European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/334

22.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/334 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de thríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu agus atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, d’eicínideirmigh, de thúinicigh agus de ghastrapóid mhuirí áirithe, bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte, agus táirgí iascaigh, teacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go hairithe Airteagal 127(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialaithe eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú i réimse na sábháilteachta bia, i measc nithe eile, ag aon céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileachán. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 126(2), pointe (a) den Rialachán sin go bhféadfar a cheangal le gníomh tarmligthe nach dtiocfaidh isteach san Aontas ach coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus d’earraí áirithe ó thríú tír nó ó réigiún sa tír sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 chun a áirithiú i gcás coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin go gcomhlíonfaidh na coinsíneachtaí sin ceanglais ábhartha a bhunaítear sna rialacha maidir le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2017/625 nó ceanglais a aithnítear a bheith ar a laghad coibhéiseach leo. Go háirithe, sainaithnítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 na hainmhithe agus na hearraí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus atá faoi réir an cheanglais maidir le teacht ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin óna gceadaítear coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(4)

Le hAirteagal 20(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún, déantar foráil maidir le liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí amhábhair chóireáilte teacht isteach san Aontas chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear i bpointe 4(b)(iii) de Roinn XIV, Caibidil I, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I Roinn XIV d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin leagtar síos ceanglais maidir le geilitín, agus i Roinn XV den Iarscríbhinn sin leagtar síos ceanglais maidir le collaigin. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do Roinn XV d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 in Airteagal 20(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, nach bhfuil coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha le teacht isteach san Aontas ach ó thríú tír a bhfuil plean rialaithe i bhfeidhm aici maidir le substaintí, lotnaidicídí agus éilleáin atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, nach bhfuil coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha le teacht isteach san Aontas ach ó thríú tír a chomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) agus atá san áireamh i liosta na dtríú tíortha atá formheasta maidir leis na bia-ainmhithe nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann teacht isteach san Aontas, liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, de mhaolú ar Airteagal 7, go bhféadfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nach bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le substaintí, lotnaidicídí agus éilleáin atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, ach a áiritheoidh i dtaca leis na bia-ainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha, gur de thionscnamh Ballstáit iad nó de thríú tír a áirítear ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405. Foráiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, nach ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tríú tír a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), den Rialachán sin ach amháin má chuireann údarás inniúil an tríú tír sin fianaise agus ráthaíochtaí ar fáil don Choimisiún maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 8(1). Is éard ba cheart a bheith san fhianaise agus sna ráthaíochtaí sin faisnéis maidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa tríú tír sin chun inrianaitheacht agus tionscnamh na mbia-ainmhithe sin agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin a ráthú.

(8)

Liostaítear an Bhanglaidéis, an tSile, Oileáin Fháclainne, Geansaí, an Nua-Chaladóin, Nicearagua agus Uragua in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 agus marcáiltear iad le ‘O’ chun a léiriú go bhfuil rún ag na tíortha sin táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas, ar táirgí ilchodacha iad a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as táirgí dobharshaothraithe próiseáilte, agus/nó bainne próiseáilte agus/nó táirgí uibhe próiseáilte a fhaightear ó Bhallstát nó ó thríú tír nó ó réigiún sa tír sin a bhfuil pleananna rialaithe i bhfeidhm acu maidir le substaintí, lotnaidicídí agus éilleáin atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de. Chuir an Bhanglaidéis, an tSile, Oileáin Fháclainne, Geansaí, an Nua-Chaladóin, Nicearagua agus Uragua in iúl don Choimisiún, áfach, nach bhfuil suim acu na táirgí ilchodacha sin a onnmhairiú chuig an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an mharcáil ‘O’ sin in Iarscríbhinn -I le haghaidh na Banglaidéise, na Sile, Oileáin Fháclainne, Geansaí, na Nua-Chaladóine, Nicearagua agus Uragua a scriosadh.

