|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/328 |
15.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/328 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Eanáir 2024
lena leasaítear den 340ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 19 Nollaig 2023, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, leasú a dhéanamh ar sheacht n-iontráil ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Ard-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
(1)
Na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an méid seo a leanas ina n-ionad:|
(a) |
‘Habib Ben Ahmed Al-Loubiri (ainm bréige Al-Habib ben Ahmad ben al-Tayib al-Lubiri). Seoladh: Ceantar Salam Marnaq Ben Arous, Sidi Mesoud, an Túinéis. Dáta breithe: an 17.11.1961. Áit bhreithe: Menzel Tmim, Nabul, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pasuimhir: (a) M788439 (Pas Túinéiseach a eisíodh an 20.10.2001, a chuaigh in éag an 19.10.2006), (b) 01817002 (Aitheantas náisiúnta). Faisnéis eile: (a) Cód cánach Iodálach: LBR HBB 61S17 Z352F; (b) Fatima al-Galasi is ainm don mháthair. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 23.6.2004.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Habib Ben Ahmed Al-Loubiri (script bhunaidh: حبيب بن احمد اللوبيري) (ainm bréige láidir: Al-Habib ben Ahmad ben al-Tayib al-Lubiri). Dáta breithe: an 17.11.1961. Áit bhreithe: Manzal Tmim, Nabul, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pasuimhir: M788439 (Pas Túinéiseach a eisíodh an 20.10.2001, a chuaigh in éag an 19.10.2006). Uimhir aitheantais náisiúnta: 01817002. Seoladh: (a) Ceantar Salam Marnaq Ben Arous, Sidi Mesoud, an Túinéis; (b) An Afganastáin. Faisnéis eile: (a) Cód cánach Iodálach: LBR HBB 61S17 Z352F; (b) Theith chun na hAfganastáine i mí an Mheithimh 2014, de réir mar a tuairiscíodh; (c) Fatima al-Galasi is ainm don mháthair. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 23.6.2004.’ |
|
(b) |
‘Hafiz Muhammad Saeed (ainmneacha bréige (a) Hafiz Muhammad, (b) Hafiz Saeed, (c) Hafiz Mohammad Sahib, (d) Hafez Mohammad Saeed, (e) Hafiz Mohammad Sayeed, (f) Hafiz Mohammad Sayid, (g) Tata Mohammad Syeed, (h) Mohammad Sayed, (i) Hafiz Ji (k) Muhammad Saeed). Seoladh: Uimhir Tí 116E, Mohalla Johar, Lahore, Tehsil, Cathair Lahore, Ceantar Lahore, an Phacastáin (suíomh mar a bhí i mí na Bealtaine 2008). Dáta breithe: an 5.6.1950. Áit bhreithe: Sargodha, Puinseáb, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Uimhir aitheantais náisiúnta: 3520025509842-7 (an Phacastáin). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a (4) (b): an 10.12.2008.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Hafiz Muhammad Saeed (ainmneacha bréige láidre: (a) Hafiz Mohammad Sahib, (b) Hafiz Mohammad Sayid, (c) Hafiz Muhammad, (d) Hafiz Saeed, (e) Hafez Mohammad Saeed, (f) Hafiz Mohammad Sayeed, (g) Tata Mohammad Syeed, (h) Mohammad Sayed, (i) Muhammad Saeed; ainm bréige lag: Hafiz Ji). Dáta breithe: an 5.6.1950. Áit bhreithe: Sargodha, Puinseáb, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Uimhir aitheantais náisiúnta: 3520025509842-7 (an Phacastáin). Seoladh: Uimhir Tí 116E, Mohalla Johar, Lahore, Tehsil, Cathair Lahore, Ceantar Lahore, an Phacastáin (suíomh ó mhí na Bealtaine 2008). Faisnéis eile: (a) ceannaire Lashkar-e-Tayyiba, (b) Tá sé faoi choimeád Rialtas na Pacastáine agus tá téarma príosúnachta 78 mbliana á chaitheamh aige ó bhí an 12 Feabhra 2020 ann mar thoradh ar chiontú i seacht gcás maoinithe sceimhlitheoireachta. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 10.12.2008.’ |
