib olashíl ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6, nó atá comhdhéanta díobh, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1). |
(d) Modh braite:
|
(1) |
Modh atá bunaithe ar ISP saintheagmhas fíor-ama cainníochtúil chun na tréithchineálacha ráib olashíl ghéinmhodhnaithe ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6 a bhrath; |
|
(2) |
Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx; |
|
(3) |
Ábhar Tagartha: Tá AOCS 0306-F, AOCS 0306-G agus AOCS 0306-B (maidir leis an macasamhail neamh-ghéinmhodhnaithe) inrochtana tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm?SSO=True |
(e) Aitheantóir uathúil:
ACS-BNØØ5-8, ACS-BNØØ3-6 agus ACS-BNØØ5-8 × ACS-BNØØ3-6
(f) Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht:
[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna foilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear í].
(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:
Ní gá.
(h) Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]
(i) Plean faireacháin iarmhargaidh:
Ní gá.
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/389/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)