![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/365 |
23.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/365 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Eanáir 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i ndáil le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo a bheidh le háireamh ar na liostaí dearfacha Eorpacha de na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart modheolaíochtaí tástála agus inghlacthachta a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar úsáid shábháilte substaintí tosaithe, comhdhéanamh agus comhábhar. |
(2) |
Ba cheart iontráil ar liosta dearfach Eorpach a áireamh nó a bhaint bunaithe ar shainaithint na substainte tosaithe, an chomhdhéanaimh nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh agus ar shainaithint na húsáide atá beartaithe di. Ba cheart airíonna fisiciceimiceacha na substainte tosaithe, an chomhdhéanaimh nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh is gá chun tástáil ascnaimh a dhéanamh a bhunú. Ba cheart an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar stroighniúil orgánach a thástáil le haghaidh ascnaimh. |
(3) |
Ba cheart iontráil ar liosta dearfach Eorpach a áireamh nó a bhaint bunaithe ar shainaithint speiceas ceimiceach atá ábhartha don mhodheolaíocht inghlacthachta, nó don mheasúnú riosca, toisc go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar úsáid shábháilte ábhair nó táirge, amhail eisíontas, comhábhar substainte tosaithe nó táirge díghrádúcháin. Ba cheart na speicis cheimiceacha ábhartha sin a chinneadh ar bhonn na faisnéise maidir leis an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar a shainaithint agus ar bhonn na húsáide atá beartaithe di chomh maith le torthaí na tástála ascnaimh. Ba cheart airíonna tocsaineolaíocha na speiceas ceimiceach ábhartha sin a shainaithint freisin. |
(4) |
Ar chúiseanna comhréireachta agus éifeachtúlachta, ba cheart an tástáil le haghaidh airíonna fisiceimiceacha agus airíonna tocsaineolaíocha chomh maith le measúnú riosca a bheith níos teoranta má rinneadh measúnú comhchosúil cheana féin ar leibhéal an Aontais laistigh de thréimhse réasúnta ama nó má tá aicmiú dian ag an tsubstaint i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó má mholann an t-iarratasóir aicmiú den sórt sin. Ar chúiseanna comhréireachta, ba cheart na ceanglais tástála maidir le hairíonna tocsaineolaíocha a bheith níos déine i gcás ina bhfuil nochtadh ard do shubstaint áirithe trí ascnamh. |
(5) |
Chun prionsabal an réamhchúraim a urramú agus chun an fhéidearthacht maidir le nochtadh mór thar thréimhse fhada ama a chumhdach, ba cheart an mhodheolaíocht inghlacthachta a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca sa chás is measa ar gach speiceas ceimiceach ábhartha. Ba cheart ascnamh, lena n-áirítear scaoileadh, a chur san áireamh sa mheasúnú riosca faoi na coinníollacha úsáide is measa is féidir a thuar. Go sonrach, ba cheart breithniú a dhéanamh sa mheasúnú riosca ar an nochtadh fadtéarmach a bhfuil coinne leis d’ábhair nó do tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus, i gcás comhdhéanaimh mhiotalacha, na difríochtaí idir airíonna an uisce uile san Aontas atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, amhail comhdhéanamh agus creimneacht. |
(6) |
Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis ábhartha a modheolaíochtaí náisiúnta a oiriúnú do na modheolaíochtaí a leagtar amach sa Chinneadh seo. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur siar. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2020/2184. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘speiceas nár cuireadh isteach d’aon ghnó’ ceann amháin díobh seo a leanas:
|
(2) |
ciallaíonn ‘nanafhoirm’ foirm substainte nádúrtha nó monaraithe ina bhfuil cáithníní, i riocht neamhcheangailte nó mar chomhiomlán nó mar chomhbhailiúchán agus i gcás 50 % nó níos mó de na cáithníní sa líon méid-dáileacháin, go bhfuil toise seachtrach amháin nó níos mó sa raon méide 1 nm-100 nm, lena n-áirítear freisin de mhaolú air sin fulairíní, calóga graiféine agus nanaifeadáin charbóin aon bhalla a bhfuil toise seachtrach amháin nó níos mó acu faoi bhun 1 nm. Chun críche an tsainmhínithe seo:
|
(3) |
ciallaíonn ‘ascnamh’ aistriú substaintí ó ábhar go huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. |
Airteagal 2
Substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo
1. Beidh feidhm ag na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2020/2184 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
substaint tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha; |
(b) |
comhpháirt orgánach ábhar stroighniúil; |
(c) |
comhdhéanamh ábhar miotalach; |
(d) |
comhdhéanamh cruan, ábhair cheirmeacha agus ábhair neamhorgánacha eile. |
2. I gcás ina mbeartaítear polaiméir a úsáid in ábhar orgánach nó in ábhar stroighniúil, cuirfear na modheolaíochtaí tástála agus inghlacthachta i bhfeidhm ar an monaiméir, ar an réamhpholaiméir nó ar an bpolaiméir i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointí v go viii d’Iarscríbhinn I agus i bpointí iii agus iv d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 3
An mhodheolaíocht tástála
1. Déanfar substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair stroighniúla orgánacha a shainaithint i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Déanfar an úsáid bheartaithe substaintí tosaithe, comhdhéanamh, comhábhar, chomh maith le hábhair agus táirgí a shainaithint i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
3. Cinnfear airíonna fisiciceimiceacha na speiceas ceimiceach ábhartha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
4. Cinnfear ascnamh in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
5. Déanfar na speicis cheimiceacha ábhartha a shainaithint i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn IV.
6. 6. Cinnfear airíonna tocsaineolaíocha na speiceas ceimiceach ábhartha dá dtagraítear i mír 5 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
Airteagal 4
An mhodheolaíocht inghlacthachta sna liostaí dearfacha Eorpacha
1. Déanfar substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a ghlacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI ar bhonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis na speicis cheimiceacha ábhartha arna sainaithint maidir leis an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar ábhartha.
2. Ní ghlacfar le substaintí tosaithe agus comhábhair stroighniúla orgánacha a bhfuil feidhm bhithicídeach acu agus atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ach amháin má bhaineann siad le cineál táirge 6 (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a bhunú atá údaraithe lena n-úsáid i monarú ábhar nó táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L, 2024/367, 23.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/367/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
SUBSTAINTÍ TOSAITHE, COMHDHÉANAIMH AGUS COMHÁBHAIR A SHAINAITHINT
Ginfear faisnéis leordhóthanach chun gur féidir substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a shainaithint agus chun nanafhoirmeacha a thréithriú, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach sa Tábla. Mura bhfuil sé indéanta go teicniúil nó mura ndealraíonn sé go bhfuil sé riachtanach go heolaíoch faisnéis a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hítimí dá dtagraítear sa tábla, sonrófar na cúiseanna go soiléir.