|
(c) |
‘ Hafiz Abdul Salam Bhuttavi (ainmneacha bréige (a) Hafiz Abdul Salam Bhattvi, (b) Hafiz Abdusalam Budvi, (c) Hafiz Abdussalaam Bhutvi, (d) Abdul Salam Budvi, (e) Abdul Salam Bhattwi, (f) Abdul Salam Bhutvi, (g) Mullah Abdul Salaam Bhattvi, (h) Molvi Abdursalam Bhattvi). Teideal: (a) Maulavi, (b) Mullah. Dáta breithe: 1940. Áit bhreithe: Gujranwala, Cúige Phuinseáb, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): an 14.3.2012.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Hafiz Abdul Salam Bhuttavi ainmneacha bréige láidre: (a) Hafiz Abdul Salam Bhattvi, (b) Hafiz Abdusalam Budvi, (c) Hafiz Abdussalaam Bhutvi, (d) Abdul Salam Budvi, (e) Abdul Salam Bhattwi, (f) Abdul Salam Bhutvi, (g) Mullah Abdul Salaam Bhattvi, (h) Molvi Abdursalam Bhattvi). Teideal: (a) Maulavi, (b) Mullah. Dáta breithe: 1940. Áit bhreithe: Gujranwala, Cúige Phuinseáb, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Faisnéis eile: (a) Comhalta bunaidh Lashkar-e-Tayyiba agus ionadaí cheannaire Lashkar-e-Tayyiba Hafiz Muhammad Saeed, (b) Deimhníodh go bhfuair bás. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 14.3.2012.’ |
|
(d) |
‘Maulana Fazlullah (ainmneacha bréige (a) Mullah Fazlullah; (b) Fazal Hayat; (c) Mullah Radio). Dáta breithe: 1974. Áit bhreithe: Sráidbhaile Kuza Bandai, Gleann Swat, Cúige Khyber Pakhtunkhawa, an Phacastáin. Seoladh: Réigiún na teorann idir an Afganastáin agus an Phacastáin. Faisnéis eile: Ceannasaí Tehrik-e Talaban Pakistan (TTP) ó bhí an 7.11.2013 ann. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): an 7.4.2015.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Maulana Fazlullah (ainmneacha bréige láidre: (a) Mullah Fazlullah, (b) Fazal Hayat; ainm bréige lag: Mullah Radio). Dáta breithe: 1974. Áit bhreithe: Sráidbhaile Kuza Bandai, Gleann Swat, Cúige Khyber Pakhtunkhawa, an Phacastáin. Seoladh: Réigiún na teorann idir an Afganastáin agus an Phacastáin. Faisnéis eile: (a) Deimhníodh go bhfuair bás an 13 Meitheamh 2018, (b) Ceannasaí Tehrik-e Taliban Pakistan (TTP) ó bhí an 7.11.2013 ann, (c) I gceannas ar an TTP áitiúil i ngleann iarthuaisceart Swat na Pacastáine ó 2007 go 2009. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 7.4.2015.’ |
|
(e) |
‘Noor Wali Mehsud (ainm bréige láidir Abu Mansoor Asim). Teideal: Mufti. Dáta breithe: an 26.6.1978. Áit bhreithe: Gurguray, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Faisnéis eile: Ceannasaí Tehrik-e Taliban Pakistan (TTP). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 16.7.2020.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Noor Wali Mehsud (ainm bréige láidir Abu Mansoor Asim). Teideal: Mufti. Dáta breithe: an 26.6.1978. Áit bhreithe: Gurguray, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Seoladh: Lamman, Ceantar Barmal, Cúige Paktika, an Afganastáin (ón 26 Samhain 2022). Faisnéis eile: Ceannaire Tehrik-e Taliban Pakistan (TTP) tar éis bhás Maulana Fazlullah, iarcheannaire TTP. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 16.7.2020.’ |
