European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/357

24.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/357 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2024

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Tar éis imscrúdú frithdhumpála (‘an t-imscrúdú bunaidh’), le Rialachán (AE) Uimh. 791/2011 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach idir 48,4 % agus 62,9 % ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine (‘OMF’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘An tSín’), ‘PRC’ nó ‘an tír lena mbaineann’).

(2)

I mí Iúil 2012, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13 de (‘an bun-Rialachán’), le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 672/2012 (3), leathnaigh an Chomhairle na bearta atá i bhfeidhm chun allmhairí an táirge lena mbaineann a chumhdach arna gcur chun bealaigh as an Malaeisia, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh.

(3)

I mí Eanáir 2013, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13 den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 21/2013 (4), leathnaigh an Chomhairle na bearta atá i bhfeidhm chun allmhairí an táirge lena mbaineann a chumhdach arna gcur chun bealaigh as an Téaváin agus an Téalainn, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Téaváine nó na Téalainne iad nó ná bíodh.

(4)

I mí na Nollag 2013, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13 den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1371/2013 (5), leathnaigh an Chomhairle na bearta atá i bhfeidhm arís chun allmhairí an táirge lena mbaineann a chumhdach arna gcur chun bealaigh as an India agus an Indinéis, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndia nó na hIndinéise iad nó ná bíodh.

(5)

I mí Mheán Fómhair 2014, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13 den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 976/2014 (6), leathnaigh an Coimisiún na dleachtanna atá i bhfeidhm freisin chun fabraicí mogaill oscailte as snáithíní gloine áirithe atá modhnaithe de bheagán a chumhdach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

(6)

I mí Mheán Fómhair 2015, tar éis imscrúdú de bhun Airteagal 11(3) agus Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1507 (7), thug an Coimisiún díolúine do dhá tháirgeoir as an India ón leathnú ar an dleacht in aithris (4).

(7)

I mí na Samhna 2017, le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1993 (8), chuir an Coimisiún fad 5 bliana ar na bearta bunaidh, arna leathnú chun an táirge lena mbaineann arna chur chun bealaigh ó na tíortha a luadh in aithrisí (2) go (4) a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga (an ‘chéad athbhreithniú éaga’) de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Is ionann na bearta sin agus ‘na bearta atá i bhfeidhm’.

(8)

I mí na Bealtaine 2018, tar éis imscrúdú de bhun Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/788 (9), thug an Coimisiún díolúine do tháirgeoir amháin eile as an India ón leathnú ar an dleacht in aithris (4).

(9)

Ar deireadh i mí na Nollag 2022 thug an Coimisiún díolúine do tháirgeoir eile as an India ón dleacht leathnaithe in aithris (4).

(10)

Is iad seo a leanas na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair:

idir 48,4 % agus 62,9 % ar allmhairí ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin Shíneacha a ndearnadh sampláil orthu san imscrúdú bunaidh;

57,7 % le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín nach ndearnadh sampláil orthu san imscrúdú bunaidh;

agus 62,9 % ar allmhairí ó gach cuideachta eile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(11)

Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (10), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(12)

Chuir an chónaidhm Eorpach um tháirgeoirí teicstíle teicniúla Tech-Fab Europe (‘an t-iarratasóir’), an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 2 Lúnasa 2022 thar ceann thionscal OMF an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil agus/nó go gcuirfear tús léi arís agus go dtarlóidh díobháil arís do thionscal an Aontais.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(13)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 4 Samhain 2022 maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí OMF isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (11) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(14)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús arís léi, ba scrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(15)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga, mar aon le táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne, údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí, trádálaithe, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach leis, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(16)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Níor iarr aon cheann de na páirtithe leasmhara éisteacht.

1.6.   Sampláil

(17)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar pháirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(18)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla bunaithe ar an líon is ionadaíche de tháirgeacht agus díolachán. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas. Bhí 72 % de mhéid táirgeachta iomlán measta an Aontais ag táirgeoirí sampláilte an Aontais agus bhí 71 % de mhéid iomlán na ndíolachán measta acu. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus deimhníodh an sampla.

1.6.2.   Sampláil allmhaireoirí

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Níor sholáthair ach aon allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh.

1.6.3.   Sampláil táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne

(20)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(21)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a iarradh laistigh den sprioc-am agus/nó níor thoiligh aon táirgeoir a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí na Síne agus rinneadh na torthaí maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Leagtar amach na foinsí a úsáideadh in aithris (35).

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

(22)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(23)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh. I ndáil leis na ceistneoirí sin, chomh maith leis na ceistneoirí do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na húsáideoirí agus na honnmhaireoirí Síneacha, cuireadh ar fáil ar líne (12) iad freisin lá an tionscnaimh. Le linn an imscrúdaithe, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig an iarratasóir agus sonraí maicreacnamaíocha thionscal an Aontais á n-iarraidh.

(24)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir shampláilte an Aontais, ó allmhaireoir neamhghaolmhar amháin agus ón iarratasóir.

1.8.   Cuairteanna fíorúcháin

(25)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais.

(26)

Is in áitribh na gcuideachtaí/an chomhlachais seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí/comhlachas de chuid an Aontais:

Bico Industries SA, Piatra Neamt, An Rómáin

Saint-Gobain Adfors CZ s.r.o., Litomysl, Poblacht na Seice

Valmiera Stikla Skieddra AS, Valmiera, an Laitvia

Tech-Fab Europe (an t-iarratasóir), an Bhruiséil, an Bheilg.

1.9.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(27)

An 23 Deireadh Fómhair 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Níor thug aon pháirtí aon bharúil.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA MBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(28)

Is é an táirge faoi athbhreithniú fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine, de mhéid cille is mó ná 1,8 mm ar fhad agus ar leithead agus a mheánn níos mó ná 35 g/m2, gan dioscaí snáithín gloine a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00 agus ex 7019 69 90 (cóid TARIC 7019630019, 7019640019, 7019650018, 7019660018 agus 7019699019).

(29)

Is féidir fabraicí mogaill oscailte as snáithíní gloine a fháil i méideanna agus meáchan difriúil ceall in aghaidh an mhéadair chearnaigh agus úsáidtear iad den chuid is mó mar ábhar treisiúcháin san earnáil tógála (insliú teirmeach seachtrach, treisiú urláir, agus deisiú ballaí).

2.2.   An táirge lena mbaineann

(30)

Is é an táirge a bhaineann leis an imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.3.   An táirge comhchosúil

(31)

Mar a leagadh síos sa chéad tréimhse imscrúdúcháin chomh maith leis na hathbhreithnithe éaga roimhe seo, tá na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge lena mbaineann arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh baile na tíre lena mbaineann; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(32)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO DTOSÓFAR ARÍS Í

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cé acu ar dhóigh go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís ó Dhaon-Phoblacht na Síne de bharr dhul in éag an bhirt atá i bhfeidhm.

3.1.   Réamhbharúlacha

(34)

Mar a luadh in aithris (21), níor chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, an 16 Nollaig 2022, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i ndáil leis na torthaí maidir le Daon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuarthas aon fhreagra agus dá bhrí sin shocraigh an Coimisiún Airteagal 18 a chur i bhfeidhm.

(35)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe: faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, faisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibríocha le linn an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, is é sin an t-iarratasóir agus táirgeoirí sampláilte an Aontais, sonraí maidir le hallmhairí agus staitisticí ón Atlas Trádála Domhanda (13) (‘GTA’).

3.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí OMF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(36)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(37)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(38)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am.

(39)

Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair Rialtas na Síne aon bharúil maidir leis sin.

(40)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, sainaithníodh an Rúis agus an India mar thíortha a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh do Dhaon-Phoblacht na Síne.

(41)

Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(42)

An 10 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Nóta le haghaidh an chomhaid maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (‘Nóta maidir le foinsí’). Leis an Nóta maidir le foinsí, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis an úsáid a bhí beartaithe aige a bhaint as an India mar thír ionadaíoch, agus thug sé achoimre ar na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh.

(43)

Chuir sé in iúl freisin do na páirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil le haghaidh dhá chuideachta, is é sin Montex Glass Fibre Industries Private Limited agus Pyrotek India Private Limited, ar táirgeoirí iad den táirge faoi athbhreithniú san India.

(44)

Fuair an Coimisiún barúil amháin ó thionscal an Aontais inar tacaíodh le cinneadh an Choimisiúin an India a úsáid mar thír ionadaíoch.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(46)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ , agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais díola, ghinearálta agus riaracháin’).

(47)

Mar a mhínítear tuilleadh thíos, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin nó ó na táirgeoirí, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.3.1.   Réamhrá

(48)

In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sainmhínítear gurb é atá i ‘saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu’. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach ar phraghsanna nó ar chostas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar fhórsaí an mhargaidh shaoir ar chaoi eile;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát’.

(49)

Os rud é nach carnach an liosta in Airteagal (2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ní gá aird a thabhairt ar na gnéithe uile chun a chinneadh gurb ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha.

(50)

Nuair atá an measúnú foriomlán á dhéanamh le cinneadh an ann do shaobhadh, féadfar comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(51)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ‘[i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’.

(52)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne (‘an Tuarascáil’) (14), ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail cruach agus ceimiceáin). Iarradh ar pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdúcháin tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh. Bhí roinnt fianaise ábhartha san iarraidh/sa ghearán freisin a chomhlánaíonn an Tuarascáil.

(53)

Líomhain an t-iarratasóir ina iarraidh go bhfuil earnáil OMF na Síne saofa de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Líomhnaíodh san iarraidh, i measc nithe eile, go bhfuil margadh OMF á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne. Thairis sin, míníodh san iarraidh gurb iad caisirníní snáithíní gloine agus snáitheanna na príomh-amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh OMF.

(54)

Rinneadh tagairt san iarraidh freisin don Tuarascáil agus don saobhadh a aithníodh inti maidir le hearnáil na gceimiceán. Thairis sin, díríodh aird san iarraidh, ag tagairt don Tuarascáil, ar shaobhadh reatha maidir le costais fuinnimh, go háirithe gás nádúrtha, agus leictreachas. Tugadh suntas san iarraidh freisin do chur isteach ón Stát maidir leis an margadh saothair, agus maidir le cearta úsáide talún, agus gur thairbhigh táirgeoirí OMF de rochtain éasca ar iasachtaí onnmhairiúcháin ó bhainc (faoi úinéireacht an Stáit) na Síne.

(55)

Mar a tugadh le fios in aithris (38), níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar frisnéiseadh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(56)

Ní bhfuarthas aon bharúil ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear táirgeoirí onnmhairiúcháin, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(57)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(58)

Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

3.3.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

(59)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar choincheap ‘gheilleagar an mhargaidh shóisialaigh’. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinntear rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne leis. Is é an croíphrionsabal ‘úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre’. Is é an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit ‘fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta’, agus tá sainordú ag an Stát maidir le ‘comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithiú’ (15).

(60)

Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnaigh reachtaíochta.

(61)

Is sampla den scoth é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht Stáit (16).

(62)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir Stát na Sine agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an Stáit a idirdhealú óna chéile ann.

(63)

Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht.

(64)

Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’ cuireadh dara habairt nua isteach ina léitear: ‘is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne gné shainiúil an tsóisialachais lena bhfuil saintréithe Síneacha’  (17) . Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor.

(65)

Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh.

(66)

Bíonn Stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na ndálaí eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (18). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, leis an gcóras airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála chomh maith.

(67)

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal maidir le smacht riaracháin foriomlán, rialaítear treo gheilleagar na Síne trí chóras casta pleanála tionsclaíche a dhéanann difear do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile laistigh den tír.

(68)

Cumhdaíonn iomláine na bpleananna sin maitrís chuimsitheach agus chasta earnálacha agus beartais trasearnála agus tá siad i láthair ar gach leibhéal den rialtas. Bíonn na pleananna ar leibhéal na gcúigí mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na bealaí a úsáidtear chun tacú leis na tionscail/hearnálacha ábhartha chomh maith leis na tréimhsí ama ina gcaitear na cuspóirí a bhaint amach.

(69)

Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí. Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh. Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir chinn phríobháideacha agus chinn faoi úinéireacht an Stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an méid a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála i ndáiríre.

(70)

Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas le córas na bpleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir sin, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin Roinn 3.3.5 thíos) (19).

(71)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin Roinn 3.3.8 thíos) (20). Baineann an rud céanna le comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, margaí bannaí, margaí cothromais príobháideacha etc.

(72)

Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais seachas earnáil na baincéireachta bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil giaráilte i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an Stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a cheadú (21).

(73)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an Stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl an cineál spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (22).

(74)

Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (23).

(75)

Mar achoimre, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (24).

