European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/291

15.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/291 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Eanáir 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309.

(2)

An 8 Nollaig 2023, chuir coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ceathrar le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, i ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, 3 agus 9’, faoi ‘DAOINE’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:

‘2.

Johnson ANDRE (ar a dtugtar freisin Izo). Liostaítear é de bhun mhír 15 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 den Rún sin, arna míniú a thuilleadh le mír 16(a), (e), (f), agus (g) den Rún sin.

Feidhm: ceannaire dhrong 5 Segond

Dáta breithe: 1997

Áit bhreithe: Port-au-Prince, Háítí

Náisiúntacht: Háítí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Nollaig 2023

Inscne: fireann

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Is é Johnson Andre (ar a dtugtar freisin ‘Izo’) príomhcheannaire dhrong 5 Segond agus tá ról ceannasach méadaitheach aige i gcomhghuaillíocht G-Pep (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 54). Faoi cheannaireacht Andre, bhí 5 Segond páirteach i ngníomhaíochtaí coiriúla éagsúla a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol, lena n-áirítear éigniú, buirgléireacht, loitmhilleadh, fuadach, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar airm, agus bac a chur ar sheachadadh cúnaimh dhaonnúil (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 4). Tá Póilíní Náisiúnta Háítí sa tóir ar Andre freisin i ngeall ar choireanna lena n-áirítear dúnmharú, fuadach i gcomhair airgead fuascailte, seilbh neamhdhleathach arm tine, goid feithiclí agus fuadach earraí (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 11).

Trí uaillmhianta leathnaitheacha agus acmhainní suntasacha a fuarthas trí ghníomhaíochtaí aindleathacha, tá tionchar 5 Segond á leathnú ag Andre le 3 bliana anuas, agus tá foréigean á scaipeadh go limistéir eile de Port-au-Prince mar thoradh air sin (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 54). Thairis sin, rinne an dhrong ionsaithe ar institiúidí poiblí, lena n-áirítear an Chúirt Chéadchéime, a ndearnadh ransú air in 2022 agus atá fós faoi smacht 5 Segond (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 29).

D’úsáid Andre an bealach muirí chun tacaíocht a thabhairt do chealla thuaidh na droinge, mar aon le drong Canaan, agus oibríonn sé go straitéiseach as sin, lena n-áirítear fuadaigh i limistéir Delmas, Bon Repos agus Lilavois, trucailí a fhuadach agus earraí a ghoid. Idir an 18 Aibreán agus an 23 Meitheamh 2023, cuireadh ceithre ionsaí, ar fuadaíodh breis agus 30 duine mar thoradh orthu, i leith dhrong 5 Segond (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 46).

Ina theannta sin, chuir gníomhaíochtaí na droinge isteach go mór ar shaorghluaiseacht daoine agus feithiclí feadh Bhóithre Náisiúnta (NR) 1 agus 2, agus rinneadh amhlaidh ar muir trí ghníomhartha píoráideachta chomh maith. I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir comhaltaí 5 Segond dlús leis an bhfuadach trucailí lasta a iompraíonn coimeádáin earraí ardluacha feadh NR1. Feadh NR2 in Martissant, rinne 5 Segond oibríochtaí sracaireachta (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, mír 79). Chuir an méid sin srian ar an rochtain ar phointí straitéiseacha, chuir sé bac ar an ngeilleagar áitiúil, agus chuir sé isteach ar an rochtain ar bhia agus ar earraí ríthábhachtacha eile, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil.

I mí na Samhna 2022, ghabh drong 5 Segond 38 ngiall, lena n-áirítear 36 phaisinéir agus 2 thiománaí, a bhí in 2 mionbhus ag an stáisiún agus a bhí ag ullmhú le dul go Miragoâne. I bhfíseán, mhaígh Andre gur freagra a bhí san fhuadach sin ar bhás duine dá chuid fear.

