|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/295 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 210/2021
an 9 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE 2024/295
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2020/2088 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú cumhrán ailléirgineach i mbréagáin (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Treoir (AE) 2020/2089 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar chumhráin ailléirgineacha i mbréagáin (2), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 1a (Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32020 L 2088: Treoir (AE) 2020/2088 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 (IO L 423, 15.12.2020, lch. 53), |
|
- |
32020 L 2089: Treoir (AE) 2020/2089 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 (IO L 423, 15.12.2020, lch. 58).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoracha (AE) 2020/2088 agus (AE) 2020/2089 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 423, 15.12.2020, lch. 53.
(2) IO L 423, 15.12.2020, lch. 58.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/295/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)