|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/239 |
16.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/239 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2024
lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 ón gCoimisiún (2), údaraíodh bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe ó Citrus sinensis (L.) Osbeck a úsáid mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ar feadh tréimhse 10 mbliana. In Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421, fágadh ar lár go hearráideach bearta idirthréimhseacha a bhaineann le hábhair bheatha agus le beatha cumaisc a bhfuil na breiseáin lena mbaineann iontu agus atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad. Thairis sin, sa tuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021 (3), ní raibh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe ó Citrus sinensis (L.) Osbeck mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh madraí, cat, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha toisc nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth. Shoiléirigh an tÚdarás freisin nach bhfuil ola oráiste thiubhaithe, arna sainaithint mar 2b143-f-ii san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421, beartaithe lena húsáid le haghaidh capall, coiníní, madraí, cat, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha. Dá bhrí sin, níor cheart na speicis sin a bheith san áireamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 maidir leis na breiseáin lena mbaineann. Ba cheart teideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 a choigeartú dá réir sin chun a léiriú nach mbaineann údarú na mbreiseán lena mbaineann ach le speicis ainmhíocha áirithe amháin. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 ón gCoimisiún (4), údaraíodh eastóscán oráistí Sevilla a úsáid mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe ar feadh tréimhse 10 mbliana. Sa tuairim uaidh an 23 Meitheamh 2021 (5), ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht eastóscán oráistí Sevilla mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí, cat agus éisc ornáideacha toisc nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth. Ina theannta sin, fágadh ar lár go hearráideach iontráil lena gcumhdaítear speicis eile ainmhíocha seachas iad siúd a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/652 do gach speiceas ainmhíoch seachas madraí, cait agus éisc ornáideacha chomh maith le héin ornáideacha, nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth de réir chonclúidí an Údaráis sa tuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490 ón gCoimisiún (6), údaraíodh bláthola líomóide fuarbhrúite, codán iarmharach d’ola líomóide fuarbhrúite driogtha, bláthola líomóide driogtha (codán so-ghalaithe) agus bláthola líoma driogtha a úsáid mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe ar feadh tréimhse 10 mbliana. Sa tuairim uaidh an 18 Márta 2021 (7), ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht ola líomóide fuarbhrúite agus a codán iarmharach agus ola líoma mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh peataí agus éisc ornáideacha toisc nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth. Dá bhrí sin, níor cheart éisc ornáideacha a bheith san áireamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490 le haghaidh an bhreiseáin a shainaithnítear mar 2b141-eo. Ina theannta sin, fágadh ar lár go hearráideach iontráil lena gcumhdaítear speicis eile ainmhíocha seachas madraí, cait agus éisc ornáideacha chomh maith le héin ornáideacha, nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth de réir chonclúidí an Údaráis sa tuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021 agus dá bhrí sin, ba cheart é a áireamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/1490 le haghaidh na mbreiseán a shainaithnítear mar 2b139-eo, 2b139-rf agus 2b141-eo. Ar deireadh, fágadh ar lár go hearráideach iontráil lena gcumhdaítear ‘speicis eile ainmhíocha’ agus dá bhrí sin, ba cheart é a áireamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490 le haghaidh an bhreiseáin a shainaithnítear mar 2b139-di. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320 ón gCoimisiún (8), údaraíodh bláthola mandairín eastósctha a úsáid mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis, muc, athchogantach, capall, coiníní agus salmainidí ar feadh tréimhse 10 mbliana. In Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320, fágadh ar lár go hearráideach bearta idirthréimhseacha a bhaineann le hábhair bheatha agus le beatha cumaisc a bhfuil an breiseán lena mbaineann iontu agus atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad. Thairis sin, fágadh ar lár go hearráideach iontráil lena gcumhdaítear ‘speicis eile ainmhíocha’ sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320. Sa tuairim uaidh an 5 Bealtaine 2021 (9), ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht bláthola mandairín eastósctha mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí, cat agus éisc ornáideacha toisc nach nochtar do sheachtháirgí citris iad de ghnáth. Sa tuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach nochtar éin ornáideacha do sheachtháirgí citris de ghnáth. Dá bhrí sin, ba cheart iontráil lena gcumhdaítear speicis eile ainmhíocha seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha a áireamh sa cholún ‘speiceas nó catagóir ainmhí’ den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320. Ba cheart teideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320 a choigeartú dá réir sin chun a léiriú go mbaineann údarú bláthola mandairín eastósctha le liosta níos leithne speiceas ainmhíoch. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421, (AE) 2022/652, (AE) 2022/1490 agus (AE) 2022/320 a cheartú dá réir sin. |
|
(6) |
Ós rud é nach gá na ceartúcháin a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis na hidirthréimhsí a leagtar síos sna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421, (AE) 2022/652, (AE) 2022/1490 agus (AE) 2022/320 do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú na ceanglais a eascraíonn as na ceartúcháin sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421:
‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022 maidir le húdarú bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe ó Citrus sinensis (L.) Osbeck mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe’.
