|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/362 |
22.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/362 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Eanáir 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(2) |
Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. |
|
(3) |
Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cos ar bolg a shaothrú agus measann sí gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach seo, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria. |
|
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart seisear daoine aonair agus cúig eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 36/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 36/2012 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘A. Daoine’ d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Eintitis’ d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/362/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)