3.3.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: ‘an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(76)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(77)

San earnáil OMF, ní beag é méid na húinéireachta stáit toisc gur fiontair faoi úinéireacht Stáit (SOEnna) iad roinnt táirgeoirí OMF de chuid na Síne. Mar shampla, is SOE é Shaanxi Huatek New Material arna shealbhú ag SOE cúigeach Shaanxi Yanchang Petroleum (Group) Co., Ltd. agus ag dhá eintiteas eile faoi úinéireacht an Stáit Shaanxi Technology Progress Investment Co., Ltd., Shaanxi Provincial State-owned Assets Management Co., Ltd (25). Is é Cathaoirleach Bhord Shaanxi Rúnaí Choiste an Pháirtí freisin (26).

(78)

Tá táirgeoir OMF eile, China National Building Material Group (‘CNBM’), ina SOE freisin (27). Tá Cathaoirleach an Bhoird agus Bainisteoir Ginearálta na cuideachta ina Rúnaí agus ina Leas-Rúnaí faoi seach ar Choiste an Pháirtí (28). Feictear freisin an rialtas ag cur isteach ar CNBM leis an alt a foilsíodh ar shuíomh gréasáin CNBM in 2020 (29), áit inar tugadh tuairisc ar chruinniú idir Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh, agus Leas-Uachtarán CNBM: ‘Tá sé an-tábhachtach do Choiste Pháirtí Bardasach Tengzhou agus an Rialtas Bardasach go mbeadh comhar ann le Grúpa Náisiúnta Ábhar Tógála na Síne agus Sinoma Science and Technology Corporation, agus choinnigh an dá thaobh caidreamh láidir agus dea-chaidreamh comhoibríoch ar bun i gcónaí’. […] Sa chéad chéim eile, tabharfaidh Tengzhou le chéile ullmhú an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ chun pleananna tionsclaíocha a leagan amach maidir le príomhréimsí amhail fuinneamh nua agus ábhair nua, chomh maith le boinn taispeána le haghaidh thionscal an fhuinnimh hidrigine, chun a áirithiú go mbeidh na pleananna i gcomhréir le pleananna forbartha Ghrúpa Náisiúnta Ábhar Tógála na Síne agus Fiontair Teicneolaíochta’.

(79)

Is fiontar príobháideach é Jiangsu Jiuding New Material, táirgeoir OMF eile, arna shealbhú ag Jiuding Group, agus á shealbhú sa deireadh thiar ag Shenzhen Zhengwei Group (ar a dtugtar AMER GROUP i mBéarla, grúpa príobháideach arna shealbhú ag duine nádúrtha) (30). Léirítear údaráis an Stáit ag cur isteach ar an gcuideachta áfach nuair a fheicimid gur comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne iad an Cathaoirleach, an Bainisteoir Ginearálta agus an Leas-Stiúrthóir (31).

(80)

Thairis sin, meastar gur Fiontar Ardteicneolaíochta Náisiúnta í an chuideachta (32). Chun cáiliú mar fhiontar Ardteicneolaíochta Náisiúnta (33), ní mór don chuideachta a bheith gníomhach in earnáil a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

(81)

Dá dhroim sin, cuirtear cosc fiú ar tháirgeoirí atá faoi úinéireacht phríobháideach san earnáil OMF a bheith ag feidhmiú faoi dhálaí an mhargaidh. Go deimhin, fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon, tá siad faoi réir maoirseacht agus treoraíocht bheartais mar a shonraítear freisin i Roinn 3.3.5 thíos.

3.3.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(82)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne, (34) tá tábhacht le cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó trí na cealla sin.

(83)

De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (35)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí.

(84)

Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad tá Páirtí Cumannach na Síne ag treisiú na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil, (36) lena n-áirítear brú a chur ar chuideachtaí tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus cloí le disciplín an Pháirtí (37). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad (38). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí OMF agus soláthraithe a gcuid ionchur.

(85)

Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, eisíodh doiciméad dar teideal General Office of CCP Central Committee’s Guidelines on stepping up the United Front work in the private sector for the new era [Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua (‘na Treoirlínte’) (39)], rud a chuir le ról na gcoistí páirtí i bhfiontair phríobháideacha.

(86)

Tá an méid seo a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘[n]í mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin’; agus luaitear i roinn III.6: ‘[n]í mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus a chur ar chumas chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus é a chur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe.’ Cuirtear béim sna Treoirlínte mar sin ar ról Pháirtí Cumannach na Síne agus féachtar ann le ról an Pháirtí a mhéadú in eagraíochtaí agus in eintitis na hearnála príobháidí (40).

(87)

Mar a mhínítear in aithrisí (77) go (81), deimhníodh san imscrúdú go bhfuil forluití idir seasaimh bhainistíochta i gcuideachtaí a tháirgeann an táirge faoi imscrúdú agus ballraíocht Pháirtí Cumannach na Síne/feidhmeanna an Pháirtí.

(88)

Tá éifeacht saofa bhreise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach freisin Roinn 3.3.8 thíos) chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur ar an margadh (41). Dá réir sin, de bharr an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí, san earnáil OMF agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais.

3.3.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar fhórsaí an mhargaidh shaoir ar chaoi eile

(89)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir agus na rialtais áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch leo. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas.

(90)

Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú chuig earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (42).

(91)

Tá an straitéis sin de chuid an Rialtais láir infheidhme freisin maidir le OMF, ar ábhar atreisithe tábhachtach é san earnáil tógála. Moltar i roinnt pleananna náisiúnta agus réigiúnacha, agus i bpleananna ginearálta agus i bpleananna a bhaineann go sonrach le hearnáil d’údaráis rialtais ar gach leibhéal agus d’institiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit tionscal OMF na Síne a chothú.

(92)

I dTuairimí Treorach 2022 maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Snáithíní Ceimiceacha (‘na Tuairimí Treoracha’) arna n-eisiúint ag Aireacht Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta (MIIT) agus ag an gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta (NDRC) (43), dá réir [t]á an tionscal snáithíní ceimiceacha ina cholún fíor-riachtanach d’fhorbairt chobhsaí agus nuálaíocht leanúnach an tslabhra tionscail teicstíle, tionscal a bhfuil buntáiste iomaíoch aige go hidirnáisiúnta, agus ina chuid thábhachtach de thionscal na n-ábhar nua’ . Cuirtear in iúl go sainráite in Airt. I.2. de na Tuairimí Treorach rún Rialtas na Síne struchtúr geografach agus corparáideach na hearnála a chinneadh, chomh maith le paraiméadair fhíor-riachtanacha maidir le táirgeadh (44).

(93)

Sa 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta (45) Dhaon-Phoblacht na Síne (an ‘13ú Plean Cúig Bliana’), a chumhdaíonn an tréimhse ó 2016-2020, chomh maith leis an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus peirspictíochtaí 2035 (46), a chumhdaíonn an tréimhse ó 2021-2025, cuirtear béim ar an tábhacht atá le tionscal na foirgníochta agus na tógála.

(94)

Tacaíonn Rialtas na Síne le tionscal OMF na Síne agus rialaíonn sí an tionscal trí Phlean Forbartha Thionscal Ábhar Tógála den 13ú Plean Cúig Bliana (47). Éilíodh sa phlean go ndéanfaí optamú ar struchtúr tionsclaíoch na Síne trí, inter alia, thionscail atá ag teacht chun cinn a leathnú amhail ábhair gloine-bhunaithe agus snáithíní ardfheidhmíochta a bhfuil OMF san áireamh iontu.

(95)

Luaitear snáithín gloine freisin sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le tionscal na n-amhábhar a fhorbairt (48) faoi Roinn III.3, tagraítear i dTábla 1 do Phríomh-threoirlínte a bhaineann leis an nuálaíocht theicneolaíoch agus áirítear ábhair thógála leo: ‘An mhianadóireacht a chur chun cinn chomh maith le tionsclú teicneolaíochtaí domhain-phróiseála amhail líníocht shnáithe chliste leanúnach le linn-áitheanna ceimiceacha i réimse amhail […] snáithín gloine speisialta, snáithín basalt agus snáithíní ardfheidhmíochta eile.’

(96)

Áirítear OMF freisin i dTreoir-chatalóg 2019 maidir le coigeartú struchtúrach an tionscail (49). Baineann ceann de na tionscail a spreagtar le hábhair tógála: ‘Forbairt teicneolaíochta agus snáithíní gloine trasghearrtha agus táirgí snáithíní gloine sár-mhín, ard-nirt agus ardmhodail, alcaildíonach, íseal-tréleictreach, ard-silice, indíghrádaithe, agus de chruth speisialta a tháirgeadh; teicneolaíocht líníochta linn-áitheanna de shnáithín basalt; snáithín cairbíde sileacain, snáithíní comhchodacha […].’

(97)

Thairis sin, cumhdaítear teicstíl snáithín gloine i gcomhair úsáid tógála le Tuairim Threorach MIIT 2022 maidir le forbairt ardcháilíochta teicstíle a úsáidtear sa tionscal (50). Faoi Roinn III.7, Teicstílí i gcomhair tógála: ‘Taighde a dhéanamh ar ábhair atreisithe tógála snáithíní carbóin agus iad a chur chun cinn. […] Bunfhabraicí atreisithe de shnáithín gloine a fhorbairt chun feabhas a chur ar fheidhmíocht ábhar uiscedhíonach tógála.’. Thairis sin, faoi Roinn IV.1-2 Caibidil 4 Bearta beartais, áirítear leis:

Cuir leis an tacaíocht bheartais. Tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chun ardáin nuálacha a fhorbairt amhail príomh-shaotharlanna náisiúnta, institiúidí taighde eolaíochta, ollscoileanna, agus fiontair a spreagadh chun an comhar a neartú, agus taighde agus forbairt teicneolaíochta a chur chun cinn agus torthaí a aistriú. […]. Deis gníomhaíochta iomlán a thabhairt don ról atá ag ardán comhair náisiúnta an tionscail maoinithe agus treoir a thabhairt d’institiúidí airgeadais chun tacaíocht a sholáthar le haghaidh nuálaíocht theicneolaíoch fiontar.

Dea-thimpeallacht forbartha a chruthú. Eagraíochtaí tionscail, páirceanna tionsclaíocha, institiúidí taighde eolaíochta, príomhfhiontair, etc. a spreagadh chun ardáin seirbhíse poiblí a thógáil. Tacaíocht a thabhairt do gach ceantar áitiúil i gcomhar le saintréithe réigiúnacha, an tacaíocht a mhéadú do na hacmhainní is gá chun an tionscal teicstíle tionsclaíoch a fhorbairt, agus grúpa bonn léirithe a chruthú ag a mbeidh saintréithe réigiúnacha ar leith. Maoirseacht tairisceana a neartú, cloí le prionsabal na hardcháilíochta agus praghsanna arda, agus iomaíocht ordúil sa tionscal a chaighdeánú.

(98)

Tá snáithín gloine cumhdaithe freisin le Plean Oibre MITT NDRC 2023 maidir le fás cobhsaí thionscal na n-ábhar tógála. (51) Faoi Roinn III.1.1. deirtear: ‘Ach díriú ar stroighin, gloine chomhréidh, tionscail ceirmeachta sláinteachais, snáithín gloine agus tionscail eile a thógáil, catalóga teicneolaíochta um choigilt fuinnimh agus um laghdú carbóin agus treoirlínte iarratais gach bliain, treoirthionscadail anailíse ar éirigh leo, achoimre ar phleananna aistrithe, tacú le tógáil roinnt tionscadal léirithe, agus tacú le fiontair ábhar tógála. […] Domhain-bhainistíocht ar thionscail ghloine, na ceirmeachta, snáithín gloine agus tionscail eile a chur chun cinn, agus rialú comhordaithe ar an laghdú truaillithe agus carbóin a chur chun cinn’.

(99)

Déantar foráil maidir leo seo a leanas i Roinn III.4.10 den Phlean Oibre: ‘Comhar tionsclaíoch a neartú le tíortha agus le réigiúin feadh thionscnamh ‘an Chreasa agus an Bhóthair’ agus tíortha agus réigiúin eile, agus leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le tacair iomlána teicneolaíochtaí, trealaimh, caighdeán, agus seirbhísí innealtóireachta i dtionscail amhail stroighin agus gloine, agus comhar glas agus ísealcharbóin a chur chun cinn i dtionscal idirnáisiúnta na n-ábhar tógála. Tacaíocht a thabhairt d’fhiontair cnáimhe droma chun díriú ar tháirgí stroighin, gloine, ceirmeachta, snáithín gloine, gipseam, etc., institiúidí T&F agus páirceanna tionsclaíocha glasa a bhunú i gcomhpháirt agus feabhas a chur ar athléimneacht agus ar leibhéal slándála shlabhra soláthair an tslabhra tionsclaíoch dhomhanda.’

