European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/378

29.1.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/378 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Eanair 2024

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag an Spáinn de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún i gcás 58 bhfeithicil Stadler E6000

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2024) 388)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meitheamh 2023, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797, chuir an Spáinn iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 7.4.2.1(1) de Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún (2) i gcás 58 bhfeithicil. Éilítear leis an bpointe sin Bonnlíne 3 ETCS a shuiteáil ar bord aon fheithicil nua

(2)

Baineann an iarraidh le 58 bhfeithicil nua Stadler E6000 a cheannaigh na gnóthais iarnróid seo a leanas: Renfe Mercancias (12 inneall féinghluaiste), Alpha Trains (30 inneall féinghluaiste) agus Medway (16 inneall féinghluaiste), a liostaítear in Iarscríbhinn I faoi seach.

(3)

Cuireadh an iarraidh isteach ar bhonn phointe (c) d’Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2016/797 maidir leis an easpa inmharthanachta eacnamaíche a bhaineann le feithiclí atá feistithe go hiomlán le ETCS (Bonnlíne 3) mar a leagtar amach i bpointe 7.4.2.1 de Rialachán (AE) 2016/919 a chur i seirbhís roimh an 31 Nollaig 2028.

(4)

Tar éis chur isteach na hiarrata, aisghaireadh Rialachán (AE) 2016/919 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún (3). Ó thaobh substainte de, glacann pointe 7.4.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1695 chuige an ceanglas maidir le suiteáil ETCS (Bonnlíne 3) a leagtar síos i bpointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/919. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 7.4.2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 é an iarraidh bhunaidh.

(5)

Oibreoidh an 58 bhfeithicil nua Stadler E6000 i ngréasán na Spáinne, ina gcumhdóidh siad líne L084/984, ina bhfuil an chuid shléibhtiúil Puerto de Pajares suite. Tá ardacmhainn tarraingthe ag na hinnill fhéinghluaiste nua sin chun traenacha fada a tharraingt, an cumas feidhmiú faoi theannais leictreacha éagsúla (3 kV/25 kV) a bhfuil gá leo i ngeall ar dhálaí an ghréasáin, agus an fhéidearthacht cumrú le leithead rianta 1668 (an leithead Ibéarach) agus leithead rianta 1435 (leithead an Aontais Eorpaigh).

(6)

De réir phointe 7.4.2.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695, ba cheart na feithiclí atá ann cheana a fheistiú le ETCS. Mar sin féin, níl trealamh ETCS/ERTMS suiteáilte ar bord feithiclí Stadler E6000. Dá bhrí sin, le linn phróiseas údaraithe an chineáil feithicle (uimhir 1-075-0005-8-001-001), leag an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid síos srianta úsáide sonracha. Bunaithe ar na srianta sin, ní féidir i láthair na huaire na hinnill fhéinghluaiste sin a oibriú ar línte atá feistithe le córas comharthaíochta d’aicme A (ETCS/ERTMS), ar na conairí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/6 (4) agus ar na línte lena n-áirithítear na naisc leis na príomhchalafoirt, príomhchlóis eagraithe, príomhchríochfoirt lastais agus príomhlimistéir iompair lastais Eorpacha a shainítear in Airteagal 2.1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/6.

(7)

Mar sin féin, i ngréasán Spáinneach an leithid Ibéaraigh atá dírithe den chuid is mó ar lastas, ní mórán stráicí atá feistithe le ERTMS. Ina measc sin, an chuid Puerto de Pajares de líne iarnróid dúbailte (L084/984) a tógadh le déanaí, is ‘oileán’ ERTMS de 50 km é atá feistithe le ERTMS Leibhéal 2 (Bonnlíne 2.3.0-D) chomh maith le córas ASFA d’Aicme B. Táthar ag súil anois go n-úsáidfidh traenacha lasta an seachbhóthar sin, rud a áirithíonn coigilteas suntasach i dtomhaltas fuinnimh, achar níos giorra, tionchar nach bhfuil chomh diúltach céanna ar an gcomhshaol, agus oibríochtaí a bhfuil luasanna níos airde agus níos mó toillte acu, i gcomparáid leis an seanlíne aonair a bhí ann roimhe sin (L130).

(8)

Toisc nach bhfuil an trealamh cuí ETCS/ERTMS ar bord, ní féidir leis an bhfeithicil Stadler E6000 lena mbaineann an t-iarratas seo oibriú ar an líne sin faoi láthair. Dá ndéanfaí na feithiclí sin a iarfheistiú chun ERTMS a shuiteáil ar bord, chuirfí inmharthanacht an tionscadail i mbaol mar gheall ar na costais bhreise a bhaineann leis na moilleanna a bhfuiltear ag súil leo i roinnt míonna maidir le dul i mbun oibríochta agus leis an easpa infhaighteachta ar na hinnill féinghluaiste. Chomh maith leis sin, bheadh tairbhí teoranta ag baint leis an iarfheistiú ag an gcéim seo mar gheall ar fhad teoranta an riain inar féidir ERTMS a úsáid agus mar gheall ar an gcastacht bhreise agus na costais bhreise a bhaineann le dhá chóras comharthaíochta a bheith in úsáid ar bord. Tuartar le plean cur chun feidhme náisiúnta na Spáinne chun ERTMS a fhorbairt go suiteálfar ERTMS Leibhéal 2 (Bonnlíne 3) faoi 2030 ar an codanna atá cóngarach don 50 km de chuid Puerto de Pajares (L084/984).