Tábla
Faisnéis agus tástáil chaighdeánach maidir le substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a shainaithint
|
|
Substaint tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha/comhábhair stroighniúla orgánacha |
Comhdhéanamh ábhar miotalach |
Comhdhéanamh cruan, ceirmeach, nó ábhar neamhorgánach eile |
||||
|
Faisnéis agus tástáil chaighdeánach |
|
||||||
1.1. |
Ainm nó aon aitheantóir eile: |
|
||||||
1.1.1. |
|
An t-ainm in ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC) agus/nó ainmneacha ceimiceacha idirnáisiúnta eile, má tá siad ar fáil. |
|
|
||||
1.1.2. |
|
Ainmneacha eile (e.g. gnáthainm, trádainm, giorrúchán) (má tá siad ar fáil). |
||||||
1.1.3. |
|
Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (Einecs), an Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Fógartha (Elincs) nó uimhir nach Polaiméirí iad a Thuilleadh (NLP), nó an uimhir arna sannadh ag ECHA faoi Rialachán 1907/2006, má tá siad ar fáil. |
Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (Einecs), an Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Fógartha (Elincs) nó an uimhir arna sannadh ag an nGníomhaireacht faoi Rialachán 1907/2006, má tá siad ar fáil. |
|||||
1.1.4. |
|
Ainm Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) agus uimhir CAS, má tá siad ar fáil. |
|
|||||
1.1.5. |
|
Uimhir Liosta Dearfach an Aontais Eorpaigh, má tá sí ar fáil. |
Uimhir Liosta Dearfach an Aontais Eorpaigh, má tá sí ar fáil. |
Uimhir Liosta Dearfach an Aontais Eorpaigh, má tá sí ar fáil. |
||||
1.1.6. |
|
|
Ainmniúchán:
|
Ainm na catagóire ábhair agus ainm an chruain, an cheirmigh nó an chomhdhéanaimh neamhorgánaigh eile. |
||||
1.1.7. |
|
|
Céannacht na substainte comhdhéanaimh mhiotalaigh atá ann cheana lena mbaineann an comhdhéanamh. |
|
||||
1.1.8. |
|
|
Céannacht agus ainmniú chatagóir nua comhdhéanaimh mhiotalaigh lena mbaineann an comhdhéanamh. |
|
||||
1.1.9. |
|
|
Céannacht comhábhar miotail na catagóire comhdhéanaimh mhiotalaigh nua agus na raonta tiúchana comhfhreagracha (% w/w íosta agus uasta). |
|
||||
1.1.10. |
|
|
Céannacht eisíontas miotail na catagóire comhdhéanaimh mhiotalaigh nua atá os cionn 0,02 % tiúchán w/w sa chomhdhéanamh agus an t-uaschéatadán comhfhreagrach de réir maise (% w/w). |
|
||||
1.1.11. |
|
|
Céannacht chomhábhair mhiotail an ábhair tagartha don chatagóir comhdhéanaimh mhiotalaigh nua agus na raonta tiúchana comhfhreagracha (% w/w íosta agus uasta). |
|
||||
1.1.12. |
|
|
Céannacht eisíontais mhiotail an ábhair thagartha don chatagóir comhdhéanaimh mhiotalaigh nua atá os cionn 0.02 % tiúchán w/w sa chomhdhéanamh agus a raonta tiúchain comhfhreagracha (íosta agus uasta, % w/w). |
|
||||
1.2. |
Faisnéis a bhaineann le foirmle mhóilíneach agus struchtúrach nó struchtúr criostail: |
|
||||||
1.2.1. |
|
Foirmle mhóilíneach agus foirmle struchtúrach (lena n-áirítear Aitheantóir Ceimiceán Idirnáisiúnta IUPAC (InChI), nodaireacht Chóras Iontrála Líne Ionchur Móilíneach Simplithe (SMILES) agus léiriú eile, má tá siad ar fáil). |
Tuairisc ar struchtúir chriostail, lena n-áirítear céimeanna criostalta, má tá siad ar fáil.. |
Tuairisc ar struchtúir chriostail, lena n-áirítear céimeanna criostalta, má tá siad ar fáil.. |
||||
1.2.2. |
|
Faisnéis maidir le gníomhú optúil agus cóimheas tipiciúil (steiré)isiméirí, má tá sí ar fáil. |
|
|
||||
1.2.3. |
|
Meáchan móilíneach nó raon meáchain mhóilínigh, má tá sé ar fáil. |
|
|
||||
1.3. |
Saintréithriú ceimiceach. I gcás ina gcumhdaíonn sé nanafhoirm, déanfar an nanafhoirm sin a shaintréithriú de bhun phointe 1.4.: |
|
||||||
1.3.1. |
|
Céim íonachta (%) i.e. tiúchán tipiciúil agus raon tiúchana (mar chéatadán, íosta agus uasta) na gcomhábhar substainte. |
|
|
||||
1.3.2. |
|
Ainmneacha (uimhreacha CE, CAS, agus aitheantóirí eile, má tá siad ar fáil) na gcomhábhar substainte atá os cionn 0,02 % tiúchan w/w san fhoirmliú agus ag ≥ 0,1 % tiúchan w/w sa tsubstaint (ag cur san áireamh faisnéis a cuireadh isteach faoi phointí 1.1.1, 1.1.2 agus 1.1.3 thuas agus faoi Thábla 1, pointe 2.4.1 d’Iarscríbhinn II). I gcás gach ceann díobh sin, tiúchán tipiciúil agus raon tiúchana (% w/w íosta agus uasta). |
Ainmneacha (agus aitheantóirí eile e.g. uimhreacha CE, CAS) chomhábhair an chomhdhéanaimh, i.e. na dúile i bhfoirm ar bith (e.g. ceangailte nó neamhcheangailte) agus raonta tiúchana comhfhreagracha (% w/w íosta agus uasta). |
Ainmneacha (agus aitheantóirí eile e.g. uimhreacha CE, CAS) chomhábhair an chomhdhéanaimh, i.e. na dúile i bhfoirm ar bith (e.g. ceangailte nó neamhcheangailte) agus raonta tiúchana comhfhreagracha (% w/w íosta agus uasta). |