(100)

Dírítear i Roinn IV.11 ar chur chun feidhme an Phlean Oibre: ‘An eagraíocht a neartú tuilleadh: A áirithiú go gcuireann an Chomhairle Stáit pacáistí beartas eacnamaíoch agus bearta leantacha atá cuimsitheach agus éifeachtúil chun feidhme i gcónaí. Tabharfaidh na ranna ábhartha treoir do phríomhlimistéir áitiúla bearta beartais a chur chun feidhme chun fás thionscal na n-ábhar tógála a chobhsú, agus beartais níos beaichte a chur chun feidhme, agus tionchar na mbeartas a mhéadú tuilleadh. Cuirfidh gach limistéar áitiúil an saol mar atá go háitiúil san áireamh, tabharfar deis iomlán do ról an tsásra comhordúcháin maidir le fás tionsclaíoch a chobhsú, neartófar an cheannaireacht eagraíochta, neartófar tacaíocht agus cur chun feidhme beartais, agus cuirfear a dtionscal áitiúil in ábhair thógála chun cinn.’

(101)

Ina theannta sin, tá foráil i Roinn IV.13 den Phlean Oibre maidir le faireachán oibríochtúil: ‘An faireachán agus an luathrabhadh maidir le cás oibríochtúil eacnamaíoch thionscal na n-ábhar tógála a neartú, feabhas a chur ar shásra comhordúcháin na ranna rialtais, na gcomhlachas tionscail, agus na bpríomhfhiontar, agus fadhbanna atá ag teacht chun cinn, a tharlaíonn arís agus arís agus a d’fhéadfadh tarlú agus a dhéanann difear d’oibriú réidh an tionscail a shainaithint, a mheasúnú, agus freagairt dóibh go caoithiúil, agus rioscaí oibriúcháin a chosc. Ionchais an mhargaidh a chobhsú. An faireachán agus an treoraíocht a neartú maidir le praghsanna tráchtearraí i mbulc amhail breosla agus amhábhair agus praghsanna tosca táirgeachta, an taighde agus an measúnú a dhéantar ar threochtaí soláthair agus éilimh a neartú, agus sásra comhair fadtéarmach a bhunú idir tionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha. An faireachán praghsanna ar phríomhábhair thógála a neartú, innéacs rathúnais thionscal na n-ábhar tógála a fhoilsiú, cothromaíocht dhinimiciúil an tsoláthair agus an éilimh a threorú, agus timpeallacht mhargaidh chobhsaí agus ordúil a thógáil.’

(102)

Deimhnítear straitéis an Rialtais láir seo i ndoiciméid phleanála iomadúla atá dírithe ar an tionscal snáithíní ceimiceacha arna n-eisiúint ag an leibhéal cúigeach. Soláthraíonn cúigí Shandong, Zhejiang, Jiangxi, Shaanxi agus Shanxi dea-shamplaí go háirithe.

(103)

Faoi Roinn IV.4 de 14ú Plean Cúig Bliana Shandong maidir le forbairt thionscal na n-ábhar tógála (52):

“An bhraisle thionscail a dhéanamh níos fearr agus níos láidre. Díriú ar thógáil páirceanna tionsclaíocha táirgí ábhar comhchodach in Weihai, Tai’an, Dezhou, agus Weifang, agus tacú le tógáil páirceanna tionsclaíocha ábhar comhchodach in Yiyuan. Braislí tionsclaíocha snáithíní gloine Tai’an Taishan agus Linyi Yishui a bharrfheabhsú agus a neartú, braislí tionsclaíocha atreisithe snáithíní gloine Dezhou Wucheng County agus Weifang Anqiu, páirceanna a úsáid mar ardán chun tabhairt isteach roinnt tionscadal ardteicneolaíochta a spreagadh ionas go mbainfear amach forbairt thionsclaíoch agus feabhsú scála difreáilte.

Snáithín gloine ardfheidhmíochta agus a tháirgí a fhorbairt. Spreagadh a thabhairt d’fhorbairt snáithíní gloine ardfheidhmíochta agus táirgí snáithíní gloine amhail trasghearradh sármhín, ardnirt, ardmhodail, alcaildíonach, íseal-tréleictreach, beagbhorrtha, ardsilice, indíghrádaithe de chruth speisialta. Ag díriú ar na riachtanais atá ag réimsí faisnéise leictreonaí, aeraspáis, fuinnimh nua, feirmeacha pórúcháin ar mhórscála, tithe gloine talmhaíochta agus réimsí eile, táirgí comhchodacha teirmeaplaisteacha agus teirmithéachta atá athneartaithe ag snáithín gloine, agus ar ghrátaí comhchodacha snáithín gloine a fhorbairt agus a chur chun cinn do thionscadail bhonneagair.”

(104)

Baineann Roinn VI.2 de Phlean Cúig Bliana 14 Shandong le bearta beartais agus leagtar síos ann: ‘Tacaíocht fhioscach agus chánachais a mhéadú, cur chun feidhme na mbeartas náisiúnta fioscach agus cánachais a chur chun cinn amhail for-asbhaint costas T&F d’fhiontair, cáin bhreisluacha ar tháirgí ábhar tógála chun úsáid chuimsitheach a bhaint as acmhainní, agus cáin ioncaim a asbhaint. Beartais tacaíochta airgeadais a fheabhsú, institiúidí airgeadais éagsúla a spreagadh chun tacaíocht chreidmheasa a sholáthar do thionscadail ábhar tógála cáilithe, tacaíocht airgeadais a mhéadú le haghaidh cumaisc agus éadálacha, saothrú brandaí, tógáil lárionaid T&F, agus tógáil líonra margaíochta idirnáisiúnta, agus léasú airgeadais agus seirbhísí maoinithe an tslabhra soláthair a fhorbairt ar bhonn gníomhach agus an scála maoinithe le haghaidh fiontair ábhar tógála beaga agus meánmhéide ardfháis a leathnú’.

(105)

Chuir Zhejiang pleananna chun feidhme freisin chun an tionscal snáithíní gloine a fhorbairt. Áirítear i bPlean Cúig Bliana 14 Zhejiang maidir le tionscal ábhar nua a fhorbairt (53) tagairt shonrach don snáithín ardfheidhmíochta: ‘Braisle thionscal ábhar nua Jiaxing Tongxiang. Ag brath go príomha ar Chrios Forbartha Eacnamaíochta Tongxiang, béim ar shnáithín agus ar ábhair chomhchodacha ardfheidhmíochta, ar ábhair ceallraí cumhachta ardfheidhmíochta, ar ábhair nua cheannródaíocha agus ar fho-réimsí eile, chun slabhra tionscail snáithín gloine agus ábhar comhchodach ardfheidhmíochta agus slabhra tionscail ábhar ceallraí cumhachta agus táirgí iartheachtacha ardfheidhmíochta a chruthú, chun feabhas ar an slabhra luacha a bhaint amach’.

(106)

14ú Plean Cúig Bliana Jiangxi maidir le forbairt ardcháilíochta ábhar nua (54) ina luaitear an tionscal snáithíní gloine freisin: ‘Snáithíní agus ábhair chomhchodacha ardfheidhmíochta. Béim a chur ar fhorbairt snáithíní gloine agus táirgí ardfheidhmíochta ar chostas íseal chun riachtanais forbartha thionscal na faisnéise leictreonaí agus tionscal eile a chomhlíonadh. Ag brath ar an dá bhraisle thionsclaíocha (bonnáiteanna) sa tuaisceart agus sa deisceart agus príomhfhiontair snáithíní gloine, bunófar taighde agus forbairt agus ardán tástála do thionscal snáithíní agus ábhar comhchodach ardfheidhmíochta Jiangxi. Béim a chur ar fhorbairt snáithín gloine ard-nirt, ardrighnis, atá éasca a fhoirmiú, snáithín gloine saor ó alcaile, snáithín gloine ard-nirt, ardmhodail, snáithín comhchodach ardfheidhmíochta, snáithín ceallalóis planda frithbhaictéarach le haghaidh masc, snáithín leighis, etc.)’

(107)

14ú Plean Cúig Bliana Shaanxi maidir le forbairt an tionscail ábhar nua (55) ina bhforáiltear leis freisin go mbeidh tacaíocht ann do thionscal an tsnáithín ghloine: ‘Forbairt shláintiúil thionscal ábhar comhchodach neamhorgánach neamh-mhiotalach a chur chun cinn go gníomhach. Forbairt ábhar comhchodach carbón-bhunaithe a chur chun cinn i dtreo tionsclú agus réimsí úsáide sibhialta, leibhéal teicneolaíochta snáithíní carbóin, snáithíní gloine a chur chun cinn […].’

(108)

Mar an gcéanna, luaitear an tionscal snáithíní gloine (56) i Roinn IV.5 de 14ú Plean Cúig Bliana Shanxi maidir le hábhair nua: ‘Ag díriú ar an éileamh ar ábhair sna hearnálacha innealtóireachta muirí, traenacha ardluais, giniúint cumhachta gaoithe, tógáil éadrom gluaisteán, árthaí brú, innealtóireacht phoiblí, atreisiú foirgneamh, agus tarchur cumhachta ardvoltais, acmhainní tionsclaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha a chomhtháthú go hiomlán, díriú ar thaighde agus forbairt ábhar comhchodach snáithín ardleibhéil agus a gcur chun cinn, agus dlús a chur le tionscadail tógála lena mbaineann snáithín carbóin ardfheidhmíochta, snáithín basailt leanúnach, snáithín gloine ardfheidhmíochta, snáithín teicstíle ardleibhéil agus a ábhair atreisithe chomhchodaigh, etc. chun slabhra tionsclaíoch iomlán de shnáithín ardfheidhmíochta a chruthú ina gcumhdófar amhábhair bhunúsacha-ábhair chomhchodacha – agus comhpháirteanna táirgí. Faoi 2025, sroichfidh ioncam oibriúcháin thionscal ábhar nua snáithín CNY 10 mbilliún, lena gcruthófar braisle thionscail snáithín agus ábhar comhchodach ceannasach ardfheidhmíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta’.

(109)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí um thacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear na príomh-amhábhair a úsáidtear i monaraíocht OMF a tháirgeadh. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.3.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(110)

De réir na faisnéise atá ar chomhad, ní bhaineann córas féimheachta na Síne a phríomhchuspóirí féin amach go sásúil amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne.

(111)

Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (57).

(112)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne. (58) Is leis an Stát an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit) agus tá a leithdháileadh fós ag brath ar an Stát amháin.

(113)

Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (59). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (60).

(114)

Ach an oiread le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí OMF faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin infheidhme go hiomlán freisin in earnáil na snáithíní ceimiceacha. Níor tugadh aon rud le fios san imscrúdú reatha a tharraingeodh amhras ar na torthaí sin.

(115)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil na snáithíní ceimiceacha, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge faoi athbhreithniú.

3.3.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh ar chostais phá

(116)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais agus cómhargáil (61). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (62).

(117)

Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Fágann sé sin oibrithe nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu iad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu. (63). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais pá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(118)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh earnáil na snáithíní ceimiceacha, lena n-áirítear táirgeoirí OMF, faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin d’earnáil na snáithíní ceimiceacha (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

3.3.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(119)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(120)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (64), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit) (65) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag Rialtas na Síne chun feidhme go tráthrialta.

(121)

Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (66). Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (67).

(122)

Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór mór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a fuarthas in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla a chur i bhfeidhm.

(123)

Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí na mbanc tráchtála príobháideach fiú agus nach mór do na cinntí sin a bheith i gcomhréir le beartais náisiúnta i gcónaí. Ceann de na trí sprioc uileghabhálacha atá ag an Stát maidir le rialachas baincéireachta, sin ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnálacha na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta (68). Ní mór an méid a leanas a chur san áireamh anois freisin i gcritéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála - an chaoi a ‘bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe an chaoi a bhfreastalaíonn siad ar ‘thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’  (69).

(124)

Thairis sin, i gCatalóg Táirgí Onnmhairiúcháin Ardteicneolaíochta na Síne, (70), arna heisiúint ag an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ag Aireacht Trádála Eachtraí agus Riaracháin Ghinearálta custaim liostaítear 1900 táirge ardteicneolaíochta in ocht gcatagóir, a ndíríonn Rialtas na Síne orthu le haghaidh beartais fhabhracha onnmhairiúcháin. Ar cheann de na catagóirí sin tá an chatagóir ‘Ábhair Nua’, ar cuid di é OMF. Ina theannta sin, áirítear ‘ábhair nua’ le Catalóg Táirgí Ardteicneolaíochta na Síne, arna heisiúint ag an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Aireacht Airgeadais agus Riarachán Stáit um Chánachas, ina 11 réimse tosaíochta.

(125)

Ina theannta sin, de réir Dhlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Dul Chun Cinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta, is féidir le fiontair ardteicneolaíochta atá bunaithe i gCriosanna Forbartha Ardteicneolaíochta tairbhiú de liosta beartas fabhrach, lena n-áirítear ráta Cáin Ioncaim Fiontraíochta ar 15 %, in ionad an ghnáthráta 25 % agus, má shroicheann luach aschuir na dtáirgí onnmhairiúcháin 70 % den luach iomlán le haghaidh na bliana sin, laghdaítear an ráta cánach sin a thuilleadh go dtí 10 %. Tá fiontair ardteicneolaíochta nua-bhunaithe díolmhaithe ó cháin EIT don chéad 2 bhliain ón dáta a thosaíonn táirgeacht agus ó cháin tógála.