Tá drong Segond 5 tar éis leas a bhaint as an timpeallacht leochaileach slándála chun ioncam breise a ghiniúint trí gháinneáil ar dhrugaí. Thug roinnt foinsí le fios gur seoladh drugaí go díreach ó Mheiriceá Theas go dtí limistéar Village de Dieu, uaireanta mar aon le hairm thine. Tá tacaíocht á fáil ag Izo ó dhronga eile, Canaan, Gran Grif agus Kokorat San Ras, mar shampla, chun drugaí a bhogadh ó Village-de-Dieu go Port-de-Paix agus amach as an tír (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, mír 121).

Shainaithin an Painéal Saineolaithe éignithe a rinne drong 5 Segond freisin (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, mír 136).

3.

Renel DESTINA (ar a dtugtar freisin Ti Lapli). Liostaítear é de bhun mhír 15 de rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 den Rún sin, arna míniú a thuilleadh le mír 16(a), (e), (f), agus (g) den Rún sin.

Feidhm: ceannaire dhrong Grand Ravine

Dáta breithe: 11 Meitheamh 1982

Áit bhreithe: Háítí

Náisiúntacht: Háítíoch

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Nollaig 2023

Inscne: fireann

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Is é Renel Destina (ar a dtugtar freisin ‘Ti Lapli’) ceannaire dhrong Grand Ravine agus is é príomh-chomhghuaillí Johnson Andre é. Bhí baint ag Grand Ravine, ina bhfuil 300 comhalta agus ar comhghuaillí de chuid chomhghuaillíocht G-Pep é, le gníomhaíochtaí éagsúla a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht i Háítí i mbaol (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, mír 65).

Faoi cheannaireacht Destina, rinne drong Grand Ravine coireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear dúnmharú, éigniú, robáil armtha, scrios maoine, fuadach i gcomhair airgead fuascailte, goid feithiclí, fuadach trucailí agus earraí, agus loitmhilleadh (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 4). Tá Póilíní Náisiúnta Háítí sa tóir ar Destina freisin i ngeall ar choireanna lena n-áirítear dúnmharú, goid feithiclí, fuadach trucailí, seilbh neamhdhleathach arm tine, agus fuadach i gcomhair airgead fuascailte (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 18).

Ó dheireadh 2022 i leith, tá iarracht déanta ag an drong a smacht críochach ar chomharsanachtaí Carrefour-Feuilles agus Savanne Pistache a leathnú trí choireanna in aghaidh cónaitheoirí agus ionsaithe leanúnacha ar Phóilíní Náisiúnta Háítí, lena n-áirítear maruithe, robálacha, éignithe, creachadh agus dó áiteanna cónaithe, agus ionsaithe ar oifigigh phóilíneachta. Maraíodh beirt phóilíní an 4 agus an 14 Lúnasa 2023. An 14 Lúnasa 2023, d’fhág ionsaí Grand Ravine go raibh fostáisiún leictreachais Háítí neamhoibríochtúil sa limistéar. An 15 Lúnasa 2023, theith thart ar 1 020 teaghlach, ina raibh 4 972 dhuine aonair, ó Carrefour-Feuilles agus ó Savane Pistache (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, mír 65). An 24 Bealtaine 2023, d’ionsaigh gunnadóirí de chuid Grand Ravine limistéar Carrefour-Feuilles, agus maraíodh buachaill scoile san ionsaí sin (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 40).

De réir preaseisiúint ón Roinn Dlí agus Cirt, an 7 Samhain 2022, díotáladh Destina as coireanna a bhain le híospartach ó na Stáit Aontaithe a fhuadach i mí Feabhra 2021. Coinníodh an t-íospartach ar feadh tuairim is 14 lá, tréimhse inar bagraíodh ar an íospartach ar bhonn laethúil faoi dhíriú gunna le linn dá theaghlach a bheith ag iarraidh cistí a fháil lena scaoileadh saor.