(9)

Faoi láthair, liostaítear an Cholóim in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘X’ haghaidh bainne. Tar éis iniúchadh a rinne an Coimisiún ón 24 Iúil go dtí an 4 Lúnasa 2023, fuarthas amach nach féidir leis an gColóim a ráthú nach n-úsáidtear 17 béite éastraidé-ól i mbodóga agus i mba, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic, ar substaintí iad a n-úsáidtear bainne uathu chun táirgí ilchodacha fadré atá beartaithe do mhargadh an Aontais a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart liostú na Colóime le haghaidh bainne le ‘X’ a scriosadh. Ós rud é go n-onnmhairíonn an Cholóim táirgí ilchodacha cheana féin chuig an Aontas, táirgí ina bhfuil bainne próiseáilte a fhaightear ó Bhallstát nó ó thríú tír a bhfuil pleananna rialaithe i bhfeidhm acu maidir le substaintí, lotnaidicídí agus éilleáin atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a liostaítear í Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘X’ le haghaidh bainne, ba cheart, dá bhrí sin, an Cholóim a mharcáil le ‘O’ le haghaidh bainne.

(10)

Faoi láthair, liostaítear Iosrael (5) in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘X’ haghaidh uibheacha. Chuir Iosrael in iúl don Choimisiún, áfach, nach bhfuil suim aige uibheacha a onnmhairiú chuig an Aontas níos mó. Dá bhrí sin, ba cheart an mharcáil ‘X’ le haghaidh ‘uibheacha’ a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

(11)

Faoi láthair, liostaítear Iamáice in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘X’ le haghaidh meala. Ós rud é nár chuir Iamáice an plean rialaithe le haghaidh meala faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an mharcáil ‘X’ le haghaidh ‘mil’ a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

(12)

Liostaítear an Chéinia agus Mósaimbíc in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘O’ chun a léiriú go bhfuil rún ag na tíortha sin táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas, ar táirgí ilchodacha iad a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as bainne próiseáilte agus/nó táirgí uibhe próiseáilte a fhaightear ó Bhallstát nó ó thríú tír nó ó réigiún sa tír sin a bhfuil pleananna rialaithe i bhfeidhm acu maidir le substaintí, lotnaidicídí agus éilleáin atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de. Ní dhearna an Chéinia ná Mósaimbíc fianaise agus ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh Airteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 a chur faoi bhráid an Choimisiúin, áfach. Dá bhrí sin, ba cheart an mharcáil le haghaidh na Céinia agus Mhósaimbíc in Iarscríbhinn -I a scriosadh.

(13)

Chuir Maracó agus Ruanda pleananna rialaithe isteach maidir le mil. Leis na pleananna sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart iad a fhormheas dá bhrí sin. Dá réir sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Maracó agus le Ruanda le haghaidh ‘mil’ a liostú in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(14)

Liostaítear Montainéagró in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le ‘X’ le haghaidh ‘ ainmhithe de chineál caorach/de chineál gabhair’ agus fonóta ag tagairt do speicis de chineál caorach amháin. Mar sin féin, chuir Montainéagró ainmhithe de chineál gabhair san áireamh ina phlean rialaithe. Dá bhrí sin, an fonóta maidir le Montainéagró lena gcuirtear srian ar theacht isteach feoil de chineál caorach, ba cheart an fonóta sin san Iarscríbhinn sin a scriosadh.

(15)

Tá plean rialaithe curtha isteach ag Montainéagró, plean ina gcumhdaítear cásálacha. Leis an bplean tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin. Dá réir sin, ba cheart iontráil Mhontainéagró le haghaidh ‘cásálacha’ a liostú in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(16)

Liostaítear an Nua-Chaladóin in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 agus marcáiltear í le ‘P’ chun a léiriú go bhfuil rún aici táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas ar táirgí ilchodacha iad a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as táirgí próiseáilte a dhíorthaítear ó mhoilisc de thionscnamh na mBallstát nó de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405. Chuir an Nua-Chaladóin in iúl don Choimisiún, áfach, nach bhfuil suim aici táirgí ilchodacha den chineál sin a onnmhairiú chuig an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an mharcáil ‘P’ le haghaidh na Nua-Chaladóine in Iarscríbhinn -I a scriosadh.