(126)

I gcás forbairt teicneolaíochta nua agus tithe táirgthe agus oibríochta, tá talamh T&F saor ó cháin, tá an trealamh a úsáideann fiontair ardteicneolaíochta le haghaidh táirgeadh agus forbairt ardteicneolaíochta faoi réir dímheas brostaithe, agus tá táirgí onnmhairiúcháin arna dtáirgeadh ag fiontair ardteicneolaíochta díolmhaithe ó tharaifí onnmhairiúcháin cé is moite díobh sin atá srianta ag an Stát nó a bhaineann le táirgí sonracha.

(127)

Tá deimhniúchán fiontair ardteicneolaíochta náisiúnta ag Jiangxi Luobian Glass Fibre, ceann amháin de na táirgeoirí OMF is mó sa tSín, agus tá sé incháilithe dá bhrí sin do na fóirdheontais chomhfhreagracha agus na beartais fhabhracha le haghaidh fiontair ardteicneolaíochta.

(128)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle. (71)

(129)

Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (72). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(130)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an Stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(131)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Maidir le sciar den iasachtú ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun, is ionann é agus aon trian ar a laghad de gach iasachtú ó dheireadh 2018 (73). Thuairiscigh na meáin oifigiúla i nDaon-Phoblacht na Síne le déanaí gur éiligh Páirtí Cumannach na Síne ‘go dtreorófaí ráta úis mhargadh na n-iasachtaí síos.’ (74). Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

(132)

Léiríonn an fás foriomlán ar chreidmheas sa tSín go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha tar éis dul i méid go tapa, agus roghnaigh Rialtas na Síne roinnt uaireanta mainneachtain a sheachaint, rud lena gcruthaítear cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht na bhfiach a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais ar chothromas), gan gá deireadh a chur le fadhb fhoriomlán na bhfiach ná aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na faidhbe.

(133)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

3.3.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a thuairiscítear

(134)

Is saintréith de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil maidir le fíricí agus gnéithe an chórais Shínigh mar a thuairiscítear thuas i Ranna 3.3.2 go 3.3.5 agus freisin i gCuid I den Tuarascáil, go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha den gheilleagar. Is ionann an scéal maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas i Ranna 3.3.6 go 3.3.8 agus i gCuid II den Tuarascáil.

(135)

Is gá raon leathan ionchur chun OMF a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí OMF na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(136)

Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre OMF lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil.

(137)

Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

(138)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

3.3.10.   Conclúid

(139)

Leis an anailís a leagtar amach i Ranna 3.3.2 go 3.3.8, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil na snáithíní ceimiceacha chomh maith (lena n-áirítear an táirge lena mbaineann), léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann.

(140)

Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(141)

Dá dhroim sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.4.   Tír ionadaíoch

(142)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (75);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (76);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(143)

Mar a mhínítear in aithris (42), d’eisigh an Coimisiún an Nóta faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuí an 10 Feabhra 2023. Tugtar tuairisc sa nóta ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha, agus chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an India a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá ndeimhneofaí saobhadh suntasach a bheith ann de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. I gcomhréir leis na critéir atá liostaithe faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, shainaithin an Coimisiún an India sa Nóta maidir le foinsí mar thír ar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá inti agus an leibhéal atá i nDaon-Phoblacht na Síne. Rangaíonn an Banc Domhanda an India mar thír ‘íos-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta. Thairis sin, aithníodh an India mar thír ina bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh agus ina raibh sonraí ábhartha ar fáil go héasca.

(144)

Cé nach tír ‘ard-mheánioncaim’ í an India cosúil le Daon-Phoblacht na Síne, ba í Cónaidhm na Rúise an tír ionadaíoch mhalartach a moladh san iarraidh ar athbhreithniú. Mar sin féin, toisc gur stop Cónaidhm na Rúise ag foilsiú mionsonraí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ó mhí Aibreáin 2022, mheas an Coimisiún nárbh oiriúnach Cónaidhm na Rúise mar thír ionadaíoch.

(145)

Tugadh ar aird san iarraidh ar athbhreithniú go raibh tíortha eile sa ghrúpa ard-mheánioncaim inar táirgeadh OMF. Taispeántar le staitisticí allmhairiúcháin isteach san Aontas go bhfuil OMF á tháirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha i dtrí thír ard-mheánioncaim, is iad sin an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh agus an Mholdóiv.

(146)

Bunaithe ar fhaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, ní bheadh ‘sonraí poiblí maidir leis na tosca costais uile, lena n-áirítear staitisticí allmhairiúcháin agus ráitis airgeadais’, ar fáil, áfach, i ndáil leis na tíortha sin. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin, sa Nóta maidir le foinsí, nárbh oiriúnach tír ard-mheánioncaim eile mar thír ionadaíoch.

(147)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún anailís ar staitisticí allmhairiúcháin a tuairiscíodh san Atlas Trádála Domhanda (‘GTA’) maidir leis na príomh-amhábhair isteach sna trí thír uile a luadh in aithris (145) thuas. Tá na príomh-amhábhair leagtha amach i dTábla 1 thíos agus is caisirníní snáithíní gloine, snáithe snáithín gloine, rubar agus greamachán stiréine bútaidhé-éine atá i gceist leo.

(148)

Tá anailís an Choimisiúin maidir leis na tíortha sin, as ar tháinig an chonclúid nach bhféadfaí ceachtar acu a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach, tá an anailís leagtha amach thíos:

3.4.1.   An tSeirbia

(149)

I gcás na Seirbia, bhí an Coimisiún in ann faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí a aimsiú le haghaidh táirgeoir amháin a bhí ar eolas, DOO Masterplast yu Subotica (77). Bhí an táirgeoir sin brabúsach in 2022.

(150)

Mar sin féin, ba de thionscnamh na Síne 96 % d’allmhairí caisirníní snáithíní gloine agus 70 % d’allmhairí snáithe snáithín gloine isteach sa tSeirbia in 2022, agus ní raibh allmhairí snáithe snáithín gloine, anuas air sin, i gcainníochtaí móra le bheith mar thagarmharc réasúnach. Níorbh fhéidir an tSeirbia a mheas mar thí ionadaíoch oiriúnach dá bhrí sin.

3.4.2.   An Mholdóiv

(151)

I gcás na Moldóive, bhí an Coimisiún in ann faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí a aimsiú don aon táirgeoir amháin a bhí ar eolas, Djofra-M Srl (78) a bhí brabúsach in 2022.

(152)

I gcás na Moldóive, áfach, ba de thionscnamh na Síne nó na Bealarúise a bhí 86 % d’allmhairí snáithe snáithín gloine agus 90 % d’allmhairí caisirníní snáithíní gloine isteach sa tír in 2022. Níor fhéidir an Mholdóiv a mheas dá bhrí sin mar thír ionadaíoch oiriúnach toisc gur ón tSín nó ó thír nach raibh ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a tháinig a praghsanna allmhairiúcháin d’amhábhair go príomha.

3.4.3.   An Mhacadóin Thuaidh

(153)

I gcás na Macadóine Thuaidh, ní raibh an Coimisiún in ann faisnéis airgeadais a aimsiú don aon táirgeoir amháin a bhí ar eolas, Technical Textiles DOO. (79) Thug an Coimisiún ar aird freisin gur de thionscnamh na Síne móramh mór na n-allmhairí de na príomh-amhábhair isteach sa Mhacadóin Thuaidh.

(154)

Níorbh fhéidir an Mhacadóin Thuaidh a mheas dá bhrí sin mar thír ionadaíoch oiriúnach.

3.4.4.   Conclúid

(155)

Mheas an Coimisiún go bhféadfadh an India a bheith mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar chineál an imeachta athbhreithnithe éaga seo, i gcás nach molfadh an Coimisiún leibhéal nua corrlaigh dumpála ach díreach scrúdódh sé cé acu ar leanadh den dumpáil nó ar dóigh go dtarlóidh sí arís bunaithe ar mheastachán den leibhéal dumpála bunaithe ar phraghsanna onnmhairiúcháin reatha chuig an Aontas nó chuig tríú tíortha.

(156)

I dtíortha íseal-mheánioncaim, amhail an India, is dóigh go mbeidh na tosca táirgeachta níos saoire ná i dtíortha ina bhfuil leibhéal níos airde den fhorbairt eacnamaíoch, amhail Daon-Phoblacht na Síne.

(157)

Gach seans go mbeidh gnáthluach ann dá bharr sin agus corrlach dumpála a bheidh luaite faoina bhun dá bhrí sin.

(158)

Toisc gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú reatha, áfach, inarb é an cheist cé acu an dócha go leanfar den dumpáil nó nach leanfar nó go dtarlódh dumpáil an arís gan beann ar an leibhéal iarbhír nó nach dtarlódh, mheas an Coimisiún go bhféadfaí an India a mheas mar fhoinse iomchuí maidir leis na costais agus na praghsanna neamhshaofa cé gur dóigh go mbeadh ríomh ina dhiaidh sin ar an ngnáthluach measta faoina bhun.

(159)

I dtaca leis sin, thug an Coimisiún dá aire maidir leis an ngnáthluach a bunaíodh ar bhonn an chur chuige an-choimeádach sin, gur léiríodh dumpáil shuntasach cheana féin.

(160)

Sa chomhthéacs sin, fuarthas gur thír ionadaíoch iomchuí í an India.

(161)

Ar deireadh, i bhfianaise comhar a bheith in easnamh agus tar éis a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an India, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(162)

In éagmais comhair, mar a moladh san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ós rud é gur chomhlíon an India na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún í mar an tír ionadaíoch iomchuí.

3.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(163)

Sa Nóta ar fhoinsí, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta uile amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(164)

Luaigh an Coimisiún freisin sa Nóta ar fhoinsí, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir leis na tosca táirgeachta, go sonrach na príomh-amhábhair.

(165)

Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé sonraí ó Maharashtra State Electricity Distribution Company Ltd., ó Aireacht Peitriliam & Gás Nádúrtha agus ó Aireacht Saothair agus Fostaíochta Rialtas na hIndia chun costais neamhshaofa leictreachais, gáis agus saothair faoi seach a shuí.

(166)

Chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas, go gcuirfeadh sé san áireamh freisin luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta le costais mhonaraíochta bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú.

(167)

Ar deireadh, chuir an Coimisiún in iúl go n-úsáidfeadh sé na sonraí airgeadais ón dá tháirgeoir as an India den táirge faoi athbhreithniú, mar a leagtar amach in aithris (43) thuas, chun costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús a shuí.

3.6.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.6.1.   Tosca táirgeachta

(168)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata ar athbhreithniú agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin agus a fíoraíodh ar an láthair agus in éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ná aon bharúil maidir leis an Nóra ar fhoinsí, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine

Tosca Táirgeachta

Cóid na dTráchtearraí

Foinse sonraí

Aonad tomhais

Luach neamhshaofa (CNY)

Amhábhair

Caisirníní

7019 12 00

GTA (80)

Cileagram (kg)

7,08

Snáth agus slisní

7019 19 00

GTA

kg

13,94

Rubar stiréine bútaidhé-éine

4002 11 00

GTA

kg

9,38

Greamachán

3506 91 10

GTA

kg

16,99

Fuinneamh

Leictreachas

N/B

Coimisiún Rialála Leictreachais Maharashtra (81)

Cileavatuair (kWh)

0,73

Gás nádúrtha

N/B

Cill Pleanála agus Anailíse Peitriliam

An Aireacht Peitriliam agus Gáis Nádúrtha, Rialtas na hIndia (82)

 

0,08

Lucht saothair

Lucht saothair

N/B

An Biúró Saothair

An Aireacht Saothair agus Fostaíochta, Rialtas na hIndia (83)

Coibhéis lánaimseartha (‘FTE’)

0,08

3.6.2.   Amhábhair

(169)

Chun praghas neamhshaofa na bpríomh-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata monarchan táirgeora tíre ionadaíche, a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch arna thuairisciú ag GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (84)

(170)

Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(171)

De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(172)

Tar éis anailís a dhéanamh ar na sonraí maidir leis na hamhábhair a úsáideadh chun OMF de chuid táirgeora ionadaíoch an Aontais a tháirgeadh agus de bharr comhar a bheith in easnamh ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, chinn an Coimisiún idirdhealú a dhéanamh idir ríomh an ghnáthluacha le haghaidh an dá chatagóir OMF: OMF i rollaí agus OMF i dtéipeanna.