||||
1.3.3. |
|
Ainmneacha (agus aitheantóirí eile, e.g. uimhreacha CE, CAS) na n-eisíontas atá os cionn tiúchan 0,02 % w/w i bhfoirmliú an ábhair deiridh agus ag tiúchan ≥ 0,1 % w.w. sa tsubstaint (ag cur san áireamh faisnéis a cuireadh isteach faoi phointí 2.4.1 agus 2.4.2. de Thábla 1 d’Iarscríbhinn II). I gcás gach ceann díobh sin, tiúchán tipiciúil agus raon tiúchana (% w/w íosta agus uasta). |
Ainmneacha (agus aitheantóirí eile e.g. uimhreacha CE, CAS) na n-eisíontas atá os cionn tiúchán w/w 0,02 % sa chomhdhéanamh agus an t-uaschéatadán comhfhreagrach de réir maise (% w/w). |
|
||||
1.3.4. |
|
Na sonraí anailíseacha cáilíochtúla agus cainníochtúla uile is gá a bhaineann go sonrach le sainaithint na substainte, amhail sonraí ultraivialait, infridhearg, athshondais mhaighnéadaigh núicléach, speictrim maise, crómatagrafacha, tíotraiméadracha, sonraí anailíse eilimintí agus/nó sonraí díraonta. |
Na sonraí anailíseacha cáilíochtúla agus cainníochtúla uile is gá a bhaineann go sonrach le comhdhéanamh agus comhábhair an chomhdhéanaimh a shainaithint, amhail anailís eiliminteach, Speictriméadracht Astaíochta Adamhaí le Plasma Cúpláithe go hIonduchtach, Speictreascópacht Ionsaithe Adamhaigh, Crómatagrafaíocht Ian, sonraí tíotraiméadracha agus/nó sonraí díraonta (e.g. Fluaraiseacht X-Ghathach (XRF) nó Díraonadh Púdair X-Ghathach (XRD). |
|||||
1.3.5. |
|
Tuairisc ar na modhanna anailíseacha nó ar na tagairtí bibleagrafaíocha iomchuí is gá chun an tsubstaint tosaithe, an comhábhar stroighniúil orgánach (lena n-áirítear eisíontais agus comhábhair substainte a shainaithint agus a chainníochtú), comhábhar comhdhéanaimh mhiotalaigh, agus cruan, ceirmeach, nó comhábhar comhdhéanaimh neamhorgánaigh eile a shainaithint. Is éard a bheidh sa tuairisc na prótacail thurgnamhacha a leanadh agus an léirmhíniú ábhartha ar na torthaí a tuairiscíodh faoi phointí 1.3.1 go 1.3.4. Beidh an fhaisnéis sin leordhóthanach le gur féidir na modhanna a atáirgeadh. |
||||||
1.4. |
Tréithriú nanafhoirme: |
|
||||||
1.4.1. |
|
Ainmneacha nó aitheantóirí eile de chuid nanafhoirm na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh, más infheidhme. |
|
|
||||
1.4.2. |
|
Méid-dáileachán na gcáithníní líonbhunaithe agus léiriú ar chodán uimhreach na gcáithníní nanafhoirme sa réimse méide 1 nm — 100 nm. |
|
|
||||
1.4.3. |
|
Tuairisc ar fheidhmiú nó cóireáil dromchla agus sainaithint gach gníomhaire lena n-áirítear ainm IUPAC agus uimhir CAS nó CE. |
|
|
||||
1.4.4. |
|
Cruth, cóimheas treoíochta agus tréithriú moirfeolaíoch eile: criostalacht, faisnéis faoi struchtúr cóimeála, lena n-áirítear e.g. struchtúir macasamhail blaoscanna nó struchtúir chuasacha, má tá siad ar fáil. |
|
|
||||
1.4.5. |
|
Achar dromchla (achar sonrach dromchla de réir toirte, achar dromchla sonrach de réir maise nó an dá cheann). |
|
|
||||
1.4.6. |
|
Tuairisc ar na modhanna anailíseacha nó na tagairtí bibleagrafaíocha iomchuí le haghaidh na n-eilimintí faisnéise i bpointe 1.4. Beidh an fhaisnéis sin leordhóthanach le gur féidir na modhanna a atáirgeadh. |
|
|
||||
1.5. |
Faisnéis bhreise is gá le haghaidh substaintí tosaithe agus comhábhair stroighniúla orgánacha ar (a) polaiméirí nó (b) réamhpholaiméirí iad: |
|
||||||
1.5.1. |
|
Ainm (agus aitheantóirí eile e.g. uimhreacha CE, CAS) monaiméirí agus imoibreán eile óna dtáirgtear an tsubstaint. |
|
|
||||
1.5.2. |
|
Tuairisc ar an modh monaraíochta (lena n-áirítear faisnéis maidir le húsáid monaiméirí agus imoibreán chomh maith lena gcóimheas). |
|
|
||||
1.5.3. |
|
Breiseáin don (réamh-)pholaiméir. |
|
|
||||
1.5.4. |
|
Faisnéis struchtúr na (réamh)pholaiméire. |
|
|
||||
1.5.5. |
|
Dáileadh mais mhóilíneach; is gá tuarascáil tástála ar an dáileadh mais mhóilíneach. |
|
|
||||
1.5.6. |
|
Meán uimhríochtúil na maise móilíní. |
|
|
||||
1.5.7. |
|
Raon maise móilíní (íosta agus uasta). |
|
|
||||
1.5.8. |
|
Céannachtaí chomhábhair na substainte ag a bhfuil meáchan móilíneach < 1 000 Da agus a gcéatadán de réir meáchain (% w/w). |
|
|
||||
1.5.9. |
|
Monaiméirí iarmharacha agus a dtiúchain (%). |
|
|
||||
1.5.10. |
|
Slaodacht |
|
|
||||
1.5.11. |
|
Innéacs sreafa leáite |
|
|
IARSCRÍBHINN II
ÚSÁID ÁTA BEARTAITHE
Déanfar faisnéis leordhóthanach a ghiniúint maidir leis an úsáid atá beartaithe le haghaidh substaintí tosaithe, comhdhéanamh, comhábhar chomh maith le hábhair agus táirgí deiridh, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 1.