(9)

Tá gealltanas tugtha ag monaróir na bhfeithiclí lena mbaineann, agus ag a n-úinéirí do phlean innealtóireachta agus suiteála chun na 58 bhfeithicil a iarfheistiú le ETCS leibhéal 2 (Bonnlíne 3) maidir leis an trealamh ar bord, chun ailíniú le leathadh amach taobh riain ERTMS Leibhéal 2. Léirítear an phleanáil is déanaí in Iarscríbhinn I agus deimhnítear a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí maidir leis na feithiclí ar le Renfe Mercancias iad, agus faoin 31 Nollaig 2028 maidir leis na feithiclí ar le Alpha Trains agus Medway iad.

(10)

Maidir leis na sonraíochtaí malartacha, úsáid an chórais dhigitigh ASFA d’aicme B a chuirtear i bhfeidhm go dtí go ndéantar an t-iarfheistiú, deimhnítear leis an anailís a rinne an Coimisiún go ráthaítear sábháilteacht agus idir-inoibritheacht na bhfeithiclí ar an líne sin leis na sonraíochtaí sin.

(11)

Bunaithe ar an méid thuas, ba cheart a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1)(c), agus Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta maidir leis na 58 bhfeithicil atá i gceist. Dá bhrí sin, i ndáil leis an iarraidh a chuir an Spáinn isteach maidir le neamhchur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/919 i gcás na bhfeithiclí sin, agus an neamhchur i bhfeidhm sin á mhaolú aici ag an am céanna trí na 58 bhfeithicil ina n-iomláine a fheistiú le Bonnlíne 3 ECTS Leibhéal 2 faoin 31 Nollaig 2028, ba cheart glacadh leis an iarraidh sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar le hiarraidh na Spáinne maidir le neamhchur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún i gcás 58 bhfeithicil E6000 den chuideachta Stadler, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Cuirfidh an Spáinn an Coimisiún ar an eolas faoin bpleanáil agus faoin dul chun cinn maidir leis na feithiclí a uasghrádú faoin 31 Nollaig gach bliain. Cuirfidh an Spáinn in iúl don Choimisiún freisin uimhreacha tagartha na bhfeithiclí a liostaítear san Iarscríbhinn nuair a bheidh siad ar fáil.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo laistigh de theorainneacha geografacha líne L084/984 de ghréasán iarnróid na Spáinne

Airteagal 4

Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2028.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Eanair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 maidir leis na sonraíochtaí teicniúlá don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/919 (IO L 222, 8.9.2023, lch. 380).

(4)   IO L 3, 6.1.2017, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Liosta na bhfeithiclí a áirítear sa Chinneadh agus an dáta a mheastar a dhéanfar na feithiclí sin a iarfheistiú chuig an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) ar bord.

Úinéir

An gnóthas iarnróid a bhainfidh úsáid as na feithiclí

An líon foriomlán feithiclí

Uimhir thagartha na bhfeithiclí údaraithe

Uimhir thagartha réamh-mheasta na bhfeithiclí á n-údarú

An dáta atá beartaithe chun ETCS L2 a shuiteáil

RENFE MERCANCÍAS

RENFE MERCANCÍAS

12

91716-256-101-8

91716-256-102-6

91716-256-103-4

91716-256-104-2

91716-256-105-9

91716-256-106-7

91716-256-107-5

91716-256-108-3

91716-256-109-1

91716-256-110-9

91716-256-111-7

91716-256-112-5

An 31 Nollaig 2025

ALPHA TRAINS

CAPTRAIN

30

91716-256-001-0

91716-256-002-8

91716-256-003-6

91716-256-006-9

91716-256-007-7

91716-256-008-5

91716-256-013-5

91716-256-014-3

 

An 30 Meitheamh 2028

CONTINENTAL RAIL

91716-256-004-4

91716-256-005-1

91716-256-009-3

91716-256-010-1

 

An 30 Meitheamh 2028

MEDWAY

91716-256-011-9

91716-256-012-7

91716-256-015-0

91716-256-016-8

91716-256-017-6

 

An 30 Meitheamh 2028

Ní thugtar le fios

uimhreacha tagartha le cur ar fáil

uimhreacha tagartha le cur ar fáil

An 30 Meitheamh 2028

MEDWAY

MEDWAY

16

uimhreacha tagartha le cur ar fáil

uimhreacha tagartha le cur ar fáil

An 30 Meitheamh 2028


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/378/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)