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421:
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
‘1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.’
3. Cuirfear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421.
Airteagal 2
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652:
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
‘1. An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin ina bhfuil an tsubstaint sin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.’
2. Cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652.
Airteagal 3
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490:
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
‘1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.’
2. Cuirfear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490.
Airteagal 4
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320:
‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 maidir le húdarú bláthola mandairín eastósctha mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe’.
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320:
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
‘1. An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin ina bhfuil an tsubstaint sin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Feabhra 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.’
3. Cuirtear Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022 maidir le húdarú bláthola oráiste fuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe ó Citrus sinensis (L.) Osbeck mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 218, 23.8.2022, lch. 27).
(3) Safety and efficacy of feed additives consisting of expressed sweet orange peel oil and its fractions from Citrus sinensis (L.) Osbeck for use in all animal species (FEFANA asbl), (‘Sábháilteacht agus éifeachtúlacht breiseán beathaithe atá comhdhéanta d’ola craicinn oráiste mhilis fhuarbhrúite agus a codáin ó Citrus sinensis (L.) Osbeck lena n-úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch (FEFANA asbl).’ (EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6891. doi: org/10.2903/j.efsa.2021.6891).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 maidir le heastóscán oráistí Sevilla a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis áirithe ainmhíocha (IO L 119, 21.4.2022, lch. 74).
(5) Safety and efficacy of a feed additive consisting of a flavonoid-rich dried extract of Citrus x aurantium L. fruit (bitter orange extract) for use in all animal species (FEFANA asbl). (‘Sábháilteacht agus éifeachtúlacht breiseáin bheathaithe atá comhdhéanta d’eastóscán tirim ar mhórán flavónóideach ó thorthaí Citrus x aurantium L. (eastóscán oráistí Sevilla) lena úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch (FEFANA asbl).’] (EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6709. doi: 10.2903/j.efsa.2021.6709).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1490 ón gCoimisiún an 1 Márta 2022 maidir le bláthola líomóide fuarbhrúite, codán iarmharach d’ola líomóide fuarbhrúite driogtha, bláthola líomóide driogtha (codán so-ghalaithe) agus bláthola líoma driogtha a údarú mar bhreiseáin beatha do speicis áirithe ainmhithe (IO L 234, 9.9.2022, lch. 1).
(7) Safety and efficacy of feed additives consisting of expressed lemon oil and its fractions from Citrus limon (L.) Osbeck and of lime oil from Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle for use in all animal species (FEFANA asbl). (‘Sábháilteacht agus éifeachtúlacht breiseán beathaithe atá comhdhéanta d’ola líomóide fuarbhrúite agus a codáin ó Citrus limon (L.) Osbeck agus d’ola líoma ó Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle lena n-úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch (FEFANA asbl).’] (EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(4):6548. doi: org/10.2903/j.efsa.2021.6548).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/320 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 maidir le húdarú bláthola mandairín eastósctha mar bhreiseán beatha le haghaidh éanlaith chlóis, muc, athchogantach, capall, coiníní agus salmainidí (IO L 55, 28.2.2022, lch. 41).
