European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/384

22.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/384 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Eanáir 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Comhairle Rialachán (AE) 2023/2147.

(2)

An 27 Samhain 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais maidir leis an staid sa tSúdáin inar cháin an tAontas agus a Bhallstáit go láidir arís an troid leanúnach idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach. Is saoth leis an Aontas freisin gur tháinig géarú suntasach ar an bhforéigean agus gur cailleadh daoine in Darfur agus ar fud na tíre, agus na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart sé eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147:

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2

A.   Daoine nádúrtha

[…]

B.   Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Defense Industries System

ar a dtugtar freisin:

Military Industry Corporation;

Defense Industries Corporation

Seoladh: Khartoum North, Khartoum 10783

An cineál eintitis: Eintiteas poiblí

Dáta clárúcháin: 1993

Is ilchuideachta mhór faoi úinéireacht Fhórsaí Armtha na Súdáine é Defence Industries System (DIS), ar a dtugtaí an Chorparáid Tionsclaíoch Mhíleata roimhe seo, a bhainistíonn líonra cuideachtaí faoi rialú míleata. Gineann DIS ioncam suntasach bliantúil, a mheastar a bheith cothrom le USD 2 bhilliún in 2020.

Monaraíonn DIS raon trealamh míleata d’Fhórsaí Armtha na Súdáine agus soláthraíonn sé an trealamh sin dóibh freisin, lena n-áirítear airm, armlón, aerárthaí agus feithiclí míleata, a úsáideann na fórsaí armtha sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Rialaíonn DIS, in éineacht le SMT Engineering (SMT), trí líonra scairshealbh díreach agus indíreach, an iliomad cuideachtaí de chuid ilchuideachta GIAD atá faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine, a bhfuil baint aige freisin le hairm agus feithiclí a tháirgeadh do na fórsaí armtha, chomh maith le seirbhísí a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na Súdáine, go háirithe trí chomhpháirtíocht idir GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán agus Cór na nInnealtóirí.

Bhí Ard-Stiúrthóir DIS in éineacht leis an gCeannasaí Al-Burhan le linn a chuairteanna oifigiúla thar lear ó mhí Aibreáin 2023.

Dá bhrí sin, tacaíonn DIS le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Ina theannta sin, tá baint ag DIS le SMT a thacaíonn freisin le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

2.

SMT Engineering

ar a dtugtar freisin:

Sudan Master Technology;

SMT

Seoladh: SMT Building Madani Road, KM 50 Khartoum, Giad Industrial Complex, Gamhuria Street Khartoum

An cineál eintitis: Cuideachta faoi rialú an stáit

Is cuideachta é SMT Engineering (SMT) atá lonnaithe sa tSúdáin agus ar leis, in éineacht le (DIS), an iliomad cuideachtaí de chuid ilchuideachta GIAD atá faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine nó a bhfuil na cuideachtaí sin a rialú aige, trí líonra scairshealbh díreach agus indíreach. Is é SMT an príomh-scairshealbhóir de thrí chuideachta GIAD ina bhfuil an chuid eile de na scaireanna faoi úinéireacht DIS (GIAD don tionscal gluaisteán agus trucaile, coimpléasc GIAD do thionscail trom-mheicníochta agus coimpléasc GIAD thionscail miotalóireachta). Tá a lán cuideachtaí eile faoi úinéireacht nó faoi rialú SMT freisin atá mar chuid d’ilchuideachta GIAD agus a bhfuil bunanna ag DIS iontu chomh maith, mar shampla GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán.

Tá baint ag ilchuideachta GIAD le hairm agus feithiclí a tháirgeadh do na fórsaí armtha, chomh maith le seirbhísí a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na Súdáine go háirithe trí chomhpháirtíocht idir GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán agus Cór na nInnealtóirí.

Ilchuideachta mhór faoi úinéireacht Fhórsaí Armtha na Súdáine is ea DIS a thacaíonn le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol, go háirithe trí raon trealamh míleata a mhonarú agus a sholáthar, lena n-áirítear airm, armlón, aerárthaí agus feithiclí míleata, a úsáideann na fórsaí armtha sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn SMT Engineering le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Tá baint aige le DIS chomh maith, a thacaíonn freisin le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

3.

Zadna International Company for Investment Limited

Seoladh: Doha Street Property 436, Manshia Doha Street, Khartoum, Sudan, 11429

An cineál eintitis: Cuideachta faoi rialú an stáit

Dáta clárúcháin: 1997

Is cuideachta sealbhaíochta sa talmhaíocht agus san earnáil tógála é Zadna International Company for Investment Limited (Zadna), ar leis an gCiste Speisialta um Shlándáil Shóisialta na bhFórsaí Armtha, ar a dtugtaí Eagraíocht Charthanachta chun Tacú leis na Fórsaí Armtha roimhe seo, 99 % de, ar ciste é a rialaíonn Fórsaí Armtha na Súdáine.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, cheap ceannaire Fhórsaí Armtha na Súdáine, Ceannasaí Al-Burhan, an Ginearál El Mirghani Idris Suleiman, ar cara leis é agus atá ina Stiúrthóir ar DIS, mar Chathaoirleach ar Zadna.

I mí na Bealtaine 2023, cheap sé freisin an Dochtúir Taha Hussein Yousef mar Ard-Stiúrthóir Zadna.

Tá an Ciste Speisialta um Shlándáil Shóisialta na bhFórsaí Armtha agus Zadna mar chuid den líonra ollmhór cuideachtaí agus eagraíochtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine, a úsáidtear chun go mbeidh smacht i gcónaí ag fórsaí armtha na Súdáine ar an ngeilleagar.