(2)
Na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an méid seo a leanas ina n-ionad:|
(a) |
‘Al Rashid Trust (ainmneacha bréige (a) Al-Rasheed Trust, (b) Al Rasheed Trust, (c) Al-Rashid Trust, (d) Aid Organisation of The Ulema, an Phacastáin, (e) Al Amin Welfare Trust, (f) Al Amin Trust, (g) Al Ameen Trust, (h) Al-Ameen Trust, (i) Al Madina Trust, (j) Al-Madina Trust, an Phacastáin). Seoladh: (a) Kitas Ghar, Nazimabad 4, Dahgel-Iftah, Karachi, an Phacastáin; (b) Jamia Maajid, Páirc Sulalman, Melgium Pura, Lahore, an Phacastáin; (c) Oifig Dha’rbi-M’unin, os comhair Bhanc Khyber, Bóthar Abbottabad, Mansehra, an Phacastáin; (d) Oifig Dha’rbi-M’unin ZR Brothers, Bóthar Katcherry, Chowk Yadgaar, Peshawar, an Phacastáin; (e) Oifig Dha’rbi-M’unin, Seomra Uimh. 3, Moti Plaza, in aice le Liaquat Bagh, Bóthar Muree, Rawalpindi, an Phacastáin; (f) Oifig Dha’rbi-M’unin, an tUrlár Uachtair, Dr. Dawa Khan Déidlia i gClinic Fiaclóireachta, Main Baxae, Mingora, Swat, an Phacastáin; (g) Kitab Ghar, Darul Ifta Wal Irshad, Nazimabad Uimh. 4, Karachi, an Phacastáin (Teil. (a) 668 33 01; (b) 0300- 820 91 99, Facs 662 38 14); (h) 302b-40, Good Earth Court, os comhair Pia Planitarium, Bloc 13a, Gulshan -I Igbal, Karachi, an Phacastáin (Teil: 497 92 63); (i) 617 Clifton Center, Bloc 5, an 6ú hUrlár, Clifton, Karachi, an Phacastáin (Teil: 587 25 45); (j) 605 Landmark Plaza, 11 Bóthar Chundrigar, os comhair Fhoirgneamh Jang, Karachi, an Phacastáin (Teil: 262 38 18-19); (k) Jamia Masjid, Páirc Sulaiman, Begum Pura, Lahore, an Phacastáin (Teil: 042-681 20 81). Faisnéis eile: (a) Ceanncheathrú sa Phacastáin; (b) Oibríochtaí san Afganastáin: Herat, Jalalabad, Cabúl, Kandahar, Mazar, Sherif, agus oibríochtaí sa Chosaiv, agus sa tSeisnia freisin; (c) Go dtí an 21.10.2008, bhí na hiontrálacha ‘Al Rashid Trust’(liostaithe an 6.10.2001) agus ‘Aid Organization of the Ulema, an Phacastáin’(liostaithe an 24.4.2002 agus leasaithe an 25.7.2006) ar liosta na Náisiún Aontaithe; Rinneadh an dá iontráil a chomhdhlúthú san eintiteas seo an 21 Deireadh Fómhair 2008; (d) Mufti Rashid Ahmad Ledahyanoy a bhunaigh é; (e) Bainteach le Jaish-i-Mohammed, (f) Faoi thoirmeasc sa Phacastáin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2001 ann; (g) Cé gur dúnadh a oifigí sa Phacastáin i mí Feabhra 2007 tá sé ag leanúint lena chuid gníomhaíochtaí. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a (4) (b): an 6.10.2001.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Al Rashid Trust (ainmneacha bréige (a) Al-Rasheed Trust, (b) Al Rasheed Trust, (c) Al-Rashid Trust, (d) Aid Organisation of The Ulema, an Phacastáin, (e) Al Amin Welfare Trust, (f) Al Amin Trust, (g) Al Ameen Trust, (h) Al-Ameen Trust, (i) Al Madina Trust, (j) Al-Madina Trust). Seoladh: (a) Kitas Ghar, Nazimabad 4, Dahgel-Iftah, Karachi, an Phacastáin; (b) Jamia Maajid, Páirc Sulalman, Melgium Pura, Lahore, an Phacastáin; (c) Oifig Dha’rbi-M’unin, os comhair Bhanc