European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/387

22.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/387 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’), (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Québec, ráig a deimhníodh an 3 Eanáir 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 8 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit California (3), Kansas (3), Missouri (1) agus Wisconsin (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 28 Nollaig 2023 agus an 10 Eanáir 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(7)

Tar éis na ráigeanna sin le déanaí den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(8)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.

(9)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(10)

Ina theannta sin, chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(11)

Chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le 10 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i gcúigí Alberta (4), British Columbia (2), Manitoba (1), Québec (1), agus Saskatchewan (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 1 Samhain 2023 agus an 5 Nollaig 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(12)

Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Inse Orc, Albain, ráig a deimhníodh an 22 Samhain 2023.

(13)

Chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme acu chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríocha.

(14)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe isteach, agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le fionraí teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sna tríú tíortha sin mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe.

(16)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinn V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.205:

CA

Ceanada

CA-2.205

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

1.11.2023

12.1.2024’;

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.207 go US-2.210:

CA

Ceanada

CA-2.207

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

4.11.2023

12.1.2024

CA-2.208

N, P1

 

4.11.2023

12.1.2024

CA-2.209

N, P1

 

6.11.2023

12.1.2024

CA-2.210

N, P1

 

7.11.2023

12.1.2024’;

(iii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.215 agus CA-2.216:

CA

Ceanada

CA-2.215

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

9.11.2023

12.1.2024

CA-2.216

N, P1

 

15.11.2023

12.1.2024’;

(iv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.222:

CA

Ceanada

CA-2.222

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

24.11.2023

12.1.2024’;

(v)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.224:

CA

Ceanada

CA-2.224

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

27.11.2023

12.1.2024’;

(vi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.226:

CA

Ceanada

CA-2.226

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

5.12.2023

12.1.2024’;

(vii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.229 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.228:

CA

Ceanada

CA-2.229

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

3.1.2024’;

 

(viii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.327:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.327

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

22.11.2023

27.12.2023’;

(ix)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.607 go US-2.614 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.606:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.607

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.12.2023

 

US-2.608

N, P1

 

3.1.2024

 

US-2.609

N, P1

 

3.1.2024

 

US-2.610

N, P1

 

3.1.2024

 

US-2.611

N, P1

 

5.1.2024

 

US-2.612

N, P1

 

4.1.2024

 

US-2.613

N, P1

 

10.1.2024

 

US-2.614

N, P1

 

10.1.2024’;

 

(b)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios CA-2.229 tar éis na tuairisce ar chrios CA-2.228:

‘Ceanada

CA-2.229

Quebec- Latitude 45.73, Longitude -75.06

The municipalities involved are:

3km PZ: St-André-Avellin

10km SZ: Lochaber, Notre-Dame-de-Bonsecours, Notre-Dame-de-la-Paix, Papineauville, Plaisance, Ripon, Saint-Sixte, and St-André-Avellin’;

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.607 go US-2.614 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.606:

‘Na Stáit Aontaithe

US-2.607

State of Missouri

Audrain 01

Audrain County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 92.2741212°W 39.3645575°N)

US-2.608

State of California

Merced 08

Merced County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.8441855°W 37.4820235°N)

US-2.609

State of California

Sonoma 12

Sonoma County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 122.7405913°W 38.3529386°N)

US-2.610

State of California

Merced 09

Merced County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.8449531°W 37.4265541°N)

US-2.611

State of Wisconsin

Washburn 01

Washburn County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 91.9933817°W 45.8778434°N)

US-2.612

State of Kansas

Rice 04

Rice County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 98.3742750°W 38.4698459°N)

US-2.613

State of Kansas

Mitchell 05

Mitchell County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 98.4796205°W 39.4308983°N)

US-2.614

State of Kansas

Mitchell 06

Mitchell County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 98.4739033°W 39.4332684°N)’;

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.205:

CA

Ceanada

CA-2.205

POU, RAT

N, P1

 

1.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

1.11.2023

12.1.2024’;

(b)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.207 go US-2.210:

CA

Ceanada

CA-2.207

POU, RAT

N, P1

 

4.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

4.11.2023

12.1.2024

CA-2.208

POU, RAT

N, P1

 

4.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

4.11.2023

12.1.2024

CA-2.209

POU, RAT

N, P1

 

6.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

6.11.2023

12.1.2024

CA-2.210

POU, RAT

N, P1

 

7.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

7.11.2023

12.1.2024’;

(c)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.215 agus CA-2.216:

CA

Ceanada

CA-2.215

POU, RAT

N, P1

 

9.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

9.11.2023

12.1.2024

CA-2.216

POU, RAT

N, P1

 

15.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

15.11.2023

12.1.2024’;

(d)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.222:

CA

Ceanada

CA-2.222

POU, RAT

N, P1

 

24.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

24.11.2023

12.1.2024’;

(e)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.224:

CA

Ceanada

CA-2.224

POU, RAT

N, P1

 

27.11.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

27.11.2023

12.1.2024’;

(f)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.226:

CA

Ceanada

CA-2.226

POU, RAT

N, P1

 

5.12.2023

12.1.2024

GBM

P1

 

5.12.2023

12.1.2024’;

(g)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.229 tar éis na rónna le haghaidh chrios CA-2.228:

CA

Ceanada

CA-2.229

POU, RAT

N, P1

 

3.1.2024

 

GBM

P1

 

3.1.2024’;

 

(h)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.327:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.327

POU, RAT

N, P1

 

22.11.2023

27.12.2023

GBM

P1

 

22.11.2023

27.12.2023’;

(i)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.607 go US-2.614 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.606:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.607

POU, RAT

N, P1

 

28.12.2023

 

GBM

P1

 

28.12.2023

 

US-2.608

POU, RAT

N, P1

 

3.1.2024

 

GBM

P1

 

3.1.2024

 

US-2.609

POU, RAT

N, P1

 

3.1.2024

 

GBM

P1

 

3.1.2024

 

US-2.610

POU, RAT

N, P1

 

3.1.2024

 

GBM

P1

 

3.1.2024

 

US-2.611

POU, RAT

N, P1

 

5.1.2024

 

GBM

P1

 

5.1.2024

 

US-2.612

POU, RAT

N, P1

 

4.1.2024

 

GBM

P1

 

4.1.2024

 

US-2.613

POU, RAT

N, P1

 

10.1.2024

 

GBM

P1

 

10.1.2024

 

US-2.614

POU, RAT

N, P1

 

10.1.2024

 

GBM

P1

 

10.1.2024’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/387/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)