European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/254

15.1.2024

CINNEADH (CBES) 2024/254 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Eanáir 2024

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Lúnasa 2023, dhearbhaigh Binse Uachtarach Toghcháin Ghuatamala torthaí oifigiúla an dara babhta de na toghcháin uachtaránachta a reáchtáladh sa tír an 20 Lúnasa 2023.

(2)

An 5 Deireadh Fómhair 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas thar ceann an Aontais maidir lena bhfuil ag tarlú tar éis na dtoghchán uachtaránachta. Chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun an bonn a bhaint de thorthaí na dtoghchán trí ghníomhaíochtaí dlíthiúla agus nós imeachta atá roghnaitheach agus treallach nach bhfuil i gcomhréir le bunreacht Ghuatamala ná leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus réigiúnacha ar ghlac Guatamala leo, agus d’iarr sé ar gach institiúid agus oifigeach de chuid Ghuatamala sláine na dtorthaí toghcháin a dheimhnigh an Binse Uachtarach Toghcháin a urramú go hiomlán agus chun stop a chur le haon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh próiseas aistrithe síochánta a chur i mbaol. Leag sé béim ar an bhfíoras go mbeadh tionchar ag gníomhaíochtaí breise chun toradh na dtoghchán a chur ar ceal agus ionstraimiú leanúnach institiúidí breithiúnacha agus ionchúisimh chun an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ar an gcaidreamh idir Guatamala agus an tAontas.

(3)

An 13 Samhain 2023, d’fhoilsigh Misean Breathnóireachta Toghchán an Aontais, Guatamala 2023 (EU EOM) a thuarascáil chríochnaitheach agus a mholtaí maidir le holltoghcháin 2023 i nGuatamala. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil torthaí soiléire na dtoghchán arna ndeimhniú ag an mBinse Uachtarach Toghcháin an 28 Lúnasa 2023, an teacht aniar agus an tiomantas iontach atá ag saoránaigh Ghuatamala an daonlathas a chosaint, chomh maith le tuiscint ar ghéarchéim dhomhain dhaonlathach tar éis iarrachtaí a rinne Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí agus comhaltaí eile de bhreithiúnacht na tíre rogha na vótálaithe agus cur chun feidhme thorthaí na dtoghchán a chur ar ceal. Agus anailís á déanamh ar chomhthéacs na dtoghchán, leag EU EOM béim ar roinnt ábhar imní maidir le cearta an duine, go háirithe a mhéid a bhaineann le srianta tromchúiseacha ar shaoirse cainte agus saoirse an phreasa.

(4)

An 8 Nollaig 2023, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas maidir lena bhfuil tite amach le déanaí i nGuatamala inar cáineadh iarrachtaí chun torthaí an olltoghcháin agus an toghcháin uachtaránachta sa tír a neamhniú, inar iarradh ar údaráis Ghuatamala próiseas toghchánaíochta agus ord bunreachtúil na tíre a chosaint, agus inar cuireadh chun suntais gurb ionann na gníomhaíochtaí is déanaí a rinne Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i nGuatamala agus sárú ar bhunreacht Ghuatamala, ar an smacht reachta, ar an bpróiseas toghchánaíochta agus ar na prionsabail is bunúsaí den daonlathas. Cuireadh i dtábhacht sa ráiteas gur chomhaontaigh an tAontas i bprionsabal, agus go raibh sé réidh le creat a ghlacadh lena gceadófar bearta sriantacha spriocdhírithe in aghaidh na ndaoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí sin.

(5)

I gcomhréir iomlán le seasamh comhsheasmhach an Aontais maidir leis na holltoghcháin i nGuatamala, chuir an comhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear Eagraíocht na Stát Meiriceánach, i rún uaidh a glacadh an 15 Samhain 2023, agus oifig Urlabhraí Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe i ráiteas uaidh an 2 Deireadh Fómhair 2023, in iúl arís agus arís eile gur cúis mhór imní dó na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun torthaí na dtoghchán a chur ar ceal agus d’iarr sé go ndéanfaí aistriú síochánta agus ordúil cumhachta i nGuatamala.