(9) Safety and efficacy of a feed additive consisting of expressed mandarin oil from the fruit peels of Citrus reticulata Blanco for use in all animal species (FEFANA asbl). (‘Sábháilteacht agus éifeachtúlacht breiseáin bheathaithe atá comhdhéanta d’ola mandairín eastósctha ó chraiceann torthaí Citrus reticulata Blanco lena úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch (FEFANA asbl).’] (EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6625. doi: 10.2903/j.efsa.2021.6625).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||
|
2b143-eo |
Bláthola oráiste fhuarbhrúite |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola oráiste fhuarbhrúite ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. (1). Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola a fhaightear trí fhuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach. (2). Sa chodán so-ghalaithe: d-Líomainéin: 93-97 % Mircéin: 1,5-3,5 % Saibinéin: 0,1-1,0 % α-Pinéin: 0,4-0,8 % Lionaló-ól: 0,1-0,7 % Deacánal: 0,1-0,7 % Ochtánal: 0,1-0,6 % Pirileaildéad: < 0,05 % Uimhir CAS: 8028-48-6 Uimhir Einecs: 232-433-8 Uimhir FEMA: 2825 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 143 Modh anailíse (3) Maidir le d-líomainéin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe agus pórúcháin Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
12 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Gach speiceas Suidae lena ramhrú |
- |
- |
172 |
|||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
144 |
|||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
- |
- |
200 |
|||||||||||||||
|
Athchogantaigh |
- |
- |
130 |
|||||||||||||||
|
Capaill |
- |
- |
230 |
|||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
50 |
|||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||
|
2b143-di |
Bláthola oráiste dhriogtha |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Driogáit (an codán so-ghalaithe) de bhláthola oráiste, a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí An codán so-ghalaithe a fhaightear trí dhriogadh bláthola oráiste arna fuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (4). d-Líomainéin: 93-97,5 % Mircéin: 1,5-3,5 % Saibinéin: 0,2-1,0 % α-Pinéin: 0,3-0,8 % Lionaló-ól: 0,05-0,5 % Ochtánal: 0,05-0,4 % Pirileaildéad: < 0,005 % Uimhir CAS: 8028-48-6 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 143 Modh anailíse (5) Maidir le d-líomainéin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe agus pórúcháin Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
12 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Suidae |
- |
- |
200 |
|||||||||||||||
|
Athchogantaigh |
- |
- |
130 |
|||||||||||||||
|
Capaill |
- |
- |
225 |
|||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
80 |
|||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||
|
2b143-f |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fuarbhrúite a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (6) Codán do-ghalaithe: 10,5 % Sa chodán so-ghalaithe: d-Líomainéin: 89-96 % Deacánal: 0,5-2 % Lionaló-ól: 0,7-1,7 % Mircéin: 0,1-1,0 % Geiréinial: 0,1-1,0 % Pirileaildéad: < 0,3 % Uimhir CAS: 8028-48-6 Uimhir FEMA: 2822 Modh anailíse (7) Maidir le d-líomainéin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
15,5 |
|
12 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe agus pórúcháin |
- |
- |
23,5 |
|||||||||||||||
|
Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
21 |
|||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
- |
- |
34 |
|||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
28,5 |
|||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
- |
- |
41,5 |
|||||||||||||||
|
Laonna (bainne púdrach) |
- |
- |
66,5 |
|||||||||||||||
|
Caoirigh agus gabhair Athchogantaigh eile lena ramhrú |
- |
- |
62,5 |
|||||||||||||||
|
Athchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh dhéiríochta agus gabhair dhéiríochta |
- |
- |
40,5 |
|||||||||||||||
|
Capaill |
- |
- |
62,5 |
|||||||||||||||
|
Coiníní |
- |
- |
25 |
|||||||||||||||
|
Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
70 |
|||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
15,5 |
|||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||
|
2b143-f-i |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fhuarbhrúite a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (8). Codán do-ghalaithe: 20,9 % Sa chodán so-ghalaithe: d-Líomainéin: 79-89 % Deacánal: 3,0-5,0 % Lionaló-ól: 2,0-5,0 % Mircéin: 0,1-1,0 % Geiréinial: 0,5-1,8 % Pirileaildéad: < 0,6 % Uimhir CAS: 8028-48-6 Uimhir FEMA: 2822 Modh anailíse (9) Maidir le d-líomainéin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
5,5 |
|
12 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe agus pórúcháin |
- |
- |
8 |
|||||||||||||||
|
Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
7 |
|||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
- |
- |
11,5 |
|||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
- |
- |
9,5 |
|||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
- |
- |
14 |
|||||||||||||||
|
Laonna (bainne púdrach) |
- |
- |
23 |
|||||||||||||||
|
Caoirigh agus gabhair Athchogantaigh eile lena ramhrú |
- |
- |
21,5 |
|||||||||||||||
|
Athchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh dhéiríochta agus gabhair dhéiríochta |
- |
- |
14 |
|||||||||||||||
|
Capaill |
- |
- |
21,5 |
|||||||||||||||
|
Coiníní |
- |
- |
8,5 |
|||||||||||||||
|
Éisc seachas éisc ornáideacha |
- |
- |
24,5 |
|||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
5,5 |
|||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||
|
2b143-f-ii |
Ola oráiste thiubhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola thiubhaithe a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Ola thiubhaithe a fhaightear trí dhriogadh codánach bláthola oráiste fuarbhrúite a fhaightear ó chraiceann torthaí Citrus sinensis (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (10). Codán do-ghalaithe: 18 % Sa chodán so-ghalaithe: d-Líomainéin: 85-95 % Lionaló-ól: 0,5-4 % Uimhir CAS: 8028-48-6 Uimhir FEMA: 2822 Modh anailíse (11) Maidir le d-líomainéin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, coiníní, madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
- |
|
12 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||||||||||||
(1) Comhchiallaigh: Citrus sinensis (L.) Pers., Citrus aurantium (L.) Dulcis.