(173)

Ar an gcúis sin, in éineacht leis na tosca táirgeachta atá liostaithe sa Nóta a ghabhann leis an gcomhad an 10 Feabhra 2023, chuir an Coimisiún leis an liosta amhábhar an greamachán (cód tráchtearra 3506 91 10) a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh OMF i bhfoirm téipeanna.

(174)

Ríomh an Coimisiún sciar na dtomhaltán as na costais mhonaraíochta iomlána i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chun luach neamhshaofa comhpháirteanna costais den sórt sin a shuí agus toisc comhar ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán agus bhunaigh sé a thorthaí ar na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir.

(175)

Bhí an sciar tomhaltán sonrach maidir le gach catagóir de tháirgí OMF, agus ba 4,9 % agus 5,1 % den chostas iomlán monaraíochta le haghaidh OMF i rollaí agus i dtéipeanna faoi seach a bhí i gceist leis. Cuireadh na céatadáin sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa an chostais monaraíochta chun luach neamhshaofa tomhaltán a chinneadh.

(176)

De ghnáth ba cheart praghsanna iompair intíre a chur le praghsanna allmhairiúcháin na n-amhábhar. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar an neamh-chomhoibriú agus ar an gcineál imscrúdaithe athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh dumpáil tarlú arís, seachas méid beacht na dumpála a shuí, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe i ndáil le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus a dheimhniú ar an mbealach sin gur ann do dhumpáil mar gheall ar an tsuim níos airde.

3.6.3.   Lucht saothair

(177)

Chun an tagarmharc le haghaidh costais saothair sa tír ionadaíoch a shuí, d’úsáid an Coimisiún na sonraí is déanaí atá ar fáil ó Bhiúró Saothair na hAireachta Saothair agus Fostaíochta a d’fhoilsigh Rialtas na hIndia. Ba é INR 329,85 sa lá an meánphá le haghaidh tionscal an ghloine i réigiún Maharashtra le haghaidh 2016. Rinneadh innéacsú ar an meánphá le haghaidh 2016 ina dhiaidh sin go dtí an táscaire innéacs pá is deireanaí a bhí ar fáil, is é sin an dara leath de 2020 go dtí INR 1 566,79 sa lá. Dá thoradh sin bhí costas saothair in aghaidh na huaire in aghaidh FTE de EUR 3,53 san uair ann arbh ionann é agus CNY 0,08 in aghaidh an mhéadair chearnaigh (85).

3.6.4.   Leictreachas

(178)

Chun praghas an leictreachais a shuí, d’úsáid an Coimisiún na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha arna ngearradh ag ceann de na soláthróirí leictreachais is mó san India, is é sin Maharashtra State Electricity Distribution Company Ltd, arna dtuairisciú ag Coimisiún Rialála Leictreachais Maharashtra (86).

(179)

De réir na faisnéise atá ar fáil, ba é INR 8,49 sa kWh an mheántaraif thionsclaíoch le haghaidh na mblianta 2021-2022 agus ba é INR 8,54 sa kWh an mheántaraif thionsclaíoch le haghaidh na mblianta 2022-2023. Toisc go gcumhdaítear 6 mhí de 2021 agus 6 mhí de 2022 i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba é INR 8,51 sa kWh an mheántaraif thionsclaíoch ualaithe le haghaidh RIP, a chomhfhreagraíonn do CNY 0,73 sa kWh (87).

3.6.5.   Gás nádúrtha

(180)

Chun praghas an gháis nádúrtha a sholáthraítear d’úsáideoirí tionsclaíocha a shuí, d’úsáid an Coimisiún praghas an gháis nádúrtha san India le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe arna fhoilsiú ag an gCill Pleanála agus Anailíse Peitriliam de chuid Aireacht Peitriliam agus Gáis Nádúrtha Rialtas na hIndia.

(181)

Tógadh praghas aonaid an gháis nádúrtha san India ó thuarascálacha ‘Praghas an Gháis Nádúrtha Intíre’ agus tuairiscíodh é mar USD 1,8/MMBtu (88) le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2021 - mí Mheán Fómhair 2021, USD 2,9/MMBtu le haghaidh na tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 – Mí an Mhárta 2022 agus USD 6,1/MMBtu le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2022 - mí Mheán Fómhair 2022.

(182)

Tiontaíodh é sin go dtí meánchostas aonaid de CNY 0,08/kWh le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (89).

3.6.6.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis

(183)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta’. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(184)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus i bhfianaise na heaspa comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta. Áiríodh le forchostais mhonaraíochta an costas a bhain le forchostais an ghléasra, forchostais an trádstórais, dímheas, cothabháil, soláthar agus seirbhísí (amhail líonadh talún, seirbhísí glantacháin agus eisfhoinsiú).

(185)

Bhí an sciar d’fhorchostais mhonaraíochta thart ar 7 % agus 11 % den chostas iomlán maidir le OMF a mhonarú i rollaí agus i dtéipeanna faoi seach. Cuireadh na céatadáin sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa chostas iomlán na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an gcatagóir OMF a táirgeadh.

(186)

Chun méid neamhshaofa agus méid réasúnach a shuí maidir le SG&A agus brabús, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais is déanaí de chuid dhá tháirgeoir san India a sainaithníodh sa Nóta leis an gcomhad maidir leis na foinsí ábhartha mar tháirgeoirí gníomhacha agus brabúsacha OMF le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(187)

Rinneadh comhdhlúthú ar shonraí airgeadais an dá chuideachta agus ríomh an Coimisiún meán-sciar de chostais SGA agus brabús is infheidhme nuair atá an gnáthluach ríofa á ríomh. Úsáideadh sonraí airgeadais do na cuideachtaí seo a leanas, mar atá ar fáil go poiblí ar bhunachar sonraí Orbis Bureau van Dijk (90):

Montex Glass Fibre Industries Private Limited (an bhliain airgeadais dar críoch 31 Márta 2022);

Pyrotek India Private Limited (an bhliain airgeadais dar críoch 31 Márta 2022).

3.7.   Ríomh an ghnáthluacha

(188)

Ar bhonn an méid atá thuas, ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge (is é sin OMF i rollaí agus OMF i dtéipeanna mar a mhínítear in aithris (172) ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(189)

De réir na faisnéise san iarraidh ar athbhreithniú éaga, arna fíorú ina dhiaidh sin bunaithe ar shonraí maidir le ceann amháin de tháirgeoirí an Aontais a chomhoibrigh san imscrúdú agus a sholáthair faisnéis shonrach chun na críche sin, táirgtear OMF i rollaí agus i dtéipeanna trí úsáid a bhaint as caisirníní, snáth agus rubar stiréine bútaidhé-éine. Tá cumhdach greamaitheach ag OMF i dtéipeanna freisin.

(190)

Dá bhrí sin, úsáideadh an luach neamhshaofa le haghaidh an chumhdaigh ghreamaithigh, mar aon le gach amhábhar eile, chun gnáthluach a thógáil do OMF i dtéipeanna, cé nár úsáideadh é chun gnáthluach a thógáil le haghaidh OMF i rollaí. Tá an mhodheolaíocht sin, a mhínítear sna haithrisí seo a leanas, mar an gcéanna sa dá chás.

(191)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis (91) a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú agus táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin, a fíoraíodh ar an láthair, maidir le tomhaltas gach toisce (amhábhair, lucht saothair agus leictreachas) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(192)

D’iolraigh an Coimisiún na méideanna tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas san India, mar a thuairiscítear i Roinn 3.6.2. I gcás roinnt tosca táirgeachta arb ionann iad agus sciar diomaibhseach de chostais iomlána na n-amhábhar i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, sloinneadh iad mar chéatadán de na príomh-amhábhair mar a mhínítear in aithris (166). Chuir an Coimisiún an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na bpríomh-amhábhar le teacht ar an luach neamhshaofa.

(193)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús i bhfeidhm mar a suíodh in aithris (183) le costais neamhshaofa na monaraíochta:

Forchostais mhonaraíochta, mar a suíodh in aithris (185),

costais díola, ghinearálta agus riaracháin, sin 43 % den láimhdeachas, agus

Cuireadh brabúis, a bhí cothrom le 16 % den láimhdeachas, i bhfeidhm ar chostais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(194)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge, mar a míníodh in aithris (189), ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(195)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí allmhairithe Eurostat, ar leibhéal costais, árachais agus lasta (‘CAL’). Laghdaíodh an praghas CAL sin leis an gcostas muirlasta agus an costas iompair intíre sa tSín, chun teacht ar an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha. Bhí na méideanna a asbhaineadh bunaithe ar an bhfaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú éaga.

3.9.   Comparáid agus corrlach dumpála

(196)

In éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis ag an gCoimisiún maidir leis na cineálacha táirgí a onnmhairíodh. Chuir an Coimisiún, dá bhrí sin, na gnáthluachanna a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, le haghaidh OMF i rollaí agus OMF i dtéipeanna, i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha mar a shuitear thuas.

(197)

Ar an mbonn sin, bhí an corrlach dumpála maidir le hallmhairithe ón tSín, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ag 169 % ar an meán.

(198)

Mar sin féin, bhí an líon allmhairí ón tSín beag agus ní raibh ann ach sciar 0,76 % de mhargadh an Aontais. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go bhfuil corrlach dumpála a suíodh ar bhonn cainníochtaí den sórt sin táscach, ach nár thug sé bunús leordhóthanach maidir le toradh go leanfaí den dumpáil agus rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an dumpáil.

3.10.   An dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(199)

Rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil má ligtear na bearta dul as feidhm.

(200)

Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas:

(a)

na leibhéil dumpála dóchúla i margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm;

(b)

an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne; agus

(c)

tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.10.1.   Leibhéil dumpála dóchúla i margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag

(201)

Chun leibhéal dóchúil praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas a chinneadh dá ligfí do na bearta dul as feidhm, agus mar gheall ar easpa comhair ó tháirgeoirí de chuid na Síne, bhunaigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(202)

Rinne an Coimisiún anailís ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne de OMF chuig na trí phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin dá chuid mar a thuairiscítear in GTA. Léirigh na honnmhairí sin le chéile thart ar 50 % de mhéid na ndíolachán onnmhairí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba iad an India, an Rúis agus an Tuirc na margaí onnmhairiúcháin a bhí i gceist. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún na praghsanna onnmhairiúcháin sin i gcomparáid leis na gnáthluachanna a suíodh mar a tuairiscíodh i Roinn 3.7.

(203)

Taispeánadh leis an gcomparáid go raibh an gnáthluach arna shuí ag an gCoimisiún uair go leith ar a laghad níos airde ná na meán-phraghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig gach ceann de na trí mhargadh sin, mar a tuairiscíodh in GTA.

(204)

Ní raibh aon fhaisnéis ar an gcáschomhad a thabharfadh le fios, i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm, go mbeadh na praghsanna chuig an Aontas difriúil ar aon bhealach.

(205)

Mheas an Coimisiún dá bhrí sin i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm, gur dhóigh go mbeadh onnmhairí as an tSín chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte.

3.10.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(206)

In éagmais comhair ó tháirgeoirí na Síne/tháirgeoirí onnmhairiúcháin nó faisnéis eile atá ar fáil maidir le táirgeadh agus acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, bhí an Coimisiún ag brath go dtí seo ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus ar aighneacht an iarratasóra agus measúnú á dhéanamh ar an acmhainneacht bhreise sa tSín.

(207)

De réir na hiarrata agus na haighneachta thuas, tá acmhainneachtaí breise móra ag táirgeoirí OMF na Síne. In 2021, bhí na hacmhainneachtaí táirgeachta OMF measta sa tSín ag thart ar 2,8 billiún méadar cearnach agus ní raibh an tomhaltas OMF intíre measta ach ag 1,2 billiún méadar cearnach. 1,5 billiún méadar cearnach a bhí in onnmhairí, agus bhí acmhainneacht bhreise de thart ar 450 milliún méadar cearnach ag táirgeoirí de chuid na Síne (92). Tá an figiúr sin cothrom le beagnach leath de mhéid mhargadh an Aontais.

3.10.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(208)

Luaitear san iarraidh go bhfuil margadh onnmhairiúcháin na Síne ag brath i láthair na huaire ar lastais bheaga chuig margaí ar mhéideanna ísle, rud atá daor agus óna dteastaíonn ardleibhéil eagrúcháin, lóistíochta agus costais loingseoireachta.

(209)

Bheadh sé i bhfad níos tarraingtí dá bhrí sin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne díriú in ionad sin ar onnmhairiú a dhéanamh i gcainníochtaí móra chuig an margadh Eorpach, rud a bhí mar straitéis acu go dtí gur forchuireadh na bearta sealadacha. Faoin tráth sin, bhí an tAontas ar an margadh onnmhairiúcháin ba mhó a bhí ag an tSín.