Khyber, Bóthar Abbottabad, Mansehra, an Phacastáin; (d) Oifig Dha’rbi-M’unin ZR Brothers, Bóthar Katcherry, Chowk Yadgaar, Peshawar, an Phacastáin; (e) Oifig Dha’rbi-M’unin, Seomra Uimh. 3, Moti Plaza, in aice le Liaquat Bagh, Bóthar Muree, Rawalpindi, an Phacastáin; (f) Oifig Dha’rbi-M’unin, an tUrlár Uachtair, Dr. Dawa Khan Déidlia i gClinic Fiaclóireachta, Main Baxae, Mingora, Swat, an Phacastáin; (g) Kitab Ghar, Darul Ifta Wal Irshad, Nazimabad Uimh. 4, Karachi, an Phacastáin (Teil. (a) 668 33 01; (b) 0300- 820 91 99, Facs 662 38 14); (h) 302b-40, Good Earth Court, os comhair Pia Planitarium, Bloc 13a, Gulshan -I Igbal, Karachi, an Phacastáin (Teil: 497 92 63); (i) 617 Clifton Center, Bloc 5, an 6ú hUrlár, Clifton, Karachi, an Phacastáin (Teil: 587 25 45); (j) 605 Landmark Plaza, 11 Bóthar Chundrigar, os comhair Fhoirgneamh Jang, Karachi, an Phacastáin (Teil: 262 38 18-19); (k) Jamia Masjid, Páirc Sulaiman, Begum Pura, Lahore, an Phacastáin (Teil: 042-681 20 81). Faisnéis eile: (a) As feidhm, de réir tuairiscí; (b) Bhí an ceanncheathrú sa Phacastáin; (c) Oibríochtaí san Afganastáin: Herat, Jalalabad, Cabúl, Kandahar, Mazar, Sherif, agus oibríochtaí sa Chosaiv, agus sa tSeisnia freisin; (d) Go dtí an 21.10.2008, bhí na hiontrálacha ‘Al Rashid Trust’(liostaithe an 6.10.2001) agus ‘Aid Organization of the Ulema, an Phacastáin’ (liostaithe an 24.4.2002 agus leasaithe an 25.7.2006) ar liosta na Náisiún Aontaithe; Rinneadh an dá iontráil a chomhdhlúthú san eintiteas seo an 21 Deireadh Fómhair 2008; (e) Mufti Rashid Ahmad Ledahyanoy a bhunaigh é; (f) Bainteach le Jaish-i-Mohammed, (g) Faoi thoirmeasc sa Phacastáin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2001 ann; (h) Níor tháinig aon léiriú ar aon ghníomhaíocht faoin ainm Al-Rashid Trust chun cinn ó mhí na Samhna 2023. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 6.10.2001.’ |
|
(b) |
Khatiba Imam Al-Bukhari (KIB) (ainm bréige: Khataib al-Imam al-Bukhari). Seoladh: (a) Khan-Shaykhun, Poblacht Arabach na Siria (53 km ó dheas ó Idlib, suíomh mar a bhí i mí an Mhárta 2018); (b) Idlib, Aleppo agus Khama, Poblacht Arabach na Siria (crios oibríochta); (c) limistéar na teorann idir an Afganastáin agus an Phacastáin (suíomh roimhe seo). Faisnéis eile: ó bhí 2016 ann, ath-imlonnaíodh go Tuaisceart na hAfganastáine. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 29.3.2018.’ cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: ‘Khatiba Imam Al-Bukhari (KIB) (ainm bréige: Khataib al-Imam al-Bukhari). Seoladh: (a) limistéar na teorann idir an Afganastáin agus an Phacastáin (suíomh roimhe seo); (b) Khan-Shaykhun, Poblacht Arabach na Siria (53 km ó dheas ó Idlib, suíomh mar a bhí i mí an Mhárta 2018); (c) Idlib, Aleppo agus Khama, Poblacht Arabach na Siria (crios oibríochta); (d) Cúigí Faryab, Badghis agus Jawzjan, an Afganastáin. Faisnéis eile: (a) Bainteach le Fronta Al-Nusrah le haghaidh Phobal na Leiveainte; (b) Ó bhí 2016 ann, ath-imlonnaíodh go Tuaisceart na hAfganastáine. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): an 29.3.2018.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/328/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)