(2) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(4) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(5) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(6) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(7) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(8) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(9) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(10) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(11) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
IARSCRÍBHINN II
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b136-ex |
- |
Eastóscán oráistí Sevilla |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Eastóscán oráistí Sevilla ó thorthaí Citrus x aurantium L. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Eastóscán oráistí Sevilla ó thorthaí Citrus x aurantium L. mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1). Flavonóidigh: 45-55 % lena n-áirítear
5- meatocsasórailin (ar a dtugtar beargaiptin freisin): ≤ 0,03 % (-)-Sineifrín: ≤ 1 % Uimhir Chomhairle na hEorpa: 136 Modh anailíse (2) Chun nargainin (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Gach speiceas ainmhíoch seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
|
|
11 Bealtaine 2032 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
IARSCRÍBHINN III
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
2b139-eo |
- |
Bláthola líomóide fuarbhrúite |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola líomóide fuarbhrúite ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola líomóide fuarbhrúite a fhaightear trí fhuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1) d-Líomainéin: 60–73 % β-Pinéin (pin-2(10)-éin): 9–18 % γ-Teirpinéin: 6–12 % α-Pinéin (pin-2(3)-éin): 1,3–3,0 % Saibinéin (4(10)-túighéin): 0,3–3,0 % Geiréinial: 0,1–2,0 % Nearal: 0,1–1,8 % Pirileaildéad: ≤ 0,023 % Fúracúmairíní: ≤ 0,3 % Meatocsacúmairíní: ≤ 0,06 % Uimhir CAS: 84929-31-7 Uimhir FEMA 2625 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 139 Modh anailíse (2) Chun marcóir fíticheimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
35 |
|
29 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Turcaithe lena ramhrú Salmainidí agus gach iasc eite eile seachas éisc ornáideacha |
40 |
||||||||||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe nó pórúcháin |
52 |
||||||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
74 |
||||||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
62 |
||||||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
92 |
||||||||||||||||||
|
Laonna (bainne púdrach) Athchogantaigh lena ramhrú seachas caoirigh agus gabhair Athchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh agus gabhair |
90 |
||||||||||||||||||
|
Capaill |
137 |
||||||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
30 |
||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
2b139-rf |
- |
Codán iarmharach d’ola líomóide fuarbhrúite driogtha |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Codán iarmharach d’ola líomóide fuarbhrúite driogtha ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Codán iarmharach d’ola líomóide fuarbhrúite driogtha a fhaightear trí dhriogadh bláthola líomóide arna fuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (3) Is mar seo leanas atá sonraíochtaí na substainte gníomhaí: d-Líomainéin: 51–63 % γ-Teirpinéin: 8–17 % Geiréinial: 6–12 % Nearal: 5–9 % β-Pinéin (pin-2(10)-éin): 0,3–5,5 % β-Biosabailín: 0,3–4 % Pirileaildéad: ≤ 0,092 % Fúracúmairíní: ≤ 0,8 % Meatocsacúmairíní: ≤ 0,22 % Uimhir Chomhairle na hEorpa: 139 Modh anailíse (4) Chun marcóir fíticheimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
11 |
|
29 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe nó pórúcháin Turcaithe lena ramhrú Coiníní Salmainidí agus gach iasc eite eile seachas éisc ornáideacha |
12 |
||||||||||||||||||
|
Athchogantaigh |
20 |
||||||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
20 |
||||||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
24 |
||||||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
30 |
||||||||||||||||||
|
Capaill |
35 |
||||||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
11 |
||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
2b139-di |
- |