Tábla 1
Faisnéis agus tástáil chaighdeánach maidir leis an úsáid atá beartaithe
|
|
Substaint tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha/comhábhair stroighniúla orgánacha |
Comhdhéanamh ábhar miotalach |
Comhdhéanamh cruan, ceirmeach, nó ábhar neamhorgánach eile |
||||||||||
|
Faisnéis agus tástáil chaighdeánach |
|
|
|
||||||||||
2. |
Úsáid: |
|
||||||||||||
2.1. |
Cineál, catagóir agus fochatagóir an ábhair: |
Sainaithint an chineáil ábhair, na catagóire ábhair agus na fochatagóire ábhair. |
||||||||||||
2.2. |
Céannacht agus úsáid an ábhair deiridh agus an táirge: |
|
||||||||||||
2.2.1. |
|
Sonraíocht an táirge/na comhpháirte. Sainmhíniú ar réimse na n-úsáidí: suiteálacha intíre vs. nach suiteálacha intíre iad. |
||||||||||||
2.2.2. |
|
Grúpaí táirgí ábhartha le haghaidh ábhair orgánacha nó ábhair stroighniúla (déan tagairt do Thábla 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún (1). |
Grúpaí táirgí ábhartha le haghaidh comhdhéanaimh mhiotalacha (déan tagairt do Thábla 2 den Iarscríbhinn seo). |
Grúpaí táirgí ábhartha le haghaidh cruan, ábhair cheirmeacha nó ábhair neamhorgánacha eile (déan tagairt do Thábla 5 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún [Oifig na bhFoilseachán: líon isteach an tagairt do C(2024)238]. |
||||||||||
2.2.3. |
|
Feidhmeanna uisce fhuair (≤ 25 °C)/bogthe (25-65 °C) nó te (≥ 65 °C). |
Feidhmeanna uisce fhuair (≤ 25 °C)/bogthe (25-65 °C) nó te (≥ 65 °C). |
Feidhmeanna uisce fhuair (≤ 25 °C)/bogthe (25-65 °C) nó te (≥ 65 °C). |
||||||||||
2.3. |
Feidhm theicniúil: |
Sonraíocht na feidhme teicniúla. |
|
|
||||||||||
2.4. |
Coinníollacha úsáide na substainte tosaithe, an chomhdhéanaimh nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh; an ábhair deiridh; agus an táirge: |
|
||||||||||||
2.4.1. |
|
Maidir le substaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha: Dáileog uasta na substainte tosaithe san fhoirmliú chun an t-ábhar deiridh a tháirgeadh. |
|
|||||||||||
2.4.2. |
|
Maidir le comhábhair orgánacha ábhar stroighniúil:
|
|
|||||||||||
2.4.3. |
|
Srianta nó coinníollacha eile úsáide atá beartaithe maidir leis an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar a áireamh ar an liosta dearfach Eorpach. |
||||||||||||
2.5. |
Faisnéis maidir le próiseáil agus struchtúr inmheánach an ábhair, an ábhair deiridh agus an táirge: |
|
||||||||||||
2.5.1. |
|
Faisnéis maidir le próiseáil an ábhair, an ábhair deiridh agus an táirge, lena n-áirítear an t-ábhar, an t-ábhar deiridh nó an táirge a chóireáil sula n-úsáidfear é. |
||||||||||||
2.5.2. |
|
Teochtaí próiseála an ábhair deiridh. |
|
Teochtaí próiseála an ábhair deiridh. |
||||||||||
2.5.3. |
|
Faisnéis maidir le struchtúr inmheánach an ábhair deiridh. |
||||||||||||
2.6. |
Measúnuithe agus údaruithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta: |
|
||||||||||||
2.6.1. |
|
Sonraí maidir le haon údarú, aon mheasúnú riosca agus aon rialachán ábhartha eile ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal náisiúnta maidir le húsáid sna hábhair deiridh nó sna hábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. |
||||||||||||
2.6.2. |
|
Sonraí maidir le haon údarú, aon mheasúnú riosca agus aon rialachán ábhartha eile ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal náisiúnta maidir le húsáid sna hábhair deiridh nó sna hábhair a thagann i dteagmháil le bia. |
||||||||||||
2.7. |
Údarú AE substaintí gníomhacha bithicídeacha: |
|
||||||||||||
2.7.1. |
|
Stádas formheasa/measúnaithe na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
|||||||||||
2.7.2. |
|
Cineál táirge atá ábhartha don tsubstaint tosaithe nó don chomhábhar stroighniúil orgánach faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012; |
|
|||||||||||
2.7.3. |
|
Dáta tosaithe formheasa faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
|||||||||||
2.7.4. |
|
Dáta deiridh formheasa faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 |
|
|||||||||||
3. |
Speicis nár cuireadh isteach d’aon ghnó seachas eisíontais a shainaithint: |
|
||||||||||||
3.1. |
|
Meastóireacht ar láithreacht speiceas nár cuireadh isteach d’aon ghnó seachas eisíontais agus comhábhair substainte a ascnaíonn ón ábhar agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:
|
|
|||||||||||
3.2. |
|
Imoibrithe na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh a tharlaíonn le linn phróiseáil an ábhair agus an ábhair deiridh agus táirgí imoibriúcháin nó díghrádúcháin a fhoirmítear (agus cobhsaíocht theirmeach na substainte á cur san áireamh freisin mar a léirítear le tástáil shainordaitheach maidir le cobhsaíocht theirmeach) |
|
|||||||||||
3.3. |
|
Imoibrithe na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh a tharlaíonn le linn úsáid an ábhair deiridh a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus táirgí imoibriúcháin nó díghrádúcháin a fhoirmítear (agus hidrealú á chur san áireamh mar a léirítear le staidéar hidrealaithe sainordaitheach ar an tsubstaint) |
|
|||||||||||
3.4. |
Sainaithint substaintí eile a d’fhéadfadh a ascnamh isteach san uisce óil agus substaintí tosaithe agus comhábhair stroighniúla orgánacha ar monaiméirí nó imoibreáin eile iad á n-úsáid: |
|
||||||||||||
3.4.1. |
|
Meastóireacht ar láithreacht aon chuid pholaiméirithe faoi bhun 1 000 Da atá ábhartha maidir le húsáid na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh. |
|
|||||||||||
3.4.2. |
|
Tuairisc ar an bpróiseas a fhágann go bhfoirmítear an chuid pholaiméirithe faoi bhun 1 000 Da. |
|
|||||||||||
3.4.3. |
|
Dáileadh meáchain móilínigh le haghaidh cuid pholaiméirithe faoi bhun 1 000 Da; is gá tuarascáil tástála ar an dáileadh meáchain móilínigh. |
|
|||||||||||
3.4.4. |
|
Meán uimhríochtúil an mheáchain mhóilínigh de chuid na coda polaiméirithe faoi bhun 1 000 Da. |
|
|||||||||||
3.4.5. |
|
Raon maise móilíní (íosta agus uasta) na coda polaiméirithe faoi bhun 1 000 Da. |
|
|||||||||||
3.4.6. |
|
An chuid pholaiméirithe iarmharach faoi bhun 1000 Da agus a tiúchan (%). |
|
|||||||||||
3.5. |
|
Ainm (agus aitheantóirí eile e.g. uimhreacha CE, CAS) na speiceas nár cuireadh isteach d’aon ghnó arna sainaithint faoi phointí 3.1 - 3.4. |
|
Tábla 2
Grúpaí táirgí le haghaidh comhdhéanaimh mhiotalacha
Grúpa táirgí |
Samplaí de tháirgí miotalacha nó comhdhéanaimh mhiotalacha |
Dromchla teagmhála measta ‘a’ |
||||
A |
Píopaí. |
100 % |
||||
B |
Feisteas píobáin, gabhálais i suiteálacha foirgneamh. |
10 % |
||||
C |
|
1 % |
||||
D |
Comhpháirteanna feisteas píobáin agus gabhálas i bpríomhphíopaí uisce agus in oibreacha cóireála uisce mar a dtugtar tuairisc orthu d’fhochatagóir 2 de ghrúpa táirgí C thuas). |
< 0,1 % |
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L, 2024/368, 23.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/368/oj).
