|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/244 |
28.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/244 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2023
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 281(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1323 (2) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) an 9 Iúil 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ag dáta is faide anonn. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 218(7) den Chonradh, is iomchuí an Coimisiún a údarú, thar ceann an Aontais, modhnuithe áirithe ar an gComhaontú a fhormheas, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh, ar modhnuithe iad atá le glacadh trí nós imeachta simplithe de bhun Airteagal 14.4. nó 18.33., nó Airteagal 24.3., pointe (h) nó (i), den Chomhaontú. |
|
(3) |
Leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 27.6. de, ní thugtar cearta do dhaoine ná ní fhorchuirtear oibleagáidí orthu, seachas iad sin a cruthaíodh idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. |
|
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais (3).
Airteagal 2
Chun críocha Airteagal 14.4. agus Airteagal 24.3., pointe (h), den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, modhnuithe, ceartúcháin nó leasuithe a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn 14 a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh.
Airteagal 3
Chun críocha Airteagal 18.33. agus Airteagal 24.3., pointe (i), den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh, leasuithe ar Iarscríbhinn 18-A nó 18-B a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 4
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 27.2(1) den Chomhaontú (4).
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
X. MÉNDEZ BÉRTOLO
(1) Toiliú an 22 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1323 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L 166, 30.6.2023, lch. 48).
(3) Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/229, 28.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2024/229/oj.
(4) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/244/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)