De réir alt sa Haitian Times an 22 Deireadh Fómhair 2020, d’fhógair Destina ar chraoladh raidió gur fhuadaigh sé Wolf Hall, uachtarán na heagraíochta Titi Loto & T-Sound Lottery, an 18 Deireadh Fómhair 2020.

Ina theannta sin, ghlac Grand Ravine smacht ar Bhóthar Náisiúnta 2 (NR2) a nascann Port-au-Prince leis an deisceart chun ioncam a bhailiú ó shracaireacht, fuadach trucailí, contrabhanna agus gníomhaíochtaí aindleathacha eile (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 79). Chuir an méid sin srian ar an rochtain ar bhonneagar straitéiseach agus chuir sé bac ar an ngeilleagar áitiúil trí chur isteach ar an rochtain ar bhia agus ar earraí ríthábhachtacha eile, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil.

4.

Wilson JOSEPH (ar a dtugtar freisin Lanmo San Jou). Liostaítear é de bhun mhír 15 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 den Rún sin, arna míniú a thuilleadh le mír 16(a), (b), (d), agus (e) den Rún sin.

Feidhm: ceannaire dhrong 400 Mawozo

Dáta breithe: 28 Feabhra 1993

Áit bhreithe: Háítí

Náisiúntacht: Háítíoch

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Nollaig 2023

Inscne: fireann

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Is é Wilson Joseph (ar a dtugtar freisin ‘Lanmo San Jou’) ceannaire dhrong 400 Mawozo, ar drong ghníomhach i gceantar cathrach Port-au-Prince í, go háirithe i mbardas Croix-des-Bouquets, agus ar comhghuaillí í de chuid chomhghuaillíocht drong G-Pep (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Roinn III(A)(2.3.)).

Tá Wilson Joseph freagrach — go díreach nó trí orduithe a thug sé do chomhaltaí a dhroinge – as sáruithe ar chearta an duine agus coireanna a dhéanamh, lena n-áirítear ionsaithe ar dhaoine gan chosaint is cúis le bás agus díobháil, cur isteach nó bac a chur ar chabhair dhaonnúil (mar shampla, seirbhísí leighis), éigniú (lena n-áirítear éigniú mionaoiseach), earcú leanaí, robáil, creachadh, agus scrios maoine poiblí ar nós príosún agus stáisiúin phóilíneachta, fuadach, agus fuadach trucailí (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 4). Easáitíodh líon mór daoine ina dtír féin mar thoradh ar na hionsaithe sin. Tá Póilíní Náisiúnta Háítí sa tóir ar Joseph freisin i ngeall ar choireanna lena n-áirítear dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, goid feithiclí, agus fuadach (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 20).

An 24 Iúil 2022, rinne comhaltaí dhrong 400 Mawozo Coimisinéir Póilíneachta Croix-des-Bouquets a mharú agus a chiorrú (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 6). I mí Feabhra 2023, rinne an Higgins Brothers Surgicenter for Hope in Fonds Parisien, atá lonnaithe i limistéar atá faoi rialú 400 Mawozo, roinnt teagmhas a thuairisciú inar lámhachadh, robáladh agus fuadaíodh máinlianna, dochtúirí agus altraí agus iad ar a mbealach chun na hoibre le 2 bhliain anuas (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiún Aontaithe, Iarscríbhinn 44). Luadh Joseph freisin leis an gcás ardphróifíle fuadaigh a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2021, nuair a fuadaíodh 17 misinéir eachtracha Chríostaí agus baill teaghlaigh, lena n-áirítear cúigear mionaoiseach, i Háítí (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 32).

Tá drong 400 Mawozo rannpháirteach go gníomhach i ngáinneáil ar airm agus ar armlóin (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 104). Ghabh Póilíní Náisiúnta Háítí roinnt comhaltaí a thuigtear a bheith freagrach as gáinneáil ar airm agus armlóin, lena n-áirítear in Malpasse an 26 Aibreán 2022 agus in Nippes in iardheisceart na tíre an 14 Bealtaine 2022 (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 32). I mí na Bealtaine 2022, cúisíodh triúr náisiúnach ó Háítí agus saoránach amháin de chuid na Stát Aontaithe i ngáinneáil ar airm thine chun tacú le 400 Mawozo i Háítí (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 32).