(17)

Tá plean rialaithe maidir le gastrapóid mhuirí curtha isteach ag an Afraic Theas, plean ina gcumhdaítear an fhochatagóir ‘moilisc/gastrapóid mhuirí ó dhobharshaothrú’. Leis an bplean sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le sábháilteacht bia agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Afraic Theas a liostú in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, a mharcáil le ‘M’ agus a liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(18)

Liostaítear an Asarbaiseáin in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 agus an ráiteas ‘caibheár ó ghabháil fhiáin, agus é sin amháin’ ag gabháil leis. Tá plean rialaithe dobharshaothraithe curtha isteach ag an Asarbaiseáin, plean ina gcumhdaítear táirgí éisc eite (caibheár agus eochraí). Leis an bplean sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le sábháilteacht bia agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Asarbaiseáin a liostú in Iarscríbhinn -I dá réir sin agus an ráiteas ‘caibheár ó ghabháil fiáin, agus é sin amháin’ in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a athrú go ‘Dobharshaothrú: éisc eite agus caibheár (táirge éisc eite)’.

(19)

Liostaítear an tSile in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 leis an ráiteas ‘Dobharshaothrú: éisc eite, agus iad sin amháin’. Le plean rialaithe na Sile cumhdaítear éisc eite agus táirgí éisc eite (caibheár agus eochraí). Dá bhrí sin, an ráiteas ‘Dobharshaothrú: éisc eite, agus iad sin amháin’ san iontráil a bhaineann leis an tSile in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, ba cheart é a athrú go ‘Dobharshaothrú: éisc eite agus caibheár (táirge éisc eite)’.

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú dá réir.

(21)

Maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha fadré a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as táirgí bainne phróiseáilte de thionscnamh na Colóime, coinsíneachtaí a seoladh cheana ón gColóim ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar chúiseanna intuarthachta agus deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun coinsíneachtaí den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(6):

‘6.   I gcás coinsíneachtaí amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear i bpointe 4(b)(iii) de Chaibidil I de Roinn XIV agus pointe 4(b)(iii) de Chaibidil I de Roinn XV, faoi seach, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ní údarófar iad maidir le teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin atá údaraithemaidir le coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte a dhíorthaítear ó na tráchtearraí sin teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo.’

;

(2)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn -I.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Coinsíneachtaí táirgí ilchodacha fadré a mhonaraítear as táirgí bainne próiseáilte de thionscnamh na Colóime, coinsíneachtaí a seoladh chuig an Aontas ón gColóim roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme seo, féadfaidh siad teacht isteach san Aontas go dtí dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní dhéanann an idirthréimhse sin difear do choinsíneachtaí táirgí ilchodacha fadré a mhonaraítear as táirgí bainne próiseáilte a fhaightear ó na Ballstáit nó ó thríú tíortha a liostaítear le haghaidh bainne in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 agus féadfaidh siad leanúint de bheith ag teacht isteach san Aontas.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2292/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/405/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).

(5)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha faoi riar Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, is iad sin Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:

‘IARSCRÍBHINN -I

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le bia-ainmhithe áirithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, dá dtagraítear in Airteagal 2a, Airteagal 3, Airteagal 6, an chéad mhír, Airteagal 7, an chéad mhír, Airteagal 10, an dara mír, Airteagail 11, 15, 16, 21 agus Airteagal 25, pointí (a) agus (c)

Cód ISO na Tíre

Tríú tír (1) nó réigiúin sa tír sin

Bó-ainmhithe

Ainmhithe de chineál caorach/ ainmhithe de chineál gabhair

Muc-ainmhithe

Each-ainmhithe

Éanlaith chlóis

Dobharshaothrú (17)

Bainne

Uibheacha

Coinín

Géim fhiáin

Géim feirme

Mil

Cásálacha

AD

Andóra

X

X

Δ

X

 

P

 

 

 

 

 

X

 

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

 

 

 

 

 

Δ

P

X (2)

O

O

 

 

 

X (3)

 

AL

An Albáin

 

X

 

 

 

X (14)

P

O

X

 

 

 

 

X

AM

An Airméin

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

X

 

AR

An Airgintín

X

X

 

X

X

X (14)

P

X

X

X

X

X

X

X

AU

An Astráil

X

X

 

X

 

X

M

X

X

 