IARSCRÍBHINN III
AIRÍONNA FISICICEIMICEACHA
Roinn 1. Níl aon cheanglas caighdeánach faisnéise ná tástála
Ní cheanglófar aon fhaisnéis ná tástáil chaighdeánach maidir le substaintí tosaithe agus comhábhair stroighniúla orgánacha i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
leagtar síos luach paraiméadrach maidir leis an tsubstaint tosaithe nó an comhábhar stroighniúil orgánach faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184; |
(b) |
leagtar síos luach uastiúchain infhulaingthe ag an mbuacaire (MTCbuacaire) maidir leis an tsubstaint tosaithe nó an comhábhar stroighniúil orgánach san Iarscríbhinn chomhfhreagrach a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún (1) tar éis cinneadh ón gCoimisiún maidir le hiarratas le haghaidh substaint tosaithe, ar chomhdhéanamh nó ar chomhábhar stroighniúil orgánach a cuireadh faoi bhráid ECHA faoi Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/369 (2) ón gCoimisiún agus go gcuireann an t-iarratasóir isteach ar a laghad aon fhaisnéis nua nó aon fhaisnéis nuashonraithe atá ar fáil ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún; |
(c) |
leagtar síos teorainn ascnaimh shonrach faoi Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (3) ar feadh tréimhse níos lú ná 15 bliana roimh iarratas a chur isteach faoi Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/369 ón gCoimisiún. |
Roinn 2. Ceanglaítear faisnéis nó tástáil chaighdeánach
2.1 |
Déanfar tástáil faoin Roinn seo i gcomhréir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne dá bhforáiltear i dTreoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó le caighdeáin idirnáisiúnta eile a n-aithníonn an Coimisiún nó ECHA iad a bheith coibhéiseach le Treoir 2004/10/CE. |
2.2. |
Déanfar tástáil faoin Roinn seo i gcomhréir leis an modh tástála a chinnfidh agus a shonróidh ECHA agus a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin, agus aird á tabhairt go háirithe ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2.5. |
2.3 |
Bunaítear le Colún 1 de Thábla 1 an fhaisnéis agus an tástáil chaighdeánach is gá le haghaidh substaint tosaithe nó comhábhar stroighniúil orgánach.
Le Colún 1 de Thábla 1, pointí 4.7. agus 4.8., bunaítear an fhaisnéis chaighdeánach agus an tástáil chaighdeánach is gá le haghaidh speicis cheimiceacha ábhartha seachas substaint tosaithe nó comhábhar stroighniúil orgánach. Le Colún 1 de Thábla 1, pointí 4.1.3., 4.2. agus 4.4., bunaítear an fhaisnéis chaighdeánach agus an tástáil chaighdeánach is gá le haghaidh comhdhéanamh miotalach, cruain, ceirmeach, nó comhábhar neamhorgánach eile. Bunaítear le Colún 2 de Thábla 1 rialacha sonracha ar dá réir a fhéadfar faisnéis agus tástáil chaighdeánach cholún 1 a fhágáil ar lár, faisnéis eile a chur ina n-ionad, nó iad a oiriúnú ar bhealach eile. |
2.4 |
Déanfar aon fhaisnéis fhisiciceimeach ábhartha a shainaithint agus a mheas ina theannta sin. |
2.5 |
I gcás ina dtugann modh tástála solúbthacht maidir le dearadh an staidéir a chinneadh nó a roghnú, lena n-áirítear trí gan sonraíochtaí áirithe a thoirmeasc, áiritheofar leis an dearadh staidéir a roghnaíodh go bhfuil na sonraí a ghintear leordhóthanach le haghaidh tástáil ascnaimh agus measúnú riosca. |
2.6 |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha ginearálta maidir le oiriúnuithe a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006 (5).
Tábla 1 Faisnéis agus tástáil chaighdeánach, agus rialacha sonracha maidir le hoiriúnú na faisnéise agus na tástála sin, maidir le hairíonna fisiciceimiceacha
|
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a bhunú atá údaraithe lena n-úsáid i monarú ábhar nó táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L, 2024/367, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/367/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/369 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an nós imeachta a leagan síos maidir le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha, nó a bhaint díobh (IO L, 2024/367, 23.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/367/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).
(4) Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (IO L 50, 20.2.2004, lch. 44).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiúin chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, Ich. 1-849).