(210)

Thairis sin, chuir an Coimisiún praghsanna onnmhairiúcháin na Síne i gcomparáid lena phríomh-mhargaí onnmhairiúcháin [féach aithrisí (202) go (203)] agus bhí meánphraghas i réim i margadh an Aontais. Rinneadh na praghsanna chuig na margaí onnmhairiúcháin sin ag praghas suas le 21 % faoi bhun na bpraghsanna ar mhargadh an Aontais. Taispeántar go soiléir leis an gcomparáid sin go bhfuil na praghsanna i margadh an Aontais níos airde ná i margaí onnmhairiúcháin eile. Is margadh tarraingteach é an tAontas dá bhrí sin go fóill le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, agus ní beag é an dreasacht praghais chun onnmhairí móra a atosú.

(211)

Thug an Coimisiún faoi deara freisin na torthaí tráthrialta maidir le himchéimniú ón tSín trí thíortha eile ó forchuireadh na bearta ar dtús, ag léiriú gur mhian le táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne soláthar do mhargadh an Aontais gan dleacht a íoc.

3.10.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(212)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtarlódh dumpáil arís dá ligfí do na bearta atá ann faoi láthair dul i léig. Go háirithe, leibhéal an ghnáthluacha a suíodh i nDaon-Phoblacht na Síne, i gcomparáid le leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig margaí tríú tíortha agus chuig an Aontas, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an acmhainneacht mhór táirgeachta atá ar fáil i nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn siad sin go léir gur dócha go gcuirfí tús arís leis an dumpáil i gcás ina ligfí do na bearta atá ann faoi láthair dul as feidhm.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(213)

Rinne 18 dtáirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(214)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais ag thart ar 918,7 milliún m2 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na bhfreagraí ar na ceistneoirí a thug na trí tháirgeoir sampláilte an Aontais agus ar bhonn an fhreagra a thug an t-iarratasóir ar an gceistneoir maidir le táscairí maicreacnamaíocha.

(215)

Mar a léirítear in aithris (18), má bhain aon díobháil do thionscal an Aontais, cuireadh sampláil i bhfeidhm chun leanúint fhéideartha na díobhála nó an fhéidearthacht go gcuirfí tús arís léi a chinneadh. Na trí tháirgeoir ón Aontas a roghnaíodh sa sampla, bhain 72 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas leo.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(216)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn: a) sonraí an iarratasóra maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil, arna gcros-seiceáil go páirteach leis na méideanna díolachán a thuairiscigh táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais; agus (b) allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat agus Faireachas (93).

(217)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (m2)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

843 708 606

865 438 401

1 013 312 192

957 318 764

Innéacs (2019 = 100)

100

103

120

113

Foinse:

Eurostat, Faireachas, Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte an Aontais

(218)

Léirigh an t-athbhreithniú gur tháinig méadú 13 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’fhág an titim a tháinig air idir an bhliain ab airde in 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe gur tháinig laghdú ar allmhairí ón tSín agus ó thríú tíortha.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(219)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ón tSín ar bhonn staitisticí Eurostat agus Faireachais, mar atá mínithe go cuí in aithris (216) thuas. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí acu trí allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas an Aontais mar a leagtar amach i dTábla 2.

(220)

Tháinig forbairt ar allmhairí chuig an Aontas ón tír lena mbaineann mar a leanas:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne (m2)

9 413 576

11 108 317

9 794 287

7 261 812

Innéacs(2019 = 100)

100

118

104

77

Sciar den mhargadh ag allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne%

1,12

1,28

0,97

0,76

Innéacs(2019 = 100)

100

115

87

68

Foinse:

Eurostat, Faireachas

(221)

Bhí méid na n-allmhairí ón tSín íseal le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín thart ar 1 % sna blianta idir 2019-2021 agus laghdaigh sé go dtí 0,76 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(222)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna na n-allmhairí ón tSín ar bhonn staitisticí Eurostat agus Faireachais.

(223)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/m2)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An tSín

0,18

0,16

0,24

0,34

Innéacs(2019 = 100)

100

89

133

189

Foinse:

Eurostat, Faireachas

(224)

Tháinig beagnach dúbailt ar phraghsanna ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní mór na treochtaí sin a mheas áfach i gcomhthéacs na gcainníochtaí allmhairiúcháin ísle, go háirithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, nuair nach raibh ach sciar 0,76 % den mhargadh ina n-allmhairí.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne

(225)

Shuigh an Coimisiún méideanna agus praghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha agus an mhodheolaíocht chéanna á cur i bhfeidhm i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne (féach roinn 4.3.).

(226)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An tSeirbia

Méid na n-allmhairí (m2)

57 464 814

82 916 688

103 427 374

57 862 648

Innéacs (2019 = 100)

100

144

180

101

Sciar den mhargadh %

6,81

9,58

10,21

6,04

Innéacs (2019 = 100)

100

141

150

89

Meánphraghas (EUR/m2)

0,27

0,25

0,30

0,33

Innéacs (2019 = 100)

100

93

111

122

An Mholdóiv

Méid na n-allmhairí (m2)

25 112 047

23 799 781

36 958 795

35 010 746

Innéacs (2019 = 100)

100

95

147

139

Sciar den mhargadh

2,98  %

2,75  %

3,65  %

3,66  %

Innéacs (2019 = 100)

100

92

123

123

Meánphraghas (EUR/m2)

0,26

0,26

0,28

0,33

Innéacs (2019 = 100)

100

100

108

127

An Mhacadóin Thuaidh

Méid na n-allmhairí (m2)

15 329 645

25 493 336

30 786 136

20 687 170

Innéacs (2019 = 100)

100

166

201

135

Sciar den mhargadh (%)

1,82

2,95

3,04

2,16

Innéacs (2019 = 100)

100

162

167

119

Meánphraghas (EUR/m2)

0,31

0,27

0,32

0,37

Innéacs (2019 = 100)

100

87

103

119

Tríú tíortha eile

Méid na n-allmhairí (m2)

23 007 130

15 855 373

27 770 221

26 461 114

Innéacs (2019 = 100)

100

69

121

115

Sciar den mhargadh (%)

2,73

1,83

2,74

2,76

Innéacs (2019 = 100)

100

67

101

101

Meánphraghas (EUR/m2)

0,53

0,58

0,76

0,65

Innéacs (2019 = 100)

100

109

143

123

Allmhairí iomlána gan iad siúd ó Dhaon-Phoblacht na Síne a áireamh

Méid na n-allmhairí (m2)

120 913 636

148 065 178

198 942 526

140 021 678

Innéacs (2019 = 100)

100

122

165

116

Sciar den mhargadh(%)

14,33

17,11

19,63

14,63

Innéacs (2019 = 100)

100

119

137

102

Meánphraghas (EUR/m2)

0,32

0,29

0,36

0,39

Innéacs (2019 = 100)

100

91

113

122

Foinse:

Eurostat, Faireachas

(227)

As measc na n-allmhairí ó thríú tíortha, ba iad na hallmhairí ón tSeirbia, ón Moldóiv agus ón Macadóin Thuaidh na cinn ba thábhachtaí. Bhí a méideanna allmhairí agus a sciartha i margadh an Aontais á méadú ag na trí thír sin uile, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir a chéile sna blianta 2019-2021. Mar sin féin, tar éis an bhliain ba láidre in 2021, tháinig laghdú ar a méideanna allmhairí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus d’fhill sciar mhargaidh na dtríú tíortha beagnach ar leibhéal na bliana 2019.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(228)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(229)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí agus faisnéise a bhí i bhfreagra an iarratasóra ar an gceistneoir, arna gcros-seiceáil go cuí leis an bhfaisnéis san iarraidh agus leis na freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte ar an gceistneoir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(230)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar margaidh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana.

(231)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas chun caipiteal a thiomsú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(232)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (m2)

830 158 312

795 330 105

871 470 775

918 703 469

Innéacs (2019 = 100)

100

96

105

111

Acmhainneacht táirgeachta (m2)

996 336 815

997 527 699

1 016 796 092

1 036 403 129

Innéacs (2019 = 100)

100

100

102

104

Úsáid acmhainneachta (%)

83

80

86

89

Innéacs (2019 = 100)

100

96

103

106

Foinse:

Iarratasóir, Táirgeoirí ón Aontas a sampláladh

(233)

Tháinig méadú 11 % ar tháirgeadh thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Lean sé an treocht ghinearálta i dtomhaltas an Aontais, cé go raibh tionchar beagán diúltach ráig COVID-19 le feiceáil in 2020, agus athshlánú suntasach in 2021 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(234)

Tháinig méadú 4 % freisin ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(235)

Toisc gur tháinig fás ar tháirgeadh níos tapúla ná an fás ar an acmhainneacht táirgeachta, méadaíodh úsáid na hacmhainneachta i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí 89 %.

4.5.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(236)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 7

An méid díolachán agus an scair den mhargadh

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais – custaiméirí neamhghaolmhara (m2)

713 589 293

706 264 907

804 575 378

810 036 274

Innéacs (2019 = 100)

100

99

113

114

Sciar den mhargadh (%)

84,6

81,6

79,4

84,6

Innéacs (2019 = 100)

100

96

94

100

Foinse:

Eurostat, iarratasóir, táirgeoirí sampláilte an Aontais

(237)

Tháinig méadú 14 % ar mhéid na ndíolachán i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, a bhí ar leibhéal comhchosúil ná an méadú 13 % ar thomhaltas a léirítear i dTábla 2. Dá bhrí sin, choinnigh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh de bheagnach 85 % ar an margadh méadaithe.

4.5.2.3.   Fás

(238)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 13 % ar thomhaltas an Aontais, agus tháinig méadú 14 % ar mhéid na ndíolachán i dtionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas. Dá dhroim sin, tá fás tagtha ar thionscal an Aontais i ndearbhthéarmaí agus d’fhan sé cobhsaí i dtéarmaí a sciar den mhargadh. In éineacht leis an bhfás ar dhíolacháin, tháinig fás freisin ar tháirgeacht, ar an acmhainneacht táirgeachta agus ar infheistíochtaí.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(239)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe

2 277

2 293

2 371

2 409

Innéacs (2019 = 100)

100

101

104

106

Táirgiúlacht Saothair (m2/fostaí)

364 653

346 891

367 511

381 401

Innéacs (2019 = 100)

100

95

101

105

Foinse:

Iarratasóir, Táirgeoirí ón Aontas a sampláladh

(240)

Tháinig méadú beag ar an líon fostaithe le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. I dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’fhostaigh tionscal an Aontais os cionn 2 400 duine i gcomparáid le 2 277 sa bhliain 2019. Tháinig méadú 5 % ar tháirgiúlacht in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tugadh laghdú sealadach ar tháirgiúlacht faoi deara in 2020 i ngeall ar thitim sa táirgeadh a bhain le Covid.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(241)

Mar a mhínítear in aithris (198), d’fhág an méid íseal allmhairí as an tSín nár soláthraíodh bunús leordhóthanach chun leanúint den anailís dumpála. Dá bhrí sin, dhírigh an t-imscrúdú ar an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an dumpáil i gcás ina ligfí do na bearta frithdhumpála dul as feidhm.

(242)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, léiríodh treochtaí fabhracha i bhformhór na dtáscairí díobhála ag tionscal an Aontais. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur théarnaigh tionscal an Aontais ó dhumpáil roimhe sin.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca a dhéanann difear do phraghsanna

(243)

Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid ualaithe san Aontas (Euro/m2)

0,34

0,34

0,35

0,39

Innéacs (2019 = 100)

100

100

103

115

Costas aonaid an táirgthe (Euro/m2)

0,30

0,28

0,29

0,34

Innéacs (2019 = 100)

100

93

97

113

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(244)

D’fhan praghsanna díolacháin aonaid cobhsaí sna blianta 2019-2021 agus ansin tháinig méadú 15 % orthu i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, sa chéad leath de 2022 go príomha. Léiriú éigin ar an méadú ar an gcostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú is ea an méadú praghais sin.

4.5.3.2.   Costais saothair

(245)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a leanas:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

21 170

20 717

22 242

23 286

Innéacs

100

98

105

110

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(246)

Idir 2019 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú 10 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí do tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

4.5.3.3.   Fardail

(247)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 11

Fardail

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (m2)

73 236 531

67 655 734

39 610 546

41 699 457

Innéacs

100

92

54

57

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

12

12

6

6

Innéacs

100

100

50

50

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(248)

Mar atá sa dara cuid den tréimhse faoi bhreathnú bhí an méadú ar mhéideanna díolachán níos tapúla ná na méideanna táirgeachta, tháinig laghdú substaintiúil ar leibhéil na stoc deiridh i ndearbhthéarmaí agus i dtaca leis an méid táirgeachta araon.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(249)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 12

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

14

21

21

14

Innéacs

100

150

150

100

An sreabhadh airgid (EUR)

29 828 733

49 755 437

61 438 545

40 959 049

Innéacs

100

167

206

137

Infheistíochtaí (EUR)

7 955 638

7 703 226

14 849 596

18 852 344

Innéacs

100

97

187

237

An toradh ar infheistíochtaí (%)

11

17

19

13

Innéacs

100

155

173

118

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(250)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, d’fhan tionscal an Aontais brabúsach le treocht mhéadaitheach sna blianta 2019-2021. Thit an bhrabúsacht i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i ngeall go príomha ar an méadú ar an gcostas fuinnimh sa chéad chuid de 2022, ach bhí brabúsacht fhoriomlán ar leibhéal 14 % fós ag táirgeoirí sampláilte an Aontais.