Is cuideachta ceannródaíocht é Zadna a dhéanann margaí gnó idirnáisiúnta ard-phróifíle agus is é ceann de an cuideachtaí is mó a thugann isteach ioncam i líonra cuideachtaí an airm. Dá bhrí sin, gineann sé ioncam suntasach ar mhaithe le Fórsaí Armtha na Súdáine, rud a chuireann ar chumas na bhfórsaí armtha an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi.

Dá bhrí sin, tacaíonn Zadna International Company for Investment Limited le gníomhaíochtaí nó beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

22.1.2024

4.

Al Junaid Multi Activities Co Ltd

ar a dtugtar freisin

Ajmac multi activities company;

Al Gunade

Seoladh: Street 3 Khartoum Block 17 Alryad, Sudan

Industrial Area 13, Sharjah, UAE P.O. Box 61401, Sharjah

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Dáta clárúcháin: 2009

Is cuideachta sealbhaíochta de chuid na Súdáine é Al Junaid Multi Activities Co Ltd (Al Junaid) atá faoi rialú Mohamed Hamdan Dagalo (Hemedti), Ceannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, agus deartháir leis, Abdul Rahim Dagalo, Leas-Cheannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Is le Abdul Rahim Dagalo agus a bheirt mhac an chuideachta. Tá Hemedti féin ar an mbord stiúrthóirí.

Lonnaithe i gCartúm, oibríonn Al Junaid fochuideachtaí ar fud earnálacha eacnamaíocha éagsúla, lena n-áirítear mianadóireacht óir agus trádáil, agus cumhdaíonn sé cuid mhór de thionscal óir na Súdáine. Tá lamháltais mhianadóireachta ag an gcuideachta in Darfur, go háirithe i gcomharsanacht Jebel Amer (Darfur Thuaidh) agus i gceantar Singo (Darfur Theas), agus oibríonn sé lasmuigh den réigiún sin freisin.

Tá mianaigh óir Darfur faoi smacht na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áirítear suíomh Jebel Amer ó 2017.

Is foinsí suntasacha ioncaim iad mianadóireacht óir agus trádáil trí Al-Junaid do theaghlach Dagalo agus do na Fórsaí Mear-Thacaíochta, rud a chuireann ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi.

Baineann na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid freisin as táirgeadh óir agus a onnmhairí Al Junaid chun tacaíocht mhíleata a fháil ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA), a ndéantar an chuid is mó de tháirgeadh óir na Súdáine a smuigleáil chuige, agus ó Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear soláthar arm a úsáideann na Fórsaí Mear-Thacaíochta sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn Al Junaid Multi Activities Co Ltd le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

5.

Tradive General Trading Co

Seoladh: P.O. Box 86436, Dubai (UAE)

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Dáta clárúcháin: 2018

Is cuideachta é Tradive General Trading Co (Tradive) atá lonnaithe in AEA arb é an Maor na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Algoney Hamdam Daglo, an deartháir is óige le Mohammed Hamdan Dagalo (Hemedti), an stiúrthóir agus an t-úinéir tairbhiúil deiridh.

Tá Tradive mar chuid de líonra tráchtála na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a ghineann ioncam cobhsaí do na bhFórsaí Mear-Thacaíochta lena gcuirtear ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi. Úsáidtear Tradive mar chuideachta chaoch na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, a sheolann suimeanna móra isteach chuig na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus uathu, chun gur féidir ábhar a cheannach chun tacú le hoibríochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Mar shampla, cheannaigh Tradive feithiclí do na Fórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áirítear trucailíní Toyota Hilux agus Land Cruiser, a iompaítear go minic ina ‘feithiclí teicniúla’ ardghluaisteacha, atá feithiclí fásaigh armtha. Sa chéad leath de 2019, allmhairíodh níos mó ná 1000 feithicil den sórt sin isteach sa tSúdáin ó AEA. Bhain na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid as na feithiclí athchóirithe sin ar feadh i bhfad agus tá siad fós á n-úsáid acu sa choinbhleacht sa tSúdáin, go háirithe chun patról a dhéanamh ar na limistéir atá faoi rialú na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Dá bhrí sin, tacaíonn Tradive General Trading Co le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

6.

GSK ADVANCE COMPANY LTD

Seoladh: Ahmed Khair Street, Khartoum 11111, Sudan

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Is cuideachta teicneolaíochta faisnéise agus slándála é GSK atá bunaithe sa tSúdáin, ar le Maor na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Algoney Hamdam Daglo, an deartháir is óige le Mohammed Hamdan Dagalo (Hemedti), 60 % de.

Tá GSK mar chuid de líonra tráchtála na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a ghineann ioncam cobhsaí do na bhFórsaí Mear-Thacaíochta lena gcuirtear ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi. Úsáideann na Fórsaí Mear-Thacaíochta GSK mar chuideachta chaoch, a éascaíonn sreafaí airgid isteach sna Fórsaí sin agus tá baint aige le próisis soláthair na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Ina theannta sin, ó dheireadh 2019 ar a laghad, oibríonn GSK le Aviatrade LLC, cuideachta soláthair mhíleata atá lonnaithe sa Rúis, chun ábhar agus trealamh chun leasanna bhFórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áiritear an oiliúint comhfhreagrach, agus chun aerárthaigh gan foireann a cheannach agus a sholáthar, lena n-áirítear trealamh faireacháin agus páirteanna spártha. Baineann na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid as taiscéalaíocht agus ladrainn armáilte sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn GSK Advance Company LTD le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/384/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)