(6)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ar bagairt í do chobhsaíocht Ghuatamala agus do chobhsaíocht an réigiúin, is iomchuí creat tiomnaithe de bhearta sriantacha a bhunú in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta nó d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala nó a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i nGuatamala lena n-airítear trí mhí-iompar tromchúiseach a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, chomh maith le mí-iompar in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá comhlachaithe leo.

(7)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras tríothu, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Áireofar san Iarscríbhinn daoine nádúrtha:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta nó d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, as a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí sin nó as tairbhe a bhaint astu, lena n-áirítear;

(i)

géarleanúint nó imeaglú a dhéanamh ar oifigigh phoiblí nó ar institiúidí poiblí a bhfuil baint acu nó a thacaíonn leis an bpróiseas toghchánaíochta, le húdaráis arna dtoghadh go daonlathach nó leis an bhfreasúra daonlathach i nGuatamala;

(ii)

cos ar bolg, géarleanúint nó imeaglú a dhéanamh ar ionadaithe na sochaí sibhialta nó na meán, nó ar bhreithimh, dlíodóirí nó ionchúisitheoirí;

(b)

a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i nGuatamala trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(c)

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha a ainmnítear faoi phointí (a) agus (b) thuas.

3.   Le mír 1, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

4.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar do na cásanna sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

5.   Beidh feidhm ag mír 4 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

6.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 4 nó 5.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a thabhairt ó na bearta a fhorchuirtear faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar le taisteal ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó cruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear tacaíocht don chobhsaíocht agus d’athbhunú an oird bhunreachtúil i nGuatamala.

8.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a thabhairt ó na bearta a fhorchuirtear faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil gá le teacht isteach ina gcríocha nó idirthuras tríothu chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

9.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a thabhairt dá dtagraítear i míreanna 7 nó 8 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith tugtha mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a thabhairt.

10.   I gcás, de bhun mhíreanna 4, 5, 7, 8 agus 9, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras tríothu, do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 2

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin mar a liostaítear san Iarscríbhinn, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, agus ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe dóibh.

3.   Áireofar san Iarscríbhinn daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta nó d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, as a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí sin nó as tairbhe a bhaint astu, lena n-áirítear;

(i)

géarleanúint nó imeaglú a dhéanamh ar oifigigh phoiblí nó ar institiúidí poiblí a bhfuil baint acu nó a thacaíonn leis an bpróiseas toghchánaíochta, le húdaráis arna dtoghadh go daonlathach nó leis an bhfreasúra daonlathach i nGuatamala;

(ii)

cos ar bolg, géarleanúint nó imeaglú a dhéanamh ar ionadaithe na sochaí sibhialta nó na meán, nó ar bhreithimh, dlíodóirí nó ionchúisitheoirí;

(b)

a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i nGuatamala trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(c)

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ainmnítear faoi phointí (a) agus (b) thuas.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn agus a mbaill teaghlaigh chleithiúnacha a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misean taidhleoireachta nó post consalach nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear leis an gcinneadh sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

6.   Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, tuillimh agus íocaíochtaí eile.

8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe agus in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

9.   Gan dochar do mhír 8, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

10.   In éagmais cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise ón údarás inniúil ábhartha laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 9, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

11.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoi mhíreanna 9 agus 10 laistigh de 4 seachtaine ón údarú sin.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú sin, in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur i láthair.

3.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.

2.   Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. I ndáil le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol, agus feidhm nó gairm. I ndáil le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, cláruimhir, agus áit ghnó.

Airteagal 5

1.   Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 6

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, cibé foirm a bheidh sé nó sí, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 7

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 8

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 13 Eanáir 2025.

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta sriantacha arna ndéanamh de bhun Airteagal 1(2)(b) agus Airteagal 2(2)(b), cuirfidh an Chomhairle san áireamh, de réir mar is iomchuí, an bhfuil na daoine i dtrácht faoi réir imeachtaí breithiúnacha nó nach bhfuil i ndáil leis an iompar ar ina leith a liostaíodh iad.

Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(8), (9) agus (10) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad gach 12 mhí nó, tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA NDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS AGUS NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1 AGUS 2

[…]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/254/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)