(251)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Ar an iomlán, i ndearbhthéarmaí, bhí an sreabhadh airgid ag leibhéil arda ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú.

(252)

Lean táirgeoirí de chuid an Aontais le hinfheistíochtaí le linn na tréimhse foriomláine faoi bhreathnú. Bhain na hinfheistíochtaí a mbuaic amach i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(253)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt dhearfach air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an fáltas ar shócmhainní tháirgeoirí an Aontais dhá phointe céatadáin níos airde ná in 2019.

(254)

Níor thuairiscigh ceann ar bith de tháirgeoirí sampláilte an Aontais deacrachtaí maidir lena gcumas caipiteal a thiomsú.

4.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(255)

Bhí méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann diomaibhseach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(256)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mhéadaigh tionscal an Aontais a mhéideanna táirgthe agus díolachán, a acmhainneacht táirgeachta agus a chéatadán úsáide, fostaíochta agus táirgiúlachta. Choinnigh sé scair ard 85 % den mhargadh freisin i gcás an mhéadaithe fhoriomláin ar thomhaltas.

(257)

I dtéarmaí táscairí airgeadais, d’ainneoin méadú ar chostais táirgthe, bhí tionscal an Aontais fós brabúsach sna blianta uile den tréimhse faoi bhreathnú. I dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thit a bhrabúsacht i gcomparáid leis na blianta 2020-2021, ach bhí sé fós ar leibhéal 14 % áfach. Ina theannta sin, choinnigh tionscal an Aontais sreabhadh airgid dearfach ar bun le linn na tréimhse foriomláine faoi bhreathnú, rinne sé níos mó ná dúbailt ar infheistíochtaí sa tréimhse chéanna agus bhain sé toradh maith amach orthu.

(258)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.   An dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an díobháil

(259)

Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (258) nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cé acu an mbeadh nó nach mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(260)

Maidir leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus tionchar mhéid allmhairiúcháin féideartha agus praghsanna allmhairiúcháin ar staid thionscal an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm.

5.1.   Acmhainneacht bhreise sa tSín

(261)

Mar a míníodh cheana in aithris (207), coinníonn táirgeoirí OMF na Síne acmhainneacht bhreise ard le haghaidh onnmhairí féideartha chuig an Aontas i gcónaí i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm agus i gcás ina mbeadh margadh an Aontais oscailte dóibh.

5.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(262)

I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, tá na praghsanna ar mhargadh an Aontais sách ard, rud a fhágann go bhfuil margadh an Aontais níos tarraingtí. Bhí praghsanna CAL na Síne chuig a bpríomh-mhargaí onnmhairiúcháin i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (an Tuirc, an India agus an Rúis) idir 3 % agus 21 % níos ísle ná an meánphraghas i dtionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(263)

Thairis sin, tá margadh an Aontais tarraingteach freisin i dtéarmaí a mhéide agus tá coinne leis go bhfásfaidh sé tuilleadh le forbairt na gcóras comhchodach inslithe teirmigh sheachtraigh, ar margadh iartheachtach é i gcomhair OMF atá ag dul i méid.

5.3.   An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méid na n-allmhairí agus ag praghsanna allmhairiúcháin ar thionscal an Aontais

(264)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar an leibhéal praghsanna dóchúil ag a ndéanfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne onnmhairiú chuig margadh an Aontais.

(265)

De thoradh na comparáide idir praghsanna onnmhairiúcháin na Síne ar leibhéal CAL, arna gcoigeartú tríd an dleacht chustaim thraidisiúnta agus costais iar-allmhairiúcháin a chur leo, agus praghsanna díola díreach ón monarcha tháirgeoirí sampláilte an Aontais cruthaíodh corrlach sladghearrtha 5 % le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(266)

Thairis sin, roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, bhí an bhearna idir praghsanna CAL na Síne agus praghsanna thionscal an Aontais fiú amháin níos mó. Ba chás eisceachtúil an méid a tharla i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe: léiríonn na méaduithe ar phraghsanna ar leibhéil CAL agus ar leibhéil tugtha i dtír méaduithe ar chostais lasta go príomha – ar leibhéal SAB d’fhan praghsanna onnmhairiúcháin cobhsaí. Tháinig méadú mór ar phraghsanna coimeádáin le haghaidh bealaí lastais ón tSín chuig an Aontas ón dara leath de 2021 agus tríd an gcéad leath de 2022 de thoradh bhearta an rialtais a rinneadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID. Sa chuid deiridh de 2022 (díreach tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) laghdaigh costais loingseoireachta ar ais go dtí leibhéil 2019 agus bhí praghas onnmhairiúcháin tugtha i dtír na Síne ag gearradh praghsanna thionscal an Aontais ar bhonn níos tromchúisí.

(267)

Dá bhrí sin, níor tharla na méaduithe ar phraghsanna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar aon athrú struchtúrach ar dhian-bheartas praghsála tháirgeoirí na Síne ná mar gheall ar chleachtais éagóracha trádála - tá praghsanna OMF na Síne fós íseal i gcomparáid leis na praghsanna i dtionscal an Aontais.

(268)

Tá an ríomh sladghearrtha praghsanna thuas bunaithe ar chainníochtaí ísle allmhairiúcháin. Mar sin féin, deimhnítear an chonclúid maidir le leibhéal íseal phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne leis na torthaí maidir le honnmhairí na Síne chuig a bpríomh-mhargaí tríú tíortha. Mar a léirítear in aithris (262) tá praghsanna onnmhairí na Síne chuig na margaí seo níos ísle ná praghsanna tháirgeoirí an Aontais. Tá na ríomhanna sin bunaithe ar mhéideanna arbh ionann iad agus 23 % de thomhaltas an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(269)

Má théann bearta as feidhm, fágfaidh an tionchar a bheidh ag méadú a chur ar an líon onnmhairí de chuid na Síne ar phraghas íseal a sheolfar chuig an Aontas go cinnte go gcaillfear an sciar den mhargadh a bheidh ag tionscal an Aontais nó má dhéanann tionscal an Aontais iarracht dul in iomaíocht leis na praghsanna chun é a chosc, gurb é staid airgeadais thionscal an Aontais a bheidh siar leis.

5.4.   An chonclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an díobháil

(270)

Léiríonn an acmhainneacht mhór sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus leibhéal phraghsanna na Síne chuig an Aontas agus tríú margaí go ndéanfaí, in éagmais beart, líon mór onnmhairí de chuid na Síne a threorú i dtreo mhargadh an Aontais ar phraghsanna atá i bhfad faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais.

(271)

Dá bharr sin chaillfeadh tionscal an Aontais sciartha den mhargadh go tapa agus bheadh air a phraghsanna díola a laghdú go mór, rud a bheadh chun aimhleasa a bhrabúsachta agus a inmharthanachta.

(272)

Ag féachaint ar an gcomhthéacs eacnamaíoch idirnáisiúnta agus san Eoraip faoi láthair (an ghéarchéim fuinnimh, an cogadh, costais ag méadú, etc.), ní féidir le margadh an Aontais líon breise allmhairí OMF dumpáilte agus ar phraghas íseal a shú ón tSín. Ach na bearta a fhoirceannadh bheadh deis ag allmhairí OMF na Síne díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais arís, rud a chuirfeadh as gnó iad go tapa.

(273)

Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha i gcás ina ligfí do bhearta dul as feidhm agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

6.   LEAS AN AONTAIS

(274)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

(275)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(276)

Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann a d’fhágfadh go ndéanfaí an chonclúid nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go dtarlódh an dumpáil agus an díobháil arís.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(277)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (258), ní bhaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a thuilleadh. De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (273), áfach, ní bheadh tionscal an Aontais in ann déileáil le baint na mbeart, ar dócha go mbeadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ag teacht isteach i margadh an Aontais dá thoradh ar phraghsanna lena ndéanfaí sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais. Chuirfí inmharthanacht airgeadais fhadtéarmach an tionscail i mbaol, dá bhrí sin, dá n-aisghairfí na bearta. Dá bhrí sin, tá sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(278)

Cuireadh gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus úsáideoir ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe.

(279)

Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir den táirge lena mbaineann (94) nó aon úsáideoir de chuid an Aontais san athbhreithniú éaga ná níor chuir siad aon sonraí nó aon bharúil isteach. Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhartha ann lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na hallmhaireoirí agus ar na húsáideoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais, ná níor suíodh a mhalairt le himscrúdú an Choimisiúin.

(280)

Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhartha ann a léireodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na húsáideoirí agus/nó ar na hallmhaireoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart.

(281)

Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhartha ann lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na hallmhaireoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart, ná níor suíodh a mhalairt le himscrúdú an Choimisiúin.

6.3.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(282)

Is margadh OMF tábhachtach agus tarraingteach é an tAontas. Le beartas comhshaoil an Aontais méadaítear an t-éileamh ar OMF i gcórais inslithe sheachtracha. Tá aon bhilliún méadar cearnach d’acmhainneacht táirgeachta ag an Aontas, agus táirgeacht reatha ar mó í ná 900 milliún méadar cearnach agus éileamh de 957 milliún méadar cearnach. Ciallaíonn sé sin gur féidir le táirgeoirí an Aontais an soláthar iomlán a dhéanamh don mhargadh inmheánach nach mór – go háirithe ós rud é go bhfuil deis ann i gcónaí a n-acmhainneacht a mhéadú.

(283)

Ina theannta sin, tá iomaíocht inmheánach ag fás laistigh de mhargadh an Aontais. Tar éis na bearta frithdhumpála a fhorchur, tháinig méadú ar an líon táirgeoirí de chuid an Aontais ó 6 chuideachta go dtí 14 chuideachta.

(284)

Tá ról mór ag tionscal OMF an Aontais maidir le feidhmchláir nua a fhorbairt agus feabhas a chur ar theicneolaíochtaí lena bhfeabhsaítear feidhmíocht ábhar inslithe, agus tá tionscal OMF sláintiúil de chuid an Aontais fós an-tábhachtach chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.

(285)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn a luaitear thuas nárbh ann d’aon chúis láidir maidir le leas an Aontais gan na bearta atá ann faoi láthair maidir le hallmhairí OMF de thionscnamh na Síne a choimeád ar bun.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(286)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu go dtarlóidh dumpáil arís, go dtarlóidh díobháil arís agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte as snáithíní gloine a leathnú chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte as snáithín gloine a chumhdach, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó arna gcur chun bealaigh as, a choinneáil ar bun.

(287)

Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na hallmhairí uile eile ‘de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(288)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(289)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(290)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir leis an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(291)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (95). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(292)

Féadfaidh onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair ar a onnmhairí a shocrú a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí í faoi réir an ráta dleachta frithdhumpála do chuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a dheonú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme ar a onnmhairí a shocrú; (ii) ní bhaineann sé le cuideachta a rinne amhlaidh agus tá sé faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála dá bharr sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla.

(293)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Deonaíodh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis dóibh an nochtadh sin a dhéanamh. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(294)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (96), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(295)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear leis seo dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine, de mhéid cille is mó ná 1,8 mm ar fhad agus ar leithead agus a mheánn níos mó ná 35 g/m2, gan dioscaí snáithín gloine a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00 agus ex 7019 69 90 (cóid TARIC 7019630019, 7019640019, 7019650018, 7019660018 agus 7019699019) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh ráta an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le CAL glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar an táirge a thuairiscítear i mír 1 agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne:

Cuideachta

Dleacht (%)

Cód breise TARIC

Yuyao Mingda Fiberglass Co., Ltd

62,9

B006

Grand Composite Co., Ltd agus a cuideachta chomhlachaithe Ningbo Grand Fiberglass Co., Ltd

48,4

B007

Yuyao Feitian Fiberglass Co., Ltd

60,7

B122

Cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn

57,7

B008

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

62,9

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir leis na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

4.   Déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leagtar amach i mír 2, a leathnú leis seo chun an méid a leanas a chumhdach:

allmhairí na bhfabraicí mogaill oscailte céanna arna gcur chun bealaigh as an India agus an Indinéis, bídís dearbhaithe mar fhabraicí ar de thionscnamh na hIndia nó na hIndinéise iad nó ná bídís (Cóid TARIC 7019630014, 7019630015, 7019640014, 7019640015, 7019650014, 7019650015, 7019660014, 7019660015, 7019699014, agus 7019699015),

cé is moite díobh sin arna dtáirgeadh ag:

Montex Glass Fibre Industries Pvt. Ltd (cód breise TARIC B942),

Pyrotek India Pvt. Ltd (cód breise TARIC C051),

SPG Glass Fibre Pvt. Ltd (cód breise TARIC C205) agus

Urja Products Private Limited (cód breise TARIC C861)

allmhairí na bhfabraicí mogaill oscailte céanna arna gcur chun bealaigh as an Malaeisia, bídís dearbhaithe mar fhabraicí ar de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bídís (Cóid TARIC 7019630011, 7019640011, 7019650011, 7019660011 agus 7019699011),

allmhairí na bhfabraicí mogaill oscailte céanna arna gcur chun bealaigh as an Téaváin agus an Téalainn, bídís dearbhaithe mar fhabraicí ar de thionscnamh na Téaváine nó na Téalainne iad nó ná bídís (Cóid TARIC 7019630012, 7019630013, 7019640012, 7019640013, 7019650012, 7019650013, 7019660012, 7019660013, 7019699012 agus 7019699013).

