European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/337

17.1.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/337 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Eanáir 2024

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh bolmán Sileach i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic bolmán Sileach i limistéar SPRFMO a rinne soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh 2023 ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic bolmán Sileach i limistéar Choinbhinsiún SPRFMO dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

22/TQ194

BALLSTÁT

An tAontas Eorpach (na Ballstáit uile)

STOC

CJM/SPRFMO

SPEICEAS

An bolmán Sileach (Trachurus murphyi)

LIMISTÉAR

Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO

DÁTA AN IAIMH

An 20 Nollaig 2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/337/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)