European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/312

8.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 201/2021

an 09 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/312]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2021/77 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaímh ar leith maidir le sláinte, ar maímh iad a bhaineann le bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do riosca galair a laghdú agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2021/418 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde agus maláit chiotráite mhaignéisiam a úsáidtear i monarú forbhianna agus a mhéid a bhaineann leis na haonaid tomhais a úsáidtear le haghaidh copair (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) 2021/468 ón gCoimisiún an 18 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speiceas luibheolaíoch ina bhfuil díorthaigh hiodrocsa-antraicéine (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzi (Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32021 R 0418: Rialachán (AE) 2021/418 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 (IO L 83, 10.3.2021, lch. 1).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzu (Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32021 R 0468: Rialachán (AE) 2021/468 ón gCoimisiún an 18 Márta 2021 (IO L 96, 19.3.2021, lch. 6).’

3.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 192 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/120 ón gCoimisiún):

‘193.

32021 R 0077: Rialachán (AE) Uimh. 2021/77 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaímh ar leith maidir le sláinte, ar maímh iad a bhaineann le bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do riosca galair a laghdú agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí (IO L 29, 28.1.2021, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2021/77, (AE) 2021/418 agus (AE) 2021/468 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 09 Iúil 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf EINAR FIFE


(1)   IO L 29, 28.1.2021, lch. 1.

(2)   IO L 83, 10.3.2021, lch. 1.

(3)   IO L 96, 19.3.2021, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/312/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)