5.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

6.   I gcás ina soláthraíonn aon táirgeoir onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne dóthain fianaise don Choimisiún:

(1)

nár onnmhairigh sé chuig an Aontas an táirge ar a dtugtar tuairisc i mír 1 sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 31 Márta 2010 (an tréimhse imscrúdúcháin bunaidh);

(2)

nach bhfuil sé bainteach le haon onnmhaireoir nó táirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán seo; agus

(3)

gur onnmhairigh sé iarbhír chuig an Aontas an táirge lena mbaineann nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air chun líon mór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh,

féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a leasú ach an táirgeoir onnmhairiúcháin nua a chur leis na cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil áirithe sa sampla agus ar an gcaoi sin faoi réir an mheán-dleachta ualaithe 57,7 %.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 204, 9.8.2011, lch. 1.

(3)   IO L 196, 24.7.2012, lch. 1.

(4)   IO L 11, 16.1.2013, lch. 1.

(5)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 20.

(6)   IO L 274, 16.9.2014, lch. 13.

(7)   IO L 236, 10.9.2015, lch. 1.

(8)   IO L 236, 7.11.2017, lch. 4.

(9)   IO L 134, 31.5.2018, lch. 5.

(10)   IO C 63, 7.2.2022, lch. 1.

(11)   IO C 421, 4.11.2022, lch. 54.

(12)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2633

(13)  https://connect.ihsmarkit.com/gta/standard-reports

(14)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(15)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(16)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(17)  Ar fáil ag: http://www.npc.gov.cn/englishnpc/constitution2019/201911/1f65146fb6104dd3a2793875d19b5b29.shtml (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(18)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(19)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(21)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(22)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(23)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(24)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

(25)  Féach: https://www.qixin.com/company/47d67dfa-24e2-4bfb-b568-4705b6e86623

(26)  Féach: https://mp.weixin.qq.com/s/TlNbOe1gpJPE9K8Svk1puQ

(27)  Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html

(28)  Féach: https://www.cnbm.com.cn/CNBM/0000000100020005/index.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(29)  Féach an tAlt a foilsíodh ar shuíomh gréasáin CNBM in 2020 agus atá le fáil ar: http://old.tengzhou.gov.cn/xwzx/jrtz/202011/t20201130_4049343.htm (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023)

(30)  Féach https://www.jiemian.com/article/3659075.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(31)  Féach: https://news.fromgeek.com/people/55-45425.html; https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202204291562370883_1.pdf?1651327796000.pdf; agus https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202204291562370883_1.pdf?1651327796000.pdf (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(32)  Féach: https://baike.baidu.com/item/%E6%B1%9F%E8%8B%8F%E4%B9%9D%E9%BC%8E%E6%96%B0%E6%9D%90%E6%96%99%E8%82%A1%E4%BB%BD%E6%9C%89%E9%99%90%E5%85%AC%E5%8F%B8/9909303 (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(33)  Is cuideachtaí iad fiontair ardteicneolaíochta sna ‘réimsí ardteicneolaíochta a fhaigheann tacaíocht ón Stát’, agus leanann siad de thaighde agus forbairt agus claochlú a dhéanamh ar éachtaí teicneolaíochta, ó phríomhchearta maoine intleachtúla neamhspleácha an fhiontair, agus gníomhaíochtaí gnó á ndéanamh ar an mbonn sin, i bhfiontair chláraithe atá ag cur fúthu sa tSín (gan Hong Cong, Macao agus an Téaváin a áireamh). Féach: http://www.cdht.gov.cn/cdht/c139592/2022-11/28/content_bd4f763a6fb44b09abaab927f317f7a3.shtml (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(34)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-1.

(35)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26

(36)  Féach mar shampla: Blanchette, J. - Xi’s Gamble: The Race to Consolidate Power and Stave off Disaster [Xi ag dul sa seans: an rás chun cumhacht a chomhdhlúthú agus chun tubaiste a chosc]; Foreign Affairs, eag. 100, uimh. 4, Iúil/Lúnasa 2021, lgh. 10-19.

(37)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-2.

(38)  Ar fáil ag: https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(39)  Ar fáil ag: www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(40)  Financial Times (2020) - Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise, ar fáil ag: https://on.ft.com/3mYxP4j (accessed on 3 September 2023).

(41)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(42)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(43)  Ar fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_a01b7532a39a41e891d2540da6981d72.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(44)  An leagan amach réigiúnach a bharrfheabhsú, comhar idirnáisiúnta a neartú, claochlú digiteach a chur chun cinn, deireadh a chur le hacmhainneacht táirgeachta siarghabhálach agus le cumaisc agus atheagrú de réir dlíthe agus rialacháin, mórfhiontair a chothú, comhtháthú agus forbairt fiontar mór agus beag a chur chun cinn, agus iomaíochas tionsclaíoch a chomhdhlúthú agus a fheabhsú.

(45)  Féach: https://www.gov.cn/xinwen/2016-03/17/content_5054992.htm (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2023)

(46)  Féach: https://www.gov.cn/xinwen/2021-03/13/content_5592681.htm (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2023)

(47)  Féach: https://www.gov.cn/xinwen/2017-05/04/5190836/files/3ebd21600fa94ce3947d30f7ba9f47ab.pdf (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2023)

(48)  Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(49)  Féach leathanach 19 de Threoir-chatalóg 2019 le haghaidh coigeartú struchtúrach an tionscail atá le fáil ag:

https://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/content_5449193.htm (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(50)  Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_6ff2a1f968264ee7bc89888fd480a43b.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(51)  Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_5ed0072a1d7f400fa18ea61ce5197775.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(52)  Féach: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211129/1190544.shtml (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(53)  Féach https://jxj.jiaxing.gov.cn/art/2021/12/29/art_1229399353_4851032.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(54)  Féach: http://www.zgys.gov.cn/ysgxj/c121089/202305/6e02e9c8622b4ea180c0b174349868c8.shtml (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2023)

(55)  Féach: http://www.shaanxi.gov.cn/zfxxgk/zcwjk/szfbm_14999/ghwb_15010/202208/t20220812_2244723.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(56)  Féach: http://www.lvliang.gov.cn/llxxgk/zfxxgk/xxgkml/sswghzxccx/sjghjjd/wj/202209/t20220919_1693321.html (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2023)

(57)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(58)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(59)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(60)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(61)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(62)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(63)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(64)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(65)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(66)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(67)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(68)  Féach an doiciméad oifigiúil beartais ó Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (CBIRC) an 28 Lúnasa 2020: Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na hearnála baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022), le fáil ag: http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023). Tugtar treoir sa Phlean ‘ an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping a chur chun feidhme tuilleadh maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’ . Thairis sin, is é is aidhm do Roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí i rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘déanfaimid ceannaireacht an Pháirtí a chomhtháthú sa rialachas corparáideach ar bhonn níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta […] Ní mór do Choiste an Pháirtí saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a phlé sula ndéanfaidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach cinneadh maidir leo.’

(69)  Féach Fógra CBIRC maidir leis an modh meastóireachta i leith fheidhmíocht na mbanc Tráchtála, arna eisiúint an 15 Nollaig 2020. http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(70)   ‘Catalóg Táirgí Onnmhairiúcháin Ardteicneolaíochta na Síne’ le fáil ag https://www.gov.cn/jrzg/2006-03/24/content_235746.htm

(71)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta Resolving China’s Corporate Debt Problem, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, mí Dheireadh Fómhair 2016, WP/16/203

(72)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(73)  Féach ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíochta ECFE: An tSín 2019, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 29. Le fáil ag: Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: An tSín 2019 |Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: An tSín | OECD iLibrary (oecd-ilibrary.org)

(74)  Féach https://m.jiemian.com/article/4179811.html (arna rochtain an 3 Meán Fómhair 2023).

(75)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(76)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus atá an táirge faoi athbhreithniú.

(77)  https://www.masterplast.rs/ (arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2023)

(78)  http://www.fgm.constructor.md/ (arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2023)

(79)  http://www.techtex.mk/index-eng.php (arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2023)

(80)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(81)  Taraifí dáilte leictreachais le haghaidh Maharashtra State Electricity Distribution Company Ltd, arna dtuairisciú ag Coimisiún Rialála Leictreachais Maharashtra, https://new.merc.gov.in/electric/distribution/

(82)  Praghsanna gáis nádúrtha arna dtuairisciú ag Cill Pleanála agus Anailíse Peitriliam den Aireacht Peitriliam agus Gáis Nádúrtha, Rialtas na hIndia, https://ppac.gov.in/natural-gas/gas-price

(83)  Staitisticí Saothair na hIndia (2018 – 2019), labourbureaunew.gov.in/UserContent/ILS_2018_2019.pdf agus Bonn Shraith Innéacs Ráta Pá (2016 = 100) (2016-2020) labourbureaunew.gov.in/UserContent/ Report_On_37_Industries(Wage_Rate_Index Base_2016=100).pdf

(84)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(85)  Staitisticí Saothair na hIndia (2018 – 2019), ILS_2018_2019.pdf (labourbureau.gov.in) agus Bonn Shraith Innéacs Ráta Pá (2016 = 100) (2016-2020) Bonn Shraith Innéacs Ráta Pá (Bonn: 20 16 = 100) (labour.gov.in).

(86)  Coimisiún Rialála Leictreachais Maharashtra (MERC), https://new.merc.gov.in/

(87)  Taraifí dáilte leictreachais le haghaidh Maharashtra State Electricity Distribution Company Ltd, arna dtuairisciú ag Coimisiún Rialála Leictreachais Maharashtra, https://new.merc.gov.in/electric/distribution/

(88)  1 MMBtu = 1 mhilliún teas-aonad Briotanach = 293,07 kWh

(89)  Praghsanna gáis nádúrtha arna dtuairisciú ag Cill Pleanála agus Anailíse Peitriliam den Aireacht Peitriliam agus Gáis Nádúrtha, Rialtas na hIndia, https://ppac.gov.in/natural-gas/gas-price

(90)  https://orbis4.bvdinfo.com/version-201866/orbis/Companies

(91)  Ar fáil ag: https://sherlock.trade.ec.europa.eu/sherlock/viewDoc.do?activityId=101&docId=104537

Ref: t22.006603

(92)  Sin méadú ó thorthaí an athbhreithnithe éaga deiridh, tráth ar deimhníodh go raibh acmhainneachtaí breise thart ar 406 mhilliún méadar cearnach ag táirgeoirí OMF na Síne.

(93)  Córas leictreonach a bhaineann le faireachas ar scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú earraí [Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais agus Airteagal 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 agus IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, faoi seach.]

(94)  Fuair an Coimisiún freagra ceistneora ó allmhaireoir OMF as an India (figiúirí allmhairiúcháin bunúsacha). Níor sheol an chuideachta aon bharúil ná aon aighneacht bhreise.

(95)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(96)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh:

Ainm

Cód breise TARIC

Jiangxi Dahua Fiberglass Group Co., Ltd

B008

Lanxi Jialu Fiberglass Net Industry Co., Ltd

B008

Cixi Oulong Fiberglass Co., Ltd

B008

Jiangsu Tianyu Fibre Co., Ltd

B008

Jia Xin Jinwei Fiber Glass Products Co., Ltd

B008

Jiangsu Jiuding New Material Co., Ltd

B008

Changshu Jiangnan Glass Fiber Co., Ltd

B008

Shandong Shenghao Fiber Glass Co., Ltd

B008

Yuyao Yuanda Fiberglass Mesh Co., Ltd

B008

Ningbo Kingsun Imp & Exp Co., Ltd

B008

Ningbo Integrated Plasticizing Co., Ltd

B008

Nankang Luobian Glass Fibre Co., Ltd

B008

Changshu Dongyu Insulated Compound Materials Co., Ltd.

B008


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/357/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)