IARSCRÍBHINN IV
ASCNAMH AGUS DEIMHNIÚ NA SPEICEAS CEIMICEACH ÁBHARTHA
Roinn 1. Ceanglais ghinearálta, faisnéis agus tástáil chaighdeánach chun ascnamh a chinneadh
1.1. |
Déanfar aon tástáil faoin Roinn seo i gcomhréir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne dá bhforáiltear in EN ISO/IEC 17025 nó le caighdeáin idirnáisiúnta eile a n-aithníonn an Coimisiún nó ECHA iad a bheith coibhéiseach. |
1.2. |
Leanfaidh aon tástáil nó samhaltú an modh tástála iomchuí a chinnfidh ECHA agus foilseofar ar a shuíomh gréasáin é, nó a shainaithnítear thíos. Leanfaidh an tástáil nó an samhaltú sin freisin na sonraíochtaí arna gcinneadh ag ECHA agus arna bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin chun conclúid leordhóthanach iontaofa maidir leis an ascnamh a áirithiú, agus an ceanglas maidir le cinneadh ascnaimh bunaithe ar na dálaí úsáide is measa is intuartha á chur san áireamh. |
1.3. |
Déanfar aon tástáil nó samhaltú faoin Roinn seo ar bhonn na húsáide atá beartaithe don tsubstaint tosaithe, don chomhdhéanamh nó don chomhábhar agus beidh an triailphíosa ionadaíoch do na dálaí úsáide is measa is intuartha. |
1.4. |
Ginfear faisnéis leordhóthanach maidir le hascnamh na substaintí uile seo a leanas a chinneadh, lena n-áirítear, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 1:
|
1.5. |
I gcás substaintí tosaithe ar miotail nó cóimhiotail iad nach n-áirítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mar ábhair mhiotalacha, déanfar anailís ar na huiscí ascnaimh a eascraíonn as tástáil ar thriailphíosa ionadaíoch den ábhar deiridh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointe Roinn 1.4(b). |
1.6. |
Déanfar aon fhaisnéis ascnaimh ábhartha eile atá ar fáil a shainaithint agus a mheas.
Tábla 1 Faisnéis agus tástáil chaighdeánach maidir le hascnamh
|
Roinn 2. Rialacha ginearálta maidir le hoiriúnú faisnéise agus tástála maidir leis an ascnamh
2.1. |
Féadfar tuar ar ascnamh in ábhair orgánacha trí shamhaltú matamaiticiúil a úsáid i gcomhréir leis an gcaighdeán tástála ascnaimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún a chur in ionad tástála le haghaidh substaint tosaithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Roinn 1.4. a úsáidtear in ábhar orgánach i gcás ina gcomhlíontar, ar bhonn míniú eolaíoch, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
2.2. |
Féadfar tástáil fhisiceach ar chomhdhéanamh miotalach a tharscaoileadh más dócha go mbeidh an t-ascnamh cosúil le comhdhéanamh miotalach eile, mar thoradh ar chosúlachtaí struchtúracha agus comhdhéanaimh, agus má chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
I ngach cás, cuirfear doiciméid leordhóthanacha iontaofa ar fáil maidir leis an modh arna chur i bhfeidhm. Áireofar sa doiciméadacht sin míniú ar an bhfáth a bhféadfar ascnamh an chomhdhéanaimh mhiotalaigh a chinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis maidir leis an gcomhdhéanamh miotalach comhchosúil agus ar fhaisnéis tacaíochta chun údar eolaíoch a thabhairt leis an míniú sin. |
Roinn 3. Critéir chun speicis cheimiceacha ábhartha a shainaithint
Is iad na speicis cheimiceacha ábhartha na speicis sin a chumhdaítear leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun a léiriú go gcomhlíonann an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar na critéir inghlacthachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Áirítear ar na speicis cheimiceacha ábhartha an méid seo a leanas:
(a) |
substaintí tosaithe agus comhábhair stroighniúla orgánacha a fheidhmíonn mar mhonaiméir nó mar imoibreoir eile de phríomhpholaiméir san ábhar; |
(b) |
substaintí tosaithe, comhábhair stroighniúla orgánacha, comhábhair substainte agus speicis nár cuireadh isteach d’aon ghnó agus ar de thionscnamh na substainte tosaithe nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh iad a léiríonn ceann de na guaiseacha maidir le sláinte an duine dá dtagraítear i Roinn 1.1 d’Iarscríbhinn VI gan beann ar a leibhéil ascnaimh; |
(c) |
substaintí tosaithe, comhábhair stroighniúla orgánacha, comhábhair substainte agus speicis nár cuireadh isteach d’aon ghnó agus ar de thionscnamh substainte tosaithe nó comhábhair stroighniúil orgánaigh iad nach dtagann faoi phointí (a) nó (b) agus a ndearnadh tástáil orthu i gcomhréir le Tábla 1 agus a fuarthas amach go n-ascnaíonn siad isteach in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine le tiúchan ag an mbuacaire (Cbuacaire) ar mó é ná 0,1 μg/l; |
(d) |
comhábhair nó eisíontais chomhdhéanaimh mhiotalaigh, a ndearnadh tástáil orthu i gcomhréir le Tábla 1: |
(e) |
cruan, ceirmeach nó comhábhair nó eisíontais comhdhéanaimh neamhorgánacha cruain, ceirmigh nó comhdhéanaimh neamhorgánaigh eile a ndearnadh tástáil orthu i gcomhréir le Tábla 1. |
IARSCRÍBHINN V
AIRÍONNA TOCSAINEOLAÍOCHA
Roinn 1. Ní gá le haon fhaisnéis nó tástáil chaighdeánach
1.1. |
Ní cheanglófar aon fhaisnéis ná tástáil chaighdeánach maidir le speicis cheimiceacha ábhartha i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
1.2. |
Níl gá le haon fhaisnéis nó tástáil chaighdeánach maidir leis an speiceas ceimiceach ábhartha, sa mhéid go leagtar síos teorainn ascnaimh shonrach faoi Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún ar feadh tréimhse níos lú ná 15 bliana roimh iarratas a chur isteach faoi Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/369 ón gCoimisiún. |
Roinn 2. Ceanglaítear faisnéis nó tástáil chaighdeánach
Cuid 1. Rialacha ginearálta agus sonracha
1.1. |
Déanfar tástáil faoin Roinn seo i gcomhréir le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne dá bhforáiltear i dTreoir 2004/10/CE nó le caighdeáin idirnáisiúnta eile a n-aithníonn an Coimisiún nó ECHA iad a bheith coibhéiseach agus i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), más infheidhme. |
1.2. |
Áiritheoidh aon iarratasóir nach ndéanfar tástáil ar ainmhithe veirteabracha ach amháin nuair nach mbeidh modhanna malartacha, arna sainaithint faoin Roinn seo, ar fáil. Mura féidir tástáil ar ainmhithe veirteabracha a sheachaint, déanfar tástáil den sórt sin a dhearadh, i gcás inarb iomchuí, trína chur san áireamh an fhéidearthacht roinnt paraiméadar a fhiosrú faoi chuimsiú staidéir amháin (e.g. giniúint sonraí cinéiteacha, foirmiú micreanúicléis, néarthocsaineacht, tocsaineacht imdhíonachta) nó dhá staidéar a chomhcheangal (e.g. staidéar ar thocsaineacht fhadtéarmach agus staidéar ar charcanaigineacht) a mhéid a cheadaítear leis an modh tástála comhfhreagrach. |
1.3. |
Déanfar tástáil faoin Roinn seo i gcomhréir leis an treoir tástála iomchuí de réir mar a chinnfidh agus a shonróidh ECHA agus a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin, agus aird á tabhairt go háirithe ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 1.6. |
1.4. |
Cuirfear cur chuige céim ar chéim i bhfeidhm maidir le tástáil thocsaineolaíoch bunaithe ar Cbuacaire speicis cheimiceacha ábhartha in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Maidir leis an mbanda tiúchan ascnaimh is ísle, leagtar amach an fhaisnéis chaighdeánach i dTábla 1, agus gach uair a bhainfear banda ascnaimh nua amach, cuirfear an fhaisnéis chaighdeánach a leagtar amach i dTáblaí 2 agus 3 comhfhreagracha leis.
