European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/311

8.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 205/2021

an 9 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/311]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Tharmligthe (AE) 2021/647 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh a úsáid i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/643 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12q (Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32021 L 0647: Treoir Tharmligthe (AE) 2021/647 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2021 (IO L 133, 20.4.2021, lch. 54).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zze (Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32021 R 0643: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/643 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 (IO L 133, 20.4.2021, lch. 5).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoir Tharmligthe (AE) 2021/647 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/643 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf EINAR FIFE


(1)   IO L 133, 20.4.2021, lch. 54.

(2)   IO L 133, 20.4.2021, lch. 5.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/311/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)