Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/247 |
17.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/247 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Eanáir 2024
lena bhformheastar dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4, agus 5 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin bis(sároscamonasulfáit)bis(sulfáit) peinteapotaisiam (Uimh. CAS: 70693-62-8) le haghaidh chineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5. |
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar bhis(sároscamonasulfáit)bis(sulfáit) peinteapotaisiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 (díghalráin agus ailgicídí nár ceapadh lena gcur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe), 3 (sláinteachas tréidliachta), 4 (láithreacha bia agus beatha) agus 5 (uisce óil), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an tSlóivéin ina Ballstát rapporteur agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta na tuarascálacha measúnaithe mar aon lena chonclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) an 23 Meán Fómhair 2022. Phléigh an Ghníomhaireacht an tuarascáil mheasúnaithe agus na conclúidí ag cruinnithe teicniúla. |
(4) |
Le linn an scrúdaithe ar bhis(sároscamonasulfáit)bis(sulfáit) peinteapotaisiam, cheartaigh an Ghníomhaireacht ainm na substainte gníomhaí sin go dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an 6 Meitheamh 2023 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. Sna tuairimí sin, is í conclúid na Gníomhaireachta go bhféadfaí coinne a bheith leis go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5 ina bhfuil dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid. |
(6) |
Agus na tuairimí ón nGníomhaireacht á gcur san áireamh, is iomchuí dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe. |
(7) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Biocidal Products Committee Opinions on the application for approval of the active substance trihydrogen pentapotassium di(peroxomonosulfate) di(sulfate), Product-types 2, 3, 4 and 5 [Tuairimí ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine, Cineálacha táirgí 2, 3, 4 agus 5]; ECHA/BPC/377/2023, ECHA/BPC/378/2023, ECHA/BPC/379/2023 agus ECHA/BPC/380/2023, a glacadh an 6 Meitheamh 2023.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||
Dé(sulfáit) dé(sároscamonasulfáit) peinteapotaisiam tríhidrigine |
Sulfáit sulfáite hidrigine bhis((hidreasárocsasulfóinil)ocsaídiníd) pheinteapotaisiam Uimh. CE: 274-778-7 Uimh. CAS: 70693-62-8 |
≥ 890 g/kg (≥ 89 % w/w) sárocsadhéshulfáit déphotaisiam (eisíontas ábhartha): ≤ 20 g/kg (≤ 2 % w/w) |
1 Iúil 2025 |
30 Meitheamh 2035 |
2 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
||||||||||
3 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
|||||||||||||||
4 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
|||||||||||||||
5 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith comhionann nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/247/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)