|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/263 |
15.1.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/263 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Eanáir 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 252)
(Is iad na téacsanna Gréigise agus Bulgáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den ghalar sin i measc ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfaidh sé go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar na hainmhithe sin. |
|
(2) |
Sainmhínítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar mar ghalar de chatagóir A i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2). Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe i ndiaidh ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar a deimhníodh sa Bhulgáir agus sa Ghréig. |
|
(4) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 maidir leis na criosanna srianta atá le bunú ag an mBulgáir agus ag an nGréig, tar éis ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Ina theannta sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 leagtar síos bearta áirithe atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise, sa bhreis ar na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(5) |
Sa Bhulgáir, níor tuairiscíodh aon ráig nua den bholgach caorach ná den bholgach gabhar ó deimhníodh ráig amháin i gCúige Burgas an 16 Meán Fómhair 2023. Mar thoradh air sin, tá deireadh curtha le gach crios srianta sa Bhallstát sin ó bhí an 30 Samhain 2023 ann. |
|
(6) |
Tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725, thug an Ghréig fógra don Choimisiún faoi dhá ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach, bunaíochtaí atá lonnaithe in aonad réigiúnach Phthiotis, i réigiún na Gréige Láir. Dá thoradh sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith leis na limistéir atá liostaithe mar chriosanna srianta breise le haghaidh na Gréige, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725, leasaíodh iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2892 ón gCoimisiún (5). |
|
(7) |
Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2892, thug an Ghréig fógra don Choimisiún faoi dhá ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh caoirigh, bunaíochtaí atá lonnaithe in aonad réigiúnach Phthiotis, i réigiún na Gréige Láir, gar don teorainn lena ndeighltear na criosanna cosanta agus faireachais atá bunaithe sa réigiún sin cheana. |
|
(8) |
Chuir údarás inniúil na Gréige an Coimisiún ar an eolas faoi staid na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ina críoch faoi láthair, tar éis na ráigeanna den ghalar sin a tharla le déanaí in aonad réigiúnach Phthiotis, agus rinne sé na bearta rialaithe galar is gá a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(9) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá na criosanna srianta i dtaca leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ar criosanna iad atá comhdhéanta de na criosanna cosanta agus na criosanna faireachais, mar aon leis na criosanna srianta breise sa Ghréig, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. Thairis sin, i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair, is gá cur le méid na gcriosanna sin agus/nó leis an bhfad a mhairfidh na criosanna sin, lena n-áirítear an crios srianta breise a bunaíodh roimhe seo ar oileán Lesvos. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus mar chriosanna srianta breise sa Ghréig san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725, ba cheart iad a leasú, ó thaobh spáis agus ama de, agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i réigiún na Gréige Láir á cur san áireamh. |
|
(11) |
Agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 a fhadú, agus ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an 30 Aibreán 2024. Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do dhátaí tosaigh an chur i bhfeidhm dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2892. |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Iarratas Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2024.’; |
|
2. |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Seolaithe
Is chuig Poblacht na Bulgáire agus chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2023 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i mBallstáit áirithe agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2067 agus (AE) 2023/2470 (IO L 2023/2725, 4.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2725/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2892 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i mBallstáit áirithe (IO L, 2023/2892, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2892/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2725, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 2 a bhaineann leis an nGréig:
‘2. AN GHRÉIG
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Ghréig dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|||
|
Réigiún na Gréige Láir GR-CAPRIPOX-2023-00002 GR-CAPRIPOX-2023-00003 GR-CAPRIPOX-2023-00004 GR-CAPRIPOX-2023-00005 |
An crios cosanta: Na codanna sin d’aonad réigiúnach Phthiotis, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 38.632418, domhanfhad 23.182044 (2023/2); domhanleithead 38.624906, domhanfhad 23.155387 (2023/3); domhanleithead 38.638698, domhanfhad 23.04974 (2023/4); domhanleithead 38.635042, domhanfhad 23.035453 (2023/5); |
24.1.2024 |
|||
|
An crios faireachais: Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas:
|
02.2.2024 |
||||
|
An crios faireachais: Na codanna sin d’aonad réigiúnach Phthiotis, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 38.632418, domhanfhad 23.182044 (2023/2); domhanleithead 38.624906, domhanfhad 23.155387 (2023/3); domhanleithead 38.638698, domhanfhad 23.04974 (2023/4); domhanleithead 38.635042, domhanfhad 23.035453 (2023/5); |
25.1.2024 go 02.2.2024 |
B. Criosanna srianta breise
|
Réigiún |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise sa Ghréig dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
||||||
|
Réigiún na Mara Aeigéiche Thuaidh |
Crios srianta breise ina gcuimsítear críoch iomlán aonad réigiúnach Lesvos. |
31.3.2024 |
||||||
|
Réigiún na Gréige Láir |
Crios srianta breise ina bhfuil na limistéir seo a leanas:
|
31.3.2024’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/263/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)