X

X

X

X

AZE

An Asarbaiseáin

 

 

 

 

 

X (16)

P

 

 

 

 

 

 

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

BD

An Bhanglaidéis

 

 

 

 

 

X

P

 

 

 

 

 

 

 

BF

Buircíne Fasó

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BJ

Beinin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BN

Brúiné

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

BR

An Bhrasaíl

X

 

 

X

X

X

P

O

O

 

 

 

X

X

BW

An Bhotsuáin

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

BY

An Bhealarúis

 

 

 

X (8)

 

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

X

BZ

An Bheilís

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

CA

Ceanada

X

X

X

X

X

X

M

X

X

X

X

X

X

 

CH

An Eilvéis (7)

X

X

X

X

X

X (14)

M

X

X

X

X

X

X

X

CL

An tSile

X

X (5)

X

 

X

X (14)

M

X

 

 

X

 

X

X

CM

Camarún

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

CN

An tSín

 

 

 

 

X

X

P

O

X

X

 

 

X

X

CO

An Cholóim

 

 

 

 

 

X

P

O

Δ

 

 

 

 

 

CR

Cósta Ríce

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

CU

Cúba

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

DO

An Phoblacht Dhoiminiceach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

EC

Eacuadór

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

EG

An Éigipt

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

ET

An Aetóip

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

FK

Oileáin Fháclainne

X

X (5)

 

 

 

X (14)

 

 

 

 

 

 

 

FO

Oileáin

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

GB

An Ríocht Aontaithe (6)

X

X

X

X

X

X (14)

Δ

M

X

X

Δ

X

X

X

X

GE

An tSeoirsia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

GG

Geansaí

 

 

 

 

 

M

X

 

 

 

 

 

 

GL

An Ghraonlainn

 

X (5)

 

 

 

M

 

 

 

 

X

 

 

GT

Guatamala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

HK

Hong Cong

 

 

 

 

 

Δ

P

 

Δ

 

 

 

 

 

HN

Hondúras

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

ID

An Indinéis

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

IL

Iosrael (4)

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

 

 

 

 

X

 

IM

Oileán Mhanann

X

X (5)

X

 

 

X (14)

M

X

O

 

 

 

X

 

IN

An India

 

 

 

 

O

X

P

O

X

 

 

 

X

X

IR

An Iaráin

 

 

 

 

 

X (15)

X (16)

P

O

O

 

 

 

 

X

JE

Geirsí

X

 

 

 

 

M

X

O

 

 

 

 

 

JM

Iamáice

 

 

 

 

 

M

 

 

 

 

 

 

 

JP

An tSeapáin

X

 

Δ

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

Δ

X

KE

An Chéinia

 

 

 

 

 

X (14)

P

 

 

 

 

 

 

 

KR

Poblacht na Cóiré

 

 

 

 

X

X

M

O

O

 

 

 

Δ

 

LB

An Liobáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

LK

Srí Lanca

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MA

Maracó

 

 

 

 

X

X (14)

Δ

M

O

O

 

 

 

X

X

MD

An Mholdóiv

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

ME

Montainéagró

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

X

MG

Madagascar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

X

 

X

 

MM

Maenmar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MN

An Mhongóil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

MU

Oileán Mhuirís

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

Δ

 

MX

Meicsiceo

 

 

Δ

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

MY

An Mhalaeisia

 

 

 

 

Δ

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MZ

Mósaimbíc

 

 

 

 

 

X (15)

P

 

 

 

 

 

 

 

NA

An Namaib

X

X (5)

 

 

 

P

 

 

 

X

 

 

 

NC

An Nua-Chaladóin

 

 

 

 

 

X (1)

 

 

 

 

X

X

 

NG

An Nigéir

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

NI

Nicearagua

 

 

 

 

 

X (15)

P

 

 

 

 

 

X

 

NZ

An Nua-Shéalainn

X

X

O

X

O

X (14)

M

X

O

O

X

X

X

X

PA

Panama

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PE

Peiriú

 

 

 

 

 

X

M

 

 

 

 

 

 

 

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PK

An Phacastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

PM

San Pierre agus Miquelon

 

 

 

 