Bláthola líomóide driogtha (codán so-ghalaithe) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola líomóide driogtha (codán so-ghalaithe) a fhaightear ó bhláthola líomóide arna fuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola líomóide driogtha (codán so-ghalaithe) a fhaightear ó bhláthola líomóide arna fuarbhrú ó chraiceann torthaí Citrus limon (L.) Osbeck mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (5) Is mar seo leanas atá sonraíochtaí na substainte gníomhaí: d-Líomainéin: 66–78 % β-Pinéin (pin-2(10)-éin): 5–20 % γ-Teirpinéin: 1,5–9,5 % α-Pinéin (pin-2(3)-éin): 0,5-3,0 % Saibinéin: 0,3–3,0 % Fúracúmairíní: ≤ 0.1 mg/kg Meatocsacúmairíní: ≤ 0.1 mg/kg Uimhir Chomhairle na hEorpa: 139 Modh anailíse (6) Chun marcóir fíticheimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
36 |
|
29 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe nó pórúcháin |
53 |
||||||||||||||||||
|
Coiníní |
56 |
||||||||||||||||||
|
Turcaithe lena ramhrú |
48 |
||||||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
64 |
||||||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
76 |
||||||||||||||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae |
94 |
||||||||||||||||||
|
Laonna (bainne púdrach) Caoirigh agus gabhair Athchogantaigh eile lena ramhrú |
95 |
||||||||||||||||||
|
Capaill |
141 |
||||||||||||||||||
|
Athchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh agus gabhair |
91 |
||||||||||||||||||
|
Salmainidí, éisc ornáideacha agus gach iasc eite eile Madraí |
60 |
||||||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe |
30 |
||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
2b141-eo |
- |
Bláthola líoma driogtha |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola líoma driogtha a fhaightear ó thorthaí an speicis planda Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle agus an craiceann leo Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola líoma driogtha a fhaightear trí ghaldriogadh ó thorthaí an speicis planda Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle agus an craiceann leo mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (7) Is mar seo leanas atá sonraíochtaí na substainte gníomhaí: d-Líomainéin: 45–52 % γ-Teirpinéin: 10–14 % Teirpiniléin: 5,5–10,5 % αΤeirpiníól: 6–8 % β-Carifilléin: 0,2–0,8 % Fúracúmairíní: ≤ 0,0083 % Meatocsacúmairíní: ≤ 0,03 % Uimhir Chomhairle na hEorpa: 141 Modh anailíse (8) Chun marcóir fíticheimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
8,5 |
|
29 Meán Fómhair 2032 |
||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe nó pórúcháin |
12,5 |
||||||||||||||||||
|
Turcaithe lena ramhrú |
11 |
||||||||||||||||||
|
Bainbh de gach speiceas Suidae |
15 |
||||||||||||||||||
|
Gach Suidae lena ramhrú |
18 |
||||||||||||||||||
|
Cránacha atá ag tál de gach speiceas Suidae |
22 |
||||||||||||||||||
|
Caoirigh agus gabhair Athchogantaigh eile lena ramhrú Capaill |
33,5 |
||||||||||||||||||
|
Laonna (bainne púdrach) |
35,5 |
||||||||||||||||||
|
Athchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh agus gabhair |
21,5 |
||||||||||||||||||
|
Coiníní |
13,5 |
||||||||||||||||||
|
Salmainidí agus gach iasc eite eile seachas éisc ornáideacha |
30 |
||||||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
8,5 |
||||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(3) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(4) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(5) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(6) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(7) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(8) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
IARSCRÍBHINN IV
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
2b142-eo |
- |
Bláthola mandairín eastósctha |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola mandairín a fhaightear ó chraiceann torthaí de Citrus reticulata Blanco. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola mandairín eastósctha a fhaightear trí eastóscadh fuar ó chraiceann torthaí Citrus reticulata Blanco mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1) d-Líomainéin: 65–80 % γ-Teirpinéin: 13-22 % α-Pinéin (pin-2(3)-éin): 1-3,5 % Mircéin: 1-2 % β-Pinéin (pin-2(10)-éin): 1-2 %. Meitil N-meitiolantrainioláit: 0,15-0,7 % Pirileaildéad: ≤ 0,063 % Uimhir CAS: 8008-31-9 Uimhir FEMA: 2657 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 142 Modh anailíse (2) Chun marcóir fíticheimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
Éanlaith chlóis Coiníní Salmainidí |
- |
- |
15 |
|
20 Márta 2032 |
||||||||||
|
Suidae |
- |
- |
33 |
||||||||||||||||
|
Athchogantaigh |
- |
- |
30 |
||||||||||||||||
|
Capaill |
- |
- |
40 |
||||||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe seachas madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
- |
- |
15 |
||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007)
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/239/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)