|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/261 |
18.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/261 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Eanáir 2024
maidir le húdarú bláthola piobair dhuibh agus oiléaroisín piobair dhuibh ó Piper nigrum L. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus eastóscáin fhorchriticiúil piobair dhuibh ó Piper nigrum L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Údaraíodh na substaintí bláthola piobair dhuibh agus oiléaroisín piobair dhuibh ó Piper nigrum L. agus eastóscán forchriticiúil piobair dhubh ó Piper nigrum L. gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Cuireadh na substaintí sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú bláthola piobair dhuibh, oiléaroisín piobair dhuibh agus eastóscáin forchriticiúil piobair dhubh ó Piper nigrum L. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, inar iarradh go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. Ina dhiaidh sin, tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ar údarú d’eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh ó Piper nigrum L. a mhéid a bhaineann lena úsáid i gcás gach speicis ainmhíoch seachas cait agus madraí. |
|
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí na breiseáin lena n-úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na mbreiseán sin in uisce óil a cheadú. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 27 Meán Fómhair 2022 (3), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, go bhfuil bláthola piobair dhuibh, eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh agus oiléaroisín piobair dhuibh ó Piper nigrum L. sábháilte don spriocspeiceas, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an tuairim freisin gur cheart bláthola piobair dhuibh, eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh agus oiléaroisín piobair dhuibh a mheas mar ghreannaitheoirí don chraiceann agus do na súile, agus mar íogróirí deirmeacha agus riospráide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin ós rud é go bhfuil na substaintí aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna chur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann bláthola piobair dhuibh, oiléaroisín piobair dhuibh agus eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh ó Piper nigrum L. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú. Measann an Coimisiún nach gá uasleibhéil a shocrú le haghaidh na substaintí lena mbaineann ar chúiseanna sábháilteachta. Leis an gcorrlach mór teagmhála agus leis an easpa substaintí ar údar imní iad, is féidir uaschionta molta a leagan síos. Chun rialú níos fearr a leagan síos, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar na cionta sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
|
(7) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(11):7599
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b347-eo |
Bláthola piobair dhuibh |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola piobair dhuibh a fhaightear ó thorthaí Piper nigrum L. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola piobair dhuibh a fhaightear trí dhriogadh gaile torthaí neamhaibí triomaithe agus brúite ó Piper nigrum L..mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1). Sonraíochtaí
Uimhir CAS: 8006-82-4 Uimhir FEMA: 2845 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 347 Modh anailíse (2) Chun an marcóir fíticheimiceach β-caraifilléin a chinneadh: crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID)) bunaithe ar ISO 3061. |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 7 Feabhra 2034 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||
|
mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||
|
2b347-ex |
Eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh a fhaightear ó thorthaí Piper nigrum L. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh a fhaightear trí eastóscadh forchriticiúil CO2 ó thorthaí neamhaibí triomaithe agus brúite de Piper nigrum L. (gan aon tuaslagóir breise curtha leis) mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (3). Sonraíochtaí
Uimhir Chomhairle na hEorpa: 347 Modh anailíse (4) Chun an marcóir fíticheimiceach β-caraifilléin a chinneadh: crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID) bunaithe ar ISO 3061. |
Cait agus madraí |
- |
- |
- |
|
an 7 Feabhra 2034 |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b347-ór |
Oiléaroisín piobair dhuibh |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’oiléaroisín piobair dhuibh a fhaightear ó thorthaí Piper nigrum L. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Oiléaroisín piobair dhuibh a tháirgtear trí eastóscadh tuaslagóirí orgánacha torthaí neamhaibí triomaithe ó Piper nigrum L. mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (5). Sonraíochtaí
Uimhir CAS: 84929-41-9 Uimhir FEMA: 2846 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 347 Modh anailíse (6) Chun an marcóir fíticheimiceach pipirín a chinneadh: crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta cúpláilte le brath fótaiméadrach (HPLC-UV) bunaithe ar ISO 11027. |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
An 7 Feabhra 2034 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(3) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(4) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(5) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(6) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/261/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)