X

P

 

 

 

 

 

 

 

PN

Oileáin Pitcairn

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

PY

Paragua

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

X

RS

An tSeirbia

X

X

X

X (8)

X

X (14)

P

X

X

X

X

 

X

X

RU

An Rúis

X

X

X

 

X

O

P

X

X

 

 

X (9)

X

X

RW

Ruanda

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SA

An Araib Shádach

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

SG

Singeapór

Δ

Δ

Δ

X (10)

Δ

X (14)

P

Δ

Δ

 

X (10)

X (10)

 

 

SM

San Mairíne

X

 

Δ

 

 

O

P

X

O

 

 

 

X

 

SV

An tSalvadóir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SZ

Easuaitíní

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

TG

Tóga

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

TH

An Téalainn

O

 

O

 

X

X

M

Δ

Δ

 

 

 

X

 

TN

An Túinéis

 

 

 

 

 

X (14)

M

O

O

 

 

 

 

X

TR

an Tuirc

 

 

 

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

X

X

TW

An Téaváin

 

 

 

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

TZ

An Tansáin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

UA

An Úcráin

X

 

X

 

X

X (14)

M

X

X

X

 

 

X

X

UG

An Téaváin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

US

Na Stáit Aontaithe

X

X (11)

X

 

X

X

M

X

X

X

X

X

X

X

UY

Uragua

X

X

 

X

 

X (14)

M

X

 

 

X

 

X

X

UZ

An Úisbéiceastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

VE

Veiniséala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

VN

Vítneam

 

 

 

 

 

X

M

O

O

 

 

 

X

 

WF

Vailís agus Futúna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

XK

An Chosaiv (12)

 

 

 

 

Δ

 

 

 

 

 

 

 

 

ZA

An Afraic Theas

 

 

 

 

 

M

P

 

 

 

X

X (13)

 

 

ZM

An tSaimbia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

’.

(1)  Liosta tríú tíortha agus críoch (níl sé teoranta do thríú tíortha arna n-aithint ag an Aontas).

(2)  Bainne camaill, agus é sin amháin.

(3)  Réigiún Ras al Khaimah, agus an réigiún sin amháin.

(4)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha faoi riar Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, is é sin Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

(5)  Speicis de chineál caorach, agus iad sin amháin.

(6)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(7)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(8)  Onnmhairiú each-ainmhithe beo chun an Aontais a bhfuil sé beartaithe iad a mharú (bia-ainmhithe, agus na hainmhithe sin amháin).

(9)  Réinfhianna, agus iad sin amháin.

(10)  I gcás coinsíneachtaí feola úire de thionscnamh na Nua-Shéalainne, a bheartaítear a chur chuig an Aontas agus a bheidh á ndíluchtú, le stóráil nó gan stóráil, i Singeapór agus a bheidh á n-athlódáil i mbunaíocht fhormheasta le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí Shingeapór, agus ina gcás siúd amháin.

(11)  Speicis de chineál gabhair, agus iad sin amháin.

(12)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(13)  Raitítigh, agus iad sin amháin.

(14)  Éisc eite agus táirgí éisc eite, agus iad sin amháin.

(15)  Crústaigh, agus iad sin amháin.

(16)  Táirgí éisc eite, agus iad sin amháin (e.g. Eochraí agus caibheár).

(17)  Le dobharshaothrú, cumhdaítear éisc eite, lena n-áirítear eascanna, agus táirgí ó éisc eite (amhail eochraí agus caibheár) agus crústaigh. Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte in Iarscríbhinn VIII, marcáiltear iad le ‘M’ sa cholún seo.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an Afraic Theas tar éis na hiontrála a bhaineann le Vítneam:

‘ZA

An Afraic Theas

Gastrapóid mhuirí, agus iad sin amháin’.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Asarbaiseáin:

‘AZ

An Asarbaiseáin

Táirgí éisc eite (caibheár agus eochraí), cibé acu gabháil fiáin nó de thionscnamh dobharshaothraithe, agus iad sin amháin’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an tSile:

‘CL

An tSile

Dobharshaothrú: Éisc eite agus caibheár (táirge éisc eite), agus iad sin amháin’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/334/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)