European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/338

16.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/338 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686. Ina theannta sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le duine éagtha amháin a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)   IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, leasaítear roinn A (Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3) mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 16 (Bonomade Machude OMAR);

(2)

scriostar an iontráil seo a leanas:

‘17.

Andreas Martin MÜLLER (ar a dtugtar freisin Ahmed Khaled Müller, Abu Nusaibah, Abu Nusaiba, Abu Nussaiba, Miqdad, Abu Miqdad, Yasser Murat, Mr Akam, Abu Shahid, Nigeri); dáta breithe: an 15 Feabhra 1972; áit bhreithe: Cochem, Rhineland-Palatinate, an Ghearmáin; inscne: fireann; náisiúntacht: Gearmánach; uimhir an phas: C73TV06C9; uimhir an chárta aitheantais: 5210375966.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/338/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)