European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/314

8.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 192/2021

an 9 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/314]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329 an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid ion–1,4-béite-xiolanáise agus ion–1,3(4) béite-ghlúcanáise a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: AVEVE NV), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/330 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid 3-fíotáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii CECT 13094 mar bhreiseán beathaithe do mhuca le haghaidh ramhrú, mionspeicis mhucúla, turcaithe le haghaidh ramhrú agus tógtha le haghaidh pórúcháin (sealbhóir údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/343 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/344 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le monaláráit soirbíotáin a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/346 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid Lactobacillus parafarraginis DSM 32962 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhithe (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/363 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid fhúmainisine eistearáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii DSM 32159 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 ón gCoimisiún an 01 Márta 2021 maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 (sealbhóir ar údarú S.I. Lesaffre) (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009 ón gCoimisiún (8), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bharr faoi Chomhaontú LEE.

(9)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún (9), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bharr faoi Chomhaontú LEE.

(10)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 391 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2121 ón gCoimisiún):

‘392.

32021 R 0329: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329 an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid ion–1,4-béite-xiolanáise agus ion–1,3(4) béite-ghlúcanáise a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: AVEVE NV), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009 (IO L 65, 25.2.2021, lch. 38).

393.

32021 R 0330: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/330 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid 3-fíotáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii CECT 13094 mar bhreiseán beathaithe do mhuca le haghaidh ramhrú, mionspeicis mhucúla, turcaithe le haghaidh ramhrú agus tógtha le haghaidh pórúcháin (sealbhóir údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.) (IO L 65, 25.2.2021, lch. 43).

394.

32021 R 0343: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/343 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (IO L 68, 26.2.2021, lch. 157).

395.

32021 R 0344: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/344 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le monaláráit soirbíotáin a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (IO L 68, 26.2.2021, lch. 160).

396.

32021 R 0346: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/346 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid Lactobacillus parafarraginis DSM 32962 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhithe (IO L 68, 26.2.2021, lch. 167).

397.

32021 R 0363: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/363 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid fhúmainisine eistearáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii DSM 32159 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (IO L 70, 1.3.2021, lch. 3).

398.

32021 R 0367: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 (sealbhóir ar údarú S.I. Lesaffre) (IO L 71, 2.3.2021, lch. 1).’

2.

Scriostar téacsanna phointí 1zzzzzt (Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009 ón gCoimisiún) agus 2j (Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329, (AE) 2021/330, (AE) 2021/343, (AE) 2021/344, (AE) 2021/346, (AE) 2021/363 agus (AE) 2021/367 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 65, 25.2.2021, lch. 38.

(2)   IO L 65, 25.2.2021, lch. 43.

(3)   IO L 68, 26.2.2021, lch. 157.

(4)   IO L 68, 26.2.2021, lch. 160.

(5)   IO L 68, 26.2.2021, lch. 167.

(6)   IO L 70, 1.3.2021, lch. 3.

(7)   IO L 71, 2.3.2021, lch. 1.

(8)   IO L 299, 14.11.2009, lch. 6.

(9)   IO L 265, 8.10.2010, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/314/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)