Bunaítear le Colún 1 de Tháblaí 1, 2 agus 3 an fhaisnéis chaighdeánach maidir le speicis cheimiceacha ábhartha. Liostaítear i gColún 2 de Tháblaí 1, 2 agus 3 rialacha sonracha ar dá réir is féidir an fhaisnéis agus an tástáil chaighdeánach a fhágáil ar lár. Féadfar faisnéis agus tástáil chaighdeánach a oiriúnú de réir na rialach ginearálta a leagtar amach i gCuid 2. |
1.5. |
Déanfar aon fhaisnéis thocsaineolaíoch ábhartha eile atá ar fáil a shainaithint agus a mheas. |
1.6. |
I gcás ina dtugann modh tástála solúbthacht maidir le dearadh an staidéir a chinneadh nó a roghnú, lena n-áirítear trí gan sonraíochtaí áirithe a thoirmeasc, mar shampla i ndáil leis na leibhéil dáileoige a roghnú, áiritheoidh an dearadh staidéir a roghnaíodh go bhfuil na sonraí a ghintear leordhóthanach le haghaidh aithint ghuaise agus measúnú riosca. Chuige sin, déanfar na tástálacha ar na hardleibhéil dáileoga is iomchuí. Má tá roghnú dáileoige (tiúchana) teoranta ag airíonna fisiciceimiceacha nó ag éifeachtaí bitheolaíocha na substainte tástála, soláthróidh an t-iarratasóir réasúnú atá láidir ó thaobh na heolaíochta de.
Tábla 1 Faisnéis agus tástáil chaighdeánach maidir le Cbuacaire faoi bhun 2,5 μg/l
Tábla 2 Faisnéis agus tástáil chaighdeánach - Cbuacaire atá cothrom le 2,5 μg/L nó os a chionn agus faoi bhun 250 μg/L
Tábla 3 Faisnéis agus tástáil chaighdeánach Cbuacaire atá cothrom le 250 μg/L nó os a chionn
|
Cuid 2. Rialacha ginearálta chun Colún 1 de Tháblaí 1, 2 agus 3 a oiriúnú
2.1. |
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha ginearálta le haghaidh oiriúnuithe a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006 seachas an méid a leagtar amach i Roinn 2.2. |
2.2. |
Na rialacha ginearálta maidir le hoiriúnú faoi Roinn 1.3 (Gaol cáilíochtúil struchtúr-gníomhaíocht nó Gaol cainníochtúil struchtúr-gníomhaíocht (Q(SAR)) agus 1.5 (Grúpáil substaintí agus cur chuige ‘léamh-trasna’) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006, ní bheidh feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis agus an tástáil chaighdeánach dá dtagraítear i dTábla 1, pointe 6.1.1., ach amháin i gcás comhábhair substainte nó i gcás speicis nach bhfuil curtha isteach d’aon ghnó nach bhfuil tástáil thurgnamhach indéanta go teicniúil ina leith (e.g. ní féidir í a leithlisiú ná a thástáil amhlaidh), |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(2) Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
IARSCRÍBHINN VI
MODHEOLAÍOCHT INGHLACTHACHTA
Roinn 1. Modheolaíocht inghlacthachta theoranta
1.1. |
Ní bheidh feidhm ag Roinn 2 maidir le speiceas ceimiceach ábhartha ar substaint tosaithe é, nó comhábhar stroighniúil orgánach é, nó comhábhar substainte nó speiceas é nár cuireadh isteach d’aon ghnó, i gcás an méid seo a leanas maidir leis an tsubstaint sin nó maidir leis an gcomhábhar sin:
I gceachtar cás díobh, glacfar leis na substaintí tosaithe nó leis na comhábhair stroighniúla orgánacha dá dtagraítear sa chéad mhír ar an liosta dearfach Eorpach faoi na coinníollacha úsáide seo a leanas: |
(a) |
Maidir leis an speiceas ceimiceach ábhartha:
|
(b) |
Tá an Cbuacaire níos ísle ná an teorainn chineálach 0,1 μg/1 nó an MTCbuacaire ábhartha arna ríomh ó luach paraiméadrach a leagtar síos faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184 trí fhachtóir leithdháilte iomchuí (ALF) a chur i bhfeidhm chun ilbhealaí neamhchosanta ar an speiceas ceimiceach ábhartha a chur san áireamh, seachas nochtadh trí ábhair a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; |
(c) |
Tá tiúchan na substainte tosaithe, an chomhábhair stroighniúil orgánaigh, an chomhábhair substainte nó an speicis nár cuireadh isteach d’aon ghnó san ábhar deiridh níos ísle ná 0,1 % (meáchan/meáchan), ach amháin mura bhfuil tástáil fhisiceach ascnaimh cinnte agus, sa chás sin beidh an tiúchan san ábhar deiridh níos ísle ná 0,02 % (meáchan/meáchan). |
1.2. |
Ní bheidh feidhm ag Cuid 2.4 de Roinn 2 i gcás aon ábhair imní go bhféadfadh géineatocsaineacht, carcanaigineacht nó airíonna inchríneacha maidir le sláinte an duine le modh gníomhaíochta neamhtháirsí a bheith ag speiceas ceimiceach ábhartha ar substainte tosaithe é, nó ar comhábhar stroighniúil orgánach é, nó ar comhábhar substainte é, nó ar speiceas é nár cuireadh isteach d’aon ghnó.
