|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/326 |
16.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/326 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Eanáir 2024
lena bhformheastar leasú Aontais ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint (‘Ser koryciński swojski’)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(2) de, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Polainne ar fhormheas ar leasú Aontais ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Ser koryciński swojski’ atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 728/2012 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
|
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo leasú Aontais ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Ser koryciński swojski’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 728/2012 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2012 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Ser koryciński swojski (TGFC)] (IO L 213, 10.8.2012, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/728/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/326/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)