|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/262 |
18.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/262 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Eanáir 2024
maidir le húdarú ullmhóide d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, údarú na hullmhóide sin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma NV) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 (arna shainaithint go tacsanomaíoch roimhe seo mar Trichoderma citrinoviride Bisset (IM SD142)) ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, bhain an t-iarratas sin freisin le húsáidí nua don ullmhóid chéanna a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) agus Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 21 Márta 2023 (3), go bhfuil an ullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 sábháilte i gcónaí do shicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair, agus chuir sé in iúl go bhfuil feidhm ag an gconclúid sin a bhaineann le sábháilteacht freisin maidir le turcaithe lena ramhrú, gach speiceas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil. Thairis sin, chinn an tÚdarás nach meastar an ullmhóid a bheith creimneach don chraiceann ná ina greannaitheoir súl. Luaigh sé gur cheart an ullmhóid a mheas mar íogróir craicinn agus mar íogróir riospráide, cé nach bhféadfaí teacht ar chonclúidí maidir le hacmhainneacht an bhreiseáin a bheith ina ghreannaitheoir craicinn. Chuir an tÚdarás in iúl nach raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 i gcomhthéacs athnuachan an údaraithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, agus maidir leis na conclúidí i ndáil le héifeachtúlacht a baineadh amach i sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite, mheas sé gur féidir na conclúidí sin a leathnú chun turcaithe lena ramhrú, gach speiceas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil a chumhdach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar ion–1,4-béite-ghlúcanáis mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na hullmhóide sin a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, agus ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh turcaithe lena ramhrú, le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305 a leasú. |
|
(8) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir leis an ullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í le haghaidh turcaithe lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin, éin ornáideacha agus bainbh dhiúil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305 mar a leanas:
|
1. |
Scriostar Airteagal 1; |
|
2. |
scriostar an Iarscríbhinn. |
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
1. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu atá beartaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Lúnasa i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn iontu agus atá beartaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2305 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 maidir le hullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáise (EC 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Trichoderma Citrinoviride Bisset (IM SD142) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus bainbh scoite, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2148/2004 agus (CE) Uimh. 1520/2007 (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV) (IO L 326, 11.12.2015, lch. 43).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(4):7954.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta. |
|||||||||||||
|
4a1616 |
Huvepharma NV |
Ion–1,4-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.4) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid d’ion–1,4-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748 ag a bhfuil gníomhaíocht íosta 2000 CU (1)/g. Foirm sholadach nó leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ion–1,4-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride IMI 360748. Modh anailíse (2) Maidir le hion–1,4-béite-ghlúcanáis i mbreiseán beathaithe, réamh-mheascáin agus beatha chumaisc a chinneadh: modh dathmhéadrach bunaithe ar chainníochtú blúirí ruaimnithe uiscetuaslagtha (asairín) arna dtáirgeadh ag gníomhú ion–1,4-béite-ghlúcanáise ar ceallalós trasnasctha le hasairín. |
Gach speiceas éanlaithe clóis lena ramhrú Gach speiceas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin Éin ornáideacha |
- |
500 CU |
- |
|
an 7 Feabhra 2034 |
||||
|
Bainbh dhiúil Bainbh scoite |
- |
350 CU |
- |
||||||||||
(1) Is éard atá in aon CU amháin méid na heinsíme lena scaoiltear 0,128 micreamhól de shiúcraí dí-ocsaídithe (coibhéis glúcóis) ó bhéite-ghlúcan eorna in aghaidh an nóiméid ag pH 4.5 agus 30 °C.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/262/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)