Sa chás sin, is féidir glacadh leis na substaintí tosaithe nó leis na comhábhair stroighniúla orgánacha dá dtagraítear sa chéad mhír i liosta dearfach Eorpach má tá an Cbuacaire níos ísle ná an teorainn chineálach 0,1 μg/1 nó an MTCbuacaire ábhartha arna ríomh ó luach paraiméadrach a leagtar síos faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184 trí fhachtóir leithdháilte iomchuí a chur i bhfeidhm chun ilbhealaí neamhchosanta ar an speiceas ceimiceach ábhartha a chur san áireamh, seachas nochtadh trí ábhair a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. |
1.3. |
Ní bheidh feidhm ag Cuid 2 de Roinn 2 maidir le speiceas ceimiceach ábhartha in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
1.4. |
Ní bheidh feidhm ag Cuid 2.4. de Roinn 2 sna cásanna seo a leanas:
|
Roinn 2. Modheolaíocht inghlacthachta chuimsitheach
Cuid 1. Réamhrá
1.1. |
Beidh an mhodheolaíocht inghlacthachta maidir le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair bunaithe ar mheasúnú riosca. Is é a bheidh mar thoradh ar mheasúnú riosca den sórt sin:
|
1.2. |
Anuas air an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinní I, II agus III, cuirfear san áireamh i measúnú riosca aon fhaisnéis ábhartha theicniúil nó eolaíoch eile atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí úsáide is measa is intuartha. I gcás inarb iomchuí, cuirfear coinníollacha úsáide chun feidhme. |
1.3. |
Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa mheasúnú riosca, beidh Coiste um Measúnú Riosca ECHA in ann a mheas agus teacht ar thuairim i dtaobh an gcomhlíonann an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar na critéir a leagtar amach faoi Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2020/2184. |
Cuid 2. Measúnú guaise
2.1. |
Na prionsabail |
2.1.1. |
Chun glacadh le substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar, is é a bheidh i gceist leis an bpróiseas measúnaithe guaise, i ndáil le sláinte an duine, measúnú ar éifeachtaí, ina mbeidh na céimeanna seo a leanas:
|
2.1.2. |
Leis an measúnú guaise maidir le sláinte an duine, tabharfar aghaidh ar na héifeachtaí tocsaineacha a d’fhéadfadh a bheith ann do dhaonra ginearálta an duine agus ar an nochtadh trí bhealach an bhéil:
|
2.1.3. |
Leis an aithint ghuaise, tabharfar aghaidh ar airíonna agus ar éifeachtaí díobhálacha na speiceas ceimiceach ábhartha a ascnaíonn ón ábhar. |
2.2. |
Measúnú ar an bhfreagairt ar dháileog |
2.2.1. |
Is gá gaol (éifeacht) freagartha dáileoige cainníochtúla (tiúchana) a bhunú agus, i gcás inar féidir, sainaithneofar an leibhéal gan éifeacht dhíobhálacha bhreathnaithe. Mura féidir NOAEL a shainaithint, sainaithneofar an leibhéal is ísle ar braitheadh éifeacht dhochrach aige (LOAEL). I gcás inarb iomchuí, féadfar tuairisceoirí eile éifeachta dáileoige a úsáid mar luachanna tagartha. |
2.2.2. |
Agus an measúnú guaise á dhéanamh, tabharfar aird ar leith ar na sonraí tocsaineachta atá díorthaithe ó bhreathnuithe ar nochtadh an duine nuair atá sonraí den sórt sin ar fáil, e.g. faisnéis a fuarthas ó mhonarú, ó lárionaid nimhe nó ó shuirbhéanna eipidéimeolaíochta. |
2.3. |
Leibhéal díorthaithe gan éifeacht |
2.3.1. |
Déanfar díorthadh leibhéal díorthaithe gan éifeacht (DNEL) i gcomhréir le Roinn 1.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006. |
2.4. |
An t-uastiúchan is inghlactha ag an mbuacaire (MTCbuacaire) |
2.4.1. |
Faoi réir Chuid 2.4.2., tá an MTCbuacaire cothrom le luach arna ríomh ar bhonn na dáileoige sábháilte béil (DNEL), mheáchan coirp (60 kg), ráta ionghabhála an uisce óil 2 l (lítear) in aghaidh an lae agus fachtóir leithdháilte iomchuí (arna shloinneadh mar chéatadán) chun ilbhealaí neamhchosanta don speiceas ceimiceach ábhartha a chur san áireamh, seachas nochtadh trí ábhar a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
MTCbuacaire (μg/l) =
|
2.4.2. |
Mar eisceacht ar Chuid 2.4.1.:
|
Cuid 3. Measúnú ascnaimh
3.1. |
Déanfar an Cbuacaire atá le cur i gcomparáid leis an luach MTCbuacaire a chinneadh bunaithe ar na dálaí úsáide is measa is intuartha, lena n-áirítear i dtéarmaí ionadaíochas na tiúchana sa mhaitrís ábhair, uisce, achar dromchla go toirt an uisce, agus an teocht, mar a chinnfidh ECHA agus a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin maidir le gach modh tástála, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na ceanglais maidir le cinneadh bunaithe ar na dálaí úsáide is measa is intuartha agus ar an gcaighdeán EN iomchuí. |
Cuid 4. Glacadh le riosca
4.1. |
Glacadh riosca maidir le substaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha, comhábhair stroighniúla orgánacha agus comhdhéanaimh cruan, ceirmeach agus ábhar neamhorgánach eile
Déanfar an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar a ghlacadh má tá an Cbuacaire < MTCbuacaire maidir le gach speiceas ceimiceach ábhartha ar an 10ú lá tástála i gcomhréir le pointe 5.2. i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV |
4.2. |
Glacadh riosca maidir le hábhair mhiotalacha
Chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí an rige tástála (de réir chaighdeán EN 15664-1), breithneofar meán uimhríochtúil na tiúchain píopaí coibhéiseacha MEPn(T) a ndearnadh anailís orthu ó uiscí teagmhála ábhartha (féach Iarscríbhinn IV, Roinn 1.1.). Is féidir glacadh leis an gcomhdhéanamh i gcás grúpa táirgí leis an dromchla teagmhála a thoimhdítear (féach Tábla 2 d’Iarscríbhinn II), má chomhlíontar na critéir seo a leanas maidir le gach uisce tástála is gá:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/365/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)