5.

Vitelhomme INNOCENT. Liostaítear é de bhun mhír 15 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 den Rún sin, arna míniú a thuilleadh le mír 16(a), (e), agus (f) den Rún sin.

Feidhm: ceannaire dhrong Kraze Barye

Dáta breithe: 27 Márta 1986

Áit bhreithe: Port-au-Prince, Háítí

Náisiúntacht: Háítíoch

Uimhir aitheantais náisiúnta: Háítí 004-341-263-3

Seoladh: 64, Soisson, Tabarre 49, Port-au-Prince

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Nollaig 2023

Inscne: fireann

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Is é Vitelhomme Innocent ceannaire dhrong Kraze Barye, atá anois ar cheann de na dronga is cumhachtaí i gceantar cathrach Port-au-Prince, agus a bhfuil líon méadaitheach trodaithe agus arm leath-uathoibríoch aici (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 66). Bhí Innocent páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol.

Faoi cheannaireacht Innocent, rinne drong Krazye Barye sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear dúnmharú, éigniú, earcú leanaí, agus fuadach i gcomhair airgead fuascailte, chomh maith le coireanna eile ar nós robáil armtha, goid feithiclí, loitmhilleadh talún, agus scriosadh maoine (féach doiciméad S/2023/674, mír 141, Iarscríbhinn 4). Tá Póilíní Náisiúnta Háítí sa tóir ar Innocent freisin i ngeall ar choireanna lena n-áirítear dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, éigniú, robáil armtha, goid feithiclí, agus fuadach (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 19).

Tá Kraze Barye tar éis díriú ar Phóilíní Náisiúnta Háítí roinnt uaireanta, agus maraíodh roinnt oifigigh phóilíneachta agus rinneadh damáiste do stáisiúin phóilíneachta mar thoradh air sin. Thairis sin, bhí pobail bhardais Petion-Ville, Kenscoff, Tabarre, Croix-des-Bouquets agus Delmas thíos le hionsaithe a rinne drong Innocent arís agus arís eile le 3 bliana anuas, ionsaithe a chuir le heasáitiú na mílte daoine. Lean sé de mhí-úsáidí i gcoinne na bpóilíní agus an phobail, lena n-áirítear loitmhilleadh talún agus maoine, maruithe, creachadh, goid agus fuadach daoine aonair a bhfuil tionchar acu (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 66).

I mí Iúil 2023, lean drong Kraze Barye de chónaitheoirí Fort-Jacques, Truitier agus Dumornay a ionsaí, a mharú agus a éigniú. Faoin 10 Lúnasa 2023, easáitíodh thart ar 2 000 duine, lena n-áirítear 229 mionaoiseach, mar thoradh ar ionsaithe Kraze Barye (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, mír 151).

Rinne Innocent fuadach spriocdhírithe ar dhaoine mór le rá, mar shampla, stiúrthóir réigiúnach ar chalafort Cap-Haïtien de chuid APN, stiúrthóir stáisiúin phríobháidigh teilifíse ar ‘Route des Freres’, stiúrthóir ‘Radio Commerciale d’Haiti’ chomh maith le hiriseoir cáiliúil agus iar-uachtarán an Choimisiún Shealadaigh Toghchán, i measc daoine eile (féach doiciméad S/2023/674 ó na Náisiúin Aontaithe, Iarscríbhinn 22). Díotáladh Innocent as cúisimh a bhaineann le beirt saoránach de chuid na Stát Aontaithe, ar maraíodh duine amháin acu le linn an teagmhais, a ghabháil mar ghialla le hairm i Háítí i mí Dheireadh Fómhair 2022 (Preaseisiúint, Oifig Aturnae na Stát Aontaithe, Ceantar Columbia, an 24 Deireadh Fómhair 2023).’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/291/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)