|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/380 |
22.1.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/380 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Eanáir 2024
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1) agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(2) |
Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. |
|
(3) |
Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cos ar bolg a shaothrú agus measann sí gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach seo, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria. |
|
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart seisear daoine aonair agus cúig eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i roinn ‘A. Daoine’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Eintitis’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/380/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)